This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1483
Commission Regulation (EU) 2023/1483 of 13 July 2023 establishing a fisheries closure for haddock in Norwegian waters of 1 and 2 for vessels flying the flag of a Member State of the European Union
Rialachán (AE) 2023/1483 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
Rialachán (AE) 2023/1483 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
C/2023/4739
IO L 182, 19.7.2023, p. 97–99
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023
19.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 182/97 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1483 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Iúil 2023
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh cadóg in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2023. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2023 ídithe ag gabhálacha an stoic cadóg in uiscí na hIorua in 1 agus 2 a rinne soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinneadh le haghaidh 2023 ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic cadóg in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2, dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
03/TQ194 |
BALLSTÁT |
An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) |
STOC |
HAD/1N2AB. |
SPEICEAS |
Cadóg (Melanogrammus aeglefinus) |
LIMISTÉAR |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
DÁTA DEIRIDH |
15 Meitheamh 2023 |