This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0696
Commission Implementing Decision (EU) 2023/696 of 27 March 2023 accepting a request submitted by the Italian Republic pursuant to Directive (EU) 2016/797 of the European Parliament and of the Council for non-application until 30 June 2024 of point 7.4.2.1 of the Annex to Commission Regulation (EU) 2016/919 for ten ETR675 vehicles (notified under document C(2023) 1916) (Only the Italian text is authentic)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/696 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún go dtí an 30 Meitheamh 2024 ar dheich bhfeithicil ETR675 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1916) (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/696 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún go dtí an 30 Meitheamh 2024 ar dheich bhfeithicil ETR675 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1916) (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
C/2023/1916
IO L 91, 29.3.2023, pp. 63–65
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2024
|
29.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 91/63 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/696 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Márta 2023
lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún go dtí an 30 Meitheamh 2024 ar dheich bhfeithicil ETR675
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1916)
(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Meán Fómhair 2022, chuir an Iodáil iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 (2) ón gCoimisiún go dtí an 30 Meitheamh 2024 lena gceanglaítear go mbeidh feithiclí nua feistithe le Bonnlíne 3 de chuid an Chóras Eorpaigh um Rialú Traenacha (ETCS) ar bord faoin 1 Iúil 2023 ar a dhéanaí. Baineann an iarraidh le deich bhfeithicil nua ETR675 a bhfuil uimhreacha aitheantais leantacha ETR675.17 go ETR675.26 acu a soláthraíonn Alstom Ferroviaria S.p.A. iad. Leis na deich bhfeithicil nua, comhlánaítear flít de 26 fheithicil ETR675 atá faoi úinéireacht Italo-Nuovo Trasporto Viaggiatori S.p.A (Italo-NTV S.p.A) cheana. |
|
(2) |
Leis an bhfaisnéis a sholáthair údaráis na hIodáile chun tacú leis an iarraidh, bhí an Coimisiún in ann a anailís a dhéanamh uirthi. |
|
(3) |
I gcomhréir le pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, ní mór d’fheithiclí nua a údaraíodh tar éis an 16 Meitheamh 2019 tacair sonraíochtaí #2 nó #3 (Bonnlíne 3 ETCS) a chomhlíonadh dá dtagraítear i dTábla A 2 d’Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Rialachán sin (3). |
|
(4) |
Tá sé d’aidhm ag Pointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 an t-aistriú ó Bhonnlíne 2 ETCS go Bonnlíne 3 ETCS a éascú trí sprioc-amanna sínte a leagan síos. I gcomhréir le fophointe 3(b) den phointe sin, féadfaidh feithiclí áirithe atá feistithe le Bonnlíne 2 ETCS agus a bhí údaraithe roimh an 31 Nollaig 2020 i gcomhréir le húdarú cineáil feithicle a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2019 leas a bhaint as sprioc-am sínte go dtí an 1 Iúil 2023 chun Bonnlíne 3 ETCS a chomhlíonadh. |
|
(5) |
Ordaíodh na deich bhfeithicil dá dtagraítear san iarraidh i mbaisceanna éagsúla mar roghanna ar cheannach tar éis gur síníodh an chéad chonradh an 28 Deireadh Fómhair 2015 idir Italo-NTV S.p.A agus Alstom Ferroviaria S.p.A le haghaidh soláthar agus cothabháil 26 fheithicil ETR675 (ar a dtugtar Pendolino EVO freisin). |
|
(6) |
Ordaíodh na sé fheithicil, ETR675.17 go ETR675.22, roimh an 16 Meitheamh 2019; bhí siad feistithe le Bonnlíne 2 ETCS agus údaraithe lena gcur ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir le pointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, ceanglaítear go gcomhlíonfaidh na feithiclí sin Bonnlíne 3 ETCS faoin 1 Iúil 2023. |
|
(7) |
Ordaíodh an dá fheithicil ETR675.23 agus ETR675.24 tar éis an 16 Meitheamh 2020, eadhon an 31 Iúil 2020; bhí siad feistithe le Bonnlíne 2 ETCS agus údaraithe lena gcur ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2020. I gcomhréir le pointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, ceanglaítear go gcomhlíonfaidh na feithiclí sin Bonnlíne 3 ETCS faoin 1 Iúil 2023. |
|
(8) |
Bhí sé beartaithe an dá fheithicil ETR675.25 agus ETR675.26 a ordaíodh an 31 Iúil 2019 a sheachadadh tar éis an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, bhí siad lasmuigh de raon feidhme fhoráil idirthréimhseach phointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 agus ba cheart iad a bheith feistithe le Bonnlíne 3 ETCS i gcomhréir le pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn sin. Le Cinneadh C(2021)3233 final ón gCoimisiún (4), deonaíodh neamhchur i bhfeidhm sealadach go dtí an 30 Meitheamh 2023. Dá thoradh sin, tá na deich dtraein uile dá dtagraítear san iarraidh feistithe le Bonnlíne 2 ETCS amháin. |
|
(9) |
Aistriú na ndeich bhfeithicil is ábhar don Chinneadh seo ó Bhonnlíne 2 ETCS go Bonnlíne 3 ETCS, bhí sé beartaithe thar thréimhse a chríochnóidh an 1 Iúil 2023, i gcomhréir leis an sprioc-am a leagtar síos faoi phointe 7.4.2.3. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919. |
|
(10) |
Mar sin féin, an t-aistriú sábháilte ó Bhonnlíne 2 ETCS ar bord na bhfeithiclí go Bonnlíne 3 ETCS ar bord na bhfeithiclí, braitheann sé ar an infhaighteacht uasghrádaithe ar an líne Milano-Bologna go Bonnlíne 3 ETCS taobh riain le haghaidh na tástála lena n-áirithítear comhoiriúnacht Bhonnlíne 3 ETCS ar bord na bhfeithiclí agus taobh riain. Bhí moill ar an líne a bheith ar fáil le haghaidh tástála mar gheall ar shuiteáil Bhonnlíne 3 ETCS taobh riain a bheith déanach. Ní bheifear in ann tástáil a dhéanamh ach amháin le linn an dara ráithe de 2023, rud a chuirfidh moill ar na chéad athúdaruithe ar fheithiclí go dtí mí na Samhna 2023. |
|
(11) |
Le neamhchur i bhfeidhm sealadach phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 le haghaidh bliain amháin eile ar na deich bhfeithicil ERT675 atá feistithe le Bonnlíne 2 ETCS, go dtí a n-iarfheistiú go Bonnlíne 3 ETCS, agus cothabháil rialta á déanamh orthu le linn na tréimhse ó mhí na Samhna 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, bheifí in ann leanúint de sheirbhísí in éagmais aon seirbhís eile faoi choinníollacha atá inmharthana ó thaobh cúrsaí tráchtála agus oibríochtúla de. |
|
(12) |
Ní bheadh tionchar ag moill a bheith ar an aistriú ar an idir-inoibritheacht mar tá na deich bhfeithicil lena mbaineann feistithe cheana féin le Bonnlíne 2 ETCS agus tá an córas taobh riain feistithe le Bonnlíne 2 ETCS freisin agus aistreoidh sé go Bonnlíne 3 ETCS de réir a chéile go dtí 2025, de réir phlean náisiúnta cur chun feidhme ERTMS na hIodáile, gan tionchar a bheith aige ar an idir-inoibritheacht le feithiclí atá feistithe le Bonnlíne 2 ETCS agus le Bonnlíne 3 ETCS. |
|
(13) |
De réir na faisnéise a sholáthair údaráis na hIodáile, tá gealltanas tugtha ag monaróir na bhfeithiclí a shainaithnítear le huimhreacha ETR675.17 go ETR675.26, Alstom Ferroviaria S.p.A, agus ag a n-úinéir, Italo-NTV S.p.A, i leith plean innealtóireachta agus suiteála chun na feithiclí sin agus an chuid eile den fhlít a uasghrádú trí threalamh ar bord a fheistiú a chomhlíonann Bonnlíne 3 ETCS. De réir an phlean sin, ba cheart an t-uasghrádú a bheith curtha i gcrích faoin 30 Meitheamh 2024. |
|
(14) |
Tá an iarraidh bunaithe ar Airteagal 7(1), pointe (c) de Threoir (AE) 2016/797 lena gceadaítear neamhchur i bhfeidhm sonraíochta teicniúla amháin nó níos mó don idir-inoibritheacht (STI) i gcás ina gcuirfeadh cur i bhfeidhm STI isteach ar inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail agus/nó ar chomhoiriúnacht an chórais iarnróid sna Ballstáit lena mbaineann. |
|
(15) |
Léirítear san fhaisnéis a sholáthair údaráis na hIodáile, mura nglacfaí leis an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919, go mbeadh sé d’oibleagáid ar an oibreoir Bonnlíne 3 ETCS a shuiteáil sna deich bhfeithicil, agus iad a chur as feidhm go sealadach níos faide ná an ghnáthchothabháil sceidealaithe. Bheadh tionchar diúltach eacnamaíoch suntasach ar an oibreoir ó thaobh ioncaim a chaillfí de bharr easpa seirbhíse tráchtála, na sonrasc a chaillfí, agus na gcostas ba ghá chun na deich bhfeithicil a pháirceáil. An fhoráil mhalartach a chuirtear i bhfeidhm, eadhon úsáid leanúnach Bhonnlíne 2 ETCS go dtí gur féidir an t-uasghrádú go Bonnlíne 3 ETCS a dhéanamh ar bhealach atá inmharthana, tá sé inghlactha mar ní bheadh tionchar aige ar an idir-inoibritheacht agus d’áiritheofaí leis go leanfaí na seirbhísí ar aghaidh. |
|
(16) |
Ar na cúiseanna sin, ba cheart a mheas go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797, agus ba cheart aistriú na ndeich bhfeithicil a bhfuil uimhreacha aitheantais ETR675.17 go ETR675.26 acu, aistriú a bhfuil moill air, ó Bhonnlíne 2 ETCS go Bonnlíne 3 ETCS a údarú go dtí an 30 Meitheamh 2024. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis an iarraidh arna cur isteach ag an Iodáil gan pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 a chur i bhfeidhm ar na feithiclí sin go dtí an 30 Meitheamh 2024. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar le hiarraidh Phoblacht na hIodáile gan pointe 7.4.2.1. den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 a chur i bhfeidhm ar dheich bhfeithicil ETR675 a bhfuil uimhreacha aitheantais leantacha ETR675.17 go ETR675.26 acu go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo laistigh de theorainneacha geografacha ghréasán iarnróid na hIodáile.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina-Ioana VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.
(2) Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais “um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).
(3) Comhfhreagraíonn Tacar Sonraíochtaí #1 do Bhonnlíne 2 ETCS agus do Bhonnlíne 1 GSM-R
Comhfhreagraíonn Tacar Sonraíochtaí #2 do Bhonnlíne 3 ETCS, do Scaoileadh Cothabhála 1 agus do Bhonnlíne 1 GSM-R
Comhfhreagraíonn Tacar Sonraíochtaí #3 do Bhonnlíne 3 ETCS, do Scaoileadh 1 agus do Bhonnlíne 1 GSM-R
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 3233 final ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2021 lena nglactar le hiarraidh ar neamhchur i bhfeidhm coda den tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais “um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/919, arna cur faoi bhráid an Choimisiún ag Poblacht na hIodáile i gcomhréir le hAirteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.