Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022Q0311(01)

    Cinneadh Uimh. 4/2022 ó Bhiúró Choiste Na Réigiún an 25 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag Coiste na Réigiún

    IO L 84, 11.3.2022, p. 44–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/proc_rules/2022/4/oj

    11.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 84/44


    CINNEADH Uimh. 4/2022 Ó BHIÚRÓ CHOISTE NA RÉIGIÚN

    an 25 Eanáir 2022

    lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag Coiste na Réigiún

    TÁ BIÚRÓ CHOISTE NA RÉIGIÚN,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 306 de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (2) (dá ngairtear “an Rialachán” nó “EUDPR” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 25 de,

    Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Choiste Eorpach na Réigiún (3), agus go háirithe Riail 37(d) díobh,

    Ag féachaint do thuairim D(2021) 0894 (cás 2021-0345) ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (dá ngairtear “MECS” anseo feasta) an 20 Aibreán 2021, a ndeachthas i gcomhairle leis i gcomhréir le hAirteagal 41(2) EUDPR,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 3(1) EUDPR, ba cheart aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (dá ngairtear “ábhar sonraí” anseo feasta) a mheas mar shonraí pearsanta.

    (2)

    Tá feidhm ag an Rialachán maidir le Coiste na Réigiún (dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta), ar an gcaoi chéanna le haon institiúid de chuid an Aontais, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a dhéanann sé.

    (3)

    Is é an rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 3(8) EUDPR, an Coiste agus féadfaidh sé an fhreagracht maidir le cuspóirí agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta a chinneadh a tharmligean.

    (4)

    De bhun Airteagal 45(3) EUDPR, ghlac Biúró Choiste na Réigiún (dá ngairtear “an Biúró” anseo feasta) rialacha cur chun feidhme (4) a bhaineann leis an Rialachán agus le hoifigeach cosanta sonraí an Choiste (dá ngairtear “OCS” anseo feasta). I gcomhréir leis na rialacha sin, ba cheart do roinn (stiúrthóireacht, aonad nó earnáil) Ardrúnaíocht an Choiste nó do rúnaíocht ceann de na grúpaí polaitiúla sa Choiste arb é/í féin ina (h)aonar nó i gcomhpháirt le grúpaí eile, a chinneann críocha agus modhanna na próiseála ar shonraí pearsanta, i ndáil leis na sonraí sin, gníomhú thar ceann an Choiste mar rialaitheoir tarmligthe.

    (5)

    Roinneann an Coiste agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (dá ngairtear “CESE” anseo feasta) ranna agus acmhainní áirithe (dá ngairtear “na Comhsheirbhísí” anseo feasta) i gcomhthéacs an chomhair idirinstitiúidigh. Ar an ábhar sin, ba cheart na rialacha inmheánacha is infheidhme maidir le srianta ar chearta na n-ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag na Comhsheirbhísí a chinneadh i gcomhréir leis na socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Coiste agus CESE chun na críche sin.

    (6)

    Chun cúraimí an Choiste a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann rialaitheoirí sonraí faisnéis agus catagóirí éagsúla sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí maidir le daoine nádúrtha a shainaithint, faisnéis teagmhála, róil agus cúraimí gairmiúla, faisnéis faoi iompar agus feidhmíocht phríobháideach agus faoi iompar agus feidhmíocht ghairmiúil, agus sonraí airgeadais. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí, faoin Rialachán, faisnéis a chur ar fáil d’ábhair sonraí faoi na gníomhaíochtaí próiseála a dhéanann siad agus cearta na n-ábhar sonraí a urramú.

    (7)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh ar rialaitheoirí sonraí na cearta sin a réiteach le cuspóirí na bhfiosrúchán, na n-imscrúduithe, na bhfíoruithe, na ngníomhaíochtaí, na n-iniúchtaí agus na nósanna imeachta a dhéantar laistigh den Choiste. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta ábhair sonraí amháin agus cearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, le hAirteagal 25(1) EUDPR, tugtar deis do rialaitheoirí sonraí srian a chur le feidhmiú Airteagail 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR.

    (8)

    Níor cheart do rialaitheoirí sonraí srianta a chur i bhfeidhm ach amháin má urramaítear, a bhuí leis na srianta sin, éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, más srianta iad a bhfuil géarghá leo agus más srianta comhréireacha i sochaí dhaonlathach atá iontu.

    (9)

    Ba cheart do rialaitheoirí sonraí cúiseanna a thabhairt lena mínítear an bonn cirt leis na srianta sin agus ba cheart dóibh taifead a choinneáil maidir le cur i bhfeidhm na srianta maidir le cearta na n-ábhar sonraí.

    (10)

    Ba cheart do rialaitheoirí sonraí deireadh a chur le srian a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha a thug bonn cirt leis an srian. Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha sin ar bhonn rialta.

    (11)

    D’fhonn an chosaint is fearr is féidir a thabhairt do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, ba cheart dul i gcomhairle le OCS in am trátha maidir le haon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus ba cheart dó a fhíorú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

    (12)

    Mura bhforáiltear do shrianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí (5), is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhfuil rialaitheoirí sonraí i dteideal srian a chur le cearta na n-ábhar sonraí.

    (13)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh sin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 15(4) agus in Airteagal 16(5) EUDPR i ndáil leis an bhfaisnéis atá le soláthar d’ábhar sonraí,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

    1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha ginearálta a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh rialaitheoirí sonraí, de bhun Airteagal 25(1) EUDPR, srian a chur, de réir mar a bheidh, le feidhmiú Airteagail 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR.

    2.   Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar sonraí a phróiseáiltear agus gníomhaíochtaí nó nósanna imeachta nach dtagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Caibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i gcrích, seachas sonraí pearsanta oibríochtúla de réir bhrí Airteagal 3(2) EUDPR,

    (b)

    Ciallaíonn “rialaitheoir sonraí” an t-eintiteas, arb é féin, ina aonar nó i bpáirt le heintitis eile, a chinneann críocha agus modhanna na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste, gan beann ar cibé acu a tarmligeadh an fhreagracht as cinneadh den chineál sin nó nár tarmligeadh.

    3.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na ngníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste. Ní bheidh feidhm aige i gcás ina bhforáiltear i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí do shrian ar chearta na n-ábhar sonraí.

    4.   Is é an rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 3(8) EUDPR, an Coiste agus féadfaidh sé an fhreagracht maidir le cuspóirí agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta a chinneadh a tharmligean.

    5.   Chun críoch gach cás ina ndéantar faisnéis a phróiseáil, srian a chur léi, a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú, déanfar an rialaitheoir sonraí atá freagrach a chinneadh i gcomhréir le cinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme ábhartha an Choiste.

    Airteagal 2

    Díolúintí agus maoluithe

    1.   Sula gcuirfidh siad aon srianta i bhfeidhm de bhun Airteagal 3(1), déanfaidh rialaitheoirí sonraí breithniú i dtaobh an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí nó na maoluithe a leagtar síos sa Rialachán, go háirithe na heisceachtaí sin de bhun Airteagail 15(4), 16(5), 19(3), 25(3) agus (4), agus 35(3) EUDPR.

    2.   Beidh cur i bhfeidhm na maoluithe faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 13 EUDPR agus Airteagal 6 den Chinneadh seo.

    Airteagal 3

    Srianta

    1.   Féadfaidh rialaitheoirí sonraí srian a chur, de réir mar a bheidh, le feidhmiú Airteagai14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR, i gcás ina ndéanfadh feidhmiú a gceart ag na hábhair sonraí dochar do chuspóir nó do thoradh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó de na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste, agus go háirithe:

    (a)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina riarann an t-údarás ceapacháin agus an t-údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta an Choiste a thabhairt i gcrích (dá ngairtear “an tÚdarás Ceapacháin” anseo feasta) nósanna imeachta araíonachta, fiosrúcháin riaracháin agus imscrúduithe a bhaineann le cúrsaí foirne i gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “na Rialacháin Foirne” anseo feasta), le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, le hAirteagail 50a agus 119 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (6) (dá ngairtear “na Coinníollacha Fostaíochta” anseo feasta) agus i gcás ina riarann sé fiosrúcháin i gcomhthéacs iarrataí ar chúnamh a chuirtear isteach de bhun Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 11 agus 81 de na Coinníollacha Fostaíochta agus fiosrúcháin maidir le cásanna líomhnaithe ciaptha de réir bhrí Airteagal 12b de na Rialacháin Foirne,

    (b)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an tÚdarás Ceapacháin athbhreithniú ar iarrataí agus gearáin arna gcur isteach ag oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Choiste (“baill foirne”) i gcomhréir le hAirteagal 90 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 46 agus 117 de na Coinníollacha Fostaíochta,

    (c)

    de bhun Airteagal 25(1)(c) agus (h) EUDPR, i gcás ina gcuireann an tÚdarás Ceapacháin beartas foirne an Choiste chun feidhme trí nósanna imeachta roghnúcháin (earcaíochta), meastóireachta (breithmheasa) agus ardaithe céime a chur i gcrích,

    (d)

    de bhun Airteagal 25(1)(c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann oifigeach údarúcháin an Choiste (“an tOifigeach Údarúcháin”) roinn an Choiste de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme trí nósanna imeachta dámhachtana a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (7) (“an Rialachán Airgeadais”),

    (e)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an tOifigeach Údarúcháin faireachán agus imscrúduithe maidir le dlíthiúlacht na n-idirbheart airgeadais arna ndéanamh ag an gCoiste agus laistigh de, maidir le teidlíochtaí airgeadais (8) chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Choiste (dá ngairtear “comhaltaí an Choiste” anseo feasta), agus maidir le maoiniú na ngníomhaíochtaí agus na n-imeachtaí arna n-eagrú nó arna gcomheagrú ag an gCoiste, agus i gcás ina ndéileálann sé le neamhrialtachtaí airgeadais ar thaobh comhalta foirne i gcomhréir le hAirteagal 93 den Rialachán Airgeadais,

    (f)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste faisnéis agus doiciméid don Oifig Frith-Chalaoise (dá ngairtear “OLAF” anseo feasta), arna iarraidh sin do OLAF nó ar a thionscnamh féin, tugann sé fógra faoi chásanna d’OLAF nó próiseálann sé faisnéis agus doiciméid a fhaightear ó OLAF (9),

    (g)

    de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an Coiste iniúchtaí inmheánacha chun críoch Airteagail 118 agus 119 den Rialachán Airgeadais agus maidir le gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta a chuid ranna,

    (h)

    de bhun Airteagal 25(1)(c), (d) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an Coiste measúnuithe riosca inmheánacha, rialuithe rochtana, lena n-áirítear seiceálacha cúlra, bearta coisctheacha agus imscrúduithe sábháilteachta agus slándála, lena n-áirítear teagmhais lena mbaineann comhaltaí den Choiste nó baill foirne den Choiste, maille le teagmhais a bhaineann le bonneagar agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide an Choiste, fiosrúcháin slándála agus imscrúduithe cúnta, lena n-áirítear imscrúduithe ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thríú páirtithe,

    (i)

    de bhun Airteagal 25(1)(c), (d) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann OCS, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thríú páirtithe, imscrúduithe ar ábhar agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena chúraimí agus a thagann chun a aire, i gcomhréir le hAirteagal 45(2) EUDPR,

    (j)

    de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a fhaightear ó bhall foirne agus é nó í ag tuairisciú, de mheon macánta, gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh gurb ann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear calaois agus éilliú, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar do leasanna an Aontais (“neamhrialtachtaí tromchúiseacha”) nó iompar a bhaineann le dualgais ghairmiúla a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí ball foirne a chomhlíonadh (“mí-iompar tromchúiseach”),

    (k)

    de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a fhaigheann comhairleoirí rúnda i gcomhthéacs an nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le cásanna líomhnaithe ciaptha,

    (l)

    de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte (dá ngairtear “sonraí leighis’ anseo feasta) comhalta den Choiste nó ball foirne den Choiste, lena n-áirítear sonraí de chineál síceolaíoch nó síciatrach, atá sa chomhad leighis atá i seilbh an Choiste maidir leis an ábhar sonraí lena mbaineann,

    (m)

    de bhun Airteagal 25(1)(e) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta i ndoiciméid arna dtáirgeadh nó arna bhfáil ag na páirtithe nó ag na hagraithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chúirt Bhreithiúnais’ anseo feasta),

    (n)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó i gcás ina bhfaigheann sé cúnamh uathu, agus i gcás ina gcomhoibríonn sé leo i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go dtí (m), agus i gcomhréir leis na comhaontuithe ar leibhéal na seirbhísí, na meabhráin tuisceana agus na comhaontuithe comhair is infheidhme,

    (o)

    de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste cúnamh d’údaráis na mBallstát, d’ údaráis tríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó i gcás ina bhfaigheann sé cúnamh uathu, nó i gcás ina gcomhoibríonn sé leis na húdaráis agus na heagraíochtaí sin, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin,

    (p)

    de bhun Airteagal 25(1)(a), (b), (e) agus (f) EUDPR, i gcás ina gcuireann an Coiste faisnéis agus doiciméid d’údaráis na mBallstát nó d’údaráis tríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh i gcomhthéacs imscrúduithe.

    2.   D’fhéadfadh baint a bheith ag na srianta dá dtagraítear i mír 1 le sonraí pearsanta oibiachtúla (‘sonraí crua’) agus sonraí pearsanta suibiachtúla (‘sonraí boga’) araon, go háirithe, ach ní go heisiach, le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    Sonraí aitheantais;

    (b)

    Sonraí teagmhála;

    (c)

    Sonraí gairmiúla (10);

    (d)

    Sonraí airgeadais;

    (e)

    Sonraí faireachais (11);

    (f)

    Sonraí tráchta (12);

    (g)

    Sonraí leighis (13);

    (h)

    Sonraí géiniteacha (13);

    (i)

    Sonraí bithmhéadracha (13);

    (j)

    Sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha (13);

    (k)

    Sonraí lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, tuairimí polaitiúla nó cleamhnacht pholaitiúil, nó ballraíocht i gceardchumann (13);

    (l)

    Sonraí lena nochtar feidhmíocht nó iompar daoine nádúrtha atá rannpháirteach i nósanna imeachta roghnúcháin (earcaíochta), meastóireachta (breithmheasa) nó ardaithe céime (14);

    (m)

    Sonraí maidir le daoine nádúrtha a bheith i láthair;

    (n)

    Sonraí maidir le gníomhaíochtaí seachtracha daoine nádúrtha;

    (o)

    Sonraí a bhaineann le cionta amhrasta, cionta, ciontuithe coiriúla nó bearta slándála;

    (p)

    Cumarsáid leictreonach;

    (q)

    Na sonraí eile go léir a bhaineann le hábhar na gníomhaíochta nó an nós imeachta ábhartha lena n-éilítear próiseáil na sonraí sin.

    3.   Urramófar, le haon srian, éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, agus beidh an srian sin riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus beidh sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir atá aige a bhaint amach.

    4.   Aon srian ar chur i bhfeidhm Airteagal 36 EUDPR (Rúndacht na cumarsáide leictreonaí), bíodh sé ina shrian iomlán nó ina shrian páirteach, i gcomhréir le mír 1, comhlíonfaidh sé dlí an Aontais is infheidhme maidir le príobháideachas cumarsáide leictreonaí (15).

    5.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí athbhreithniú go tráthrialta ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad gach sé mhí tar éis a nglactha ach, ina theannta sin, nuair a thagann athrú ar ghnéithe bunriachtanacha agus cinntitheacha den chás agus nuair a bheidh deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis an nós imeachta as ar tháinig na srianta nó nuair a thabharfar chun críche é. Ina dhiaidh sin, déanfaidh siad faireachán ar an ngá atá le haon srian a choimeád ar bhonn bliantúil.

    6.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear i mír 1 d’fheidhm a bheith acu fad a bheidh na cúiseanna a thug bonn cirt leo fós infheidhme. I gcás nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá le srian dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh rialaitheoirí sonraí deireadh leis an srian sin.

    7.   Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó thríú páirtithe á bpróiseáil i gcomhthéacs chúraimí an Choiste, rachaidh rialaitheoirí sonraí i gcomhairle leis na tríú páirtithe sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus maidir le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, ach amháin i gcás ina ndéanfadh an méid sin dochar do ghníomhaíochtaí nó do nósanna imeachta an Choiste.

    Airteagal 4

    Measúnú ar riachtanas agus comhréireacht

    1.   Sula gcuirfidh siad aon srianta i bhfeidhm, déanfaidh rialaitheoirí sonraí a mheas, de réir an cháis, an bhfuil na srianta atá á mbreithniú riachtanach agus comhréireach.

    2.   Aon uair a dhéanann rialaitheoirí sonraí measúnú ar riachtanas agus comhréireacht srianta, breithneoidh siad na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí.

    3.   Measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a eascraíonn as forchur srianta, go háirithe an riosca go bhféadfaí próiseáil bhreise a dhéanamh ar a sonraí pearsanta i ngan fhios dóibh agus go bhféadfaí cosc a chur orthu a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán, mar aon le sonraí maidir le tréimhse cur i bhfeidhm na srianta sin, déanfar iad a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála a choimeádann rialaitheoirí sonraí de bhun Airteagal 31(1) EUDPR. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a bhaineann leis na srianta sin a chuirtear i bhfeidhm faoi Airteagal 39 EUDPR.

    Airteagal 5

    Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

    1.   Aon uair a chuireann rialaitheoirí sonraí srianta i bhfeidhm, taifeadfaidh siad na nithe seo a leanas:

    (a)

    Na cúiseanna leis na srianta a chur i bhfeidhm;

    (b)

    Na forais ar a bhfuil na srianta i bhfeidhm;

    (c)

    An chaoi a ndéanfadh feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí dochar do chuspóir nó do thoradh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste;

    (d)

    Toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

    2.   Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 ina gcuid den chlár lárnach dá bhforáiltear in Airteagal 31(5) EUDPR agus cuirfear ar fáil iad do MECS arna iarraidh sin dó.

    3.   I gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian ar chur i bhfeidhm Airteagal 35 EUDPR (Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí), cuirfear an taifead dá dtagraítear i mír 1 san áireamh san fhógra chuig MECS dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) EUDPR.

    Airteagal 6

    Coimircí agus tréimhse choinneála

    1.   Cuirfidh rialaitheoirí sonraí coimircí chun feidhme chun cosc a chur ar mhí-úsáid sonraí pearsanta agus ar rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srianta de bhun Airteagal 3(1) nó aistriú neamhdhleathach na sonraí sin. Áireofar ar na coimircí sin bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla agus déanfar iad a mhionsonrú, de réir mar is gá, i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme ábhartha an Choiste.

    2.   Ar na coimircí dá dtagraítear i mír 1, aireofar:

    (a)

    Róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta atá sainithe go soiléir;

    (b)

    I gcás inarb iomchuí, timpeallacht leictreonach shlán ina gcuirfear cosc ar dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha go neamhdhleathach nó de thaisme agus ar na sonraí sin a aistriú chuig daoine neamhúdaraithe;

    (c)

    I gcás inarb iomchuí, stóráil agus próiseáil shlán doiciméad páipéir;

    (d)

    Faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na srianta.

    3.   Coinneofar na sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha coinneála is infheidhme an Choiste (16), a leagfar síos sna taifid a choimeádann rialaitheoirí sonraí de bhun Airteagal 31(1) EUDPR. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, de réir mar a bheidh, déanfar sonraí anaithnide díobh ar bhealach nach mbeidh an t-ábhar sonraí lena mbaineann in-sainaitheanta nó nach mbeidh sé nó sí in-sainaitheanta a thuilleadh, nó aistreofar iad chuig cartlann an Choiste i gcomhréir le hAirteagal 13 EUDPR.

    Airteagal 7

    Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianta ar a gcuid ceart

    1.   Áireofar sna fógraí maidir le cosaint sonraí a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin poiblí an Choiste agus ar a inlíon roinn ina gcuirfear faisnéis ghinearálta ar fáil d’ábhair sonraí maidir leis an srian a d’fhéadfadh a bheith ar a gcearta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta an Choiste a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta. Sonrófar sa roinn sin na cearta a bhféadfar srian a chur orthu, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm, fad féideartha na srianta sin agus na leigheasanna riaracháin agus dlíthiúla atá ar fáil d’ábhair sonraí.

    2.   Aon uair a chuireann rialaitheoirí sonraí srianta i bhfeidhm, déanfaidh siad, gan aon mhoill mhíchuí agus san fhormáid is iomchuí, gach ábhar sonraí lena mbaineann a chur ar an eolas go díreach maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    Aon srianta atá ar a gcearta cheana nó a chuirfear ar a gcearta;

    (b)

    Na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe;

    (c)

    An ceart atá acu dul i gcomhairle le OCS d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an tsriain;

    (d)

    An ceart atá acu gearán a chur faoi bhráid MECS;

    (e)

    An ceart atá acu leigheas breithiúnach a lorg os comhair na Cúirte Breithiúnais.

    3.   D’ainneoin mhír 2, i gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian, i gcásanna eisceachtúla, ar chur i bhfeidhm Airteagal 35 EUDPR (Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí), cuirfidh siad an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus soláthróidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (d) agus (e), a luaithe nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le srian a chur leis an gcumarsáid sin.

    4.   D’ainneoin mhír 2, i gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian, i gcásanna eisceachtúla, ar chur i bhfeidhm Airteagal36 EUDPR (Rúndacht na cumarsáide leictreonaí), cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ina bhfreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí lena mbaineann.

    5.   Féadfaidh rialaitheoirí sonraí soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 (‘faisnéis [...] a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú’) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú dá gcuirfeadh soláthar na faisnéise sin éifeacht an tsriain ar ceal. Cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don ábhar sonraí a luaithe nach bhfágfadh soláthar na faisnéise sin go mbeadh an srian neamh-éifeachtach.

    6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 4 agus 5 maidir le haon chás chun faisnéis a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú.

    Airteagal 8

    Ról oifigeach cosanta sonraí an Choiste

    1.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí, gan aon mhoill mhíchuí, OCS a chur ar an eolas i scríbhinn aon uair a chuireann siad srian le cearta ábhair sonraí de bhun Airteagal 3(1), a dhéanann siad na hathbhreithnithe tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 3(5), a chuireann siad deireadh le srianta dá bhforáiltear in Airteagal 3(6), nó a dhéanann siad soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de bhun Airteagal 7(5) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain do OCS ar na taifid lena mbaineann agus ar aon doiciméid ina bhfuil gnéithe fíorasacha dlíthiúla.

    2.   Féadfaidh OCS a iarraidh ar rialaitheoirí sonraí athbhreithniú a dhéanamh ar aon srianta atá ann cheana, mar aon le hiarchur, easnaimh nó diúltú faisnéise, agus ar chur i bhfeidhm na srianta sin. Cuirfear OCS ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe iarrtha.

    3.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí ról OCS dá bhforáiltear i mír 1 agus 2 i ndáil le srianta a chur i bhfeidhm agus le faisnéis a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear an fhaisnéis a chomhroinntear le OCS.

    4.   Tabharfaidh OCS a bharúil do rialaitheoirí sonraí, arna iarraidh sin air, maidir le cinneadh a bhfreagrachtaí i gcomhthéacs comhshocrú rialaithe de bhun Airteagal 28(1) EUDPR.

    Airteagal 9

    Comhsheirbhísí

    Comhoibreoidh OCS i gcomhar le hoifigeach cosanta sonraí CESE maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Comhsheirbhísí d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Chinnidh seo a áirithiú.

    Airteagal 10

    Forálacha críochnaitheacha

    1.   Féadfaidh an tArdrúnaí, de réir mar is iomchuí, treoracha a eisiúint nó bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun, i gcás inar gá, tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar aon fhoráil den Chinneadh seo agus éifeacht a tabhairt dóibh, i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

    2.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Bhiúró Choiste na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS

    An tUachtarán


    (1)  IO C 202, 7.6.2016, lch. 47.

    (2)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

    (3)  IO L 472, 30.12.2021, lch. 1.

    (4)  Cinneadh Uimh. 19/2020 ó Bhiúró Choiste na Réigiún an 9 Deireadh Fómhair 2020 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (“Cinneadh Uimh. 19/2020”).

    (5)  An Conradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 13) agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) (‘CFAE’)

    (6)  Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 31 (CEE) ón gComhairle, 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO P 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna mhodhnú le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), agus faoi mar a leasaíodh, a athdhearbhaíodh, a forlíonadh nó arna modhnú ar dhóigh eile thairis sin.

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (8)  Lena n-áirítear liúntais caiteachais ghinearálta, liúntais foirne, liúntais trealaimh agus saoráidí, liúntais taistil, chothaithe agus chruinnithe/chianchruinnithe, mar aon le slánaíochtaí eile arna n-íoc de bhun Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais, ach gan bheith teoranta do na liúntais sin amháin.

    (9)  Níl feidhm ag an bpointe seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhfuil OLAF ina rialaitheoir aonair orthu, go háirithe i gcásanna ina bpróiseálann OLAF sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ar áitreabh an Choiste.

    (10)  Lena n-áirítear conarthaí fostaíochta, conarthaí soláthraí seirbhíse agus sonraí a bhaineann le misin, ach gan bheith teoranta do na conarthaí sin.

    (11)  Lena n-áirítear taifeadtaí fuaime agus fístaifeadtaí agus taifeadtaí maidir le síniú isteach agus síniú amach, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

    (12)  Lena n-áirítear amanna logála isteach agus logála amach, rochtain ar fheidhmchláir inmheánacha agus acmhainní líonra-bhunaithe agus úsáid an idirlín, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

    (13)  A mhéid a phróiseáiltear sonraí den chineál sin de bhun Airteagal 10(2) EUDPR.

    (14)  Lena n-áirítear trialacha scríofa, óráidí taifeadta, bileoga meastóireachta, agus measúnuithe meastóirí, barúlacha nó tuairimí, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

    (15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    (16)  Cinneadh Uimh. 129/2003 ó Ardrúnaí Choiste na Réigiún an 17 Meitheamh 2003 maidir le bainistiú doiciméad ag Coiste na Réigiún.


    Top