EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1147

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1147 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2023 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil

ST/10153/2023/ADD/1

IO L 151I, 12.6.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1147/oj

12.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 151/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1147 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Meitheamh 2023

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 356/2010.

(2)

An 26 Bealtaine 2023, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 751 (1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 12 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PEHRSON


(1)  IO L 105, 27.4.2010, lch 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an duine seo le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach i roinn ‘I. Daoine’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010:

I.   Daoine

‘22.

Abdullahi Osman Mohamed Caddow (ailias: a) Cabdullahi Cusman Maxamed Caddow b) Dhagacade c) Faracade d) Injineer Ismaaciil e) Eng. Ismail).

Dáta breithe: 1983

Náisiúntacht: an tSomáil

Seoladh: an tSomáil

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Bealtaine 2023

Inscne: fireann

Faisnéis eile:

Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Is saineolaí sinsearach pléascán é Abdullahi Osman Mohamed Caddow, ar a dtugtar freisin ‘Eng. Ismail’, atá freagrach as bainistiú foriomlán oibríochtaí agus dhéantúsaíocht pléascán an ghrúpa. Agus é sin á dhéanamh aige, ghlac sé páirt i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht na Somáile i mbaol. Chuaigh sé isteach i sciathán na meán de Al-Shabaab, Al-Kataib, in 2008 i Mogaidisiú agus ina dhiaidh sin, in 2014, bhí sé ina bhall den aonad déantúsaíochta pléascán sa ghrúpa atá ag feidhmiú in a lán ionad ullmhúcháin pléascán sna bailte Jilib, Bu’aale, Saakoow, Salagle, kuunyo-Barrow, agus Arabow. Tá sé i gceannas ar fhoireann de 68 n-oibrí Al-Shabaab agus déanann sé ábhar déantúsaíochta pléascán dar luach thart ar USD sé mhilliún a smuigleáil gach bliain.’


Top