This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0662
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/662 of 20 January 2023 amending Delegated Regulation (EU) 2015/63 as regards the methodology for the calculation of liabilities arising from derivatives
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun dliteanais a eascraíonn as díorthaigh a ríomh
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun dliteanais a eascraíonn as díorthaigh a ríomh
C/2023/399
IO L 83, 22.3.2023, p. 58–64
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 83/58 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/662 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun dliteanais a eascraíonn as díorthaigh a ríomh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 103(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi Airteagal 5(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún (2), tá dliteanais a eascraíonn as conarthaí díorthacha ar cheann de na comhpháirteanna de ríomh na ranníocaíochtaí bliantúla atá le híoc ag institiúidí le socruithe um maoiniú réitigh. Go háirithe, déanfar meánmhéid bliantúil, arna ríomh ar bhonn ráithiúil, na ndliteanas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, a eascraíonn as conarthaí díorthacha, a luacháil i gcomhréir le hAirteagail 429, 429a agus 429b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chuir Airteagail 429, 429a agus 429b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 d’oibleagáid ar institiúidí luach risíochta a ndíorthach a ríomh trí mhodh um marcáil ón margadh a úsáid — Modh na Risíochta Reatha (“CEM”) — de bhua tagairt d’Airteagal 274 den Rialachán sin, a bhaineann le Risíocht ar Chóimheas Luamhánaithe a ríomh. |
(3) |
Le Rialachán (AE) 2019/876 leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Go háirithe, cuireadh Airteagail 429 go 429g nua in ionad Airteagail 429, 429a agus 429b. Sa leasú sin, tugadh isteach in Airteagal 429c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 inter alia, an oibleagáid ar institiúidí luach risíochta conarthaí díorthacha a ríomh i gcomhréir leis an modh um marcáil ón margadh ar a dtugtar an Cur Chuige Caighdeánaithe — Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (SA-CCR), a cuireadh in ionad Mhodh na Risíochta Reatha nó “CEM” le héifeachtaí ar na tréimhsí ranníocaíochta ex ante ó 2023 ar aghaidh. |
(4) |
Ní féidir modh an Chur Chuige Chaighdeánaithe — Priacal Creidmheasa Contrapháirtí a chur i bhfeidhm maidir le luacháil dliteanas a eascraíonn as conarthaí díorthacha nuair is gá an luacháil sin a chur i bhfeidhm chun críocha Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63. Go deimhin, bhainfeadh cur i bhfeidhm an mhodha sin saobhadh as ríomh na ndliteanas a eascraíonn as conarthaí díorthacha, rud a dhéanfadh difear níos mó d’institiúidí áirithe ná a chéile. Is é is cúis leis sin, ar an gcéad dul síos, go bhfuil íosráta nialasach i bhfoirmlí áirithe atá le cur i bhfeidhm, rud a dhéanfadh difear difriúil d’institiúidí ag brath ar cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann siad IFRS (na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais), agus, ar an dara dul síos, deacrachtaí teicniúla agus éiginnteachtaí maidir le cur i bhfeidhm foirmlí lena ríomhtar an Risíocht Fhéideartha Todhchaí. Dá bhrí sin, is gá é a chur ar a gcumas d’institiúidí Modh na Risíochta Reatha a úsáid chun dliteanais a eascraíonn as conarthaí díorthacha a luacháil agus an modh sin, a leagadh síos roimhe sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a thabhairt isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Is gá tuilleadh ama a thabhairt do na húdaráis réitigh chun a gcinntí maidir le ranníocaíochtaí le socruithe um maoiniú réitigh a ghlacadh agus fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir leis na ceanglais leasaithe. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach don bhliain 2023 lena gcuirfear síneadh leis na sprioc-amanna don fhógra sin. |
(7) |
Ós rud é gur gá do na húdaráis réitigh na ceanglais leasaithe a chur i bhfeidhm chun na ranníocaíochtaí don bhliain 2023 a ríomh agus a chruinniú a luaithe is féidir, is gá foráil a dhéanamh maidir le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
(8) |
Faoi Airteagal 14(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63, soláthróidh institiúidí an fhaisnéis is ábhartha chun na ranníocaíochtaí a ríomh do na húdaráis réitigh faoin 31 Eanáir gach bliain. Is gá mí amháin eile a thabhairt d’institiúidí an fhaisnéis sin a sholáthar in 2023, trí bhíthin socrú idirthréimhseach. |
(9) |
Is gá freisin é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh treoracha a eisiúint d’institiúidí maidir leis an bhfaisnéis sin a sholáthar, i gcomhréir leis na leasuithe a tugadh isteach, i bhfad roimh an sprioc-am a leagadh síos le haghaidh 2023, ionas nach gcruthófar éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an modh atá le cur i bhfeidhm in 2023 chun dliteanais a eascraíonn as conarthaí díorthacha a luacháil. Chun leanúnachas an mhodha ríofa a áirithiú i rith na dtréimhsí ranníocaíochta agus chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis réitigh treoracha a eisiúint, ón 1 Deireadh Fómhair 2022, maidir le soláthar na faisnéise sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an pointe (30) seo a leanas isteach:
; |
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun críoch na Roinne seo, meánmhéid bliantúil, arna ríomh ar bhonn ráithiúil, na ndliteanas dá dtagraítear i mír 1, a eascraíonn as conarthaí díorthacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe, déanfar é a luacháil i gcomhréir le hAirteagail 5a go 5e den Rialachán seo. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an luach a shanntar do dhliteanais a eascraíonn as conarthaí díorthacha a bheith níos lú ná 75 % de luach na ndliteanas céanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bhforálacha cuntasaíochta is infheidhme maidir leis an institiúid lena mbaineann chun críoch tuairisciú airgeadais. I gcás, faoi na caighdeáin chuntasaíochta náisiúnta a bhaineann le hinstitiúid, nach bhfuil aon tomhas cuntasaíochta maidir le neamhchosaint ann d’ionstraimí díorthacha áirithe, toisc go sealbhaítear na hionstraimí díorthacha sin lasmuigh den chlár comhardaithe, tuairisceoidh an institiúid don údarás réitigh suim luachanna córa na ndíorthach sin, i gcás ina bhfuil an tsuim diúltach, mar an costas athsholáthair agus cuirfidh sí na díorthaigh sin lena luachanna cuntasaíochta laistigh den chlár comhardaithe.” |
(3) |
cuirtear na hAirteagail 5a go 5e seo a leanas isteach: “Airteagal 5a Luach risíochta na ndíorthach 1. Cinnfidh institiúidí luach risíochta na gconarthaí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear iad siúd atá lasmuigh den chlár comhardaithe, i gcomhréir leis an Modh um Marcáil ón Margadh a leagtar amach in Airteagal 5b. Agus an luach risíochta á chinneadh, féadfaidh institiúidí éifeachtaí conarthaí le haghaidh nuachana agus comhaontuithe glanluachála eile a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 5d. Ní bheidh feidhm ag glanluacháil trastáirgí. Mar sin féin, féadfaidh institiúidí glanluacháil a dhéanamh laistigh d’aon chatagóir táirgí aonair atá ar áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nuair atá siad faoi réir comhaontú conarthach glanluachála trastáirgí. 2. I gcás ina dtiocfaidh laghdú ar an líon dliteanas faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme de thoradh sholáthar na comhthaobhachta a bhaineann le conarthaí díorthacha, déanfaidh institiúidí an laghdú sin a fhreaschur. 3. Chun críocha mhír 1, féadfaidh institiúidí an corrlach athrúcháin a íocadh in airgead tirim leis an gcontrapháirtí a asbhaint ó chion an chostais athsholáthair reatha de luach na risíochta a mhéid nach bhfuil an corrlach athrúcháin aitheanta cheana féin mar laghdú ar luach na risíochta faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil an conradh díorthach faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach, ciallaíonn an t-airgeadra socraíochta aon airgeadra socraíochta a shonraítear sa chonradh díorthach nó sa mháistir-chomhaontú glanluachála cáilitheach rialaitheach. I gcás ina n-aithníonn institiúid, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, an corrlach athrúcháin a fhaightear in airgead tirim ón gcontrapháirtí mar dhliteanas iníoctha, féadfaidh sí an dliteanas sin a eisiamh ón tomhas risíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) go (e). 4. Chun críocha mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
5. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh institiúidí Modh na Neamhchosanta Simplithe a leagtar amach in Airteagal 5c a úsáid chun luach risíochta conarthaí díorthacha a liostaítear i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh, ar choinníoll go gcomhlíontar le méid ghnó díorthach na n-institiúidí sin laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a(2) den Rialachán sin. Institiúidí a chuireann Modh na Neamhchosanta Simplithe sin i bhfeidhm, ní laghdóidh siad an tomhas risíochta faoi mhéid an chorrlaigh athrúcháin a fhaightear in airgead tirim. Airteagal 5b Modh um Marcáil ón Margadh 1. Luach absalóideach mhargadhluach glan na gconarthaí sin laistigh den ghlanluacháil, agus é comhlán ar aon chomhthaobhacht a shealbhaítear nó a bhreactar i gcás ina ndéantar margadhluachanna deimhneacha agus diúltacha a ghlanluacháil agus an margadhluach glan á ríomh a bheidh i gcostas athsholáthair reatha na ndliteanas a eascraíonn as conarthaí díorthacha ar leibhéal an tacair glanluachála. Chun na críche sin, láimhseálfaidh institiúidí idirbheart díorthach aonair mar a thacar glanluachála féin. 2. Chun an risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas a chinneadh, déanfaidh institiúidí na méideanna barúlacha nó na luachanna foluiteacha, de réir mar is infheidhme, a iolrú faoi na céatadáin a leagtar amach i dTábla 1 agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
3. Is éard a bheidh i luach na risíochta suim an chostais athsholáthair reatha agus an risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas. Airteagal 5c Modh na Neamhchosanta Simplithe 1. Faoi Mhodh na Neamhchosanta Simplithe, déanfaidh institiúidí luach na neamhchosanta a chinneadh trí mhéid barúlach gach ionstraime a iolrú faoi na céatadáin a leagtar amach i dTábla 2. Tábla 2
2. Féadfaidh institiúidí, agus luach risíochta conarthaí ráta úis á ríomh acu, an aibíocht tosaigh nó an aibíocht iarmhair a úsáid. Airteagal 5d Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú priacal Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú priacal i gcomhréir le hAirteagal 5e ach na cineálacha comhaontuithe conarthacha glanluachála seo a leanas i gcás inar aithin na húdaráis inniúla an comhaontú glanluachála sin i gcomhréir le hAirteagal 296 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297 den Rialachán sin:
Airteagal 5e Na héifeachtaí a bhaineann le glanluacháil mar rud a laghdaíonn priacal a aithint 1. Láimhseálfaidh institiúidí comhaontuithe conarthacha glanluachála mar a leanas:
2. Agus an risíocht fhéideartha todhchaí ar chreidmheas a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i mír 1, pointe (b)(ii), féadfaidh institiúidí conarthaí díorthacha ar lánmheaitseálacha iad agus atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a láimhseáil mar a bheadh conradh amháin ann le príomhshuim bharúlach atá coibhéiseach leis na glanfháltais. Agus Airteagal 5c(1) á chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí conarthaí díorthacha ar lánmheaitseálacha iad agus atá ar áireamh sa chomhaontú glanluachála a láimhseáil mar a bheadh conradh amháin ann le príomhshuim bharúlach atá coibhéiseach leis na glanfháltais, agus déanfar méideanna barúlacha na príomhshuime a iolrú faoi na céatadáin a leagtar síos in Airteagal 5c, Tábla 2. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn conarthaí díorthacha ar lánmheaitseálacha iad conarthaí réamh-mhalairte nó conarthaí comhchosúla ina bhfuil príomhshuim bharúlach coibhéiseach le sreabhadh airgid má tá an sreabhadh airgid dlite ar an dáta luacha céanna agus má tá sé go hiomlán san airgeadra céanna. 3. Maidir le gach conradh díorthach eile a áirítear i gcomhaontú glanluachála, féadfaidh institiúidí na céatadáin is infheidhme a laghdú mar a léirítear i dTábla 3. Tábla 3
4. I gcás conarthaí ráta úis, féadfaidh institiúidí aibíocht tosaigh nó aibíocht iarmhair a roghnú.” |
(4) |
in Airteagal 20, cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas: “6. De mhaolú ar Airteagal 13(1), sa tréimhse ranníocaíochta 2023, tabharfaidh na húdaráis réitigh fógra do gach institiúid dá dtagraítear in Airteagal 2 faoina gcinntí lena gcinntear an ranníocaíocht bhliantúil atá dlite ag gach institiúid faoin 31 Bealtaine 2023. 7. De mhaolú ar Airteagal 14(4), agus maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le soláthar don údarás réitigh in 2023, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin faoin 28 Feabhra 2023 ar a dhéanaí”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.
(2) IO L 11, 17.1.2015, lch. 44.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).