Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0645

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/645 ón gComhairle an 20 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    ST/7032/2023/INIT

    IO L 80I, 20.3.2023, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/645/oj

    20.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 80/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/645 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Márta 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

    (2)

    An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar an úsáid fhorleathan agus dhíréireach a bhain fórsaí slándála na hIaráine as an bhforneart ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, de réir mar a dearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart ochtar agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 20 Marta 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:

     

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “206.

    KHOSROU PANAH Abdol Hossein

    عبدالحسین خسرو پناه

    ar a dtugtar freisin KHOSROW PANAH Abdul Hossein; KHOSROPANAH Abdolhossein

    Dáta breithe: 21.3.1966

    Áit bhreithe: Dezful, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Cathaoirleach agus Rúnaí Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha (Supreme Council of Cultural Revolution)

    Eintiteas comhlachaithe: Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha (Supreme Council of Cultural Revolution)

    Is cléireach coimeádach é Abdol Hossein Khosrou Panah agus tá sé mar chathaoirleach agus rúnaí ar Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha ó mhí Eanáir 2023.

    Tá roinnt tionscadal curtha chun cinn ag Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha lena mbaintear an bonn ó shaoirse na gcailíní agus na mban, trí shrianta a chur ar a gcuid éadaí agus oideachais. Tá leithcheal déanta ag a cuid dlíthe ar mhionlaigh freisin, mar shampla pobal Baha’i. Is uirlis í chun beartais agus tuairimí Ioslamaíocha an réimis reatha a chur chun cinn.

    Ina cháil mar chathaoirleach agus rúnaí ar Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha, tá Khosrou Panah freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    207.

    ALAM-AL HODA Ahmad

    احمد علم الهدی

    Dáta breithe: 31.8.1944

    Áit bhreithe: Mashhad, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Iomám Mashhad le haghaidh urnaí na hAoine agus ionadaí chúige Khorasan Razavi i dTionól na Saineolaithe

    Is iomám Mashhad le haghaidh urnaí na hAoine agus ionadaí chúige Khorasan Razavi i dTionól na Saineolaithe é Ahmad Alam-Al Hoda.

    Ina chuid óráidí agus sna meáin, bíonn sé rannpháirteach i gcraobhscaoileadh an fhuatha i gcoinne na mban, léirsitheoirí agus mionlaigh reiligiúnacha.

    Tá Alam-Al Hoda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    208.

    RASTINEH Ahmad

    احمد راستینه

    Dáta breithe: 1980

    Áit bhreithe: cúige Bakhtiari, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Comhalta Parlaiminte agus urlabhraí choimisiún cultúir na Parlaiminte.

    Is comhalta de Pharlaimint na hIaráine (Madjles) agus urlabhraí choimisiún an chultúir é Ahmad Rastineh. Tá ról maoirseachta ag coimisiún an chultúir chun rialú agus maoirsiú a dhéanamh ar na hinstitiúidí a bhfuil sé de chúram acu ‘cultúr na geanmaíochta agus an hidseab a scaipeadh’.

    Cuireann Rastineh chun cinn leagan docht de phrionsabail chultúrtha na Réabhlóide Ioslamaí, go háirithe maidir le mná, agus caitheamh na caille/an hidseab. Le linn na n-agóidí san Iaráin in 2022/2023, d’iarr sé go ndéanfaí an dlí lena bhforchuirtear an chaille ar mhná na hIaráine a dhearbhú an athuair. Ina theannta sin, thacaigh sé le rialú an rialtais ar an idirlíon agus ar na gearrthacha idirlín.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    209.

    KHAN MOHAMMADI Hodjatoleslam Ali

    حجت الاسلام علی خان محمدی

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: urlabhraí na Ceanncheathrún um an gCeart a Ordú agus an Olc a Thoirmeasc (Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil)

    Is é Hodjatoleslam Ali Khan Mohammadi urlabhraí na Ceanncheathrún um an gCeart a Ordú agus an Olc a Thoirmeasc (Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil), eintiteas atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.

    In 2022 agus 2023, ina cháil mar urlabhraí na Ceanncheathrún um an gCeart a Ordú agus an Olc a Thoirmeasc, dúirt sé gur choir a bhí ann gan an hidseab a chaitheamh, agus chuir sé chun cinn leagan docht de phrionsabail chultúrtha na Réabhlóide Ioslamaí, go háirithe maidir le mná, agus caitheamh na caille/an hidseab. Ag gníomhú dó ina cháil sin, chuir sé a thacaíocht in iúl agus chuir sé leis an gcur faoi chois i gcoinne an hidseab a dhlisteanú, lena mbaintear an bonn ó chearta agus saoirsí na mban agus na gcailíní.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    210.

    AKBARI Mohammad Sadegh

    محمد صادق اکبری

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Príomh-Bhreitheamh chúige Mazandaran

    Is é Mohammad Sadegh Akbari Príomh-Bhreitheamh chúige Mazandaran.

    Sa cháil sin, tá sé freagrach as pionós an bháis a ghearradh le linn trialacha éagóracha (dlíodóirí gan a bheith i láthair, admhálacha faoi iallach) agus as daoránaigh a chéasadh. Le linn na n-agóidí in 2022/2023, bhí sé freagrach as siopaí nár urramaigh na dlíthe maidir leis an hidseab a dhúnadh agus as agóideoir 35 bliana d’aois a raibh meabhairghalair air a líomhnaítear gur dhóigh sé an Córán a dhaoradh chun báis.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    211.

    BARATI Morteza

    مرتضی براتی

    ar a dtugtar freisin BARATI Qazi

    Dáta breithe: 30.11.1962

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Breitheamh Ceannais an chéad dlísheomra de Chúirteanna Réabhlóideacha Isfahan

    Is é Morteza Barati Breitheamh Ceannais an chéad dlísheomra de Chúirteanna Réabhlóideacha Isfahan.

    I mí Eanáir 2023, rinne sé ar a laghad triúr agóideoirí a dhaoradh chun bás trí chrochadh, agus an ceart chun triail chóir a fháil á shéanadh orthu.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    212.

    AL HOSSEINI Musa Asif

    موسی آصف الحسینی

    ar a dtugtar freisin AL-HOSSEINI Asef

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: Príomh-Bhreitheamh an chéad dlísheomra de Chúirteanna Réabhlóideacha Karaj, cúige Alborz

    Is é Musa Asif Al Hosseini Príomh-Bhreitheamh an chéad dlísheomra de Chúirteanna Réabhlóideacha Karaj, cúige Alborz.

    Rinneadh trialacha faoina mhaoirseacht go hachomair, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí agus ag brath ar admhálacha a rinneadh faoi bhrú agus faoi chéastóireacht. Le linn na n-agóidí in 2022/2023, bhí sé i gceannas ar thrialacha agóideoirí agus ghearr sé pionós an bháis ar roinnt daoine, ar cuireadh i gcrích é i gcás Mohammed Karami agus Mohammed Hosseini.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023

    213.

    JALILI Vahid

    وحید جلیلی

    Dáta breithe: 1973

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Feidhm: ceann um gnóthaí cultúrtha agus forbairt beartais chraoltóir stáit Phoblacht Ioslamach na hIaráine (Islamic Republic of Iran Broadcasting) (IRIB)

    Is é Vahid Jalili ceann um gnóthaí cultúrtha agus forbairt beartais chraoltóir stáit Phoblacht Ioslamach na hIaráine (Islamic Republic of Iran Broadcasting) (IRIB), eintiteas atá liostaithe ag an Aontas Eorpach.

    Le linn na n-agóidí in 2022/2023, fuair IRIB admhálacha faoi iallach ó ghialla eachtrannacha. Mar gheall ar a ról sinsearach in IRIB, tá baint díreach ag Jalili leis an mbonn a bheith á bhaint ó chearta daonna ghialla eachtrannacha agus íde mhídhaonna a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, tá sé freagrach as admhálacha bolscaireachta lena dtacaítear leis an réimeas a scaipeadh.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023”

     

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘34.

    Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha (Supreme Council of Cultural Revolution)

    Duine aonair comhlachaithe: KHOSROU PANAH Abdol Hossein (cathaoirleach agus rúnaí)

    Is comhlacht beartais de chuid an réimis í Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha atá freagrach as polasaithe straitéiseacha agus pleananna i réimsí na heolaiochta, an oideachais, an chreidimh agus an taighde a cheapadh.

    Tá roinnt tionscadal curtha chun cinn aici lena mbaintear an bonn ó shaoirse na gcailíní agus na mban, trí shrianta a chur ar a gcuid éadaí agus oideachais. Tá leithcheal déanta ag a cuid cinntí ar mhionlaigh freisin, mar shampla pobal Baha’i. Is uirlis í chun beartais an réimis reatha a chur chun cinn.

    Tá Ardchomhairle na Réabhlóide Cultúrtha freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    20.3.2023”


    Top