EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0023

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/23 ón gComhairle an 10 Eanáir 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

ST/5036/2022/INIT

IO L 5I, 10.1.2022, p. 10–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/23/oj

10.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 5/10


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/23 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Eanáir 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 2c de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 21 Nollaig 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 352, 24.12.2013, lch 51.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid A (Daoine Aonair) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES, cuirtear an iontráil seo a leanas leis:

“15.   Ali DARASSA (ailias: a) Ali Darassa Mahamat b) Ali Mahamat Darassa c) Ali Daras d) Ali Darrassa e) Général Ali Darassa)

Ainmniú: Bunaitheoir agus ceannaire Unité pour la Paix en Centrafrique (UPC)

Dáta breithe: 22 Meán Fómhair 1978

Áit bhreithe: Kabo, Ouham Prefecture, Central African Republic

Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir

Uimhir Aitheantais Náisiúnta: 10978000004482

Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 21 Nollaig 2021

Faisnéis eile:

Bhunaigh Ali Darassa Unité pour la Paix en Centrafrique (UPC) - grúpa mílíste atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir - agus tá sé fós i gceannas ar an ngrúpa sin, a bhfuil sibhialtaigh maraithe agus easáitithe aige agus a bhfuil céasadh agus éigniú déanta aige orthu, a rinne mí-úsáid ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta go mion minic, agus a bhí ag gabháil do gháinneáil arm, do ghníomhaíochtaí cánachais neamhdhleathacha agus a bhí i mbun cogadh in éadan fórsaí slándála agus cosanta Phoblacht na hAfraice Láir, chomh maith le mílístí eile, ó bunaíodh é in 2014. I mí na Nollag 2020, bhí ról ceannasach aige i gcruthú an Coalition des patriotes pour le changement (CPC), a chuaigh chun troda i gcoinne na dtoghchán agus a rinne iarracht dul isteach sa phríomhchathair, Bangui, agus na gealltanais a thug UPC faoin Accord politique pour la paix et la reconciliation (APPR) a síníodh an 6 Feabhra 2019, á sárú leis sin. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL – Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals

Faisnéis ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Liostaíodh Ali Darassa an 21 Nollaig 2021 de bhun mhír 20 agus mhír 21 (b) de rún 2399 (2018), arna shíneadh le rún 2588 (2021), as páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nó tacú le gníomhaíochtaí lena raibh an bonn á bhaint de shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann próiseas na cobhsaíochta agus an athmhuintearais i mbaol, nó a chuireann bac ar na próisis sin, nó a spreagann foréigean; agus as a bheith páirteach i bpleanáil, i stiúradh, nó i ndéanamh gníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, de réir mar is infheidhme, nó ar mí-úsáid nó sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena ngabhann díriú ar shibhialtaigh, ionsaithe ar bhonn eitneach nó reiligiúnach, ionsaithe ar nithe sibhialtacha, lena n-áirítear ionaid riaracháin, tithe cúirte, scoileanna agus ospidéil, agus fuadach agus easáitiú éigeantach.

Faisnéis bhreise

Bhunaigh Ali Darassa Unité pour la Paix en Centrafrique (UPC) - grúpa mílíste atá lonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir - agus tá sé fós i gceannas ar an ngrúpa sin, a bhfuil sibhialtaigh maraithe agus easáitithe aige agus a bhfuil céasadh agus éigniú déanta aige orthu, a rinne mí-úsáid ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta go mion minic, agus a bhí ag gabháil do gháinneáil arm, do ghníomhaíochtaí cánachais neamhdhleathacha agus a bhí i mbun cogadh in éadan fórsaí slándála agus cosanta Phoblacht na hAfraice Láir, chomh maith le mílístí eile, ó bunaíodh é in 2014. I mí na Nollag 2020, bhí ról ceannasach aige i gcruthú an Coalition des patriotes pour le changement (CPC), a chuaigh chun troda i gcoinne na dtoghchán agus a rinne iarracht dul isteach sa phríomhchathair agus na gealltanais a thug UPC faoin Accord politique pour la paix et la reconciliation (APPR) a síníodh an 6 Feabhra 2019, á sárú leis sin.

Tá gníomhaíochtaí déanta ag trodaithe faoi cheannas Ali Darassa ar mí-úsáid thromchúiseach ar chearta an duine agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta iad. An 10 Samhain 2014, d’ionsaigh trodaithe UPC sráidbhailte Bolo i maoracht Ouaka agus maraíodh 10 sibhialtach lena n-áirítear triúr ban scothaosta a dódh ina mbeatha iad agus iad ina dtithe. An 12 Nollaig 2017, scaoil baill UPC agus FPRC (Front populaire pour la renaissance de la Centrafrique) urchair le hospidéal - maraíodh 17 sibhialtach, ceathrar leanbh ina measc. An 15 Samhain 2018, d’ionsaigh baill UPC campa do dhaoine easáitithe ina dtír féin in Alindao agus maraíodh idir 70 agus 100 sibhialtach.

Faoi cheannaireacht Darassa, lean UPC de bheith ag cur i gcoinne athbhunú údarás an Stáit. In 2016, chuir trodaithe UPC an próiseas toghchánach i mbaol roinnt uaireanta. An 29 Márta 2016, scaoil trodaithe UPC urchair os cionn post toghchánach agus gortaíodh roinnt daoine easáitithe ina dtír féin.

Ó mhí na Nollag 2020 i leith, mar cheann de cheannairí CPC, bhí Ali Darassa rannpháirteach i sáruithe ar APPR agus sna hiarrachtaí a rinneadh chun bac a chur ar na toghcháin reachtacha agus uachtaránachta, agus níos cuimsithí, chun Poblacht na hAfraice Láir a dhíchobhsú. Mar gheall ar na bagairtí a rinne trodaithe UPC faoi cheannas Ali Darassa, níorbh fhéidir oibríochtaí vótála a dhéanamh an 27 Nollaig 2020 i limistéir atá faoi rialú UPC, cuir i gcás i roinnt limistéar i maoracht Ouaka agus Haut-Mbomou. I mí Eanáir 2021, rinne UPC iarracht dul isteach in Bangui leis an lámh láidir.”


Top