EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0405

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/405 ón gComhairle an 20 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Chamarún

ST/5501/2023/INIT

IO L 56, 23.2.2023, p. 26–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/405/oj

23.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 56/26


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/405 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Chamarún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   RÉAMHRÁ AGUS NÓS IMEACHTA

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (“an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN”), bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (Iascaireacht NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(2)

Le Caibidil VI den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN leagtar síos an nós imeachta um thriú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint, um na démarches i leith na dtíortha sin, um liosta de na tíortha sin a bhunú, um thíortha a bhaint den liosta sin, um an liosta sin a fhoilsiú agus um aon bheart éigeandála.

(3)

An 24 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE (2) lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, thug an Coimisiún fógra do Phoblacht Chamarún (“Camarún”) le cinneadh an 17 Feabhra 2021 (3) (“Cinneadh an 17 Feabhra 2021”), go bhféadfaí í a shainaithint mar thír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamh-chomhoibríoch í.

(5)

I gcinneadh uaidh an 17 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún faisnéis san áireamh faoi na fíricí agus na breithnithe fíor-riachtanacha is bonn le sainaithint den sórt sin.

(6)

Tugadh fógra do Chamarún faoi chinneadh an 17 Feabhra 2021 in éineacht le litir ina n-iarrtar ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú faoin Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

(7)

Le cinneadh uaidh an 17 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le Camarún.

(8)

Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Chamarún na bearta uile is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.

(9)

Tugadh an deis do Chamarún freagairt a thabhairt ar chinneadh an 17 Feabhra 2021, agus ar fhaisnéis ábhartha eile a chuir an gCoimisiún in iúl, agus tugadh an deis dó fianaise a chur isteach lena mbréagnaítear nó lena gcomhlánaítear na fíricí a luaitear sa chinneadh sin. Deimhníodh do Chamarún go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh nó a sholáthar.

(10)

Lean an Coimisiún den fhaisnéis ábhartha uile a lorg agus a fhíorú. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Camarún isteach tar éis chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus cuireadh san áireamh iad, agus reáchtáladh físchomhdháil idir Camarún agus an Coimisiún chun pointí ábhartha a phlé. Coinníodh Camarún ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin.

(11)

Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, ba é tuairim an Choimisiúin nár thug Camarún aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a leagtar amach i gcinneadh an 17 Feabhra 2021. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cuireadh na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta chun feidhme ina n-iomláine.

(12)

De thoradh air sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN (“Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023”).

(13)

Ar bhonn an phróisis imscrúdaithe agus idirphlé a rinne an Coimisiún, lena n-áirítear an comhfhreagras a malartaíodh agus na cruinnithe a tionóladh, agus ar bhonn na gcúiseanna le cinneadh an 17 Feabhra 2021 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, is iomchuí Camarún a chur ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN.

2.   CAMARÚN A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH

(14)

I gcinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Chamarún agus rinne sé meastóireacht ar chomhlíonadh a oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críocha an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a liostaítear in Airteagal 31(4) go (7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN.

(15)

D’athbhreithnigh an Coimisiún comhlíonadh Chamarún i gcomhréir le torthaí chinneadh an 17 Feabhra 2021, agus i ndáil le faisnéis ábhartha a sholáthair Camarún ina leith, d’athbhreithnigh sé an phlean gníomhaíochta a moladh, agus na bearta a rinneadh chun an cás a cheartú.

(16)

Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le mainneachtain, roinnt uaireanta, oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe le mainneachtain creat dlíthiúil leordhóthanach agus cothrom le dáta a ghlacadh, le heaspa nósanna imeachta soiléire trédhearcacha maidir le clárú agus ceadúnú agus le heaspa faireacháin éifeachtúil leordhóthanaigh ar shoithí iascaireachta. Ar bhonn níos ginearálta, bhain na heasnaimh a sainaithníodh leis na coinníollacha a leagadh síos maidir le soithí iascaireachta a chlárú agus lena rialú faoin dlí idirnáisiúnta. Sainaithníodh freisin easpa ailínithe le moltaí agus rúin ó chomhlachtaí ábhartha amhail Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe in aghaidh Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (PGI-INNN) agus Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí. Mar sin féin, is mar fhianaise thacaíochta amháin a measadh an easpa comhsheasmhachta nósanna imeachta Chamarún le moltaí agus rúin neamhcheangailteacha agus níor measadh í mar bhonn leis an sainaithint.

(17)

Dá bhrí sin, i gCinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, shainaithin an Coimisiún Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN.

(18)

Ag féachaint do na srianta a d’fhéadfadh a bheith ar Chamarún mar thír atá i mbéal forbartha, tugtar faoi deara nach gcuireann a leibhéal ginearálta forbartha isteach ar stádas forbartha ná ar fheidhmíocht fhoriomlán Chamarún maidir le hiascaigh.

(19)

Ag féachaint do chinneadh an 17 Feabhra 2021 a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, agus don phróiseas idirphlé le Camarún a tionóladh leis an gCoimisiún agus an toradh a bhí air, tagtar ar an gconclúid nach leor na gníomhaíochtaí a rinne Camarún i bhfianaise a dhualgas mar Stát brataí chun Airteagail 91, 92, 94, 117 agus 118 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a chomhlíonadh.

(20)

Dá bhrí sin, níor chomhlíon Camarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.

3.   LIOSTA TRÍÚ TÍORTHA NEAMH-CHOMHOIBRÍOCHA A BHUNÚ

(21)

I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le Camarún, i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ba cheart an tír sin a chur le liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a leasú dá réir.

(22)

Is éard a bheidh i gceist le Camarún a chur ar liosta na dtíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN na bearta a leagtar síos in Airteagal 38 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN a chur i bhfeidhm. Déantar foráil in Airteagal 38(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN maidir le toirmeasc a chur ar allmhairiú táirgí iascaigh arna ngabháil ag soithí a bhfuil bratach tríú tíortha neamh-chomhoibríocha ar foluain acu. I gcás Chamarún, ba cheart gach stoc agus speiceas, a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 8, den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, a chumhdach leis an toirmeasc sin ós rud é nach bhfuil an easpa beart iomchuí arna nglacadh i ndáil le hiascaireacht NNN as ar eascair sainaithint Chamarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch teoranta do stoc nó speiceas ar leith.

(23)

Tugtar faoi deara go ndéanann iascaireacht NNN, inter alia, stoic éisc a ídiú, gnáthóga muirí a scriosadh, an bonn a bhaint de chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí, iomaíocht a chur as a riocht, slándáil bia a chur i mbaol, iascairí comhlíontacha a chur faoi mhíbhuntáiste éagórach agus pobail chósta a lagú. I bhfianaise mhéid na bhfadhbanna a bhaineann le hiascaireacht NNN, meastar gur gá don Aontas na gníomhaíochtaí i ndáil le Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch a chur chun feidhme go gasta. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(24)

Má léiríonn Camarún gur ceartaíodh an cás ba chúis lena liostú, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, le Camarún a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN. Agus aon chinneadh den sórt sin á dhéanamh Camarún a bhaint den liosta, ba cheart a chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil bearta nithiúla glactha ag Camarún a d’fhéadfadh feabhas marthanach a chur ar an gcás,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear Poblacht Chamarún leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht Chamarún go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO CI 59,19.2.2021, lch. 1).


Top