Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0739

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/739 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, sa Pholainn agus sa Rómáin

    C/2023/2431

    IO L 96, 5.4.2023, p. 80–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/739/oj

    5.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 96/80


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/739 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Aibreán 2023

    lena bhforáiltear do bheart tacaíochta éigeandála d’earnálacha na ngránach agus na n-olashíolta sa Bhulgáir, sa Pholainn agus sa Rómáin

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá tionchar ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar oibríochtaí loingseoireachta i gcalafoirt Mhuir Dhubh na hÚcráine mar a ndéantaí thart ar 90 % d’onnmhairí gránach agus olashíolta na hÚcráine. Chun bagairtí ar shlándáil dhomhanda an tsoláthair bia a sheachaint agus chun tacú le feirmeoirí na hÚcráine, bhí géarghá le teacht ar bhealaí lóistíochta malartacha agus rinne an tAontas bearta nithiúla chun onnmhairí talmhaíochta na hÚcráine a éascú mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú” (“Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin”) (2).

    (2)

    Mar thoradh ar athruithe ar bhealaí lóistíochta, bhí costais iompair níos costasaí ar ghránaigh agus olashíolta Úcránacha a chur chuig a margaí traidisiúnta. Tháinig athrú ar onnmhairí chuig margadh an Aontais, dá thoradh sin.

    (3)

    Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar allmhairí gránach agus olashíolta ón Úcráin chuig Ballstáit an Aontais atá gar don Úcráin, áiteanna inar forbraíodh na príomhchonairí “Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin”, tá tionchar á imirt ar fheirmeoirí áitiúla. I réigiúin áirithe den Aontas, tá na hallmhairí breise ina gcúis le rósholáthar, bíonn praghsanna áitiúla faoi chois mar gheall orthu nó plúchtar slabhraí lóistíochta dá ndeasca.

    (4)

    I bhfianaise staid an tsoláthair intíre agus na ndúshlán lóistíochta sna Ballstáit atá gar do theorainn na hÚcráine, meastar gurb iad feirmeoirí sa Bhulgáir, sa Pholainn agus sa Rómáin na feirmeoirí is mó atá buailte, go háirithe na feirmeoirí is gaire do theorainn nó do mhol idirthurais. Bíonn tionchar ag an titim i bpraghsanna áitiúla gránach agus ola ar inmharthanacht eacnamaíoch na bhfeirmeoirí sin agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar a gcinntí maidir le plandú. Is dócha go dtiocfaidh meath tapa ar an táirgeadh sna limistéir lena mbaineann mar gheall ar an staid sin, chomh maith le deacrachtaí maidir le “Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin” a chur chun feidhme. Is fadhb shonrach í an staid sin de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb shonrach sin i líon teoranta réigiún i roinnt Ballstát de chuid an Aontais le bearta a dhéantar de bhun Airteagal 219 nó Airteagal 220 den Rialachán sin ós rud é nach bhfuil baint shonrach aige le suaitheadh ar an margadh atá ann cheana nó le baol suaite ná nach bhfuil baint aige le bearta chun leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí. Thairis sin, mar gheall ar an staid atá ann, éilítear idirghabháil phráinneach chun meath tapa ar tháirgeadh gránach agus olashíolta a sheachaint, idirghabháil amhail bearta éigeandála dá bhforáiltear faoi Airteagal 221 den Rialachán sin a ghlacadh.

    (5)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, deontas airgeadais a thabhairt don Bhulgáir, don Pholainn agus don Rómáin chun tacú le feirmeoirí atá buailte ag an méadú ar allmhairí gránach agus olashíolta ón Úcráin go ceann tréimhse a bhfuil géarghá léi. Ba cheart an méid a bheidh ar fáil do gach ceann de na Ballstáit sin a leagan amach, ag cur san áireamh an caillteanas luacha táirgeachta a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás barra áirithe agus i gcás na bhfeirmeoirí sna réigiúin lena mbaineann.

    (6)

    Ba cheart don Bhulgáir, don Pholainn agus don Rómáin an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid na ndeacrachtaí atá ag feirmeoirí a fhásann gránaigh agus olashíolta sna limistéir atá buailte, agus é á áirithiú san am céanna gurb iad na feirmeoirí sin a thairbheoidh den chabhair ar deireadh, agus aon saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht á sheachaint.

    (7)

    Ós rud é nach ndéanfaí ach cuid den chaillteanas iarbhír a fhulaingíonn feirmeoirí sna réigiúin atá buailte a chúiteamh leis an méid a leithdháilfí ar an mBulgáir, ar an bPolainn agus ar an Rómáin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin tacaíocht náisiúnta bhreise a dheonú do na táirgeoirí sin, faoi na coinníollacha agus laistigh den teorainn ama a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (8)

    Chun an tsolúbthacht a thabhairt don Bhulgáir, don Pholainn, agus don Rómáin an chabhair a dháileadh de réir mar is gá chun déileáil le deacrachtaí na bhfeirmeoirí, ba cheart cead a bheith acu í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

    (9)

    Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháilfear na Ballstáit nár ghlac an euro ina n-airgeadra náisiúnta, mar a rinneadh i gcás na Bulgáire, na Polainne agus na Rómáine. Ós rud é nach ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le sprioc-am chun na hiarratais ar chabhair a chur isteach, is iomchuí, chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 (3) ón gCoimisiún, dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheas mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte maidir leis na méideanna a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (10)

    Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe.

    (11)

    Ba cheart an tacaíocht don bheart éigeandála sin a íoc faoin 30 Meán Fómhair 2023. Ós rud é nach bhfuil aon íocaíocht le déanamh tar éis an 30 Meán Fómhair 2023, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127.

    (12)

    Chun go mbeidh an tAontas in ann faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhirt éigeandála sin, ba cheart don Bhulgáir, don Pholainn agus don Rómáin faisnéis mhionsonraithe maidir lena chur chun feidhme a chur in iúl don Choimisiún.

    (13)

    Chun a áirithiú go bhfaighidh feirmeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur ar a gcumas don Bhulgáir, don Pholainn agus Rómáin an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (14)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Beidh cabhair ón Aontas dar méid iomlán EUR 56 300 000 ar fáil don Bhulgáir, don Pholainn agus don Rómáin chun tacaíocht eisceachtúil a chur ar fáil d’fheirmeoirí a tháirgeann gránaigh agus olashíolta dá dtagraítear san Iarscríbhinn faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    2.   Úsáidfidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 do bhearta arb é is aidhm dóibh feirmeoirí a chúiteamh as an gcaillteanas eacnamaíoch de bharr allmhairí méadaithe gránach agus olashíolta ón Úcráin sna réigiúin atá buailte.

    3.   Déanfar na bearta ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach lena gcuirfear san áireamh na caillteanais eacnamaíocha a d’iompair na feirmeoirí atá buailte agus lena n-áiritheofar nach mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh astu ina gcúis le haon saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.

    4.   Caiteachas a iompraíonn an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéanfar na híocaíochtaí sin faoin 30 Meán Fómhair 2023.

    5.   Chun críocha Airteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leagtar amach in Airteagal 2(1).

    6.   Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

    Airteagal 2

    1.   Ní rachaidh caiteachas an Aontais arna thabhú i gcomhréir le hAirteagal 1 thar mhéid iomlán na méideanna seo a leanas:

    (a)

    EUR 16 750 000 i gcás na Bulgáire;

    (b)

    EUR 29 500 000 i gcás na Polainne;

    (c)

    EUR 10 050 000 i gcás na Rómáine.

    2.   Féadfaidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin cabhair náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi Airteagal 1 suas le huasmhéid 100 % den mhéid comhfhreagrach a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh ar an margadh ná ar an iomaíocht.

    3.   Íocfaidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin an tacaíocht bhreise dá dtagraítear i mír 2 faoin 30 Meán Fómhair 2023.

    Airteagal 3

    1.   Tabharfaidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin fógra don Choimisiún, gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2023, maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar na bearta atá le déanamh;

    (b)

    na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht is bonn leis an gcabhair a dháileadh ar fheirmeoirí;

    (c)

    an tionchar atá beartaithe do na bearta d’fhonn feirmeoirí a chúiteamh as caillteanas eacnamaíoch de bharr allmhairí gránach agus olashíolta ón Úcráin;

    (d)

    na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh lena sheiceáil go mbainfear amach tionchar na mbeart atá beartaithe;

    (e)

    na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint;

    (f)

    an réamhaisnéis maidir le híocaíochtaí chaiteachas an Aontais arna miondealú in aghaidh na míosa go dtí an 30 Meán Fómhair 2023;

    (g)

    leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 2 mír 2.

    2.   Tráth nach déanaí ná an 15 Bealtaine 2024, tabharfaidh an Bhulgáir, an Pholainn agus an Rómáin fógra don Choimisiún faoi na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na cabhrach náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  COM/2022/217 final Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Plean gníomhaíochta le haghaidh Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú.

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).


    IARSCRÍBHINN

    Liosta de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1)

    Cód CN

    Tuairisc

    1001

    Cruithneacht agus maislín

    1002

    Seagal

    1003

    Eorna

    1004

    Coirce

    1005

    Arbhar Indiach

    1008 60

    Triteacál

    -

    Meascáin táirgí ag a bhfuil cóid AC 1001 , 1002 , 1003 , 1004 , 1005 agus 1008 60

    1205

    Síolta ráibe nó síolta colsa, bídís briste nó ná bídís

    1206

    Síolta lus na gréine, bídís briste nó ná bídís


    Top