This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0004
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/4 of 4 January 2022 approving the active substance Purpureocillium lilacinum strain PL11 as a low-risk substance in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/4 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/10
IO L 1, 5.1.2022, pp. 5–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
5.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 1/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/4 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Eanáir 2022
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 chuir LAM International Corp iarratas faoi bhráid na Ríochta Aontaithe an 16 Nollaig 2014 ar fhormheas na substainte gníomhaí tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin, an 17 Márta 2015 thug an Ríocht Aontaithe, ina cáil mar Bhallstát rapporteur, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi inghlacthacht an iarratais. |
|
(3) |
An 27 Márta 2019, chuir an Ríocht Aontaithe, ina cáil mar Bhallstát rapporteur, dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, le féachaint an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tháinig an Danmhairg in ionad na Ríochta Aontaithe mar Bhallstát rapporteur an 1 Eanáir 2020 mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. |
|
(4) |
Chomhlíon an tÚdarás Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapporteur, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 27 Samhain 2020 i bhformáid dréacht-tuarascála maidir le measúnú a bhí cothrom le dáta. |
|
(5) |
Conclúid (2) an Údaráis i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás í a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 20 Nollaig 2020. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
|
(6) |
Chuir an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht-Rialachán maidir le tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 23 Márta 2021 agus an 5 Iúil 2021, faoi seach. |
|
(7) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na dréacht-tuarascála athbhreithniúcháin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(8) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Ina theannta sin, measann an Coimisiún freisin gur substaint ghníomhach a mbaineann riosca íseal léi é tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, mar comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 5.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum a fhormheas mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, coinníollacha áirithe a chur san áireamh. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (3) ón gCoimisiún a leasú dá réir. |
|
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
Formheastar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(1):6393, 17 lgh. doi:10.2903/j.efsa.2021.6393.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||
|
Tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum |
Ní bhaineann le hábhar |
Gan aon eisíontas ábhartha |
25 Eanáir 2022 |
24 Eanáir 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.
(2) https://ec.eropa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
“34 |
Tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum |
Ní bhaineann le hábhar |
Gan aon eisíontas ábhartha |
25 Eanáir 2022 |
24 Eanáir 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le tréithchineál PL11 Purpureocillium lilacinum agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(*1) https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.”