Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1499

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1499 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ST/11614/2023/INIT

    IO L 183I, 20.7.2023, p. 30–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1499/oj

    20.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 183/30


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1499 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Iúil 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

    (2)

    An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chuid chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2022, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an éifeacht dhíréireach atá ag coinbhleachtaí armtha i gcónaí ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, chomh maith le leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe, ina measc foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleachtaí, as líne agus ar líne. Gheall sí go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí chun foréigean den sórt sin a chosc agus a chomhrac chun cuntasacht iomlán a chinntiú agus chun dul i ngleic leis an tsaoirse ó phionós. Sa bhreis air sin, sna conclúidí uaithi an 5 agus an 6 Meitheamh 2014, chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le beartais chomhordaithe ar gach leibhéal ábhartha mar aon le cur chuige cuimsitheach le go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chomhrac agus a dhíothú, ar beartais iad lena ndíreofar ar na príomh-shaincheisteanna maidir le cosc, tuairisciú neamhiomlán, cosaint, tacú le híospartaigh, agus na daoine sin is cúis leis an bhforéigean a ionchúiseamh chomh maith le bearta eile. Treisíonn úsáid straitéiseach na mbeart sriantach an cur chuige sin trí bhreis brú a chur chun tuilleadh sáruithe agus mí-úsáidí a chosc agus, i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa bhosca uirlisí um chearta an duine, tarraingíonn sé aird ar na sáruithe agus na mí-úsáidí den sórt sin agus ar na daoine atá freagrach astu.

    (4)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a gabhann le Rialachán (AE) 2020/1998, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine Nádúrtha’):

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘57.

    Habibullah AGHA

    ar a dtugtar freisin.

    Mawlawi, Maulvi, Hadith, Sheikh

    حبیب الله اغا

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire gníomhach Oideachais Talabanach

    Dáta breithe: 1954 nó 1955

    Áit bhreithe: Vach Bakhto, Shah Wali Kot, Kandahar province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Ceapadh Habibullah Agha ina hAire gníomhach Oideachais i mí Mheán Fómhair 2022. Sa cháil sin, chuir Habibullah Agha beartas an Talaban i bhfeidhm maidir le rochtain a dhiúltú do chailíní ar an meánoideachas trí shíneadh a chur leis an toirmeasc ar mhic léinn baineanna páirt a ghlacadh i scolaíocht mheánoideachais os cionn an 6ú grád.

    Thairis sin, rinne Habibullah Agha géarú go pearsanta ar pholasaithe inscne-idirdhealaitheacha an Talaban trí ordú a thabhairt go ndúnfaí ionaid oideachais phríobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí ina n-ionad oideachais do chailíní roimhe sin. Dá bhrí sin, tá freagracht phearsanta air as sáruithe ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe cur faoi chois córasach inscne-bhunaithe in earnáil an oideachais. Tá sé freagrach go pearsanta as sárú ar an gceart bunúsach atá ag cailíní Afganastánacha chun meánoideachais agus an ceart chun na córa comhionainne idir buachaillí agus cailíní i réimse an mheánoideachais, ar an gcaoi sin, cailíní a eisiamh ón tsochaí a thuilleadh.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire gníomhach Oideachais an Talaban, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na gcailíní agus na mban chun oideachais agus an ceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    58.

    Abdul Hakim HAQQANI

    ar a dtugtar freisin

    Mawlawi Sheikh Abdul Hakim Haqqani Ishaqzai;

    ‘Shaikhul Hadis’ Maulvi Abdul Hakim ‘Haqqani’

    شیخ الحدیث مولوي عبدالحکیم حقاني

    لقضات شیخ عبدالحکیم حقاني

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine

    Qazi al-Quzzat (Breitheamh Uachtarach)

    Dáta breithe: 1967

    Áit bhreithe: Panjwayi, Kandahar province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Is é Abdul Hakim Haqqani Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, a cheap ceannaireacht an Talaban in 2021. Sa cháil sin, bhain sé úsáid éifeachtach as an gcóras dlí chun cur faoi chois inscnebhunaithe a chur chun feidhme ar mhná trína n-eisiamh ó chóras cúirte na hAfganastáine agus trí rochtain na mban ar cheartas a shrianadh go córasach, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná.

    Taobh amuigh dá ról mar Phríomh-Bhreitheamh Talabanach, feidhmíonn Abdul Hakim Haqqani mar cheannaire idé-eolaíoch laistigh den Talaban. Trína rochtain phearsanta ar cheannaire an Talaban Haibatullah Akhundzada, d’fheidhmigh sé tionchar polaitiúil chun hidé-eolaíocht an Talaban maidir le cur faoi chois inscnebhunaithe a mhúnlú, go háirithe trí threoir a eisiúint chun mná agus cailíní a eisiamh go córasach ón saol poiblí san Afganastáin.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    59.

    Abdul-Hakim SHAREI

    ar a dtugtar freisin

    Sharae; Sharie; Shara’i

    عبدالحکیم شریری

    (Litriú Paistise)

    Post/poist: Aire gníomhach Dlí agus Cirt Talabanach

    Teideal: Shaikh-al-Hadith Mawlawi

    Dáta breithe: 1961

    Áit bhreithe: Ayub Khil, Khost province, an Afganastáin

    Náisiúntacht: Afganastánach

    Inscne: fireann

    Tar éis don Talaban cumhacht a urghabháil san Afganastáin, thionscain Abdul-Hakim Sharei, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, iarracht chomhbheartaithe an córas ceartais náisiúnta a chasadh i gcoinne mhná na hAfganastáine. Chuir sé bac, go héifeachtach, ar cheadúnú dlíodóirí mná agus ar chumas na mban ionadaíocht dhlíthiúil a fháil agus chuir sé mná as poist sa chóras ceartais. Leis an treoir a thug sé creat dlíthiúil iomlán na hAfganastáine a athbhreithniú, cuireadh deireadh freisin le cur i bhfeidhm an Dlí maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú.

    Is iarracht chomhbheartaithe na beartais sin chun séanadh ceartais a úsáid mar uirlis éifeachtach chun córas cur faoi chois inscnebhunaithe a chothú trí mhná agus cailíní a dhéanamh neamhchosanta ar staid neamhdhlíthiúil agus saoirse ó phionós, agus tá an fhreagracht dhíreach phearsanta as sin ar Abdul-Hakim Sharei.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar chearta na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná.

    20.7.2023

    60.

    James Mark NANDO

     

    Post/poist: Maorghinearál, Fórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF);

    Áit bhreithe: Ezo, Ezo County, Western Equatoria [Meánchiorcal Thiar], an tSúdáin Theas

    Seoladh: Juba, an tSúdáin Theas

    Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

    Inscne: fireann

    Tá James Nando ina oifigeach sinsearach i bhFórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF) ag a bhfuil an chéim Maorghinearál. Tá sé i gceannas ar fhórsaí i stát na Meánchiorcal Thiar sa tSúdáin Theas a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. D’úsáid a chuid fórsaí foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe go córasach mar mhodh chun sceimhle a chur ar an bpobal.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Mhaorghinearál, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe.

    20.7.2023

    61.

    Mahamat SALLEH Adoum Kette

    ar a dtugtar freisin

    Mahamet Salleh

     

    Post/poist: Ginearál den Fronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC)

    Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir

    Áit bhreithe: Haute-Kotto Prefecture, Poblacht na hAfraice Láir

    Inscne: fireann

    Ina cháil mar phríomhphearsa den Fhronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC), bhí Mahamat Salleh i gceannas ar fhórsaí i bPoblacht na hAfraice Láir a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. Ar feadh na mblianta, rinne Salleh féin agus fórsaí faoina cheannas coireanna a bhaineann le foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe arís agus arís eile ar scála ollmhór chun sceimhle a chur ar an bpobal sibhialtach.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar Ghinearál den FPRC, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

    20.7.2023

    62.

    Igor Leonidovich KOLEDA

    Iгор Леонiдович КОЛЕДА

    (Litriú Úcráinise)

    Игорь Леонидович

    КОЛЕДА

    (litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceannasaí an an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe

    Céim: Coirnéal

    Dáta breithe: 11.12.1973

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir aitheantais na bhfórsaí armtha: 540530367155

    Tá Igor Leonidovich Koleda ina cheannasaí ar 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe de Fhórsaí Armtha na Rúise agus tá an chéim Coirnéal aige. Ghlac an bhriogáid faoina cheannas páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin go luath in 2022.

    Go luath in 2022, bhí gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus foréigin inscnebhunaithe in úsáid ag baill den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne mionaoiseach amháin ar a laghad. Tá comhalta amháin den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe aitheanta ag údaráis na hÚcráine mar dhuine a bhfuil amhras ann faoi fhoréigean gnéasach a úsáid in aghaidh na mban.

    Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise pleanáil ar leibhéal níos córasaí agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus i gcásanna áirithe go bhfuil sé á spreagadh nó á ordú acu fiú.

    Ina cháil mar cheannasaí ar an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe, tá Igor Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe.

    20.7.2023’.


    Top