EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0549

Cinneadh (AE) 2023/549 ón mBanc Ceannais Eorpach an 6 Márta 2023 maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/9 (BCE/2023/3)

ECB/2023/3

IO L 73, 10.3.2023, p. 19–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/549/oj

10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/19


CINNEADH (AE) 2023/549 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 6 Márta 2023

maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/9 (BCE/2023/3)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc agus an ceathrú fleasc d’Airteagal 3.1, agus Airteagal 22 de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Is í Treoirlíne BCE/2012/27 a rialaíonn an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) (1) faoi láthair. Ón 20 Márta 2023 cuirfear TARGET, an tríú glúin de chórais íocaíochta in euro a socraítear in airgead bainc cheannais, in ionad TARGET2. Tá TARGET faoi rialú ag Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le d’Uathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) glúin nua (BCE/2022/8) (2), agus aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 le héifeacht ón 20 Márta 2023. Is éard atá i gcórais chomhpháirte de TARGET ná comharbaí dlíthiúla na gcóras comhpháirte chomhfhreagrach de TARGET2.

(2)

Mar is amhlaidh i gcás TARGET2, tá TARGET struchtúrtha mar iliomad córas ollsocraíochta fíor-ama, gach ceann acu ina chomhpháirt a oibríonn banc ceannais an Eurochórais (BC an Eurochórais). Le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), déantar na rialacha maidir le comhpháirteanna TARGET a chomhchuibhiú a mhéid is féidir.

(3)

Chun críocha Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28) (3), sainaithníodh i dteannta a chéile córais chomhpháirteanna TARGET2 atá faoi úinéireacht agus á n-oibriú ag BCNanna an Eurochórais mar chórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (SIPS). Ar an gcaoi chéanna, meastar go dtiocfaidh na córais chomhpháirteanna TARGET faoi seach, mar na córais íocaíochta a chuirtear in ionad na gcóras comhpháirteanna TARGET2, faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 (BCE/2014/28) agus go gceanglófar orthu na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos sa Rialachán sin a chomhlíonadh.

(4)

Le hAirteagal 28(1) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) forchuirtear oibleagáidí rúndachta áirithe ar gach banc ceannais (BC) chun faisnéis íocaíochta a bhaineann le rannpháirtithe a bhfuil cuntais TARGET ina seilbh acu leis an CB sin a choinneáil faoi rún.

(5)

Le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) ceadaítear do gach BC faisnéis íocaíochta a nochtadh maidir leis an rannpháirtí a fuarthas le linn oibriú na comhpháirte TARGET ábhartha chun críocha áirithe.

(6)

Nuair nach leor sonraí íocaíochta TARGET comhiomlána a úsáid chun feidhmiú éifeachtach TARGET a áirithiú, ba cheart rochtain a bheith ag BCanna ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt a bhaintear as TARGET maidir leis na rannpháirtithe i ngach comhpháirt de TARGET, lena n-áirítear sealbhóirí BIC inteagmhála. Tá rochtain ag gach BC ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt den sórt sin riachtanach freisin chun cúraimí poiblí an Eurochórais a chomhlíonadh mar mhaoirseoir TARGET nuair nach leor sonraí íocaíochta TARGET comhiomlána a úsáid. Ina theannta sin, tá rochtain ag gach BC ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt den sórt sin riachtanach freisin chun na hanailísí a dhéanamh chun tacú le feidhmeanna maidir le maoirseacht mhacrastuamachta, cobhsaíocht airgeadais, comhtháthú airgeadais, oibríochtaí margaidh, réiteach agus beartas airgeadaíochta agus an Sásra Maoirseachta Aonair, i gcomhréir le prionsabal na deighilte.

(7)

Ba cheart rochtain ag BCanna ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt na rannpháirtithe uile a theorannú don mhéid is gá chun a chur ar chumas na BCanna anailísí cainníochtúla a dhéanamh ar shreafaí idirbheart idir rannpháirtithe nó ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh ar phróiseas socraíochta TARGET, i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) agus a fhorálacha cur chun feidhme, agus ba cheart go n-eisiafaí leis an rochtain sin an fhaisnéis uile maidir le custaiméirí na rannpháirtithe ach amháin i gcás inar sealbhóirí BIC inteagmhála iad na custaiméirí sin.

(8)

Nuair a dhéanann BCanna iad ina gcáil mar oibreoirí TARGET, ba cheart anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh go háirithe chun éifeachtúlacht dhearadh TARGET a áirithiú, tacú le comhlíonadh ionchais mhaoirseachta, anailís a dhéanamh ar theipeanna oibríochtúla in TARGET, patrúin íocaíochta agus leibhéil leachtachta a anailísiú, faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí a meicníochtaí praghsála, agus anailísí costais is tairbhe a dhéanamh ar ghnéithe agus ar sheirbhísí breise. Nuair a dhéanann BCanna iad ina gcáil mar mhaoirseoirí TARGET, ba cheart go bhfónfadh na hanailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla sin go háirithe chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar rioscaí in TARGET agus chun tacú le measúnuithe maoirseachta rialta agus ad hoc i gcoinne na gcaighdeán is infheidhme. Nuair a dhéanann BCanna iad chun tacú le príomhfheidhmeanna eile an bhainc cheannais, ba cheart na hanailísí cainníochtúla agus na hionsamhlúcháin uimhriúla sin a úsáid go háirithe chun anailís a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh airgid, measúnú a dhéanamh ar chomhtháthú airgeadais sa limistéar euro, faireachán a dhéanamh ar chomhardú na mbanc ceannais agus ar dháileadh leachtachta.

(9)

Tá sé ríthábhachtach rúndacht sonraí ar leibhéal an idirbhirt a chaomhnú. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt agus úsáid na sonraí sin a theorannú do ghrúpa beag de bhaill foirne ainmnithe ó na BCanna. Sa bhreis ar na rialacha maidir le hiompar gairmiúil agus rúndacht is infheidhme maidir le baill foirne BC, ba cheart don Bhord um Bonneagar Margaidh (MIB) rialacha sonracha a bhunú maidir le rochtain ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt agus maidir le húsáid na sonraí sin. Ba cheart do BCanna a áirithiú go gcomhlíonfaidh a mbaill foirne ainmnithe na rialacha seo agus ba cheart do MIB faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.

(10)

Ba cheart an rogha a bheith ag MIB faisnéis a fhaightear ó úsáid sonraí ar leibhéal na n-idirbheart a fhoilsiú, ar choinníoll nach bhfágann an fhaisnéis sin gur féidir rannpháirtithe nó custaiméirí na rannpháirtithe a shainaithint, go díreach nó go hindíreach.

(11)

Cuireann Timpeallacht Anailíseach TARGET ar chumas an Eurochórais anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúcháin uimhriúla a dhéanamh ag baint úsáide as sonraí ar leibhéal an idirbhirt.

(12)

De bhreis ar Airteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) lena gcumhdaítear sonraí ar leibhéal an idirbhirt, luaitear in Airteagal 28(5) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) go bhféadfaidh na BCanna faisnéis íocaíochta maidir leis an rannpháirtí nó custaiméirí an rannpháirtí a úsáid, a nochtadh nó a fhoilsiú chun críocha staidrimh, staire, eolaíochta nó chun críocha eile i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna poiblí nó feidhmeanna eintiteas poiblí eile a nochtar an fhaisnéis dóibh, ar choinníoll nach féidir, go díreach nó go hindíreach, an rannpháirtí nó custaiméirí an rannpháirtí a shainaithint. Gan dochar do chumas na BCanna faisnéis den sórt sin a úsáid, a nochtadh nó a fhoilsiú faoin Airteagal seo, ba cheart do MIB gníomhaíochtaí na BCanna a chomhordú.

(13)

Ba cheart forálacha an Chinnidh seo a leathnú chun go mbeidh feidhm acu maidir le bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) nasctha trí chomhaontú idir na BCNanna nasctha agus BCanna an Eurochórais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Rialaítear leis an gCinneadh seo rochtain ar shonraí TARGET áirithe, agus úsáid na sonraí sin, mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8).

Airteagal 3

Rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin

1.   I gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8), féadfaidh BCanna rochtain a fháil, a mhéid is gá, chun críocha anailísí cainníochtúla agus ionsamhlúchán uimhriúil, ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt a bhaintear as TARGET ó gach rannpháirtí de gach comhpháirt de TARGET agus na sonraí sin a úsáid, chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

feidhmiú éifeachtach TARGET agus a fhormhaoirseacht a áirithiú;

(b)

na hanailísí is gá a dhéanamh le haghaidh feidhmeanna maidir le maoirseacht mhacrastuamachta, cobhsaíocht airgeadais, comhtháthú airgeadais, oibríochtaí margaidh, réiteach agus beartas airgeadaíochta;

(c)

na hanailísí is gá a dhéanamh don Sásra Maoirseachta Aonair, i gcomhréir le prionsabal na deighilte.

2.   Beidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus úsáid na sonraí sin, teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-áirithítear feidhmiú agus maoirseacht éifeachtach TARGET, cúigear ball foirne ag déileáil le hoibriú TARGET agus cúigear ball foirne ag déileáil le maoirseacht TARGET, agus rochtain ar leith ar na sonraí ag gach grúpa díobh.

(b)

maidir leis na hanailísí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), grúpa de suas le 15 bhall foirne a dhéanann taighde, arna chomhordú ag cinn taighde an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais.

3.   Ceapfaidh BCanna na baill foirne dá dtagraítear i mír 2. I gcás ina gceapfar comhalta foirne ó oibríochtaí nó ó thaighde chun críocha mhír 2, beidh an ceapachán sin faoi réir fhormheas an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB). Beidh ceapadh na mball foirne ó mhaoirseacht chun críocha mhír 2(a) faoi réir fhormheas an Choiste um Bonneagar agus Íocaíochtaí Margaidh (MIPC). Beidh feidhm freisin ag na nósanna imeachta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir lena n-athsholáthar, i gcás inarb ábhartha.

4.   Bunóidh an MIB rialacha sonracha chun rúndacht sonraí ar leibhéal an idirbhirt a ráthú. Áiritheoidh BCanna go gcomhlíonfaidh a mbaill foirne arna n-ainmniú de réir mhíreanna 2 agus 3 na rialacha seo. I gcásanna nach gcomhlíontar na rialacha sonracha sin arna mbunú ag MIB, áiritheoidh BCanna nach mbeidh rochtain a thuilleadh ag baill foirne arna gceapadh i gcomhréir le mír 3 ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, ná nach mbainfidh siad úsáid as na sonraí sin. Déanfaidh an MIB faireachán ar chomhlíonadh fhorálacha na míre seo.

5.   Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rochtain a thabhairt freisin d’úsáideoirí eile agus leagfaidh sí amach rialacha beachta na rochtana sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an MIB faireachán ar a n-úsáid as na sonraí agus, go háirithe, ar a gcomhlíonadh le rialacha rúndachta, mar a bhunaítear ag an MIB agus mar atá leagtha amach in Airteagal 28 de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8).

Airteagal 4

Timpeallacht Anailíseach TARGET

1.   Bunófar Timpeallacht Anailíseach TARGET chun na hanailísí cainníochtúla agus na hionsamhlúcháin uimhriúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chomhlíonadh. Is éard a bheidh ann ná an Timpeallacht Anailíseach agus an Uirlis Ionsamhlúcháin.

2.   Déanfaidh BCE an Timpeallacht Anailíseach a fhorbairt agus a chothabháil. Déanfaidh Suomen Pankki an Uirlis Insamhlúcháin a fhorbairt agus a chothabháil. Is éard a bheidh sa Timpeallacht Anailíseach agus san Uirlis Ionsamhlúcháin an bonneagar teicniúil is gá, na huirlisí eastósctha sonraí, an uirlis ionsamhlúcháin agus na bogearraí anailíseacha is gá.

3.   Déanfaidh BCE agus Suomen Pankki comhaontú lena rialaítear seirbhísí agus sonraíochtaí teicniúla Thimpeallacht Anailíseach TARGET a thabhairt i gcrích le BCanna an Eurochórais. Beidh na BCNanna nasctha san áireamh sa chomhaontú sin.

Airteagal 5

Foilsiú agus nochtadh

1.   Féadfaidh an MIB faisnéis a fhoilsiú a dhíorthaítear ó úsáid sonraí ar leibhéal an idirbhirt, ar choinníoll nach féidir custaiméirí rannpháirtithe nó rannpháirtithe a aithint, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach.

2.   Déanfaidh MIB nochtadh agus foilsiú faisnéise íocaíochta ag BCanna i gcomhréir le hAirteagal 28(5) de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2022/912 (BCE/2022/8) a chomhordú.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh BCE/2010/9 le héifeacht ón 20 Márta 2023.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 20 Márta 2023.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 6 Márta 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2012 maidir le hUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2) (BCE/2012/27) (IO L 30, 30.1.2013, lch. 1).

(2)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le glúin nua d’Uathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne 2013/47/AE (BCE/2012/27) (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).

(3)  Rialachán ón mBanc Ceannais Eorpach (AE) Uimh. 795/2014 an 3 Iúil 2014 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (BCE/2014/28) (IO L 217, 23.7.2014, lch. 16).


Top