EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0140

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/140 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2023 lena leasaítear den 332ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

C/2023/634

IO L 19, 20.1.2023, p. 92–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/140/oj

20.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 19/92


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/140 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2023

lena leasaítear den 332ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 16 Eanáir 2023 chuir Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin le liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm láithreach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha” cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

“ABDUL REHMAN MAKKI (ainm bréige láidir: (a) Abdur Rehman Makki; (b) Abdur Rahman Makki; (c) Abdul Rahman Makki; (d) Hafiz Abdul Rahman Makki; (e) Hafiz Abdul Rehman Makki; (f) Hafiz Abdul Rehman). Dáta breithe: 10.12.1954. Áit bhreithe: Bahawalpur, Cúige Phuinseáb, an Phacastáin. Náisiúntacht: Pacastánach. Pas uimhir (a) CG9153881 (pas de chuid na Pacastáine a eisíodh 2.11.2007; (b) A5199819 (pas de chuid na Pacastáine). Uimhir aitheantais náisiúnta (a) 6110111883885 (Pacastánach); (b) 34454009709 (Pacastánach). Seoladh: Tayyiba Markaz, Muridke, Cúige Phuinseáb, an Phacastáin. Faisnéis eile: Leas-Éimír/Leas-Cheannaire LASHKAR-E-TAYYIBA (LET) dá ngairtear freisin JAMAAT-UD-DAWA (JUD) agus an Ceann ar an Sciathán de JUD/LET a dhéileálann le Gnóthaí Polaitiúla. Chomh maith leis sin, bhí sé ina cheann ar roinn caidrimh eachtraigh LET agus ina chomhalta de Shura (an comhlacht rialaitheach). Deartháir céile Hafiz Muhammad Saeed, Ceannaire JUD/LET. Hafiz Abdullah Bahwalpuri is ainm dá athair. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 16.1.2023.”


Top