Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1909

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1909 ón gComhairle an 4 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

ST/13214/2021/INIT

IO L 389I, 4.11.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1909/oj

4.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 389/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1909 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Samhain 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2016/44.

(2)

An 25 Deireadh Fómhair 2021, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘CSNA’), arna bhunú de bhun Rún 1970 (2011) ó CSNA, duine amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2016/44 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an duine seo a leanas leis an liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44:

29. Ainm: 1: Osama 2: Al Kuni 3: Ibrahim 4: níl sé ar fáil

Teideal: Bainisteoir Al Nasr Detention Center in Zawiyah Ainmniú: níl sé ar fáil Dáta breithe: 4 Aibreán 1976 Áit bhreithe: Tripilí, an Libia Ainm bréige láidir: a) Osama Milad b) Osama al-Milad c) Osama Zawiya d) Osama Zawiyah e) Osama al Kuni Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: an Libia Uimh. phas: níl sí ar fáil: Uimhir aitheantais náisiúnta: níl sí ar fáil: Seoladh: Zawiyah, an Libia A liostaíodh an: 25 Deireadh Fómhair 2021 Faisnéis eile: Mar bhainisteoir de facto ar ionad coinneála Al Nasr ghlac an duine lena mbaineann páirt dhíreach i ngníomhartha, agus/nó trí íochtaráin, ghlac sé páirt i ngníomhartha nó thacaigh sé le gníomhartha, ar sárú iad ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, nó gníomhartha ar treascairtí iad ar chearta an duine i Libia. Ghníomhaigh an duine lena mbaineann ar son nó thar ceann dhá dhuine aonair a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine an líonra Zawiyah, eadhon Mohamed Kashlaf (LYi.025) agus Abdulrahman al Milad (LYi.026). Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní).

Liostaithe de bhun mhíreanna 11(a), 11(f) de rún 2213 (2015); mhír 11 de rún 2441 (2018).

Faisnéis bhreise

Mar bhainisteoir de facto ar ionad coinneála Al Nasr ghlac an duine lena mbaineann páirt dhíreach i ngníomhartha, agus/nó trí íochtaráin, ghlac sé páirt i ngníomhartha nó thacaigh sé le gníomhartha, ar sárú iad ar an dlí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, nó gníomhartha ar treascairtí iad ar chearta an duine i Libia. Ghníomhaigh an duine lena mbaineann ar son nó thar ceann dhá dhuine aonair a bhfuil dlúthnasc acu le gníomhaíochtaí gáinneála ar dhaoine an líonra Zawiyah, eadhon Mohamed Kashlaf (LYi.025) agus Abdulrahman al Milad (LYi.026). Le blianta fada tarraingíodh aird ar leith ar ionad coinneála Al Nasr in Zawiyah i dtuarascálacha rúnda ina gcuirtear síos ar an drochíde a thugtar d’iarrthóirí tearmainn sa Libia, lena n-áirítear céasadh, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe agus gáinneáil ar dhaoine. Tá eagraíochtaí daonnúla agus íospartaigh gáinneála tar éis an duine lena mbaineann a shainaithint arís is arís eile mar bhainisteoir de facto an ionaid choinneála. Tugadh téarmaí príosúnachta do thrí dhuine aonair a bhí ag obair in ionad coinneála Al Nasr as imircigh a chéasadh san ionad coinneála.”


Top