Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1414

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1414 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422 maidir le húdarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH & Co KG) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6226

IO L 304, 30.8.2021, pp. 21–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1414/oj

30.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1414 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Lúnasa 2021

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422 maidir le húdarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH & Co KG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422 ón gCoimisiún (2) údaraíodh úsáid ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg ar feadh tréimhse 10 mbliana.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422, cuireadh isteach uimhir aitheantais mhícheart an bhreiseáin sa cholún “Uimhir aitheantais an bhreiseáin”.

(3)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 30 Meán Fómhair 2020 (3) gur féidir an breiseán a úsáid trí uisce le hól, mar chuid de na coinníollacha úsáide atá faoi réir an mheasúnaithe sábháilteachta agus éifeachtúlachta. Níor áiríodh an tsonraíocht a tháinig ón gcinneadh sin sa cholún “Forálacha eile” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422, agus ba cheart, dá bhrí sin, í a chur leis ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil.

(4)

Le tuairim an Údaráis, léiríodh nach greannaitheoir deirmeach ná súilí é an breiseán, ach gur íogróir féideartha deirmeach agus riospráide é. San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422, sa cholún “Forálacha eile”, tagraítear go hearráideach d’úsáid a bhaint as cosaint don análú, as spéaclaí agus as miotóga mar threalamh cosanta pearsanta, agus ina ionad sin ba cheart tagairt a dhéanamh inti d’úsáid cosanta don análú agus don chraiceann chun aird iomchuí a thabhairt ar thuairim an Údaráis maidir le sábháilteacht úsáideoirí.

(5)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422, rinneadh mionearráid chléireachais maidir le hainm shealbhóir an údaraithe.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422 a leasú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí an leagan ceartaithe den Iarscríbhinn iomlán a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(7)

Chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha lipéadú an bhreiseáin agus na beatha ainmhithe a bhfuil an breiseán inti a oiriúnú do théarmaí ceartaithe an údaraithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse i dtaca leis na táirgí sin a chur ar an margadh.

(8)

Chun ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara a chaomhnú maidir le téarmaí údaraithe an bhreiseáin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422.

Airteagal 2

1.   Maidir leis an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn mar aon leis na réamh-mheascáin a bhfuil sí iontu, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 1 Nollaig 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 31 Lúnasa 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Maidir leis na hábhair bheatha agus an bheatha chumaisc a bhfuil an ullmhóid agus na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 iontu, ar táirgí iad a táirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 31 Lúnasa 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 31 Lúnasa 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/422 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 maidir le húdarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH & Co KG) (IO L 83, 10.3.2021, lch. 25).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6277.


IARSCRÍBHINN

“Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

CFU/l d’uisce óil

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1841

Lactosan GmbH & Co KG

Enterococcus faecium DSM 7134

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Enterococcus faecium

DSM 7134

ina bhfuil íoschion de na nithe seo a leanas:

Púdar: 1x1010 CFU/g de bhreiseán

Gráinníní (micrimchochlaithe): 1x1010

CFU/g de bhreiseán

Béaróga

-

1 x 109

-

5 x 108

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

3.

Maidir le húsáid an bhreiseáin in uisce óil, áiritheofar scaipeadh aonchineálach an bhreiseáin.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don análú agus don chraiceann.”

30.3.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Enterococcus faecium DSM 7134

Modh anailíse  (1)

Maidir le háireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar aisíde eisciline domlais (EN 15788).

Maidir le sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE).


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


Top