This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022H0627(04)
Council Recommendation of 16 June 2022 on ensuring a fair transition towards climate neutrality 2022/C 243/04
Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú 2022/C 243/04
Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú 2022/C 243/04
ST/9107/2022/INIT
IO C 243, 27.6.2022, p. 35–51
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 243/35 |
MOLADH ÓN GCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2022
maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú
(2022/C 243/04)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4), agus Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 149 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá géarghá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, go háirithe ardú leibhéal na mara agus dóchúlacht na n-imeachtaí aimsire foircneacha, a bhfuil gach réigiún ar fud an domhain thíos leo cheana féin (1) agus chun costais eacnamaíocha agus shóisialta éifeachtaí an téite domhanda a laghdú (2). Is Páirtithe i gComhaontú Pháras arna ghlacadh an 15 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”) (3), iad an tAontas agus a Bhallstáit, ar Comhaontú é lena gcuirtear de cheangal ar a Pháirtithe an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. |
(2) |
Tá an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil ina mbagairtí tromchúiseacha, dá n-éilítear beart práinneach, mar a athdhearbhaíodh le déanaí leis an Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an mBunús Eolaíochta Fisicí. Is ag éirí níos coitianta atá fulaingt an duine agus caillteanais eacnamaíocha de bharr imeachtaí foircneacha aeráide ar minice anois ná riamh cheana iad, mar shampla tuilte, tonnta teasa, triomaigh agus dóiteán foraoise. San Aontas, is ionann na caillteanais sin cheana féin agus breis agus EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana (4). D’fhéadfadh na caillteanais sin a bheith chomh hard le EUR 175 billiún, is é sin 1.38 % de OTI an Aontais, in aghaidh na bliana má shroicheann an téamh domhanda 3 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, seachas EUR 65 billiún le haghaidh 2°C agus EUR 36 billiún in aghaidh na bliana le haghaidh 1.5°C. D’fhágfadh sin go ndéanfaí dochar díréireach do ghrúpaí áirithe, go háirithe do dhaoine atá i gcásanna leochaileacha cheana féin agus do réigiúin a bhfuil dúshláin rompu cheana féin. |
(3) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “an Comhaontú Glas don Eoraip” (an “Comhaontú Glas don Eoraip”) leagtar amach an straitéis chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach agus chun sochaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas, ar sochaí é ina ndéanfaí teorainneacha an phláinéid a urramú. Tá an gá le haistriú cóir mar chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip, inar cuireadh i dtábhacht nár cheart aon duine nó aon áit a fhágáil ar lár. Leagtar amach leis an Dlí Aeráide Eorpach (5) cuspóir ceangailteach uile-Aontais go mbeifí aeráidneodrach faoi 2050, mar aon le sprioc idirmheánach cheangailteach chun laghdú glan intíre 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcomparáid le leibhéil 1990, a bhaint amach faoi 2030. Is é is aidhm don 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go 2030 (6) dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, athléimneach agus iomaíoch, aistriú a dhéanfaí ar bhealach cóir cothrom cuimsitheach, agus chun staid an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú. |
(4) |
I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU” (“Plean REPowerEU”), i gcomhréir le Dearbhú Versailles an 10 agus 11 Márta 2022, leagtar amach na bearta chun deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis trí sholáthairtí gáis a éagsúlú agus tríd an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú ar bhealach níos gasta, lena n-áirítear trí chaidéil gréine, gaoithe agus teasa a rolladh amach , tríd an tionscal a dhícharbónú agus trí thionscadail fuinnimh inathnuaite a cheadú ar bhealach níos gasta. |
(5) |
Leis an aistriú go geilleagar agus sochaí aeráidneodrach, ceanglaítear gníomh beartais cuimsitheach agus infheistíocht shuntasach i roinnt mhór réimsí, amhail gníomhú ar son na haeráide, fuinneamh, iompar, comhshaol, tionscal, taighde agus nuálaíocht (7). Chun an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach, an 14 Iúil 2021 d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Oiriúnach do 55” sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta chomh maith le roinnt tograí reachtacha gaolta (“an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’”) . Áirítear sa phacáiste “Oiriúnach do 55” tograí chun reachtaíocht ábhartha a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) (8) , na treoracha maidir le cánachas fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite, an Rialachán lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, an Rialachán maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh, an Treoir maidir le bonneagar breoslaí malartacha, agus an Rialachán maidir le comhroinnt díchill (ESR) i ndáil le hearnálacha lasmuigh de EU ETS, eadhon earnáil an iompair agus earnáil na tógála. Áirítear ann freisin tograí le haghaidh reachtaíochta nua, go háirithe chun tacú le breoslaí níos glaine a úsáid in earnálacha na heitlíochta agus an iompair muirí, mar aon le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bhunú agus Ciste Sóisialta nua ar son na hAeráide a bhunú, a mbeidh baint dhíreach aige leis an gcóras trádála astaíochtaí atáthar le tabhairt isteach le haghaidh breoslaí a úsáidtear i bhfoirgnimh agus in iompar de bhóthar. I dteannta leis na bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun tacú leis na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha is gá agus chun iad a dhreasú, is é is aidhm don phacáiste “Oiriúnach do 55” cuidiú a thabhairt chun tacú le fás margaí nua agus chun dlús a chur lena bhfás, mar shampla margaí le haghaidh breoslaí glana agus feithiclí íseal-astaíochtaí, agus laghdófar leis sin costais an aistrithe inbhuanaithe le haghaidh gnólachtaí agus saoránach araon. |
(6) |
Ag an gcruinniú a bhí aici an 20 Meitheamh 2019, gheall an Chomhairle Eorpach, ina “Clár Oibre Straitéiseach Nua 2019-2024”, go n-áiritheofar aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta, aistriú a bheidh cuimsitheach agus nach bhfágfaidh aon duine ar lár. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe formhuinithe ag na Ballstáit agus Comhaontú Pháras daingnithe acu, a ndéantar tagairt iontu araon do na dianriachtanais a bhaineann le haistriú cóir an lucht saothair agus obair chuibhiúil agus poist ardcháilíochta a chruthú, chomh maith leis an ngá go mbeadh an t-oiriúnú agus an fothú acmhainneachta inscne-fhreagrúil. Le treoirlínte na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair tugtar creat beartais atá bunaithe go hidirnáisiúnta le haghaidh aistriú cóir i dtreo geilleagair agus sochaithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do gach duine (9). Thairis sin, d’fhormhuinigh 54 shínitheoir (tíortha agus comhpháirtithe sóisialta) “Dearbhú na Siléise maidir le Dlúthpháirtíocht agus Aistriú Cóir” (10) arna ghlacadh ag 24ú Comhdháil na bPáirtithe (COP) ag UNFCCC in Katowice, lena n-áirítear an Coimisiún, thar ceann an Aontais agus 21 Ballstát aonair. Shínigh an tAontas agus 10 mBallstát an Dearbhú “Tacú leis na Coinníollacha le haghaidh Aistriú Cóir go hIdirnáisiúnta”, arna ghlacadh ag an 26ú COP ag UNFCCC i nGlaschú, agus leis sin gheall siad go n-áireoidh siad faisnéis maidir le haistriú cóir i dTuarascálacha Trédhearcachta Dhébhliantúla i gcomhthéacs tuairisciú ar a mbeartais agus a mbearta chun a Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta a bhaint amach. |
(7) |
Is prionsabail shainitheacha de bheartais an Aontais i leith an aistrithe ghlais iad an chothroime agus an dlúthpháirtíocht agus is riachtanais iad le haghaidh na tacaíochta leithne leanúnaí a fhaigheann sé ón bpobal. Cuirtear i dtábhacht sa Chomhaontú Glas don Eoraip gur gá don aistriú a bheith cóir agus cuimsitheach, gur gá dó tús áite a thabhairt do dhaoine agus gur gá dó aird ar leith a thabhairt ar thacú leis na réigiúin, na tionscail, na hoibrithe, na teaghlaigh agus na tomhaltóirí sin is mó a bheidh dúshlán acu. Thairis sin, cuirtear béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020, dar teideal “Eoraip Shóisialta Láidir d’Aistrithe Córa” go dtabharfar na huirlisí don Eoraip le go bhféadfaidh sí níos mó a bhaint amach maidir le cóineasú aníos, an chothroime shóisialta agus rathúnas do chách, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe, leagtar amach go bhfuil cur chun cinn obair chuibhiúil ar fud an domhain i gcroílár an aistrithe chóir agus i gcroílár téarnaimh uilechuimsithigh, inbhuanaithe agus athléimnigh ón bpaindéim. |
(8) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021, dar teideal “Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta”, (11) cuirtear i dtábhacht go bhfuil gá le haontacht, comhordú agus dlúthpháirtíocht chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo deacáid níos glaise agus níos digití ina mbeidh rath ar mhuintir na hEorpa. Sa phlean moltar trí phríomhsprioc don Aontas le haghaidh 2030, eadhon: gur cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe faoi 2030 (12); gur cheart 60 % ar a laghad de na daoine fásta go léir a bheith páirteach i gcúrsa oiliúna gach bliain (13); agus gur cheart líon na ndaoine i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a laghdú 15 mhilliún ar a laghad faoi 2030 (14). Chuir ceannairí an Aontais fáilte roimh na príomhspriocanna sin le haghaidh 2030 i nDearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais in Porto an 7-8 Bealtaine 2021 agus ag an gComhairle Eorpach sna conclúidí uaithi an 24-25 Meitheamh 2021. |
(9) |
Agus na beartais tionlacain chearta i bhfeidhm (15), d’fhéadfadh an t-aistriú glas thart ar 1 mhilliún post ardcháilíochta sa bhreis a chruthú go comhiomlán (16) san Aontas faoi 2030 agus 2 mhilliún post eile a chruthú faoi 2050 (17), in earnálacha amhail an tógáil, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (“TFC”) nó fuinneamh inathnuaite, agus an meath fadtéarmach ar phoist mheánoiliúna de dheasca an uathoibrithe agus an digitithe á mhaolú an tráth céanna. Mar sin féin, ar an taobh diúltach, mura bhfuiltear chun tacú leis an aistriú glas i dtreo na haeráidneodrachta le meascán beartas leordhóthanach, d’fhéadfaí caillteanais OTI suas le 0.39 % a bheith ann san Aontas, agus caillteanais post suas le 0.26 % (18). |
(10) |
Beidh tionchair an aistrithe ghlais ar ghnólachtaí agus ar fhostaíocht éagsúil ag brath ar an earnáil, an ghairm bheatha, an réigiún agus an tír, agus beidh athrú i gceist do phoist laistigh de na hearnálacha agus na héiceachórais thionsclaíocha, mar aon le hath-leithdháiltí móra lucht saothair ar a bhfud (19). Chun athstruchtúrú agus coigeartú a dhéanamh sna cuideachtaí, earnálacha agus éiceachórais lena mbaineann, ní mór samhlacha nua gnó a fhorbairt agus ath-leithdháiltí móra lucht saothair a dhéanamh ar fud earnálacha agus réigiún. Mar shampla, meastar go dtarlóidh caillteanais post i roinnt gníomhaíochtaí mianadóireachta nó i dtáirgeadh fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise, agus i gcodanna d’earnáil na mótarfheithiclí. Os a choinne sin, meastar go mbeidh deiseanna fostaíochta nua ann i ngníomhaíochtaí luach-choinneála ciorclacha agus in iompar inbhuanaithe agus i dtáirgeadh fuinnimh inbhuanaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cuir chuige ghráinneacha a ghlacadh, agus díriú ar na réigiúin agus an héiceachórais aonair lena mbaineann, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus/nó na húdaráis áitiúla, na húdaráis réigiúnacha agus na geallsealbhóirí. |
(11) |
Trí dheiseanna le haghaidh poist ardcháilíochta a chruthú do chách agus bearta á nglacadh chun bochtaineacht fuinnimh agus iompair a mhaolú agus a chosc, is féidir leis an aistriú glas rannchuidiú le hioncaim a ardú agus neamh-chomhionannais agus an bhochtaineacht trí chéile a laghdú (20). Ar an gcaoi sin, is féidir leis cuidiú le dul i ngleic le neamh-chomhionannais shocheacnamaíocha agus an eisiamh sóisialta atá ann cheana, an tsláinte agus an fholláine a fheabhsú, agus an comhionannas – lena n-áirítear an comhionannas inscne – a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí áirithe sa daonra, go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha cheana féin. Áirítear orthu siúd go háirithe teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh íseal-mheánioncaim, ar teaghlaigh iad a chaitheann sciar ard dá n-ioncam ar sheirbhísí fíor-riachtanacha amhail fuinneamh, iompar agus tithíocht, maille le micrifhiontair, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Léirítear le torthaí samhaltaithe go mbraithfidh cánacha comhshaoil a bheith forchéimnitheach nó cúlchéimnitheach go mór ar dhearadh na hionstraime, lena n-áirítear, mar shampla, an méid a bheidh laghduithe cánach ioncaim nó roghanna athchúrsála ioncaim eile spriocdhírithe ar dhaoine ag a bhfuil ioncam níos ísle (21). |
(12) |
Is féidir le gníomhaíochtaí luach-choinneála ciorclacha lena n-áirítear samhailtí gnó bunaithe ar dheisiúchán, athúsáid, athdhéantúsaíocht agus seirbhísíocht, rochtain inacmhainne inbhuanaithe ar earraí agus seirbhísí a chothú. Cruthaíonn siad poist agus deiseanna ag leibhéil éagsúla scileanna chomh maith, lena n-áirítear poist agus deiseanna le haghaidh ban, daoine faoi mhíchumas agus grúpaí atá i gcásanna leochaileacha, tríd eintitis shóisialta gníomhach sna réimsí sin. Trí chiorclaíocht táirgí a chur chun cinn, laghdaítear astaíochtaí carbóin go mór, agus tá na poist a chruthaítear i ngar do na táirge is gá a chothabháil, a athchóiriú nó a roinnt. |
(13) |
De réir na sonraí is déanaí atá ar fáil i staidreamh AE maidir le hioncam agus dálaí maireachtála le haghaidh 2019/2020, bhí tionchar ag bochtaineacht fuinnimh ar thart ar 8 % de dhaonra an Aontas, sin breis agus 35 mhilliún duine, daoine nach raibh in ann a dtithe a théamh go leordhóthanach, agus bhí difríochtaí nach beag ann idir na Ballstáit agus idir grúpaí ioncaim (22). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas atá thíos le bochtaineacht fuinnimh (23). Tá bochtaineacht fuinnimh, a eascraíonn as meascán d’ioncam íseal, sciar ard d’ioncam indiúscartha a bheith á chaitheamh ar fhuinneamh agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh, ina dúshlán mór don Aontas le tamall anuas. Ina theannta sin, méadaíonn riosca na bochtaineachta fuinnimh le hardphraghsanna luaineacha fuinnimh, atá á spreagadh ag roinnt tosca lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus freagairt bheartais an Aontais ina dhiaidh sin. Ní ar theaghlaigh ísealioncaim amháin a mbíonn tionchar ag an gcineál bochtaineachta seo orthu, ach bíonn tionchar aige freisin ar theaghlaigh íseal-mheánioncaim i roinnt Ballstát freisin. Teaghlaigh a bhfuil riachtanais fuinnimh atá os cionn an mheáin acu, lena n-áirítear teaghlaigh a bhfuil leanaí acu agus teaghlaigh dar ceann teaghlaigh duine aonair, daoine faoi mhíchumas, agus daoine scothaosta, tá siad níos so-ghabhálach i leith bochtaineacht fuinnimh (24) agus na héifeachtaí a bhíonn aici. Bíonn mná, go mór mór agus go háirithe mná ar tuismitheoirí aonair iad nó mná scothaosta iad, thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh freisin (25). De bhreis ar bhochtaineacht fuinnimh, aithnítear níos mó ná riamh coincheap na bochtaineachta iompair, faoi nach mbíonn catagóirí áirithe den daonra in ann leibhéal seirbhísí iompair is gá go sóisialta agus go hábhartha a bhaint amach. Gan na bearta tionlacain cearta chun bochtaineacht fuinnimh agus iompair a mhaolú agus a chosc, is baolach go gcuirfí leis na cineálacha bochtaineachta sin go háirithe mar gheall ar inmheánú costas astaíochtaí i bpraghasmhúnlú nó mar gheall ar chostais an oiriúnaithe do roghanna malartacha ar mó a éifeachtúlacht agus ar lú a n-astaíochtaí. |
(14) |
Tá prionsabail na cothroime sóisialta, an chomhtháthaithe, agus na dlúthpháirtíochta fite fuaite go daingean i ndearadh creataí ábhartha aeráide, fuinnimh agus comhshaoil ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear tríd an “bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” agus tríd an gcomhroinnt díchill idir na Ballstáit mar aon le trí roinnt lamháltais EU ETS a ath-leithdháileadh chun críoch dlúthpháirtíochta, fáis agus idirnasc laistigh den Aontas agus chun críoch a n-úsáide le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú, a rannchuidíonn le riachtanais infheistíochta mhóra na Ballstát ar ioncam íseal chun a gcuid córais fuinnimh a nuachóiriú. Thairis sin, le creat reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir leis an bhfuinnimh cuirtear uirlisí ar fáil do na Ballstáit chun cosaint na gcustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a áirithiú agus saobhadh margaidh á sheachaint. Cé go gcuidíonn na huirlisí sin leis an aistriú glas a éascú, tá siad beartaithe chun na modhanna a sholáthar chun an chosaint is gá a áirithiú ar bhealach níos ginearálta, mar a léirítear, mar shampla, sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fomhair 2021, dar teideal “Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support” [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht] agus sa Plean REPowerEU. |
(15) |
Tá réimse uirlisí ar fáil do na Ballstáit chun a gcuid gníomhartha le haghaidh aistriú cothrom a leagan amach agus a chomhordú. Sna Pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ba cheart measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá thíos le bochtaineacht fuinnimh agus na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí sóisialta agus críochacha an aistrithe fuinnimh a leagan amach Ba cheart a shainaithint sna Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir (TJTPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) na críocha atá incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin gCiste um Aistriú Cóir suas go dtí 2027. Agus iad á maoiniú ag NextGenerationEU, leagtar amach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) arna n-ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) athchóirithe agus infheistíochtaí chun an t-aistriú glas, fás cuimsitheach, comhtháthú sóisialta agus críochach, athléimneacht agus ionchais don chéad ghlúin eile a chothú, agus cuirfear na rudaí sin chun feidhme thar thréimhse suas le 2026. Roinnt gníomhaíochtaí le haghaidh aistriú cóir, cuirtear chun feidhme iad i gcomhthéacs cláir agus tionscnaimh eile, go háirithe cistí an Bheartais Comhtháthaithe. |
(16) |
Ag cur le prionsabail agus beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go háirithe, tá scóip ann feabhas a chur ar dhearadh na mbeartas ar bhealach cuimsitheach leathan, agus comhleanúnachas na n-iarrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Measúnú uile-AE ar na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide: an t-aistriú glas agus an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn trí phleanáil chomhtháite fuinnimh agus aeráide”, cé go n-aithníonn sé go soláthraítear leis na NECPanna deiridh roinnt táscairí agus beartas maidir le bochtaineacht fuinnimh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbíonn beartú tosaíochta soiléir iontu i gcónaí i leith riachtanais chistiúcháin le haghaidh aistriú cóir, ná le haghaidh athscilithe agus uas-scilithe ná le haghaidh tacú le coigeartuithe ar mhargadh an tsaothair. Ba cheart a dhíriú sna TJTPanna ar chríocha áirithe agus dá bhrí sin, ní mheastar go leagfaí amach iontu straitéis agus beartais fhoriomlána le haghaidh aistriú cóir ar an leibhéal náisiúnta. Cé go ndeartar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn siad leo agus a gcuidíonn siad lena maoiniú chun go mbeidh tionchar fadtéarmach acu, tá TJTPanna agus RRPanna araon teoranta ó thaobh ama de. |
(17) |
Le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta san Aontas faoi 2050, áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár, go háirithe na hoibrithe agus na teaghlaigh ar mó an difear a dhéanann an t-aistriú glas dóibh, agus go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha cheana féin. Chuige sin, mar a leagtar amach sa Mholadh seo, ba cheart do na Ballstáit pacáistí beartais cuimsitheacha (29) a chur i bhfeidhm, gnéithe trasearnálacha a chuireann aistriú glas cóir chun cinn a neartú, agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach. Ba cheart do na pacáistí beartais na daoine agus na teaghlaigh ar mó an difear a dhéanann an t-aistriú glas dóibh a chur san áireamh, go háirithe iad siúd a d’fhéadfadh a bheith thíos le caillteanais post agus athruithe ar choinníollacha oibre agus/nó ceanglais nua taisc ag an obair, mar aon leo siúd atá faoi réir drochthionchair ar ioncaim indiúscartha, ar chaiteachas agus ar rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha. Mar chuid de na grúpaí ar mó an difear a ndéantar dóibh, ba cheart do phacáistí beartais aird ar leith a thabhairt ar dhaoine agus teaghlaigh atá i gcásanna leochaileacha, go háirithe na daoine is faide ón margadh saothair, mar shampla mar gheall ar a scileanna, ar choinníollacha mhargadh an tsaothair chríochaigh, nó ar shaintréithe eile, amhail gnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, ach níor cheart do na pacáistí beartais na daoine agus na teaghlaigh sin amháin a chur san áireamh. Thairis sin, d’fhéadfaí a áireamh ar na daoine agus na teaghlaigh i gcásanna leochaileacha iad siúd atá ina gcónaí i mbochtaineacht agus/nó i mbochtaineacht fuinnimh nó atá i mbaol na bochtaineachta agus/nó na bochtaineachta fuinnimh, iad siúd a bhfuil bacainní ar an tsoghluaisteacht acu, nó iad siúd a bhfuil ró-ualach maidir le costas tithíochta orthu, lena n-áirítear teaghlaigh a bhfuil tuismitheoir aonair i gceannas orthu, ar mná iad níos minice ná fir. Ba cheart pacáistí beartais a oiriúnú d’imthosca áitiúla, agus riachtanais na gcodanna is leochailí agus is iargúlta san Aontas, lena n-áirítear na réigiúin agus oileáin is forimeallaí, á gcur san áireamh. |
(18) |
Le tacaíocht ghníomhach d’fhostaíocht ardcháilíochta, ba cheart díriú ar chuidiú le hoibrithe, cuardaitheoirí poist, daoine nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) agus daoine féinfhostaithe is mó atá thíos leis an aistriú glas. Daoine tearcionadaithe go háirithe, amhail mná, oibrithe íseal-oiliúna, daoine faoi mhíchumas, iad siúd atá níos aosta, nó daoine ag a bhfuil acmhainneacht oiriúnaitheachta réasúnta íseal maidir le hathruithe ar an margadh saothair, teastaíonn tacaíocht uathu chun feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht agus chun fostaíocht a aimsiú, i gcomhréir leis an Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún (30). Ag cur leis an treoraíocht bheartais a bhí ann roimhe seo, go háirithe an Moladh sin agus Cinntí (AE) 2020/1512 (31) agus (AE) 2021/1868 (32) ón gComhairle, ba cheart bearta saincheaptha a bheith sna pacáistí beartais dá réir sin chun tacú le tionscnaimh earcaíochta agus aistrithe, leis an bhfiontraíocht, go háirithe do mhná agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus le bearta chun poist ardcháilíochta a chruthú, go háirithe le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus sna críocha is mó atá buailte. D’fhéadfadh bearta den sórt sin, mar aon le tacaíocht leordhóthanach ón Aontas, a bheith ríthábhachtach freisin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann do mhargadh an tsaothair, amhail na cinn siúd a eascraíonn as insreabhadh na ndídeanaithe ón Úcráin, go háirithe sna Ballstáit is mó atá buailte. Leis na pacáistí beartais sin, ba cheart freisin cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach rialacha atá ann cheana maidir le coinníollacha oibre a chothú agus tacú le hathstruchtúrú atá freagrach ar bhonn sóisialta i gcomhréir leis na rialacha agus caighdeáin atá ann cheana. Is ríthábhachtach an ról atá ag comhpháirtithe sóisialta i ndáil le rannchuidiú le haghaidh a thabhairt, trí idirphlé, ar iarmhairtí fostaíochta agus sóisialta na ndúshlán a bhaineann leis an aistriú glas. |
(19) |
Tá rochtain ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach do chách fíor-riachtanach chun a áirithiú go bhfuil na scileanna ag an lucht saothair is gá chun an t-aistriú glas a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart gnéithe a bhaineann le haistriú cóir a chomhtháthú i bhforbairt agus cur chun feidhme straitéisí scileanna náisiúnta, agus na moltaí ón gCoimisiún sa “Clár Oibre Eorpach do Scileanna” (33) agus “Straitéis Nua Tionsclaíochta Nuashonraithe (34) á gcur san áireamh. Uirlis thábhachtach a bheidh i gcomhpháirtíochtaí scileanna faoin gComhshocrú do Scileanna freisin. Le faisnéis agus fadbhreathnaitheacht cothrom le dáta maidir leis an margadh saothair agus le scileanna, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, earnálach agus ar leibhéal na ceirde, is féidir riachtanais a bhaineann le scileanna gairmshonracha agus idirdhisciplíneacha ábhartha a aithint agus a thuar, lena n-áirítear mar bhonn chun curaclaim a oiriúnú chun riachtanais scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais a chomhlíonadh. Leis an ngairmoideachas agus gairmoiliúint, ba cheart scileanna a thabhairt do dhaoine óga agus daoine fásta, le béim ar leith ar mhná agus ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ar scileanna iad a bhfuil gá leo chun an t-aistriú glas a bhaint amach, i gcomhréir le Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle (35). Maidir le printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna ar íocaíocht, ina bhfuil gnéithe oiliúna láidre, go háirithe le haghaidh daoine óga, rannchuidíonn siad le haistrithe sa mhargadh saothair, go háirithe aistrithe i dtreo gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus in earnálacha a bhfuil ganntanais scileanna ar leith iontu. Ba cheart rannpháirtíocht mhéadaithe daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn chun riachtanais uas-scilithe agus athscilithe a chomhlíonadh, inter alia trína chur ar a gcumas do dhaoine oiliúint a lorg atá saincheaptha dá riachtanais agus nuair is iomchuí trí chúrsaí gearra a ndéantar dearbhú cáilíochta orthu maidir le scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais, agus Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (36) atá beartaithe á chur san áireamh, darb aidhm go mbeidh sé níos éasca torthaí na gcúrsaí sin a luacháil agus a aithint. |
(20) |
Ba cheart comhdhéanamh córas sochair cánach agus córas cosanta sóisialta a scrúdú i gcomhthéacs na riachtanas sonrach a eascraíonn as an aistriú glas, chun go léireofaí iontu freisin an ‘prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus an gá nach dtugann na beartais a ghabhann leo isteach fóirdheontais le haghaidh úsáid breoslaí iontaise, nach gcuireann siad de cheangal ar thomhaltóirí teicneolaíocht shonrach a úsáid, nach laghdaíonn siad dreasachtaí le haghaidh athchóiriú foirgneamh agus ionadú córas fuinnimh theirmigh agus nach laghdaíonn siad na dreasachtaí faoi chuimsiú bearta éifeachtúlachta fuinnimh i gcoitinne. Féadfar meascán de bheartais éagsúla tacú leis na teaghlaigh is leochailí agus leis na hoibrithe is mó atá thíos leis an aistriú glas. Ag brath ar an gcás náisiúnta agus ar an gcás aonair, d’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin, mar shampla, cánachas a aistriú ó chánachas saothair go cuspóirí aeráide agus comhshaoil mar a bheartaítear leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (37), athbhreithniú ar scéimeanna dífhostaíochta agus/nó tacaíocht spriocdhírithe dhíreach ioncaim, i gcás inar gá. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar chórais chosanta sóisialta, lena n-áirítear beartais maidir leis an gcuimsiú sóisialta agus, i gcás inarb infheidhme, féadfar iad a oiriúnú i bhfianaise an aistrithe ghlais, go háirithe chun foráil do shlándáil ioncaim, go háirithe le linn aistrithe ó phost go post, agus chun seirbhísí leormhaithe sóisialta, sláinte agus cúraim a sholáthar trí bhonneagar sóisialta leormhaith, go háirithe sna críocha is mó atá buailte, cuir i gcás ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí chun an t-eisiamh sóisialta a chosc, agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí don tsláinte. Chun eisiamh sóisialta leanaí a chosc agus a chomhrac, tá sé mar aidhm le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta do leanaí rochtain ar phríomhsheirbhísí a áirithiú do leanaí atá i ngátar, mar a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (38). |
(21) |
Chun athléimneacht fhisiciúil agus athléimneacht airgeadais maidir le tionchair dho-athraithe an athraithe aeráide a fhorbairt ar bhealach cuimsitheach, is gá réitigh a chur chun cinn i ndáil le feasacht, laghdú agus aistriú riosca, go háirithe trí chur le hinfhaighteacht réiteach árachais agus trí infheistíocht a dhéanamh i mbainistiú riosca tubaistí agus in oiriúnú chun tionchair fhisiciúla an athraithe aeráide a laghdú, ar an gcaoi sin, caillteanas agus an bhearna i gcosaint na haeráide a laghdú, agus micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, chomh maith le ceantair thuaithe agus ceantair iargúlta, mar shampla na réigiún is forimeallaí agus oileáin, á gcur san áireamh. Ba cheart bainistiú riosca tubaistí, lena n-áirítear córais cosanta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a atreisiú chun gurbh fhearr a bheifí in ann suaití a bhaineann leis an aeráid a chosc, ullmhú ina leith agus freagra a thabhairt orthu. |
(22) |
Tá sé de cheart ag cách teacht a bheith aige ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán, lena n-áirítear seirbhísí fuinnimh, iompair, uisce, sláintíochta, airgeadais agus cumarsáide digití, agus ba cheart tacaíocht le haghaidh rochtain chomhionann ar na seirbhísí sin a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar (39). Ina theannta sin, ba cheart rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta ar dhea-chaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar (40). De bhreis air sin, is féidir le teaghlaigh ísealioncaim agus meánioncaim, custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, daoine atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó daoine atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, tairbhe a bhaint as cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh. Chomh maith le tomhaltóirí fuinnimh a chosaint agus a chumhachtú, tá gá le bearta sonracha chun bunchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh a chosc agus chun dul i ngleic leo, go háirithe trí infheistíochtaí a chur chun cinn atá dírithe ar fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, go háirithe san earnáil tithíochta sóisialta. Tá sé i gceist freisin, leis an nuashonrú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (41) agus ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (42) aghaidh a thabhairt ar na príomhbhacainní neamheacnamaíocha atá ar an athchóiriú, amhail dreasachtaí deighilte, lena n-áirítear cásanna úinéara-tionónta agus struchtúir chomhúinéireachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná agus ar ghrúpaí áirithe atá go mór i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, amhail daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair, daoine scothaosta, leanaí agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Féadfar dul i ngleic le dúshláin soghluaisteachta atá ann cheanna féin nó atá ag teacht chun cinn trí bhearta tacaíochta agus tríd an mbonneagar is gá a fhorbairt, amhail iompar poiblí. Tá inacmhainneacht, inrochtaineacht agus sábháilteacht na soghluaisteachta inbhuanaithe agus modhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear iompar príobháideach agus iompair poiblí, an-tábhachtach chun a áirithiú go mbaineann gach duine tairbhe as an aistriú glas agus go bhfuil siad rannpháirteach ann. Tá ról tábhachtach ag an tsoghluaisteacht uirbeach sa chomhthéacs sin, mar a léirítear freisin leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 dar teideal ‘Creat Nua AE don tSoghluaisteacht Uirbeach’ |
(23) |
Le cur chuige uile-shochaí i leith an aistrithe chóir, ba cheart tacú le gníomhaíocht beartais, bunaithe ar chomhordú an cheaptha beartas agus acmhainní oibríochtúla neartaithe ar gach leibhéal agus ar fud gach réimse beartais ábhartha, lena dtabharfaí freisin ról gníomhach do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. Ba cheart é a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht ag comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal agus ag gach céim, agus rannpháirtíocht éifeachtach a mbeadh tionchar aici, ag an tsochaí shibhialta agus ag páirtithe leasmhara. Le comhordú agus rannpháirtíocht mar sin, d’fhéadfaí a áirithiú go ndéanfaí prionsabail na cothroime agus na dlúthpháirtíochta atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a chomhtháthú i ndearadh, cur chun feidhme agus faireachán beartais ón tús, trí bhonn a sholáthar do thacaíocht leathan fadtéarmach le haghaidh beartais chuimsitheacha a dhéanann dul chun cinn maidir leis an aistriú glas. |
(24) |
Tá bunús láidir fianaise an-tábhachtach chun beartais fhónta shóisialta agus margaidh saothair a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear aistriú cóir cuimsitheach. Chuige sin, má dhéantar sainmhínithe, coincheapa, aicmithe agus modheolaíochtaí a chomhchuibhiú agus a dhéanamh comhsheasmhach, de réir a chéile, bunaithe go háirithe ar an Moladh ón gCoimisiún (AE) 2020/1563 (43) éascófar measúnuithe agus inchomparáideacht na measúnuithe. Féadfar tuilleadh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta cur leis an mbonn eolais a d’fhéadfaí a úsáid ar mhaithe leis an mbeartas agus leis an dioscúrsa poiblí. Ar a seal, féadfar malartuithe leis an bpobal ina éagsúlacht ar fad agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, mar shampla malartuithe maidir le torthaí meastóireachtaí, torthaí beart fadbhreathnaitheachta agus beart faireacháin, cur le ceapadh beartas agus leis an úinéireacht. |
(25) |
Ní mór sonraí agus táscairí inscne-dhíchomhiomlánaithe iomchuí gráinneacha ardcháilíochta go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin a bhíonn ag beartais i leith an athraithe aeráide. Níl na sonraí agus táscairí sin ar fáil go hiomlán faoi láthair. Mar shampla, cé go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta maidir le bochtaineacht fuinnimh a thomhas, d’fhéadfaí táscairí chun measúnú a dhéanamh ar bhochtaineacht iompair a fhorbairt i gcomhréir le cúinsí náisiúnta. Féadfar faireachán agus meastóireacht a neartú le roinnt beart, lena ndíreofaí ar tháscairí agus scórchláir, mar aon le treoirthionscadail mhionscála agus beartais thrialacha. Ba cheart do na gníomhaíochtaí sin chur le scórchláir atá ann cheana féin, nó tarraingt uathu, amhail an Scórchlár Sóisialta agus clár eolais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhfuil faisnéis ábhartha iontu maidir le gnéithe sonracha de bheartais i leith an aistrithe chóir. |
(26) |
I bhfianaise na riachtanas suntasacha infheistíochta a eascraíonn as an aistriú glas, tá tábhacht ar leith ag baint leis an úsáid is fearr agus úsáid éifeachtúil a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach agus le slógadh na n-acmhainní ar fad atá ar fáil agus a gcur chun feidhme éifeachtúil. Ar leibhéal an Aontais, cuirtear tacaíocht ar fáil do bhearta ábhartha trí bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus trí NextGenerationEU. Cuirfear chun feidhme iad faoi iad seo a leanas: an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), an Sásra um Aistriú Cóir (JTM), lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe, Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), ERASMUS+ agus an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), clár LIFE, an clár Fís Eorpach, an Ciste don Nuachóiriú (44), agus na cistí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). De bhreis air sin, tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, trí shaineolas teicniúil saincheaptha a sholáthar chun athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hathchóirithe sin a chuireann aistriú cóir i dtreo na neodrachta carbóin chun cinn. |
(27) |
Is é an Seimeastar Eorpach creat comhordúcháin bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta an Aontais Eorpaigh. Leanfaidh sé den ról sin a bheith aige sa chéim téarnaimh agus ó thaobh na n-aistrithe glasa agus digiteacha a chur chun cinn, agus sin bunaithe thart timpeall ar cheithre ghné na hinbhuanaitheachta iomaíche, mar thaca leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Faoin Seimeastar Eorpach, déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thorthaí agus tionchair shocheacnamaíocha agus i gcás inarb ábhartha, molfaidh sé moltaí tírshonracha spriocdhírithe chun a áirithiú nach bhfágtar aon duine ar lár. Beidh an chomhlántacht leis na bearta a dtacaítear leo faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ina tosaíocht. Dá bhrí sin, déanfar faireachán ar an Moladh seo, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear faoi chuimsiú na gcoistí ábhartha, laistigh dá réimsí inniúlachtaí faoi seach, bunaithe ar mheasúnuithe leormhaithe, meastóireachtaí ar thionchar beartais, agus staid cur chun feidhme na treoraíochta a sholáthraítear sa Mholadh seo. Ní chuirfidh an socrú faireacháin ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo ar na Ballstáit. |
(28) |
Thairis sin, mar chuid den dréacht agus den nuashonrú deiridh ar a NECPanna in 2023 agus 2024, faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, ba cheart do na Ballstáit an Moladh seo a úsáid chun féachaint an bhféadfaí measúnuithe ar thionchair fostaíochta, shóisialta agus dháileacháin agus gnéithe den aistriú cóir a phríomhshruthú ar feadh na cúig ghné den Aontas Fuinnimh agus tuilleadh feabhais a chur ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin, agus aird ar leith á tabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh. |
(29) |
Thairis sin, leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme an Mholta seo, féadfar cur leis an bhfianaise atá ann cheana féin i gcomhthéacs na bpróiseas faireachais iltaobhaigh atá bunaithe, amhail an Seimeastar Eorpach. Féadfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, faoi seach, agus i gcomhar le coistí ábhartha eile, go háirithe an Coiste um Beartas Eacnamaíoch, scrúdú a dhéanamh ina réimsí inniúlachta féin ar chur chun feidhme an Mholta seo ar bhonn tuairisciú leordhóthanach arna dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag uirlisí iltaobhacha eile faireachais. Sa chomhthéacs sin freisin, tá an Coimisiún ag oibriú chun feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí – sonraí inscne-dhíchomhiomlánaithe – chun creataí agus treoraíocht mhodheolaíochta atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a úsáid, lena n-áirítear creataí agus treoraíocht chun bochtaineacht fuinnimh, bochtaineacht iompair agus neamh-chomhionannais chomhshaoil a thomhas, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar iarbhír na mbeart, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
CUSPÓIR
(1) |
I gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é is aidhm don Mholadh seo a áirithiú gur aistriú cóir é aistriú an Aontais i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi 2050 agus nach bhfágfar aon duine ar lár leis an aistriú sin. |
(2) |
Iarrtar ar na Ballstáit, chun na críche sin, pacáistí beartas cuimsitheacha agus comhleanúnacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta de réir mar is ábhartha, agus ar an mbealach sin aghaidh a thabhairt ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta chun aistriú cóir a chur chun cinn sna beartais uile, go háirithe beartais aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil, agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú poiblí agus príobháideach freisin. |
SAINMHÍNITHE
(3) |
Chun críche an Mholta seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
PACÁISTÍ BEARTAIS LE hAGHAIDH AISTRIÚ GLAS CÓIR
(4) |
Chun tacaíocht ghníomhach a chur ar fáil d’fhostaíocht ardcháilíochta le haghaidh aistriú cóir agus chun forbairt a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2021/402, moltar do na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a úsáid chun tacú leis na daoine is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha agus, i gcás inar leormhaith, tacú leo an t-aistriú a dhéanamh, trí fhostaíocht nó trí fhéinfhostaíocht, i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach:
|
(5) |
Chun rochtain chomhionann a áirithiú ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar fad an tsaoil atá cuimsitheach, inacmhainne agus ar ardcháilíocht, agus ar chomhdheiseanna, agus d’fhonn comhionannas inscne a neartú, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas siúd á urramú ag an am céanna, go háirithe mar thaca le daoine agus le teaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go sonrach iad siúd atá i gcásanna leochaileacha:
|
(6) |
Chun a áirithiú go leanann córais sochair chánach agus córais cosanta sóisialta, lena n-áirítear beartais um chuimsiú sóisialta, de bheith cóir i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, agus Moladh 2014/C 88/01 ón gComhairle (56) á chur san áireamh, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí, i gcás inarb infheidhme, na bearta seo a leanas a úsáid mar thaca leis na daoine agus leis na teaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe iad siúd atá i gcás leochaileach, d’fhonn tacú le haistrithe sa mhargadh saothair, lena n-áirítear aistrithe i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, a choisceann agus a mhaolaíonn bochtaineacht fuinnimh agus iompair i gcomhréir le himthosca náisiúnta, agus a laghdaíonn tionchair chúlchéimnitheacha na mbeartas:
|
(7) |
Chun rochtain ar sheirbhísí riachtanacha inacmhainne agus ar thithíocht inacmhainne a áirithiú do dhaoine agus do theaghlaigh is mó atá thíos leis an aistriú glas, go háirithe dóibh siúd atá i gcásanna leochaileacha agus dóibh siúd i réigiúin a bhfuil dúshláin acu ó thaobh an aistrithe de, moltar do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí na bearta seo a leanas a dhéanamh:
|
GNÉITHE TRASGHEARRTHACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ BEARTAIS LENA dTACAÍTEAR LE hAISTRIÚ GLAS CÓIR
(8) |
Chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an aistriú glas ar bhealach cuimsitheach daonlathach, agus cuspóirí aistrithe chóir á gcomhtháthú sa phróiseas ceaptha beartas ar gach leibhéal ón tús agus cur chuige uile-shochaí éifeachtach i leith beartais um aistriú cóir á áirithiú, iarrtar ar na Ballstáit:
|
(9) |
Chun infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí agus na fianaise, atá ag teastáil chun beartais shóisialta agus margaidh saothair fhónta a chur ar bun le go mbeidh aistriú cóir ann i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de, iarrtar ar na Ballstáit:
|
AN ÚSÁID IS FEARR IS FÉIDIR A BHAINT AS CISTIÚ POIBLÍ AGUS PRÍOBHÁIDEACH
(10) |
Chun infheistíocht chostéifeachtach agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, lena n-áirítear d’fiontair bheaga agus mheánmhéide, i gcomhréir leis an gcreat státchabhrach chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sóisialta agus margaidh saothair a bhaineann le haistriú glas cóir, agus leas á bhaint as sineirgí ar fud na gclár agus na n-ionstraimí atá ar fáil, agus é sin á dhíriú ar na réigiúin agus ar na héiceachórais thionsclaíocha is mó atá buailte, iarrtar ar na Ballstáit:
|
GNIOMHAÍOCHTAÍ AMACH ANSEO LE hAGHAIDH AISTRIÚ GLAS CÓIR
(11) |
Chun go dtabharfar faoi ghníomhaíochtaí leantacha fiúntacha bunaithe ar an Moladh seo, is díol sásaimh don Chomhairle é a bheith de rún ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
O. DUSSOPT
(1) IPCC, 2021: Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), 2021: An tAthrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíochta Fisicí, Ábhar a chuir Meitheal I ar fáil don Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide].
(2) Szewczyk, W., Feyen. L., Matei, A., Ciscar, J.C., Mulholland, E., Soria, A. (2020), Economic analysis of selected climate impacts, Publications Office of the European Union, Luxembourg, [Anailís eacnamaíoch ar thionchair aeráide roghnaithe, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg] doi:10.2760/845605.
(3) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(4) An Coimisiún Eorpach (2021), staidéar PESETA IV, Climate change impacts and adaptation in Europe [Tionchair an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide san Eoraip], an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Sevilla, http://ec.europa.eu/jrc/en/peseta-iv.
(5) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(6) Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(7) A mhéid a bhaineann le bonneagar mar shampla, meastar go dteastóidh EUR 350 billiún d’infheistíocht bhreise in aghaidh na bliana ón Aontas sna deich mbliana atá romhainn chun a sprioc le haghaidh 2030 maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach i gcás córais fuinnimh astu féin, de bhreis ar EUR 130 billiún a bheidh ag teastáil le haghaidh spriocanna comhshaoil eile.
(8) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757, COM(2021) 551 final.
(9) Sna treoirlínte, sainmhínítear coincheap an aistrithe chóir agus iarrtar ar lucht ceaptha beartas agus ar chomhpháirtithe sóisialta aistriú cóir a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda.
(10) Féach doiciméad ST 14545/2018 REV 1.
(11) Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair agus a shínigh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún ag an gCruinniú Mullaigh in Göteborg i mí na Samhna 2017, is é uirlis threorach an Aontais é i dtreo Eoraip shóisialta láidir.
(12) Chun an sprioc fhoriomlán sin a bhaint amach, ní mór don Eoraip tréaniarracht a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoina leath i gcomparáid le 2019; sciar na ndaoine óga (15-29 mbliana d’aois) nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) a laghdú go 9 %; agus soláthar oideachas agus cúram foirmiúil na luath-óige (ECEC) a mhéadú.
(13) Go háirithe, ba cheart scileanna digiteacha bunúsacha a bheith ag 80 % ar a laghad de dhaoine idir 16-74 bliana d’aois, agus ba cheart luathfhágáil na scoile a laghdú tuilleadh agus rannpháirtíocht in oideachas meánscoile uachtaraí a mhéadú.
(14) As an 15 mhilliún duine atá le tabhairt slán as an mbochtaineacht nó as an eisiamh sóisialta, ba cheart 5 mhilliún díobh a bheith ina leanaí.
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach ar an gconair i dtreo na haeráidneodrachta].
(16) Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún, Measúnú Tionchair a ghabhann leis an Teachtaireacht Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030 - Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire], SWD(2020) 176 final. Tá na réamh-mheastacháin bunaithe ar E-QUEST, ag baint úsáid as cás “cánachais níos ísle lucht saothair ar bheagán oiliúna”.
(17) An Coimisiún Eorpach (2019), Sustainable growth for all: choices for the future of Social Europe, Employment and Social Developments in Europe, 2019 [Fás inbhuanaithe do chách: roghanna do thodhchaí na hEorpa Sóisialta, Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip, 2019], an 4 Iúil 2019. Bunaithe ar an mionanailís a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún, COM(2018) 773.
(18) SWD(2020) 176 final.
(19) SWD(2020) 176 final.
(20) An Coimisiún Eorpach (2019), Sustainable growth for all: choices for the future of Social Europe, Employment and Social Developments in Europe 2019 [Fás inbhuanaithe do chách: roghanna do thodhchaí na hEorpa Sóisialta, Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip 2019], caibidil 5, 4 Iúil 2019, agus an Coimisiún Eorpach (2020), Leaving no one behind and striving for more: fairness and solidarity in the European social market economy, Employment and Social Developments in Europe 2020, [Gan aon duine a fhágáil ar lár agus iarracht a dhéanamh níos mó a bhaint amach: an cothroime agus an dlúthpháirtíocht i ngeilleagar sóisialta margaidh na hEorpa, Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip 2020], caibidil 4.2.2, 15 Meán Fómhair 2020. Sa chomhthéacs seo, tomhaistear an bhochtaineacht fhoriomlán agus úsáid á baint as an táscaire comhaontaithe le haghaidh ráta riosca na bochtaineachta, i gcomhréir le táscairí an Scórchláir Shóisialta agus an phríomhsprioc ghaolmhar le haghaidh 2030 faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
(21) IEEP (2021), Green taxation and other economic instruments: internalising environmental costs to make the polluter pay [Cánachas Glas agus ionstraimí eacnamaíocha eile: costais chomhshaoil a inmheánú chun gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as].
(22) Thairis sin, tá suas le 6,2 % de dhaoine atá ina gcónaí san Aontas , i.e. breis agus 27 milliún duine, i riaráiste maidir lena mbillí fóntais a íoc.
(23) An Coimisiún Eorpach, EPOV – Tuarascáil Bhliantúil: Addressing Energy Poverty in the European Union: State of Play and Action [Aghaidh a thabhairt ar an mBochtaineacht Fuinnimh san Aontas Eorpach: Staid na hImeartha agus Gníomhaíocht], 2019, lch. 6.
(24) Féach tuarascáil na ceardlainne maidir le “Bochtaineacht Fuinnimh”, a eagraíodh an 9 Samhain 2016 le haghaidh Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) Pharlaimint na hEorpa.
(25) Féach Gender perspective on access to energy in the EU (europa.eu), Gender and energy| European Institute for Gender Equality (europa.eu), GFE-Gender-Issues-Note-Session-6.2.pdf (oecd.org) [An Pheirspictíocht Inscne maidir le rochtain ar fhuinneamh san Aontas Eorpach (europa.eu), Inscne agus Fuinneamh, an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne].
(26) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(27) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(28) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (OJ L 57, 18.2.2021, p. 17).
(29) Go háirithe, Straitéisí Bliantúla um Fhás Inbhuanaithe (ASGS) 2021 agus 2022, moltaí maidir leis an limistéar euro 2021 agus Moltaí Tírshonracha.
(30) Commission Recommendation (AE) 2021/402 of 4 March 2021 on an effective active support to employment following the COVID-19 crisis [Moladh ón gCoimisiún (2021) 402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19] (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).
(31) Cinneadh (AE) 2021/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).
(32) Cinneadh (AE) 2020/1868 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (OJ L 379, 26.10.2021, p. 1).
(33) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Eorpach do Scileanna ar mhaithe le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht].
(34) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Thionsclaíochta 2020 a Nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa].
(35) Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch 1).
(36) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micri-creideamh don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).
(37) Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú), COM(2021) 563 final, beartaítear aistriú den sórt sin sa chánachas ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas i dtreo cuspóirí aeráide agus comhshaoil.
(38) Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).
(39) ‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’, arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, 17 Samhain 2017, prionsabal 20.
(40) ‘Colún Eorpach na gCeart Sóisialta’, arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, 17 Samhain 2017, prionsabal 19 (a).
(41) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 558 final.
(42) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 802 final.
(43) Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).
(44) Lasmuigh de bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU.
(45) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13) (‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’) soláthraítear córas coiteann aicmiúcháin maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe.
(46) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(47) Cé gur faoi na Ballstáit atá sé an coincheap “custaiméirí leochaileacha” a shainmhíniú, cuimsíonn sé teaghlaigh nach bhfuil in ann a dtithe a théamh nó a fhuarú go leormhaith agus/nó a bhfuil a mbillí fóntais i riaráiste, i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, C/2020/9600 final (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).
(48) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(49) Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (athmhúnlú), COM(2021) 558 final.
(50) Teachtaireacht ón gCoimisiún: Building an economy that works for the people: an action plan for the social economy [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’], COM(2021) 778 final.
(51) I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtana i leith táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70), agus Fógra ón gCoimisiún ‘Ceannach Sóisialta - Treoir maidir le dálaí sóisialta sa soláthar poiblí a chur san áireamh - an Dara heagrán’ (IO C 237, 18.6.2021, lch. 1).
(52) Moladh 2018/C 153/01 ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).
(53) Moladh 2014/C 88/01 ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).
(54) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).
(55) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus d’infhostaitheacht (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).
(56) Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).
(57) I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2022 dar teideal “Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022”, de réir mar is infheidhme.
(58) Sainmhínítear “pobal fuinnimh saoránach” in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(59) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – an córas iompair Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí].
(60) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal “Comhshocrú Aeráide Eorpach”.
(61) Féach na conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le rialachas amach anseo ar an Limistéar Eorpach Taighde (LET), ina leagtar amach Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde 2022 go dtí 2024, lena n-áirítear gníomhaíocht 4 le haghaidh gairmeacha tarraingteacha agus inbhuanaithe sa taighde, gníomhaíocht 7 chun luachshocrú níos fearr a dhéanamh ar eolas, gníomhaíocht 12 chun dlús a chur leis an aistriú glas/digiteach, chomh maith le gníomhaíocht 20 le haghaidh infheistíochtaí agus athchóirithe T&I.
(62) Mar a fógraíodh sa straitéis tionsclaíochta nuashonraithe, amhail an tionscal tógála, tionscail eile atá dian ó thaobh fuinnimh de, nó soghluaisteacht.
(63) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1) (“Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine”).
(64) I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal “Building an economy that works for the people: an action plan for the social economy” [Geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’].
(65) Arna dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí agus rochtain ar fhaisnéis na hearnála poiblí, amhail Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1) agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).