This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2787
Council Decision (CFSP) 2023/2787 of 8 December 2023 amending Decision (CFSP) 2020/732 in support of the UN Secretary-General’s Mechanism for investigation of alleged use of chemical and biological or toxin weapons
Cinneadh (CBES) 2023/2787 ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach
Cinneadh (CBES) 2023/2787 ón gComhairle an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach
ST/15730/2023/INIT
IO L, 2023/2787, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2787/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/01/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2787 |
11.12.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2787 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/732 (1), lena bhforáiltear do thréimhse 36 mhí, dar tús dáta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, maidir le cur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin (‘an tréimhse cur chun feidhme’). |
|
(2) |
Bhí deireadh le teacht leis an tréimhse cur chun feidhme an 14 Nollaig 2023. |
|
(3) |
An 22 Meán Fómhair 2023, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2020/732, síneadh gan chostas 13 mhí a chur leis an tréimhse cur chun feidhme. |
|
(4) |
Maidir leis an síneadh arna chur leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 14 Eanáir 2025, níl aon impleachtaí aige sin a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/732 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2020/732, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 14 Eanáir 2025.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2020 chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach (IO L 172 I, 3.6.2020, lch. 5).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2787/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)