Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2149

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2149 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2023 lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (Tolna/Tolnai (ATFC))

C/2023/6881

IO L, 2023/2149, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2149/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2149/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2149

12.10.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2149 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Deireadh Fómhair 2023

lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (‘Tolna/Tolnai’ (ATFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar shonraíocht táirge an Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint, ‘Tolna/Tolnai’, a chuir an Ungáir ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Tá an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar an tsonraíocht foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Tolna/Tolnai’ (ATFC), is leasuithe iad atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 215, 19.6.2023, lch. 11.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2149/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top