Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0035

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/35 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear d’ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/21

IO L 8, 13.1.2022, pp. 14–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/35/oj

13.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 8/14

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/35 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Eanáir 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear d’ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur cheart gur ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin, a thiocfaidh na coinsíneachtaí sin.

(2)

Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin.

(4)

Le hAirteagail 62(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, de réir mar a leasaíodh é le déanaí le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1705 (4), tugadh isteach na rialacha nua i dtaca le colúir rásaíochta a theacht isteach san Aontas ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios de thríú tír nó de chríoch, áit a gcoinnítear iad de ghnáth, agus é mar aidhm iad a scaoileadh láithreach agus coinne ann go n-eitleoidh siad ar ais chuig an tríú tír sin nó críoch sin, nó an crios sin de thríú tír nó de chríoch. Chun na rialacha nua sin a chur san áireamh, is gá Airteagal 3(1), pointe (e), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú, ina dtagraítear do na liostaí, a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear d’éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas, d’fhonn an chatagóir sin d’éin i mbraighdeanas a eisiamh ó na liostaí sin.

(5)

Chuir an Ríocht Aontaithe isteach chuig an gCoimisiún faisnéis lena léirítear, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (5) i dtaca le haitheantas maidir le stádas saor ó ghalair, ó ionfhabhtú an víris ghormtheanga (BTV), le haghaidh a críche iomláine. Dá bhrí sin, iontráil na Ríochta Aontaithe ar an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí crúbach (seachas each-ainmhithe agus crúbaigh atá sé beartaithe a choinneáil i mbunaíochtaí teoranta) a theacht isteach san Aontas dá dtagraítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart í a leasú chun críoch iomlán an tríú tír sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(6)

Sa tábla i gCuid 1, Roinn A, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí d’éin atá i mbraighdeanas agus de tháirgí geirmeacha a fhaightear ó éin atá i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas. Ba cheart an liosta sin a bheith comhsheasmhach leis an liosta de thríú tíortha óna n-údaraítear allmhairí éin a phóraítear i mbraighdeanas, ar liosta é a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 139/2013 ón gCoimisiún (6), a bhí i bhfeidhm go dtí an 20 Aibreán 2021. Thairis sin, teidil na liostaí i gCuid 1, Ranna A agus B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart iad a leasú chun colúir rásaíochta a eisiamh, i gcomhréir le hAirteagail 62(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ó na liostaí a leagtar amach i gCuid 1, Ranna A agus B, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú agus a leasú dá réir.

(7)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas. Ba cheart an liosta sin a bheith comhsheasmhach leis an liosta de thríú tíortha óna n-údaraítear madraí, cait agus firéid a allmhairiú, ar liosta é dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/294 ón gCoimisiún (7), a bhí i bhfeidhm go dtí an 20 Aibreán 2021. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

(8)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí táirgí geirmeacha a fhaightear ó bhó-ainmhithe a theacht isteach san Aontas. Sa séú colún den tábla sin ina leagtar amach ráthaíochtaí sláinte ainmhithe, ba cheart iontrálacha Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríoch Corónach Oileán Mhanann agus Geirsí a leasú a mhéid a bhaineann leis an tuairisc ar na criosanna sa Ríocht Aontaithe, agus a mhéid a bhaineann leis na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe ábhartha le haghaidh Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Spleáchríoch Corónach sin chun go gcuirfear in iúl na ráthaíochtaí maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis,, le hionfhabhtú Mycobacterium tuberculosis complex (M. bovis, M. caprae, M. tuberculosis),, le hionfhabhtú víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh agus liúcóis bhólachta eansótach, dá bhforáiltear sa dara agus sa seachtú colún den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 faoi seach; agus ba cheart iontráil na Ríochta Aontaithe a leasú a mhéid a bhaineann le haitheantas a fháil ón Aontas maidir le saoirse an tríú tír sin ó ionfhabhtú an víris ghormtheanga (séiritíopaí 1-24). Ina theannta sin, ba cheart an tuairisc ar na criosanna sin agus ar na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe sin, agus an t-aitheantas sin a chur leis na táblaí i gCodanna 2 agus 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríoch Corónach Oileán Mhanann agus Geirsí in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú agus a leasú dá réir.

(9)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí táirgí geirmeacha a fhaightear ó ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a theacht isteach san Aontas. Sa séú colún den tábla sin ina leagtar amach ráthaíochtaí sláinte ainmhithe, ba cheart iontrálacha Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríoch Corónach Geansaí agus Oileán Mhanann a cheartú chun go gcuirfear in iúl na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis agus le hionfhabhtú víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, dá bhforáiltear sa seachtú colún den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404; agus ba cheart iontráil na Ríochta Aontaithe a leasú a mhéid a bhaineann le haitheantas a fháil ón Aontas maidir le saoirse an tríú tír sin ó ionfhabhtú an víris ghormtheanga (séiritíopaí 1-24). Ina theannta sin, ba cheart an tuairisc ar na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe sin agus an t-aitheantas sin a chur leis an tábla i gCuid 4 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríoch Corónach Geansaí agus Oileán Mhanann in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú agus a leasú dá réir.

(10)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí táirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a theacht isteach san Aontas. Sa séú colún den tábla sin ina leagtar amach na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe, ba cheart iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríche Corónaí Geansaí a cheartú chun go gcuirfear in iúl an ráthaíocht sláinte ainmhithe maidir le hionfhabhtú víreas ghalar Aujeszky (ADV), dá bhforáiltear sa seachtú colún den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Ina theannta sin, ba cheart an tuairisc ar an ráthaíocht sláinte ainmhithe sin a chur leis an tábla i gCuid 4 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus a Spleáchríche Corónaí Geansaí in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

(11)

Thairis sin, chuir an Úcráin isteach chuig an gCoimisiún faisnéis nuashonraithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil leis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI), ráigeanna a dearbhaíodh i ngabháltais éanlaithe clóis idir an 4 Nollaig 2020 agus an 3 Feabhra 2021, agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Thar aon ní eile, tar éis na ráigeanna sin de HPAI, tá na bearta a leagtar síos in Airteagal 38(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 curtha chun feidhme ag an Úcráin, eadhon beartas díothaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, glantachán agus díghalrú leormhaith tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na gabháltais éanlaithe clóis a bhí ionfhabhtaithe, maille le clár faireachais ábhartha lena dtaispeántar nach bhfuil ionfhabhtú ann sna daonraí a bhfuil baol ann ina leith.

(12)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Úcráin isteach agus chinn sé maidir leis na ráigeanna HPAI sin sna gabháltais éanlaithe clóis, go bhfuil siad díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ó limistéir san Úcráin, limistéir a raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de bharr na ráigeanna sin.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa tríú tír sin a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le hiontrálacha na hÚcráine sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(14)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar síos an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, atá údaraithe i dtaca le bainne, gruth buí, táirgí bunaithe ar ghruth buí, táirgí déiríochta a dhíorthaítear ó bhainne amh agus táirgí déiríochta a theacht isteach san Aontas, ar táirgí iad nach bhfuil faoi réir cóireáil shonrach maolaithe riosca in aghaidh an ghalair crúb is béil. Ba cheart a chur san áireamh sa liosta sin an liosta de thríú tíortha nó de chodanna díobh atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de bhainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí a thabhairt isteach san Aontas Eorpach, agus an cineál cóireála teasa is gá a léiriú le haghaidh tráchtearraí den sórt sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (8), toisc gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 605/2010 agus gur cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ina ionad. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú chun Montainéagró a áireamh.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú agus a cheartú dá réir.

(16)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is práinneach éifeacht a bheith ag na leasuithe agus na ceartúcháin atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

Iarscríbhinn VI le haghaidh éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas mar a leanas:

(i)

Cuid 1, Roinn A, le haghaidh éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas, seachas éin i mbraighdeanas dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(ii)

Cuid 1, Roinn B, le haghaidh éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas ar bhonn ráthaíochtaí coibhéiseacha i gcomhréir le hAirteagal 62(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”;

(2)

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinní II, VI, VIII, IX, X, XI, XIV agus XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear d’ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1705 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 339, 24.9.2021, lch. 40).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 139/2013 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2013 lena leagtar síos coinníollacha sláinte ainmhithe maidir le héin áirithe a allmhairiú isteach san Aontas agus na coinníollacha coraintín lena mbaineann (IO L 47, 20.2.2013, lch. 1.).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/294 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2019 lena leagtar síos liosta na gcríoch agus na dtríú tíortha atá údaraithe chun madraí, cait agus firéid a allmhairiú isteach san Aontas agus an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach le haghaidh na n-allmhairí sin (IO L 48, 20.2.2019, lch. 41).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí agus le deimhniúchán tréidliachta i dtaca le bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1).

IARSCRÍBHINN

Déantar Iarscríbhinní II, VI, VIII, IX, X, XI, XIV agus XVII de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú agus a cheartú mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

“GB

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

BRU, BTV, EBL

Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

OV/CAP-X,OV/CAP-Y

BRU, BTV

Muc-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

SUI-X, SUI-Y

ADV

Ainmhithe den chineál camaill

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

BTV

Ainmhithe den chineál fia

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

CAM-CER

BTV

Crúbacha eile

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1

RUM, RHINO, HIPPO

BTV2

GB-2

Bó-ainmhithe

Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh1 agus atá sé beartaithe a mharú

BOV-X, BOV-Y

BRU, TB, BTV, EBL

BTV2”

(2)

Ceartaítear agus leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

I gCuid 1, ceartaítear agus leasaítear Roinn A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“ ROINN A

Liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí d’éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas, seachas éin i mbraighdeanas dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (e)(i), den Rialachán seo ”

(ii)

cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann le Geansaí isteach, idir iontráil na Ríochta Aontaithe agus iontráil Iosrael:

“GG

Geansaí

GG-0

Éin i mbraighdeanas

CAPTIVE-BIRDS

Uibheacha goir éan i mbraighdeanas

HE-CAPTIVE-BIRDS”

(b)

I gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Roinn B:

“ ROINN B

Liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí d’éin i mbraighdeanas agus táirgí geirmeacha ó éin i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas ar bhonn ráthaíochtaí coibhéiseacha i gcomhréir le hAirteagal 62(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (e)(ii), den Rialachán seo ”

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VIII, Cuid 1:

“Cuid 1

Liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú thír nó de chríoch, óna n-údaraítear do choinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (g)

Cód ISO agus ainm

an tríú tír nó na críche

Cód an chreasa

mar a leagtar amach i gCuid 2

Speicis agus catagóirí

a gceadaítear dóibh a theacht isteach san Aontas

Deimhnithe sláinte ainmhithe

Coinníollacha sonracha

mar a leagtar amach i gCuid 3

Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe

a leagtar amach i gCuid 4

Dáta deiridh

Dáta oscailte

1

2

3

4

5

6

7

8

AC

Oileán na Deascabhála

AC-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AD

Andóra

AD-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

AE-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AG

Antigua agus Barbúda

AG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AL

An Albáin

AL-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

AR

An Airgintín

AR-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AU

An Astráil

AU-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

AW

Arúba

AW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

BA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BB

Barbadós

BB-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BH

Bairéin

BH-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BM

Beirmiúda

BM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BO

An Bholaiv

BO-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

BQ

Bonaire, Sint Eustatius agus Saba (Oileáin BES)

BQ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BR

An Bhrasaíl

BR-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

BW

An Bhotsuáin

BW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

BY

An Bhealarúis

BY-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

BZ

An Bheilís

BZ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

CA

Ceanada

CA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

CH

An Eilvéis

CH-0

Faoi réir an Chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn I

CL

An tSile

CL-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

CN

An tSín

CN-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

CO

An Cholóim

CO-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

CR

Cósta Ríce

CR-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

CU

Cúba

CU-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

CW

Cúrasó

CW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

DZ

An Ailgéir

DZ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

EG

An Éigipt

EG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

ET

An Aetóip

ET-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

FJ

Fidsí

FJ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

FK

Oileáin Fháclainne

FK-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

FO

Oileáin Fharó

FO-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

GG

Geansaí

GG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

GI

Giobráltar

GI-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

GL

An Ghraonlainn

GL-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

GT

Guatamala

GT-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

HK

Hong Cong

HK-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

HN

Hondúras

HN-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

IL

Iosrael

IL-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

IM

Oileán Mhanann

IM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

IN

An India

IN-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

IS

An Íoslainn

IS-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

JE

Geirsí

JE-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

JM

Iamáice

JM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

JO

An Iordáin

JO-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

JP

An tSeapáin

JP-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

KE

An Chéinia

KE-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

KG

An Chirgeastáin

KG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

KN

San Críostóir-Nimheas

KN-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

KR

Poblacht na Cóiré

KR-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

KW

Cuáit

KW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

KY

Oileáin Cayman

KY-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

LB

An Liobáin

LB-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

LC

San Lucia

LC-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

LI

Lichtinstéin

LI-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

MA

Maracó

MA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

MC

Monacó

MC-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

ME

Montainéagró

ME-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

MG

Madagascar

MG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

MK

An Mhacadóin Thuaidh

MK-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

MO

Macao

MO-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

MS

Montsarat

MS-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

MU

Oileán Mhuirís

MU-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

MX

Meicsiceo

MX-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

MY

An Mhalaeisia

MY-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

NA

An Namaib

NA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

NC

An Nua-Chaladóin

NC-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

NI

Nicearagua

NI-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

NZ

An Nua-Shéalainn

NZ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

OM

Óman

OM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

PA

Panama

PA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

PE

Peiriú

PE-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

PF

Polainéis na Fraince

PF-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

PM

San Pierre agus Miquelon

PM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

PY

Paragua

PY-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

QA

Catar

QA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

RS

An tSeirbia

RS-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

RU

An Rúis

RU-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

SA

An Araib Shádach

SA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

SG

Singeapór

SG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

SH

San Héilin

SH-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

SM

San Mairíne

SM-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

SV

An tSalvadóir

SV-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

SX

Sint Maarten

SX-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

SZ

Eswatini

SZ-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

TH

An Téalainn

TH-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

TN

An Túinéis

TN-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

TR

An Tuirc

TR-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

TT

Oileán na Tríonóide agus Tobága

TT-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

TW

An Téaváin

TW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

UA

An Úcráin

UA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

US

Na Stáit Aontaithe lena n-áirítear Samó Mheiriceá, Guam, na hOileáin Mháirianacha Thuaidh, Pórtó Ríce agus Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe

US-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

UY

Uragua

UY-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

VA

Stát Chathair na Vatacáine

VA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

VC

San Uinseann agus na Greanáidíní

VC-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

VG

Ógh-Oileáin na Breataine

VG-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

VU

Vanuatú

VU-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

WF

Vailís agus Futúna

WF-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

ZA

An Afraic Theas

ZA-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh

ZW

An tSiombáib

ZW-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS

Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh“

(4)

Ceartaítear agus leasaítear Iarscríbhinn IX mar a leanas:

(a)

Ceartaítear agus leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Cheanada:

“CA

Ceanada

CA-0

Seamhan

Cinneadh 2005/290/CE ón gCoimisiún

SF-BTV

SF-EHD

Tástáil-EHD

Tástáil-BTV

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

SF-BTV

SF-EHD

Tástáil-EHD

Tástáil-BTV”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

“GB

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU

BTV

EBL

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

GB-2

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU

TB

BTV

EBL”

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha Oileán Mhanann agus Gheirsí:

“IM

Oileán Mhanann

IM-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU

TB

EBL

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

JE

Geirsí

JE-0

Seamhan

BOV-SEM-A-ENTRY

BOV-SEM-B-ENTRY

BOV-SEM-C-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

EBL”

Úicítí agus suthanna

BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

BOV-in-vivo-EMB-B-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-C-ENTRY

BOV-in-vitro-EMB-D-ENTRY

BOV-GP-PROCESSING-ENTRY

BOV-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

(b)

i gCuid 2, scriostar an focal “dada” agus cuirtear an tábla seo a leanas ina ionad:

“Ainm an tríú tír nó na críche

Cód an chreasa

Tuairisc ar an gcrios

An Ríocht Aontaithe

GB-1

Sasana agus an Bhreatain Bheag

GB-2

Albain”

(c)

i gCuid 4, leasaítear an tábla mar a leanas:

(i)

cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir an tsraith “TB” agus an tsraith “SF-BTV”:

“BTV

Tá saoirse ó ionfhabhtú an víris ghormtheanga (séiritíopaí 1-24) aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”

(ii)

cuirtear na sraitheanna seo a leanas isteach tar éis na sraithe “SF-BTV”:

“SF-EHD

Tá saoirse shéasúrach ó ionfhabhtú víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

EBL

Tá saoirse ó liúcóis bhólachta eansótach aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”

(5)

Ceartaítear agus leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a)

Ceartaítear agus leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Cheanada:

“CA

Ceanada

CA-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

BRU

SF-BTV

SF-EHD

Tástáil-EHD

Tástáil-BTV

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCYTES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

BRU

SF-BTV

SF-EHD

Tástáil-EHD

Tástáil-BTV”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Gheansaí:

“GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU

BTV

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCYTES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

GG

Geansaí

GG-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU”

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCYTES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Oileán Mhanann:

“IM

Oileán Mhanann

IM-0

Seamhan

OV/CAP-SEM-A-ENTRY

OV/CAP-SEM-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

BRU”

Úicítí agus suthanna

OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-ENTRY

OV/CAP-OOCYTES-EMB-B-ENTRY

OV/CAP-GP-PROCESSING-ENTRY

OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

(b)

i gCuid 4, leasaítear an tábla mar a leanas:

(i)

cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir an tsraith “BRU” agus an tsraith “SF-BTV”:

“BTV

Tá saoirse ó ionfhabhtú an víris ghormtheanga (séiritíopaí 1-24) aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”

(ii)

cuirtear an tsraith seo a leanas isteach tar éis na sraithe “SF-BTV”:

“SF-EHD

Tá saoirse shéasúrach ó ionfhabhtú víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”

(6)

ceartaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, ceartaítear iontrálacha na Ríochta Aontaithe agus Gheansaí mar a leanas:

“GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

ADV

Úicítí agus suthanna

POR-OOCYTES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

GG

Geansaí

GG-0

Seamhan

POR-SEM-A-ENTRY

POR-SEM-B-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

ADV”

Úicítí agus suthanna

POR-OOCYTES-EMB-ENTRY

POR-GP-PROCESSING-ENTRY

POR-GP-STORAGE-ENTRY

An tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021

(b)

i gCuid 4, scriostar an focal “dada” agus cuirtear an tábla seo a leanas ina ionad:

“ADV

Tá saoirse ó ionfhabhtú víreas ghalar Aujeszky aitheanta ag an Aontas a mhéid a bhaineann leis an speiceas sonrach d’ainmhithe sa tríú tír, sa chríoch nó sa chrios dá dtagraítear i gcolún 3 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692”

(7)

In Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na hÚcráine:

“UA

An Úcráin

UA-0

-

-

UA-1

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

Feoil úr raitíteach

RAT

Feoil úr éan géim

GBM

UA-2

UA-2.1

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

30.11.2016

7.3.2020

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

30.11.2016

7.3.2020

Feoil úr éan géim

GBM

P1

30.11.2016

7.3.2020

UA-2.2

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

4.1.2017

7.3.2020

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

4.1.2017

7.3.2020

Feoil úr éan géim

GBM

P1

4.1.2017

7.3.2020

UA-2.3

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

4.1.2017

7.3.2020

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

4.1.2017

7.3.2020

Feoil úr éan géim

GBM

P1

4.1.2017

7.3.2020

UA-2.4

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

19.1.2020

20.3.2021

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

19.1.2020

20.3.2021

Feoil úr éan géim

GBM

P1

19.1.2020

20.3.2021”

UA-2.5

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

4.12.2020

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

4.12.2020

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

4.12.2020

16.1.2022

UA-2.6

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

24.12.2020

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

24.12.2020

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

24.12.2020

16.1.2022

UA-2.7

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

27.12.2020

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

27.12.2020

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

27.12.2020

16.1.2022

UA-2.8

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

29.12.2020

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

29.12.2020

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

29.12.2020

16.1.2022

UA-2.9

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

18.1.2021

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

18.1.2021

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

18.1.2021

16.1.2022

UA-2.10

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

P1

3.2.2021

16.1.2022

Feoil úr raitíteach

RAT

P1

3.2.2021

16.1.2022

Feoil úr éan géim

GBM

P1

3.2.2021

16.1.2022”

(8)

In Iarscríbhinn XVII, i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir iontráil na Seapáine agus iontráil Phoblacht na Macadóine Thuaidh:

“ME

Montainéagró

ME-0

Crúbacha

MILK-RM, MILK-RMP/NT, COLOSTRUM, COLOSTRUM-BP, DAIRY-PRODUCTS-PT”

Top