EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1225

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/… ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún

C/2023/4035

IO L 160, 26.6.2023, p. 12–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1225/oj

26.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 160/12


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/… ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2023

maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona i mBallstáit áirithe agus lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 219 agus i gcomhar le hAirteagal 228 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is saintréith den staid eacnamaíoch atá ann faoi láthair ardchostais mhaireachtála ghinearálta, a mbíonn tionchar acu ar thomhaltas agus ar dhíolacháin fíona, agus costais mhéadaithe ionchuir do tháirgeadh talmhaíochta agus do phróiseáil fíona, rud a mbíonn tionchar aige ar phraghsanna fíona. Is baolach go gcuirfidh na himthosca sin isteach go mór ar mhargadh fíona an Aontais toisc go ndéanann siad difear do roinnt príomh-Bhallstát táirgthe trí na stoic fíona atá ar fáil a mhéadú go dtí leibhéil ar a bhféadfaidís a bheith neamh-inbhuanaithe i bhfianaise an tséasúir buainte agus an tséasúir táirgthe atá ar na bacáin agus trí dheacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafa airgid a chruthú do tháirgeoirí fíona.

(2)

Tá an boilsciú domhanda agus an laghdú gaolmhar ar chumhacht cheannaigh na dtomhaltóirí ag cur tuilleadh leis an laghdú ginearálta a fheictear maidir le tomhaltas fíona le blianta beaga anuas. Meastar go bhfuil laghdú dealraitheach ar thomhaltas fíona 7 % san Iodáil, 10 % sa Spáinn, 15 % sa Fhrainc, 22 % sa Ghearmáin agus 34 % sa Phortaingéil sa bhliain mhargaíochta reatha i gcomparáid leis an staid mhargaidh réamh-COVID-19. Tá tionchar ag an treocht sin go háirithe ar dheighleoga áirithe i margadh an fhíona, is iad sin fíonta dearga agus fíonta rosé.

(3)

Léiríonn na figiúirí atá ar fáil titim i ndíolacháin fíona sa bhliain mhargaíochta reatha, i gcomhréir leis an laghdú ar an éileamh intíre a breathnaíodh, e.g. laghdú 5.3 % ar dhíolacháin sa Spáinn agus sa Fhrainc, agus bhí roinnt limistéar inar thit na díolacháin 25 % go 35 % buailte go mór i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain mhargaíochta roimhe sin. Idir an dá linn, tá onnmhairí fíona an Aontais don tréimhse ó mhí Eanáir go mí Aibreáin 2023 8.5 % níos lú ná mar a bhí sa tréimhse chéanna in 2022.

(4)

Mar gheall ar an méadú ginearálta ar na príomhchostais ionchuir le haghaidh táirgeadh talmhaíochta amhail na costais a bhaineann le leasacháin, fuinneamh agus buidéil a theastaíonn chun fíon a tháirgeadh, rud a tharla go páirteach mar gheall ar cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá méadú eisceachtúil tagtha ar na costais táirgthe i roinnt Ballstát suas go dtí meánmhéadú measta 30 % go 40 %. Mar gheall ar na cúinsí sin, tá brú breise á chur ar tháirgeoirí fíona an Aontais agus tá a n-acmhainneacht maidir le gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí margaíochta á laghdú. Ina theannta sin, in ainneoin na gcostas atá ag dul i méid feadh thimthriall iomlán an táirgthe fíona, tugtar le fios sna sonraí atá ar fáil go bhfuil laghdú tobann tagtha ar phraghsanna fíonta áirithe sna réigiúin is mó atá buailte ag an ngéarchéim, i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimh COVID-19, mar shampla laghdú praghsanna idir 10 % agus 26 % i gcás roinnt réigiún sa Fhrainc.

(5)

I dteannta a chéile, léiríonn na fachtóirí sin laghdú ginearálta ar éileamh agus ar dhíolacháin fhíonta an Aontais, i gcomhthéacs inar tháinig méadú 4 % ar tháirgeacht san Aontas i gcomparáid leis an mbliain mhargaíochta roimhe sin, rud a chuireann leis an leibhéal ard stoc tosaigh atá ann cheana féin (+ 2 % i gcomparáid leis an meán 5 bliana deireanach). Mura ndéantar gníomh go tapa chun an rósholáthar atá ag dul i méid a laghdú, tá an baol ann go gcuirfidh an staid isteach go mór ar an margadh trí mhíchothromaíocht mhór ghinearálta sa mhargadh a chruthú agus tarlóidh sin ar a dhéanaí nuair a bhainfear an fómhar nua rud a fhágfaidh táirgeoirí fíona gan aon acmhainn stórála don táirgeadh nua agus go mbeidh orthu díol ar phraghsanna níos ísle fós.

(6)

Ag an bpointe seo, tá an margadh á shuaitheadh ar bhealaí éagsúla ag imthosca reatha an mhargaidh in earnáil an fhíona i réigiúin táirgthe éagsúla, ós rud é go bhfuil margadh fíona an Aontais deighilte go mór. Tá an suaitheadh sin suntasach i réigiúin áirithe i roinnt Ballstát, agus bíonn tionchar aige go háirithe ar dheighleoga margaidh na bhfíonta dearga agus rosé. Ar na samplaí a léiríonn an ilroinnt sa mhargaidh tá, mar shampla, 27 % de stoic níos airde ná an meán 5 bliana in Extremadura na Spáinne, stoic 24 % agus 14 % níos airde ná mar a bhí sa bhliain roimhe sin i réigiúin Liospóin agus Alentejo na Portaingéile, faoi seach, agus 26 % de stoic níos airde i gcás fíonta rosé ag tús na bliana margaíochta reatha ná mar a bhí ag tús na bliana margaíochta roimhe sin in Languedoc-Roussillon na Fraince.

(7)

Ag an am céanna, bhí margadh fíona an Aontais faoi réir dálaí géaraitheacha cheana féin, go háirithe le linn na mblianta 2019, 2020 agus 2021 mar thoradh ar shrianta trádála roimhe sin, laghdú ar thomhaltas le linn phaindéim COVID-19 agus roinnt eachtraí adhaimsire. Tá drochthionchar breise ag na cúinsí deacra atá ann faoi láthair ar earnáil atá leochaileach cheana féin agus tá caillteanais shuntasacha ioncaim ann do na gníomhaithe uile inti. Bíonn deacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafa airgid ag saothróirí fíona sna réigiúin is mó atá buailte sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht láithreach i ndáil leis sin chun freagairt go héifeachtúil do staid an mhargaidh ilchineálaigh sin trí chead a thabhairt do na Ballstáit cuid de na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar a gcláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona a atreorú agus tacaíocht níos saincheaptha a chur ar fáil do na gníomhaithe éagsúla san earnáil.

(8)

Má bhaintear cuid de na cainníochtaí fíona nach bhfuil asraonta margaidh iomchuí acu ó mhargadh na réigiún is mó atá buailte, ba cheart go gcuideofaí le haghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí sa mhargadh agus cosc a chur ar chur isteach níos déine nó níos faide ar earnáil fíona an Aontais ina hiomláine de dheasca an tsuaite atá ann faoi láthair. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, ba cheart driogadh fíona a thabhairt isteach go sealadach mar bheart incháilithe faoi na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona chun feabhas a chur ar chothromaíocht an mhargaidh agus ar staid eacnamaíoch na dtáirgeoirí fíona sna réigiúin táirgthe is mó atá buailte. Chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint, níor cheart úsáid an alcóil a fhaightear a cheadú do thionscal an bhia agus na dí agus ba cheart é a úsáid chun críoch tionsclaíoch agus chucu sin amháin, lena n-áirítear dífhabhtú agus cógaisíocht, agus chun críocha fuinnimh. Chun aon mhí-úsáid nó róchúiteamh a thagann as cur chun feidhme an bhirt eisceachtúil seo a sheachaint, tá sé ábhartha a iarraidh ar na Ballstáit an beart a dhíriú ar na réigiúin a bhfuil éagothroime sa mhargadh iontu, é a bhunú ar chritéir oibiachtúla agus an cúiteamh a ndéanfaidh siad foráil dó a theorannú do phraghsanna margaidh a bhí ann le déanaí.

(9)

Úsáidtear an beart ‘glasbhuainte’, dá bhforáiltear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, mar bheart bainistithe margaidh nuair atá coinne le táirgeadh iomarcach fíonchaor. Chun cabhrú le hoibreoirí freagairt d’imthosca reatha an mhargaidh agus chun an riosca gurbh amhlaidh a bheadh na himthosca sa bhliain mhargaíochta atá le teacht a laghdú, is iomchuí solúbthacht áirithe a cheadú agus an beart sin á chur chun feidhme le linn na bliana airgeadais 2023. Go háirithe, is gá, mar bheart eisceachtúil, foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar Airteagal 47(1) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun go bhféadfar triopaill fíonchaor neamhaibí a scriosadh nó a bhaint i gcuid de ghabháltas, ar choinníoll go ndéantar é sin ar dháileachtaí iomlána, agus foráil a dhéanamh maidir le méadú sealadach ar ranníocaíocht uasta an Aontais leis an mbeart sin.

(10)

Is cineál tacaíochta airgeadais é ‘driogadh géarchéime’ a chur le bearta incháilithe chomh maith leis an tsolúbthacht a tugadh isteach le haghaidh ‘glasbhuaint’, rud nach gá maoiniú breise ón Aontas ina leith, áfach, ós rud é, maidir leis na teorainneacha buiséadacha le haghaidh na gclár náisiúnta tacaíochta in earnáil an fhíona don bhliain airgeadais 2023 a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), go leanann siad d’fheidhm a bheith acu. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh na Ballstáit a chinneadh méideanna níos airde a leithdháileadh ar na bearta atá i gceist ach laistigh den bhuiséad bliantúil dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin. Tá an tacaíocht airgeadais don dá bheart géarchéime thuasluaite dírithe, dá bhrí sin, ar thacaíocht a chur ar fáil don earnáil sa staid éagobhsaí margaidh ar leith gan an gá a bheith ann cistí breise a shlógadh ar an gcéad dul síos.

(11)

Chun éifeachtacht acmhainní airgeadais an Aontais is féidir a leithdháileadh ar na bearta géarchéime sin a mhéadú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cúnamh airgeadais an Aontais a chomhlánú le híocaíochtaí náisiúnta a chumhdaíonn suas le 50 % den tacaíocht a dheonaítear don dá bheart géarchéime dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(12)

Mar gheall ar an bhforbairt dhiúltach sa mhargadh agus an méadú ar chostais agus fadhbanna sreafa airgid na n-oibreoirí in earnáil na fíona atá ann dá dheasca sin, is deacair bearta na gclár tacaíochta náisiúnta fíona a chur i gcrích tráth is mó a bhfuil gá le feabhas a chur ar threoshuíomh margaidh na hearnála. Chun éifeachtacht chur chun feidhme na gclár i gcomhthéacs margaidh agus eacnamaíoch earnáil an fhíona atá i réim a áirithiú, tá sé ábhartha rannchuidiú uasta an Aontais leis na bearta ‘cur chun cinn’, ‘athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort’, ‘buaint ghlas’, ‘glasbhuaint’ agus ‘infheistíochtaí’ a mhéadú go sealadach.

(13)

Ina theannta sin, tá sé tábhachtach freisin solúbthachtaí iomchuí a chur ar fáil do thairbhithe maidir lena n-oibríochtaí a chur chun feidhme faoi na cláir náisiúnta thacaíochta ionas gur féidir leo freagairt d’éiginnteacht reatha an mhargaidh agus na hoibríochtaí a oiriúnú nuair is gá. Is ionann solúbthachtaí den sórt sin agus bearta breise tacaíochta don mhargadh chun cosc a chur ar an suaitheadh eacnamaíoch atá ann faoi láthair cur isteach níos déine nó níos faide ar mhargadh fíona an Aontais agus áirítear leo gur féidir na bearta eisceachtúla eile a leagtar amach sa Rialachán seo, a luaithe a chinnfidh Ballstát iad, a chur chun feidhme go héifeachtúil freisin ar leibhéal na dtairbhithe. Dá bhrí sin, mar bheart eisceachtúil eile, is gá maolú ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 (3) ón gCoimisiún agus cead a thabhairt do na Ballstáit roinnt solúbthachtaí a sholáthar do thairbhithe chun na hoibríochtaí atá beartaithe a oiriúnú tar éis nós imeachta simplithe agus chun go bhféadfar iad a chur chun feidhme go páirteach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(14)

Maidir leis na cúiseanna le rátaí méadaithe airgeadais an Aontais a chur i bhfeidhm le haghaidh bearta áirithe agus le solúbthacht áirithe a cheadú i mbainistiú na gclár, de bhrí go mbaineann siad le staid eacnamaíoch reatha earnáil an fhíona agus toisc gur bearta sealadacha iad na bearta sin, is iomchuí a raon feidhme a theorannú d’oibríochtaí ar cuireadh tús lena gcur chun feidhme le linn na bliana airgeadais 2023. Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta sin, mar shampla, maidir le hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme i mblianta airgeadais roimhe sin agus nár íocadh ach sa bhliain airgeadais 2023.

(15)

Ar mhórchúiseanna práinne, i bhfianaise an tsuaite leanúnaigh ar an margadh chomh maith leis an tréimhse ghearr ama atá ar fáil do na Ballstáit chun na bearta a áirítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme laistigh den bhliain airgeadais reatha, agus chun tuilleadh meatha ar an margadh a chosc, is gá gníomhú láithreach. Ar thaobh amháin, sna réigiúin is mó atá buailte, is gá an farasbarr soláthair a bhaint den mhargadh a luaithe is féidir agus in aon chás roimh thús na buainte nua, faoi dheireadh mhí Lúnasa nó go luath i mí Mheán Fómhair 2023 agus, mura ndéanfaí sin, thiocfadh meath breise ar staid an mhargaidh agus thabharfaí an éagothroime atá ann faoi láthair ar aghaidh go dtí an bhliain mhargaíochta nua, rud a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le géarchéim fhada i margadh fíona iomlán an Aontais. Ar an taobh eile, ní mór na bearta uile a áirítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme roimh dheireadh na gclár tacaíochta náisiúnta reatha maidir le fíon, nach bhfuil feidhm acu ach go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023 dá bhforáiltear in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). De bhun na forála sin, leanfaidh Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann le caiteachas a tabhaíodh agus íocaíochtaí a rinneadh le haghaidh oibríochtaí a cuireadh chun feidhme roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht, bheadh an baol ann go mbeadh sé deacair nó dodhéanta fiú do na Ballstáit lena mbaineann na bearta a chur chun feidhme laistigh den bhliain airgeadais 2023, arb í bliain dheireanach chur chun feidhme na gclár náisiúnta tacaíochta reatha in earnáil an fhíona í.

(16)

I bhfianaise na mórchúiseanna práinne dá dtagraítear thuas, ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh de bhun an nós imeachta práinne a leagtar síos in Airteagal 228 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(17)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ó Airteagal 43 agus ó Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.   De mhaolú ar Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, féadfar an beart a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo a mhaoiniú faoi chláir thacaíochta in earnáil an fhíona.

2.   De mhaolú ar Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, féadfaidh na Ballstáit suas le 50 % den tacaíocht a dheonaítear faoi Airteagal 2 den Rialachán seo agus faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhaoiniú le híocaíochtaí náisiúnta.

Airteagal 2

Driogadh sealadach géarchéime fíona

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh fíona i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh an tacaíocht sin comhréireach, cuí-réasúnaithe ag an mBallstát agus dírithe ar na fíonta agus na réigiúin táirgthe is mó a ndéantar difear dóibh, i gcomhréir leis an dara fomhír. Féadfar é a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach i gcás fíonta dearga nó rosé, ar leithligh nó i gcás an dá dhath, ar féidir leo a bheith ina bhfíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó ina bhfíonta gan ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint.

Na Ballstáit a chinnfidh an beart seo a chur chun feidhme, léireoidh siad, i gcás gach cineáil agus gach datha fíona incháilithe, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir mar is iomchuí, gur tharla ceann amháin nó níos mó de na himthosca margaidh seo a leanas:

(a)

méadú suntasach ar na stoic fíona is déanaí atá ar fáil ar an leibhéal táirgthe i gcomparáid leis an meánmhéid stoc le linn na 5 bliana margaíochta roimhe sin, nó i gcomparáid le meánmhéid na stoc don am céanna sna 5 bliana margaíochta roimhe sin, gan na luachanna is airde ná na luachanna is ísle a áireamh;

(b)

laghdú suntasach ar mheánphraghas an mhargaidh ar leibhéal táirgthe don bhliain mhargaíochta leanúnach i gcomparáid le meánphraghas na 3 bliana margaíochta roimhe sin, nó i gcomparáid leis an meánphraghas le 5 bliana margaíochta roimhe sin, gan na meánluachanna bliantúla is airde ná is ísle a chur san áireamh;

(c)

laghdú suntasach ar dhíolacháin mhargaidh charnacha ar leibhéal táirgthe don bhliain mhargaíochta leanúnach i gcomparáid le meánmhéid na 3 bliana margaíochta roimhe sin don tréimhse chéanna, nó i gcomparáid leis an meán le linn na 5 bliana margaíochta roimhe sin, cé is moite de na luachanna is airde agus is ísle de dhíolacháin charntha don tréimhse chéanna, agus ar choinníoll nach dtiocfaidh laghdú den sórt sin as laghdú táirgeachta.

2.   Úsáidfear an t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun críocha tionsclaíocha amháin, lena n-áirítear dífhabhtú nó cógaisíocht, nó chun críocha fuinnimh chun saobhadh iomaíochta a sheachaint.

3.   Is éard atá i bhfiontair fíona a tháirgeann nó a mhargaíonn na táirgí dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, eagraíochtaí táirgeoirí fíona, comhlachais de dhá tháirgeoir nó níos mó, eagraíochtaí idirchraoibhe nó driogairí táirgí fíniúna a bheidh i dtairbhithe na tacaíochta dá dtagraítear i mír 1.

4.   Ní bheidh ach na costais a bhaineann le fíon a sholáthar do dhriogairí agus le driogadh an fhíona sin incháilithe le haghaidh tacaíochta. Beidh an fíon atá le driogadh faoin mbeart seo de thionscnamh an Aontais agus beidh sé i gcomhréir leis na ceanglais atá ar mhargú laistigh den Aontas agus leis na sonraíochtaí táirge ábhartha i gcás fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu.

5.   Féadfaidh na Ballstáit critéir thosaíochta le haghaidh na dtairbhithe a bhunú ina gcláir náisiúnta thacaíochta. Beidh na critéir thosaíochta sin bunaithe ar an straitéis shonrach agus ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach sa chlár tacaíochta agus beidh siad oibiachtúil agus ní bheidh siad idirdhealaitheach.

6.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis an nós imeachta iarratais don tacaíocht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áireofar rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhéadfaidh iarratais a chur isteach;

(b)

iarratais a chur isteach agus a roghnú, lena n-áireofar ar a laghad na spriocdhátaí le haghaidh iarratais a chur isteach, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht gach gníomhaíochta atá beartaithe agus le haghaidh fógra a thabhairt do na hoibreoirí faoi thorthaí an nós imeachta roghnúcháin;

(c)

comhlíonadh na bhforálacha maidir le gníomhaíochtaí incháilithe agus na costais dá dtagraítear i mír 4 agus critéir thosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir thosaíochta i bhfeidhm, é sin a fhíorú;

(d)

roghnú na n-iarratas, ina n-áireofar ar a laghad an t-ualú a shanntar do gach critéar tosaíochta i gcás ina gcuirtear critéir tosaíochta i bhfeidhm;

(e)

comhshocraíochtaí chun réamhíocaíochtaí a íoc agus urrúis a sholáthar.

7.   Socróidh na Ballstáit méid na tacaíochta do thairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Socrófar méid na tacaíochta ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir mar is iomchuí, le haghaidh gach cineáil agus datha fíona incháilithe dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfaidh an méid tacaíochta a bheith níos mó ná 80 % den mheánphraghas míosúil is ísle a taifeadadh ar an leibhéal táirgthe sa bhliain mhargaíochta 2022/2023 maidir le gach cineál agus dath fíona incháilithe, a bhfuil feidhm ag an mbeart maidir leis, sa réigiún áirithe nó i gcríoch an Bhallstáit. I gcás nach bhfuil na praghsanna taifeadta margaidh ar fáil, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann meastachán a dhéanamh orthu bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil.

8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 1 agus 2, Airteagal 43 agus Airteagail 48 go 54 agus Airteagal 56 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 (5) ón gCoimisiún agus Airteagail 1, 2 agus 3, Airteagail 19 go 23, Airteagail 25 go 31, Airteagal 32(1), an dara fomhír, agus Airteagail 33 go 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 (6) ón gCoimisiún maidir le tacaíocht do dhriogadh géarchéime fíona.

9.   Faoin 31 Lúnasa 2023, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi chineálacha agus dath an fhíona incháilithe agus faoi na réigiúin ina bhfuil an beart le cur i bhfeidhm, chomh maith leis an údar atá leis i gcomhréir le mír 1, méideanna an chúitimh atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 7 agus an t-údar atá leo agus na méideanna a mheastar a driogadh.

Airteagal 3

Maolú sealadach ar Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le glasbhuaint

De mhaolú ar Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le linn na bliana airgeadais 2023, ciallaíonn ‘glasbhuaint’ triopaill fíonchaor a scriosadh go hiomlán nó a bhaint as go hiomlán agus iad fós neamhaibí, ar an ngabháltas ar fad nó ar chuid den ghabháltas ar acht go ndéantar an bhuain ghlas ar dháileachtaí iomlána.

Airteagal 4

Maoluithe sealadacha ar Airteagal 45(3), Airteagal 46(6), Airteagal 47(3) agus Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le rátaí airgeadais

1.   De mhaolú ar Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le linn na bliana airgeadais 2023, ní rachaidh ranníocaíocht an Aontais i leith bearta faisnéise agus cur chun cinn thar 60 % den chaiteachas incháilithe.

2.   De mhaolú ar Airteagal 46(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le linn na bliana airgeadais 2023, ní rachaidh ranníocaíocht an Aontais i leith na gcostas iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort thar 60 %. I réigiúin lagfhorbartha, ní rachaidh ranníocaíocht an Aontais i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe thar 80 %.

3.   De mhaolú ar Airteagal 47(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le linn na bliana airgeadais 2023, ní bheidh an tacaíocht a dheonófar i gcomhair glasbhuainte níos mó ná 60 % de shuim na gcostas díreach a bhaineann leis na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.

4.   De mhaolú ar Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, le linn na bliana airgeadais 2023, beidh feidhm maidir leis an ranníocaíocht ón Aontas ag na huasrátaí cabhrach seo a leanas a bhaineann leis na costais infheistíochta incháilithe:

(a)

60 % i réigiúin lagfhorbartha;

(b)

50 % i réigiúin eile seachas réigiúin lagfhorbartha;

(c)

80 % sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh;

(d)

75 % sna hOileáin Aeigéacha is lú mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

Airteagal 5

Maoluithe sealadacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

1.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na bliana airgeadais 2023, féadfar glasbhuaint a chur i bhfeidhm ar an dáileacht chéanna ar feadh 2 bhliain nó níos mó tar éis a chéile.

2.   De mhaolú ar Airteagal 53(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na bliana airgeadais 2023:

(a)

Maidir le hathruithe arna ndéanamh ag tairbhithe ar an oibríocht a formheasadh ar dtús agus a tharlaíonn tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023, féadfaidh na Ballstáit a cheadú iad a chur chun feidhme gan formheas a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla ar choinníoll nach ndéanfaidh siad difear d’incháilitheacht aon chuid den oibríocht agus dá cuspóirí foriomlána agus ar choinníoll nach sárófar méid iomlán na tacaíochta formheasta le haghaidh na hoibríochta. Cuirfidh na tairbhithe fógra faoi na hathruithe sin chuig an údarás inniúil faoi na sprioc-amanna arna socrú ag na Ballstáit;

(b)

Féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cead a thabhairt do thairbhithe athruithe a chur isteach a tharlóidh tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023 agus a mhodhnóidh cuspóir na hoibríochta foriomláine a formheasadh cheana faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 45, 46, 50 agus 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll go mbeidh aon ghníomhaíochtaí aonair leanúnacha atá mar chuid d’oibríocht fhoriomlán curtha i gcrích. Cuirfidh na tairbhithe fógra faoi na hathruithe sin chuig an údarás inniúil faoin sprioc-am arna socrú ag na Ballstáit, agus beidh sé de cheangal orthu formheas a fháil ón údarás inniúil roimh ré.

3.   De mhaolú ar Airteagal 54(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil maidir le hathrú ar oibríocht a formheasadh cheana agus ina ndearna an t-údarás inniúil é a fhormheas i gcomhréir le mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, íocfar tacaíocht le haghaidh na ngníomhaíochtaí aonair a cuireadh chun feidhme cheana faoin oibríocht seo más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme ina n-iomláine agus go raibh siad faoi réir seiceálacha riaracháin agus, i gcás inarb infheidhme, seiceálacha ar an láthair i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 1, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (8).

4.   De mhaolú ar an tríú, an ceathrú an cúigiú agus an séú fomhír d’Airteagal 54(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na bliana airgeadais 2023, maidir le héilimh ar íocaíocht a chuirfear isteach tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023, i gcás nach gcuirtear oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun feidhme ar achar iomlán ar iarradh tacaíocht ina leith, déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht atá le híoc a ríomh ar bhonn an achair a chinnfear le seiceálacha ar an láthair tar éis an chur chun feidhme.

Airteagal 6

Na bearta margaidh eisceachtúla sealadacha a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le hoibríochtaí arna roghnú ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus arna gcur chun feidhme tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2023.

Beidh feidhm ag Airteagail 4 agus 5 maidir le hoibríochtaí ar cuireadh tús lena gcur chun feidhme le linn na bliana airgeadais 2023.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta in earnáil an fhíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).


Top