Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0568

    Cinneadh (AE) 2022/568 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghlacadh

    ST/7222/2022/INIT

    IO L 109, 8.4.2022, p. 52–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/568/oj

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 109/52


    CINNEADH (AE) 2022/568 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Aibreán 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghlacadh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Shínigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) an 10 Meitheamh 2016. Cuirtear i bhfeidhm é go sealadach idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Bhotsuáin, Leosóta, an Namaib, Eswatini agus an Afraic Theas, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

    (2)

    Bunaíodh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le hAirteagal 50(1) den Chomhaontú.

    (3)

    De bhun Airteagal 50(2), pointe (f), den Chomhaontú, déanfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a rialacha nós imeachta féin a chinneadh.

    (4)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an Aontas ag an gcinneadh maidir lena rialacha nós imeachta féin a ghlacadh.

    (5)

    Ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh a cuid rialacha nós imeachta a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, a bunaíodh le hAirteagal 50 den Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh ón gcoiste sin a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    R. BACHELOT-NARQUIN


    (1)  IO L 250, 16.9.2016, lch. 3.


    Dréacht

    CINNEADH Uimh [...] ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

    an …

    maidir lena Rialacha Nós Imeachta

    TÁ AN COISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA,

    Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 50(2)(f) de,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Bunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...

    Arna dhéanamh in/sa ...,

     


    IARSCRÍBHINN

    RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

    CAIBIDIL I

    Eagrúchán

    Airteagal 1

    Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

    1.   An Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 50 den Chomhaontú.

    2.   Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna Rialacha Nós Imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 104 den Chomhaontú.

    3.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(1) den Chomhaontú, is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

    4.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) den Chomhaontú, déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála gach ré seal. Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gcéad chruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

    5.   An sainordú a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.

    Airteagal 2

    Cruinnithe

    1.   Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le chéile uair sa bhliain nó ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

    2.   Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.

    Airteagal 3

    Breathnóirí

    Féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.

    Airteagal 4

    An Rúnaíocht

    1.   Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghníomhóidh mar Rúnaíocht.

    2.   Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.

    CAIBIDIL II

    Feidhmiú

    Airteagal 5

    Doiciméid

    I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

    Airteagal 6

    Fógra agus clár oibre le haghaidh na gcruinnithe

    1.   Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne agus/nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.

    2.   Déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála clár oibre sealadach a dhréachtú le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tráth nach déanaí ná 14 lá roimh thús an chruinnithe.

    3.   Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár oibre.

    4.   Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

    5.   Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, ar chomhaontú ó na Páirtithe uile, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.

    Airteagal 7

    Tuarascáil ar gchruinniú

    Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.

    Airteagal 8

    Cinntí agus moltaí

    1.   Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí nó moltaí de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú nó i gcásanna ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige.

    2.   I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála faoin gComhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe. Cuirfidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh formheasta. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.

    3.   I gcás nach mbeidh Stát SADC EPA i láthair, déanfaidh an Rúnaíocht cinntí agus/nó moltaí an chruinnithe a chur in iúl don chomhalta nach raibh in ann freastal ar an gcruinniú. Cuirfidh an Stát SADC EPA sin freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de 10 lá féilire ó sheoladh na gcinntí agus/nó na moltaí, freagra ina léireofar na cinntí agus/nó na moltaí sin nach n-aontaíonn sé leo, lena n-áirítear na cúiseanna ina leith sin. Mura bhfaighfear an freagra i scríbhinn thuasluaite laistigh de 10 lá féilire, measfar na cinntí agus/nó na moltaí a bheith glactha. An Stát SADC EPA nár fhreastail ar an gcruinniú, sa chás nach n-aontaíonn sé le cinntí agus/nó le moltaí, beidh feidhm ag an nós imeachta i mír 4.

    4.   Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí agus moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.

    5.   Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, déanfar iad a fhíordheimhniú le cóip bharántúil arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ó na Stáit SADC EPA.

    Airteagal 9

    Rochtain phoiblí

    1.   Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, mura gcinnfear a mhalairt.

    2.   Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a fhoilsiú.

    CAIBIDIL III

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 10

    Caiteachas

    1.   Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

    2.   Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.

    Airteagal 11

    Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

    Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála i gcomhréir le hAirteagal 8.


    Top