Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1528

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1528 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2021 lena gceartaítear an leagan Sualainnise d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

C/2021/3990

IO L 329, 17.9.2021, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1528/oj

17.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 329/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1528 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2021

lena gceartaítear an leagan Sualainnise d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht earraí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (1), agus go háirithe Airteagal 15(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí sa leagan Sualainnise d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 i gCatagóir 1, Roinn 1A005.b; Catagóir 3, Roinn 3B001.a.3, Catagóir 5, Cuid 2, Roinn 5A002.a, Nóta 2, pointe (e) agus Nóta 2 j, ‘Nótaí Teicniúla’, pointe 1; Catagóir 5, Cuid 2, Roinn 5A003.a agus Catagóir 9, Roinn 9A010.c a dhéanann difear do shainmhínithe na dtáirgí atá i gceist.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 134, 29.5.2009, lch. 1.


Top