Questo documento è un estratto del sito web EUR-Lex.
Documento 32022R0556
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/556 of 1 April 2022 concerning the classification of certain goods in the Combined Nomenclature
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/556 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/556 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
C/2022/2195
IO L 108, 7.4.2022, pagg. 13–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In vigore
7.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/556 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Aibreán 2022
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
|||||||
(1) |
(2) |
(3) |
|||||||
Tacar a thuairiscítear mar ‘córas ilchodach le haghaidh deisiú fiaclóireachta’ atá cóirithe lena miondíol i mbosca cartáin ina gcuirtear na heilimintí uile i láthair in éineacht le treoir úsáide. Tá an tacar comhdhéanta de na nithe seo a leanas: |
3006 40 00 |
Is le rialacha ginearálta 1, 3(b) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le nóta 4(f) a ghabhann le Caibidil 30 agus le foclaíocht chóid AC 3006 agus 3006 40 00 a chinntear an t-aicmiú. Eisiatar an táirge óna aicmiú faoi cheannteideal 9021 , toisc nach táirge réamhdhéanta é (amhail coróin) atá cosúil le haon chuid éalangach den chorp ina dhreach (féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 9021 , Roinn III, an chéad mhír agus Cuid (B), pointe (4) agus an chéad abairt den dara fomhír). Is iad na hábhair chomhchodacha atá líonta i steallairí na comhpháirteanna is saintréith don tacar. Féadfar iad a úsáid san fhiaclóireacht mar líonta fiaclóireachta, táirgí a chumhdaítear faoi cheannteideal 3006 (nóta 4 (f) a ghabhann le Caibidil 30, féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe thuasluaite a ghabhann le ceannteideal 9021 , Roinn III, Cuid (B), an dara fomhír, an chéad abairt). Eisiatar an táirge óna aicmiú faoi cheannteideal 3824 agus faoi cheannteideal 3906 mar go gcumhdaítear é go sonrach le foclaíocht Nóta 4 (f) a ghabhann le Caibidil 30, mar líonadh déidliachta. Dá bhrí sin, fearacht líonta eile déidliachta, is faoi chód AC 3006 40 00 atá an táirge le haicmiú. |
|||||||
|
(2×2ml); |
||||||||
|
(4×4g); |
||||||||
|
(1×7ml); |
||||||||
|
|||||||||
Tá na leafaois, atá ina n-ábhair chomhchodacha, bunaithe ar mheataicrioláití agus líonach neamhorgánach agus cuirtear i láthair iad i steallairí atá réidh le húsáid. Is leacht greamaitheach é an prímeálach grianghraif, a nascann miotail agus ábhair chomhchodacha le chéile. Cuirtear i láthair na comhpháirteanna den tacar lena n-úsáid le chéile san fhiaclóireacht chun corónacha (cinn shealadach agus bhuana), droichid, inleaganacha, onleaganacha, veinírí agus corónacha poircealláin tosaigh a mhonarú, chun athchóirithe a dheisiú agus mar líonta déidliachta. |