Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0016

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/16 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear leaganacha i dteangacha áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceantair fíonsaothrúcháin inar féidir neart an alcóil a mhéadú, maidir le cleachtais fíoneolaíochta údaraithe agus le srianta is infheidhme i ndáil le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, maidir leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV

    C/2021/7474

    IO L 5, 10.1.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/16/oj

    10.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 5/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/16 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Deireadh Fómhair 2021

    lena gceartaítear leaganacha i dteangacha áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceantair fíonsaothrúcháin inar féidir neart an alcóil a mhéadú, maidir le cleachtais fíoneolaíochta údaraithe agus le srianta is infheidhme i ndáil le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, maidir leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 75(2) agus Airteagal 80(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sna leaganacha Fraincise, Laitvise, Polannaise, Rómáinise agus Spáinnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), tá earráid san i gCuid B, pointe A.2(e), an t-aonú fleasc déag, in Iarscríbhinn I maidir leis na fíonta a thionscnaítear i gCeanada atá faoi réir an chion uasta dé-ocsaíde sulfair de 400 milleagram in aghaidh an lítir.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart sna leaganacha Fraincise, Laitvise, Polainnise, Rómáinise agus Spáinnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 a cheartú i gcomhréir leis sin. Níl aon difear ann do na leaganacha teangacha eile,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann seo leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, le cleachtais fíoneolaíochta údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, leis an íoschéatadán alcóil i gcás fotháirgí agus a ndiúscairt, agus le foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).


    Top