This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0505
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/505 of 1 March 2023 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Azeitona Galega da Beira Baixa’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/505 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Azeitona Galega da Beira Baixa” (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/505 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Azeitona Galega da Beira Baixa” (TGFC))
C/2023/1551
IO L 70, 8.3.2023, p. 6–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
8.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 70/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/505 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Márta 2023
lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Azeitona Galega da Beira Baixa” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Phortaingéil ar chlárú an ainm “Azeitona Galega da Beira Baixa” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Azeitona Galega da Beira Baixa” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Azeitona Galega da Beira Baixa” (TGFC) cláraithe leis seo.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 428, 10.11.2022, lch. 51.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).