Odaberite eksperimentalnu funkciju koju želite isprobati

Ovaj je dokument isječak s web-mjesta EUR-Lex

Dokument 32023D2132

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2132 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2023 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6735)

C/2023/6735

IO L, 2023/2132, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2132/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Pravni status dokumenta Na snazi

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2132/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2132

17.10.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2132 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2023

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6735)

(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Deireadh Fómhair 2016, chuir Syngenta Crop Protection S.A./N.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Syngenta Crop Protection AG, atá lonnaithe san Eilvéis, iarratas faoi bhráid údaráis inniúil náisiúnta na Gearmáine maidir le bianna, comhábhair bia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). San iarratas cumhdaíodh freisin táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25 nó atá comhdhéanta de a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca a rinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

An 27 Eanáir 2023 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sé chomh sábháilte céanna lena mhacasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhair Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach údar imní é ó thaobh an chothúcháin de i ndaoine ná in ainmhithe bia agus beatha ó arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25 a thomhailt.

(4)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(5)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, arna chur isteach ag an iarratasóir, ina bhfuil plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí.

(6)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ba cheart údarás a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas.

(7)

Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (4).

(8)

Maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas lipéadaithe sonrach, seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart léiriú soiléir a bheith ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de bhianna agus comhábhair bia, ar léiriú é a chuireann in iúl nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

(9)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (6).

(10)

Ní thugann an tuairim ón Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil, nó maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(11)

Ba cheart gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(12)

Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(13)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar an t-aitheantóir uathúil MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) GA21 × T25, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

bianna agus comhábhair bia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

(b)

beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

(c)

táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.

2.   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 nó atá comhdhéanta de dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

An modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 a bhrath.

Airteagal 5

Faireachán le haghaidh éifeachtaí comhshaoil

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaol, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

Clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7

Sealbhóir an údaraithe

Is é Syngenta Crop Protection AG, arna ionadú san Aontas ag Syngenta Crop Protection S.A./N.V., a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 8

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9

Seolaí

Is chuig Syngenta Crop Protection AG, Rosentalstrasse 67, CH-4058 Basel, an Eilvéis, arna ionadú san Aontas ag Syngenta Crop Protection S.A./N.V., Avenue Louise 489, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(2)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

(3)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2023. Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 × T25 le haghaidh úsáidí bia agus beatha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-DE-2016-137). EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(1):7729, 30 lch.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023,7729.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

(6)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, a chur i láthair, chun críche iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

(a)

An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

Ainm

:

Syngenta Crop Protection AG

Seoladh

:

Rosentalstrasse 67, CH-4058 Basel, an Eilvéis

arna ionadú san Aontas ag Syngenta Crop Protection S.A./N.V., Avenue Louise 489, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg

(b)

Ainmníocht agus sonraíocht na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

(2)

beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

(3)

táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 nó atá comhdhéanta de le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 an ghéin epsps, géin a thugann frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar ghliofosáit, agus léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe ACS-ZMØØ3-2 an ghéin pat, géin a thugann frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí glúfosanáit-amóiniam.

(c)

Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas maidir le lipéadú a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.

(2)

Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)

Modh braite:

(1)

Is iad na modhanna teagmhas-shonracha cainníochtúla braite ISP na modhanna atá bailíochtaithe ina n-aonar le haghaidh theagmhais arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØØ21-9 agus ACS-ZMØØ3-2 agus atá fíoraithe tuilleadh ar arbhar Indiach MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2;

(2)

Arna mbailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna bhfoilsiú ag https://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx;

(3)

Ábhar Tagartha: Tá ERM-BF414 ar fáil trí Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/ agus tá AOCS 0306-H11 agus AOCS 0306-C4 (maidir leis an macasamhail neamh-ghéinmhodhnaithe) ar fáil trí American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm?SSO=True

(e)

Aitheantóir uathúil:

MON-ØØØ21-9 × ACS-ZMØØ3-2

(f)

Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

(g)

Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

[Nasc: plean a foilsíodh i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe]

(i)

Plean faireacháin iarmhargaidh:

Ní gá.

Nóta:

d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2132/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Vrh