Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0247

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/247 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Estepa” (STFC))

    C/2023/891

    IO L 34, 6.2.2023, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/247/oj

    6.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 34/4


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/247 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Feabhra 2023

    lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Estepa” (STFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Estepa” atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 900/2010 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/597 ón gCoimisiún (3).

    (2)

    Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Estepa” (STFC) formheasta anois.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 900/2010 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2010 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Estepa (STFC)] (IO L 266, 9.10.2010, lch. 52).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/597 ón gCoimisiún an 15 Márta 2017 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Estepa (STFC)] (IO L 81, 28.3.2017, lch. 15).

    (4)  IO C 397, 17.10.2022, lch. 39.


    Top