Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1237

    Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5336

    IO L 270, 29.7.2021, p. 39–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1237/oj

    29.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 270/39


    RIALACHÁN (AE) 2021/1237 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Iúil 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointe (a), de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (2) ina dhíolúine thábhachtach ón riail ghinearálta nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon phleananna i dtaca le cabhair nua a dheonú sula gcuirfidh siad chun feidhme iad, ar choinníoll gur comhlíonadh coinníollacha réamhshainithe áirithe.

    (2)

    I bhfianaise na n-iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag paindéim COVID-19 ar ghnóthais agus chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bhfreagairt beartais ghinearálta a ghlac an Coimisiún, go háirithe sa tréimhse 2020-2021, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a oiriniú. Ba cheart gnóthais a d’éirigh ina ngnóthais i gcruachás mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a bheith incháilithe le haghaidh cabhrach fós faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ar feadh tréimhse theoranta, mar atá ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021. De bhreis air sin, maidir le tairbhithe na cabhrach faoi choinne infheistíocht réigiúnach a leag baill foirne as go sealadach nó go buan de bharr phaindéim COVID-19 sa tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, níor cheart a mheas gur sháraigh siad an oibleagáid atá orthu na poist sin a chothabháil sa limistéar lena mbaineann ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a líonadh an post den chéad uair, nó ar feadh 3 bliana i gcás fiontar beag agus meánmhéide.

    (3)

    Maidir le Státchabhair a dheonaítear do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (“CEN”) a chumhdaítear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla agus feirmeoireachta, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann go minic, agus i bhfianaise a scála measartha beag. Is de chineál comhtháite, ilghníomhach agus ilearnálach na tionscadail sin, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoin dlí maidir leis an Státchabhair. Ós de chineál áitiúil na tionscadail aonair de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus na tionscadail aonair forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh.

    (4)

    Mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag tairbhiú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu.

    (5)

    Maidir le gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó le Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is minic a bhíonn deacrachtaí acu maoiniú a dhéanamh ar chostais bhreise a eascraíonn as an gcomhar idir comhpháirtithe atá lonnaithe i réigiúin dhifriúla agus i mBallstáit dhifriúla nó i dtríú tíortha difriúla. Mar thoradh ar a thábhachtaí atá Comhar Críochach Eorpach le haghaidh an bheartais chomhtháthaithe, agus é ina chreat le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus malartuithe beartais a chur chun feidhme idir gníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ó Bhallstáit dhifriúla nó ó thríú tíortha difriúla, ba cheart aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh. I bhfianaise eispéireas an Choimisiúin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 maidir le cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, beag beann ar mhéid na ngnóthas is tairbhithe.

    (6)

    De bhreis air sin, mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, go háirithe i gcás ina bhfaigheann na gnóthais sin an chabhair sin go hindíreach, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu.

    (7)

    Maidir le tionscadail taighde agus forbartha nó staidéir indéantachta ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh tar éis meastóireacht agus rangú a ndearna saineolaithe neamhspleácha iad, ar tionscadail nó staidéir iad a mheastar a bheith sármhaith agus a meastar gur fiú cistiú poiblí a thabhairt dóibh, ach nach féidir iad a chistiú faoin gClár Réime Fís de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil, féadfar tacú leo trí acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa don tréimhse 2014-2020, agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus don tréimhse 2021-2027. Ba cheart Státchabhair a dheonaítear do thionscadail taighde agus forbartha den sórt sin a seolann fiontair bheaga agus mheánmhéide iad a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart iad a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas chun fógra a thabhairt. De bhreis air sin, níor cheart é a bheith riachtanach athmheasúnú a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta a measúnaíodh cheana féin ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le rialacha an Chláir réime Fís 2020 nó an chláir réime Fís Eorpach sula ndámhfar lipéad an tSéala Barr Feabhais. Ní critéar ábhartha faoi dhlí na hiomaíochta é carachtar brabúis nó neamhbhrabúis na n-eintiteas a sheolann na tionscadail.

    (8)

    Státchabhair a dheonaítear chun tacú le himscaradh líonraí feidhmiúla leathanbhanda fhosaithe áirithe agus Státchabhair a dheonaítear chun tacú le himscaradh líonraí feidhmiúla móibíleacha éighníomhacha áirithe, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach.

    (9)

    Státchabhair a dheonaítear i bhfoirm dearbhán nascachta do thomhaltóirí chun an teilea-obair, an t-oideachas ar líne agus seirbhísí oiliúna a éascú agus a dheonaítear freisin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra, ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach.

    (10)

    Státchabhair a dheonaítear do thionscadail áirithe leasa choitinn i réimse na mbonneagar nascachta digití tras-Eorpach a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ar bronnadh nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, ba cheart an Státchabhair sin a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra, ar mhaithe le cabhrú le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach.

    (11)

    Maidir le deontais a thugtar do thaighdeoirí faoi Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde (“ERC”) agus faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (“MSCA”) agus a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ba cheart iad a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach nuair atá lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais acu.

    (12)

    Maidir le cistiú poiblí comhcheangailte ó acmhainní náisiúnta agus ó acmhainní a mbainistíonn an tAontas go díreach iad le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha (amhail iad sin a chuirtear chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó gníomhaíocht comhchiste cláir mar a shainmhínítear sa Chlár réime Fís Eorpach), is féidir leo rannchuidiú le feabhas a chur ar iomaíochas thaighde agus fhorbairt na hEorpa, toisc go meastar go gcomhlíonann tionscadail taighde agus forbartha den sórt sin cuspóirí a bhfuil leas coiteann Eorpach ag gabháil leo agus go dtugann siad aghaidh ar theipeanna margaidh dea-shainithe. Meastar é sin a bheith amhlaidh i gcás ina ndéantar tionscadail den sórt sin a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha ar aon dul le rialacha an Chláir réime Fís 2020 nó an Chláir réime Fís Eorpach, tar éis glaonna trasnáisiúnta, i gcás ina nglacann trí Bhallstát ar a laghad (dhá Bhallstát i gcás cur le chéile) páirt iontu, nó, de rogha air sin, ina nglacann dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad páirt iontu. Maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanann na Ballstáit leis na tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha sin, lena n-áirítear acmhainní ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa don tréimhse 2014-2020, agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus don tréimhse 2021-2027, ba cheart a mheas iad a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart iad a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt. De bhreis air sin, níor cheart é a bheith riachtanach athmheasúnú a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta ar mheasúnaigh saineolaithe neamhspleácha iad cheana féin ar an leibhéal trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach sula roghnófar tionscadal taighde agus forbartha.

    (13)

    Sainítear sa Chlár réime Fís 2020 agus sa Chlár réime Fís Eorpach cé na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin. Chuige sin, is amhlaidh, maidir le gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta, mar a shainmhínítear faoin gClár Réime Fís, go mbeidh sí comhfhreagrach de ghnáth do ghníomhaíochtaí taighde bhunúsaigh agus taighde thionsclaíoch, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Ina theannta sin, beidh gníomhaíocht nuálaíochta a dtacaítear léi faoin gClár Réime Fís comhfhreagrach de ghnáth don sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Níor cheart na simplithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i réimse an taighde agus na forbartha a úsáid, áfach, chun bearta cabhrach a thabhairt isteach lena maoinítear gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe faoi na rialacha maidir le Státchabhair do thaighde agus forbairt, is é sin le rá, gníomhaíochtaí a théann níos faide ná raon feidhme na ngníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit na sainmhínithe maidir le Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (“LUT”) a chur san áireamh freisin. Meastar go dtéann Státchabhair do ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha ag leibhéal LUT 9 níos faide ná raon feidhme an tsainmhínithe ar fhorbairt thurgnamhach agus ba cheart í a chur as an áireamh ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 dá bharr.

    (14)

    Féadfar tacaíocht do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh áirithe a chomhcheangal, faoin gCiste InvestEU agus faoi réir coinníollacha simplithe, le tacaíocht do tháirgeadh fuinnimh inathnuaite ar an láthair agus do stóráil an fhuinnimh sin, do phointí luchtaithe ar an láthair d’fheithiclí agus do dhigitiú na bhfoirgneamh sin. Féadfar an tacaíocht chomhcheangailte sin a thabhairt faoi choinníollacha simplithe le haghaidh foirgnimh chónaithe, foirgnimh atá tiomnaithe don oideachas nó seirbhísí sóisialta a sholáthar, foirgnimh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán poiblí nó do sheirbhísí ceartais, póilíneachta agus comhraicthe dóiteáin, agus foirgnimh ina ndéantar gníomhaíochtaí eacnamaíocha in achar níos lú ná 35 % den achar urláir inmheánach. Mar thoradh ar chineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar i bhfoirgnimh den sórt sin, tá tionchar níos teoranta ar an iomaíocht ag tacaíocht a bhfuil mar aidhm léi feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh sin. Chun caitheamh comhsheasmhach le tionscadail a mhaoinítear leis an gCiste InvestEU agus le hacmhainní ar acmhainní náisiúnta amháin iad a áirithiú, tá sé iomchuí leasú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a bhaineann le cabhair infheistíochta do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus coinníollacha comhoiriúnachta a thabhairt isteach le haghaidh cabhrú le hinfheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a chomhcheangal faoin aon tionscadal amháin le hinfheistíochtaí lena bhfeabhsaítear feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh (is é sin le rá, suiteálacha comhtháite ar an láithreán lena ngintear fuinneamh inathnuaite, trealamh ar an láithreán le haghaidh fheithiclí leictreacha úsáideoirí an fhoirgnimh a luchtú) agus le hinfheistíochtaí le haghaidh an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht chliste a mhéadú. Chuige sin, ba cheart costas infheistíochta iomlán an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh agus na bpíosaí éagsúla trealaimh a bheith ar na costais incháilithe agus bheadh feidhm ag uasdéine cabhrach aonfhoirmeach.

    (15)

    Chun caitheamh comhsheasmhach a áirithiú idir tionscadail a mhaoinítear leis an tacaíocht ón gCiste InvestEU agus le hacmhainní ar acmhainní náisiúnta amháin iad, tá sé iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú trí choinníollacha comhoiriúnachta a thabhairt isteach maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh cineálacha áirithe bonneagar soghluaisteachta astaíochtaí ísle d’fheithiclí bóthair. Maidir le cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí bóthair, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a éascaíonn sí leibhéal méadaithe cosanta don chomhshaol agus nach saobhann sí iomaíocht go míchuí. Maidir le bonneagar athbhreoslaithe, is amhlaidh, in éagmais sainmhíniú comhchuibhithe ar hidrigin ísealcharbóin a bheith ann, nár cheart ach cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe lena soláthraítear hidrigin inathnuaite d’fheithiclí bóthair a chumhdach leis an mblocdhíolúine. Breithneoidh an Coimisiún raon feidhme na bhforálacha ábhartha a leathnú chun hidrigin ísealcharbóin a chur ar áireamh iontu freisin a luaithe a ghlacfar sainmhíniú comhchuibhithe. De bhreis air sin, ba cheart coimircí áirithe a bheith i bhfeidhm le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus bonneagar athbhreoslaithe araon chun teorainn a chur le saobhadh iomaíochta. Ba cheart a áirithiú, go háirithe, leis na coinníollacha comhoiriúnachta go ngintear infheistíochtaí breise leis an tacaíocht agus go dtugtar aghaidh léi ar theipeanna margaidh nó ar chora infheistíochta fo-optamaí, nach gcuirtear bac ar fhorbairt an mhargaidh de bharr na tacaíochta agus, go háirithe, go mbíonn rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach ann ar an mbonneagar. De bhreis air sin, ba cheart cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a dheonú ar bhonn próiseas tairisceana iomaíoch chun comhréireacht a áirithiú agus chun saobhadh a íoslaghdú ar an margadh bonneagair. Sa deireadh, chun iomaíocht éifeachtach a spreagadh, ba cheart uasteorainn a chur leis an gcabhair a dheonaítear don aon tairbhí amháin faoi gach beart.

    (16)

    Féadfar go mbeidh i gceist le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo cistí atá faoi rialú ag na Ballstáit, lena n-áirítear cistí bainistíochta comhroinnte an Aontais, ranníocaíochtaí a eascraíonn as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, nó ranníocaíochtaí eile ó na Ballstáit, chun giaráil a mhéadú agus chun tacú le hinfheistíochtaí breise san Aontas. Mar shampla, tá an rogha ag na Ballstáit cuid de chistí bainistíochta comhroinnte an Aontais nó cuid d’acmhainní na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a ranníoc le hurrann na mBallstát de ráthaíocht AE faoin gCiste InvestEU. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit na táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo a mhaoiniú trína gcistí dílse nó trí bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh. D’fhéadfadh go gcáileodh maoiniú den sórt sin mar “acmhainní Stáit” agus d’fhéadfadh go mbeadh sé inchurtha i leith an Stáit dá mba rud é go mbeadh discréid ag na Ballstáit maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh nárbh ionann úsáid na gcistí sin agus Státchabhair i gcás nach bhfuil aon discréid ag na Ballstáit maidir le húsáid na n-acmhainní sin ann nó ina ngníomhaíonn siad ar aon dul le gnáthchoinníollacha margaidh.

    (17)

    I gcás inarb ionann cistí náisiúnta, lena n-áirítear cistí bainistíochta comhroinnte an Aontais, agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, ba cheart tacar coinníollacha a leagan amach ar ar a bhonn a d’fhéadfaí an chabhair a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus a dhíolmhú ón gceanglas chun fógra a thabhairt ar mhaithe le cur chun feidhme an Chiste InvestEU a éascú.

    (18)

    Tá roinnt coimircí tábhachtacha iomaíochta ar áireamh i ndearadh an Chiste InvestEU, lena n-áirítear tacú le hinfheistíochtaí lena gcomhlíontar cuspóirí beartais an Aontais agus breisluach an Aontais agus an ceanglas go mbeadh an Ciste InvestEU ina chiste breise agus go dtabharfaí aghaidh leis ar theipeanna margaidh agus ar chora infheistíochta fo-optamaí. Ina theannta sin, áiritheofar leis an gcóras rialachais agus leis an bpróiseas cinnteoireachta gurb amhlaidh, roimh ráthaíocht AE a eisiúint, go gcomhlíonfaidh oibríochtaí a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo na ceanglais thuas. Sa deireadh, is trédhearcach a bheidh an tacaíocht a soláthróidh an Ciste InvestEU í agus déanfar meastóireacht ar éifeachtaí na tacaíochta sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Státchabhair atá bainteach leis na táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú ón gceanglas chun fógra a thabhairt ar bhonn tacar teoranta coinníollacha.

    (19)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m) agus phointe (n):

    “(m)

    cabhair d’aerfoirt réigiúnacha;

    (n)

    cabhair do chalafoirt;”;

    (ii)

    cuirtear pointe (o) agus pointe (p) seo a leanas leis:

    “(o)

    cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh; agus

    (p)

    cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    scéimeanna faoi Chaibidil III, Ranna 1 (cé is moite d’Airteagal 15), 2, 3, 4, 7 (cé is moite d’Airteagal 44) agus 10, den Rialachán seo, agus cabhair a chuirtear chun feidhme i bhfoirm táirgí airgeadais faoi Roinn 16 den Chaibidil sin, má théann an meánbhuiséad bliantúil Státchabhrach in aghaidh an Bhallstáit thar EUR 150 milliún, ó 6 mhí tar éis a dteachta i bhfeidhm. I gcás cabhair faoi Chaibidil III, Roinn 16, den Rialachán seo, is amhlaidh, maidir le ranníocaíochtaí ó Bhallstát le hurrann na mBallstát den ráthaíocht AE dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), ar ranníocaíochtaí iad a chuirtear i leataobh le haghaidh táirge airgeadais ar leith, nach gcuirfear ach na ranníocaíochtaí sin san áireamh le linn a mheasúnú cé acu is mó nó nach mó ná EUR 150 milliún an meánbhuiséad bliantúil Státchabhrach atá ag an mBallstát sin maidir leis an táirge airgeadais. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfar le feidhm a bheith ag an Rialachán seo go ceann tréimhse níos faide maidir le ceann ar bith de na scéimeanna cabhrach sin tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra don Choimisiún faoi, laistigh de 20 lá oibre ón uair a tháinig an scéim i bhfeidhm. I gcás inar fhadaigh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo thar na 6 mhí thosaigh maidir le scéimeanna den sórt sin cheana féin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na scéimeanna sin a fhadú go dtí deireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll gur chuir an Ballstát lena mbaineann tuarascáil meastóireachta isteach ar aon dul leis an bplean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún. Mar sin féin, an chabhair réigiúnach a dheonaítear faoin Rialachán seo, féadfar í a fhadú, de mhaolú, go dtí deireadh thréimhse bhailíochta na mapaí ábhartha den chabhair réigiúnach;

    (*)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).”;"

    (c)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

    “(a)

    cabhair a dheonaítear in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, mar a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), cé is moite de chabhair oiliúna, cabhair do rochtain fiontar beag agus meánmhéide ar mhaoiniú, cabhair i réimse an taighde agus na forbartha, cabhair nuálaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas, cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach sna réigiúin is forimeallaí, scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí, cabhair do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’), cabhair do thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, agus cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, cé is moite de na hoibríochtaí a liostaítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (**);

    (b)

    cabhair a dheonaítear in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta, cé is moite de chabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach sna réigiúin is forimeallaí, scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí, cabhair do shainchomhairleoireacht i bhfabhar fiontar beag agus meánmhéide, cabhair um maoiniú riosca, cabhair do thaighde agus forbairt, cabhair nuálaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, cabhair comhshaoil, cabhair oiliúna, cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas, cabhair do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’), cabhair do thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, agus cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo;

    (*)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)."

    (**)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).”;"

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo:

    (a)

    scéimeanna cabhrach nach gcuirtear as an áireamh go sainráite iontu cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe amuigh tar éis cinneadh roimhe ón gCoimisiún lenar dearbhaíodh cabhair ar dheonaigh an t-aon Bhallstát amháin í a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cé is moite de scéimeanna cabhrach lena slánaítear an damáiste arna dhéanamh ag tubaistí nádúrtha áirithe agus de scéimeanna cabhrach a chumhdaítear le hAirteagal 19b, Roinn 2a, agus le Roinn 16 de Chaibidil III;

    (b)

    cabhair ad hoc i bhfabhar gnóthas dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c)

    cabhair do ghnóthais atá i gcruachás, cé is moite de scéimeanna cabhrach lena slánaítear an damáiste arna dhéanamh ag tubaistí nádúrtha áirithe, scéimeanna cabhrach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí, scéimeanna cabhrach a chumhdaítear le hAirteagal 19b, cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide faoi Airteagal 56f agus cabhair d’idirghabhálaithe airgeadais faoi Airteagail 16, 21, 22 agus 39 agus faoi Roinn 16 de Chaibidil III, ar choinníoll nach gcaitear le gnóthais atá i gcruachás ar bhealach atá níos fabhraí ná an bealach a chaitear le gnóthais eile. Mar sin féin, beidh feidhm ag an Rialachán seo, de mhaolú, maidir le gnóthais nach raibh i gcruachás an 31 Nollaig 2019 ach a d’éirigh ina ngnóthais i gcruachás le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2021.”;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    scriostar pointe (63), pointe (64) agus pointe (65);

    (b)

    cuirtear pointe (102a), pointe (102b) agus pointe (102c) seo a leanas isteach:

    “(102a)

    ciallaíonn ‘bonneagar athluchtaithe’ bonneagar fosaithe nó móibíleach lena soláthraítear leictreachas d’fheithiclí bóthair;

    (102b)

    ciallaíonn ‘bonneagar athbhreoslaithe’ bonneagar fosaithe nó móibíleach lena soláthraítear hidrigin d’fheithiclí bóthair;

    (102c)

    ciallaíonn ‘hidrigin inathnuaite’ hidrigin a tháirgtear trí leictrealú uisce (i leictrealóir, a chumhachtaítear le leictreachas a eascraíonn as foinsí inathnuaite), nó trí athchóiriú bithgháis nó trí thiontú bithcheimiceach bithmhaise, má tá sé i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

    (*)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).”;"

    (c)

    cuirtear pointí (103a) go (103e) seo a leanas isteach:

    “(103a)

    ciallaíonn ‘foirgneamh cónaithe’ foirgneamh atá comhdhéanta go heisiach de theaghaisí aonteaghlaigh nó ilteaghlaigh;

    (103b)

    ciallaíonn ‘seirbhísí sóisialta’ seirbhísí atá sainaitheanta go soiléir lena bhfreastalaítear ar riachtanais shóisialta, go háirithe maidir le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, cúram leanaí, rochtain ar mhargadh an tsaothair agus athimeascadh isteach i margadh an tsaothair, tithíocht shóisialta (a chiallaíonn tithíocht do shaoránaigh faoi mhíbhuntáiste nó do ghrúpaí nach bhfuil na buntáistí sóisialta céanna acu agus nach bhfuil in ann, de bharr srianta sócmhainneachta, tithíocht a fháil ag coinníollacha margaidh) agus cúram agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha (mar a mhínítear in aithris 11 de Chinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún (*));

    (103c)

    ciallaíonn ‘digitiú’ glacadh teicneolaíochtaí a dhéantar le gléasanna leictreonacha agus/nó córais leictreonacha lenar féidir feidhmiúlacht táirgí a mhéadú, seirbhísí ar líne a fhorbairt, próisis a nuachóiriú, nó aistriú chuig samhlacha gnó atá bunaithe ar tháirgeadh earraí agus soláthar seirbhíse a dhí-idirmheánú, agus tionchar bunathraitheach á tháirgeadh aige sa deireadh;

    (103d)

    ciallaíonn ‘ullmhacht chliste’ acmhainn na bhfoirgneamh (nó na n-aonad foirgnimh) chun a n-oibriú a oiriúnú do riachtanais an áititheora, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a bharrfheabhsú, agus chun a n-oibriú a oiriúnú mar fhreagairt do chomharthaí ón eangach;

    (103e)

    ciallaíonn ‘cuideachta mheánchaipitlithe bheag’ gnóthas nach fiontar beag agus meánmhéide é agus nach mó a líon fostaithe ná 499 nduine, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I, nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 100 milliún nó nach mó a chlár comhardaithe bliantúil ná EUR 86 mhilliún; measfar roinnt eintiteas a bheith ina ngnóthas amháin má chomhlíontar ceann ar bith de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I;

    (*)  Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna thabhairt do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).”;"

    (d)

    scriostar pointe (133);

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (137):

    “(137)

    ciallaíonn ‘líonra éighníomhach’ líonra nach bhfuil aon ghné ghníomhach aige, amhail: bonneagar innealtóireachta sibhialta, píobáin, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, snáithín dorcha, caibinéid, soláthar cumhachta, suiteálacha aeróige, aeróga éighníomhacha, crainn, cuaillí agus túir;”;

    (f)

    scriostar pointe (138)

    (g)

    cuirtear pointe (139a), pointe (139b) agus pointe (139c) seo a leanas isteach:

    “(139a)

    ciallaíonn ‘áitribh in-nasctha’ áitribh is féidir a nascadh laistigh de thréimhse ghearr ama ag an ngnáth-tháille gníomhachtúcháin don úsáideoir deiridh, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil na háitribh sin nasctha leis an líonra. Ní thuairisceoidh oibreoir áitreabh a bheith in-nasctha ach amháin i gcás inarb amhlaidh, tar éis iarraidh a fháil ó úsáideoir deiridh, go ngabhann sé air an t-áitreabh a nascadh as gnáth-tháillí gníomhachtúcháin, rud a fhágann nach ngearrfar aon chostas breise ná eisceachtúil agus, i gcás ar bith, as táille nach mó í ná an ghnáth-tháille gníomhachtúcháin sa Bhallstát lena mbaineann. Beidh soláthraí na líonraí cumarsáide leictreonaí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí in ann an tseirbhís a nascadh agus a ghníomhachtú ag an áitreabh ar leith laistigh de 4 seachtaine ó dháta na hiarrata;

    (139b)

    ciallaíonn ‘spreagthaí socheacnamaíocha’ eintitis ar féidir leo, trína misean, trína gcineál nó trína láthair, sochair shocheacnamaíocha thábhachtacha a ghiniúint go díreach nó go hindíreach do shaoránaigh, gnólachtaí agus pobail áitiúla atá lonnaithe ina gcríoch mórthimpeall nó ina limistéar tionchair, lena n-áirítear, i measc nithe eile, údaráis phoiblí, eintitis phoiblí nó phríobháideacha a gcuirtear de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nó seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú mar a leagtar amach in Airteagal 106(2) den Chonradh agus fiontair atá dian ón taobh digiteach de;

    (139c)

    ciallaíonn ‘conair 5G’ cosán iompair, bóthar, iarnród nó uiscebhealach intíre a chumhdaítear go hiomlán le bonneagar nascachta digití, córais 5G go háirithe, agus lena gcumasaítear seirbhísí digiteacha sineirge mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), lena n-áirítear soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, seirbhísí soghluaisteachta cliste comhchosúla d’iarnróid nó nascacht dhigiteach ar uiscebhealaí intíre;

    (*)  Rialacháin (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).”;"

    (h)

    cuirtear an ceannteideal agus pointí (166) go (172) seo a leanas leis:

    Sainmhínithe le haghaidh cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo (beidh ag téarmaí a shainmhínítear faoi cheannteidil eile den Airteagal seo an bhrí chéanna a leagtar síos istigh iontu le haghaidh cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo freisin)

    (166)

    tá ag ‘an Ciste InvestEU’, ‘ráthaíocht AE’, ‘táirge airgeadais’, ‘bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh’ agus ‘comhpháirtí cur chun feidhme’ an bhrí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/523;

    (167)

    ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais’, chun críocha Roinn 16, idirghabhálaí airgeadais de réir bhrí phointe (34), cé is moite de chomhpháirtithe cur chun feidhme;

    (168)

    ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais tráchtála’ idirghabhálaí airgeadais a oibríonn ar bhonn brabúis agus ar a riosca iomlán féin, gan ráthaíocht phoiblí, agus ní mheastar bainc ná institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh a bheith ina n-idirghabhálaithe airgeadais tráchtála;

    (169)

    tá ag ‘nód uirbeach TEN-T’ an bhrí a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*);

    (170)

    ciallaíonn ‘iontrálaí nua’ gnóthas iarnróid de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    fuair sé ceadúnas de bhun Airteagal 17(3) de Threoir 2012/34/AE le haghaidh na deighleoige ábhartha den mhargadh níos lú ná fiche bliain sula ndeonaítear an chabhair;

    (b)

    níl sé ceangailte, de réir bhrí Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, le gnóthas iarnróid a fuair ceadúnas de réir bhrí Airteagal 3(14) de Threoir 2012/34/AE roimh an 1 Eanáir 2010;

    (171)

    ciallaíonn ‘iompar uirbeach’ iompar laistigh de chathair nó de cheirtleán agus laistigh de chriosanna comaitéireachta na cathrach sin nó an cheirtleáin sin;

    (172)

    tá ag ‘éiceachóras’, ‘bithéagsúlacht’ agus ‘riocht maith éiceachórais’ an bhrí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***);

    (*)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1)."

    (**)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32)."

    (***)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;"

    (3)

    in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    i gcás cabhrach do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh; i gcás cabhrach faoi Airteagal 20, EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; i gcás cabhrach faoi Airteagal 20a, na méideanna a leagtar síos in Airteagal 20a(2) in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;”;

    (b)

    i bpointe (i), cuirtear pointí (vii) go (x) seo a leanas isteach:

    “(vii)

    i gcás cabhrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh agus a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25a, an méid dá dtagraítear in Airteagal 25a;

    (viii)

    i gcás cabhrach do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25b, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25b;

    (ix)

    i gcás cabhrach atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25c, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25c;

    (x)

    i gcás cabhrach do Chur le chéile, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25d;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (s):

    “(s)

    i gcás cabhair infheistíochta le haghaidh chosaint an chomhshaoil, gan cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nó ísle, cabhair infheistíochta le haghaidh láithreáin éillithe a leigheas agus cabhair le haghaidh an líonra dáileacháin atá mar chuid den tsuiteáil téimh agus fuaraithe ceantair atá éifeachtúil ar fhuinneamh a áireamh: EUR 15 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta; EUR 30 milliún le haghaidh cabhair d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh áirithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 38(3a); agus EUR 30 milliún de mhaoiniú ainmniúil iomlán amuigh le haghaidh cabhair d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh áirithe a thagann faoi raon feidhme Airteagal 38(7)”;

    (d)

    cuirtear an pointe (sa) seo a leanas isteach:

    “(sa)

    i gcás cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha nó ísle: EUR 15 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail agus, i gcás scéimeanna, meánbhuiséad bliantúil suas le EUR 150 milliún;”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (t):

    “(t)

    i gcás cabhair infheistíochta do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, na méideanna a leagtar amach in Airteagal 39(5);”;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (y):

    “(y)

    i gcás cabhair le haghaidh imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm deontais: costais iomlána EUR 100 milliún in aghaidh an tionscadail; i gcás cabhrach do bhonneagair leathanbhanda fhosaithe a dhámhtar i bhfoirm ionstraime airgeadais, ní mór nach rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a thugtar d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail thar EUR 150 milliún;”;

    (g)

    cuirtear pointe (ya), pointe (yb) agus pointe (yc) seo a leanas isteach:

    “(ya)

    i gcás cabhair le haghaidh imscaradh líonraí móibíleacha 4G nó 5G ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm deontais: costais iomlána EUR 100 milliún in aghaidh an tionscadail; i gcás cabhrach do líonraí móibíleacha 4G nó 5G a dhámhtar i bhfoirm ionstraime airgeadais, ní mór nach rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a thugtar d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail thar EUR 150 milliún;

    (yb)

    i gcás cabhair do thionscadail áirithe leasa choitinn i réimse na mbonneagar nascachta digití tras-Eorpach a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm deontais: costais iomlána EUR 100 milliún in aghaidh an tionscadail; i gcás cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse na mbonneagar nascachta digití tras-Eorpach ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm ionstraime airgeadais, méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a thugtar d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail, ní mór nach rachaidh sé thar EUR 150 milliún;

    (yc)

    i gcás cabhair i bhfoirm scéimeanna dearbhán nascachta: an buiséad iomlán Státchabhrach thar 24 mhí le haghaidh na scéimeanna dearbhán nascachta uile i mBallstát, ní mór nach rachaidh sé thar EUR 50 milliún (méid iomlán agus scéimeanna náisiúnta dearbhán i dteannta le scéimeanna réigiúnacha nó áitiúla dearbhán ar áireamh ann);”;

    (h)

    cuirtear pointe (gg) agus pointe (hh) seo a leanas leis:

    “(gg)

    i gcás cabhrach atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo: na méideanna a leagtar síos i gCaibidil III, Roinn 16;

    (hh)

    i gcás cabhrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh na gcostas a thabhaítear trí pháirt a ghlacadh i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’): i gcás cabhrach faoi Airteagal 19a, EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; i gcás cabhrach faoi Airteagal 19b, na méideanna a leagtar síos in Airteagal 19b(2) in aghaidh an tionscadail.”;

    (4)

    in Airteagal 5, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an pointe (ea) seo a leanas isteach:

    “(ea)

    cabhair do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh faoi Airteagal 20a, lena bhforáiltear d’uasteorainn lena n-áirithítear nach rachfar thar an tairseach is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 20a;”;

    (b)

    cuirtear an pointe (l) seo a leanas leis:

    “(l)

    cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III, Roinn 16.”;

    (5)

    in Airteagal 6(5), cuirtear pointí (i), (j), (k) agus (l) seo a leanas leis:

    “(i)

    cabhair do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 20 nó in Airteagal 20a;

    (j)

    cabhair do thionscadail taighde agus forbartha ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh, do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh, cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe agus le gníomhaíochtaí comhchistithe oiliúna foirne, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in Airteagail 25a, 25b, 25c nó 25d;

    (k)

    cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III, Roinn 16;

    (l)

    cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) nó cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagal 19a nó in Airteagal 19b”;

    (6)

    in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “Féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), cibé acu is infheidhme, ar choinníoll go maoinítear an oibríocht go páirteach ar a laghad trí chiste de chuid an Aontais lena gceadaítear úsáid na roghanna costais simplithe sin agus gurb incháilithe atá an chatagóir costas i gcomhréir leis an bhforáil maidir le díolúine ábhartha.

    (*)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)."

    (**)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).”;"

    (7)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    aon Státchabhair eile, i dtaca leis na costais incháilithe chéanna, bíodh siad ag forluí go hiomlán nó go páirteach ar a chéile, i gcás nach é an toradh atá ar charnadh den sórt sin ann go dtéitear thar an déine cabhrach is airde nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair sin faoin Rialachán seo agus sa chás sin amháin.

    Maidir le maoiniú a thugtar do na tairbhithe deiridh le tacaíocht ón gCiste InvestEU a chumhdaítear le Caibidil III, Roinn 16, agus leis an gcostas a chumhdaítear leis an maoiniú sin, ní bhreithneofar é chun a chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na forálacha carntha a leagtar síos sa chéad abairt den phointe seo. Ina ionad sin, ba cheart an méid atá ábhartha le haghaidh chomhlíonadh fhorálacha carntha na chéad abairte den phointe seo a chinneadh a ríomh mar a leanas. Ar an gcéad dul síos, déanfar méid ainmniúil an mhaoiniúcháin a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis a asbhaint ó chostais incháilithe iomlána an tionscadail, agus na costais incháilithe iomlána atá fágtha á suí; ar an dara dul síos, ríomhfar an uaschabhair trí gan an déine cabhrach ábhartha is airde nó an méid cabhrach ábhartha is airde a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na costais incháilithe iomlána atá fágtha.

    I gcás na nAirteagal ar ina leith a luaitear an tairseach um fhógra a thabhairt mar uasmhéid cabhrach, ní dhéanfar méid ainmniúil an mhaoiniúcháin a thugtar do na tairbhithe deiridh le tacaíocht ón gCiste InvestEU a bhreithniú ach oiread chun a chinneadh cé acu a chloítear nó nach gcloítear leis na tairseacha in Airteagal 4 um fhógra a thabhairt.

    De rogha air sin, i gcás iasachtaí sinsearacha nó ráthaíochtaí ar iasachtaí sinsearacha a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo faoi Caibidil III, Roinn 16, féadfar coibhéis deontais chomhláin na cabhrach atá i gceist le hiasachtaí nó ráthaíochtaí den sórt sin a thugtar do na tairbhithe deiridh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (b) nó pointe (c) de réir mar is iomchuí. Féadfar coibhéis deontais chomhláin na cabhrach a úsáid chun a áirithiú, ar aon dul leis an gcéad abairt den phointe seo, nach é an toradh atá ar charnadh le haon chabhair eile le haghaidh na gcostas incháilithe in-sainaitheanta céanna go dtéitear thar an déine cabhrach is airde nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair faoin Rialachán seo nó an tairseach ábhartha um fhógra a thabhairt faoin Rialachán seo.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi Airteagail 19b, 20a, 21, 22 nó 23, faoi Airteagal 56e(5), pointe (a)(ii) nó (iii), faoi Airteagal 56e(8), pointe (d), faoi Airteagal 56e(10) agus faoi Airteagal 56f aici a charnadh le haon Státchabhair eile a bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta aici. Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta aici a charnadh le haon Státchabhair eile nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta aici, suas leis an tairseach maoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis ar leith leis seo nó le rialachán blocdhíolúine eile nó cinneadh eile arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi Airteagal 56e(5), pointe (a)(ii) nó (iii), faoi Airteagal 56e(8), pointe (d), faoi Airteagal 56e(10) agus faoi Airteagal 56f aici a charnadh le cabhair eile nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi na hAirteagail sin aici.”;

    (8)

    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar ar shuíomh gréasáin cuimsitheach Státchabhrach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

    (a)

    an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II nó nasc lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin;

    (b)

    téacs iomlán gach birt chabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc lena dtugtar rochtain ar an téacs iomlán;

    (c)

    an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III faoi gach dámhachtain cabhrach aonair os cionn EUR 500 000, nó, i gcás tairbhithe atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta, seachas iad sin a bhfuil feidhm ag Roinn 2a maidir leo, gach dámhachtain cabhrach aonair le haghaidh an táirgthe sin atá os cionn EUR 60 000 agus, i gcás tairbhithe atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, seachas iad sin a bhfuil feidhm ag Roinn 2a maidir leo, gach dámhachtain cabhrach aonair os cionn EUR 30 000.

    Maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar shuíomh gréasáin an Bhallstáit ar lonnaithe ann atá an tÚdarás Bainistíochta lena mbaineann, mar a shainmhínítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), nó in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), cibé acu is infheidhme. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go dtabharfaidh gach ceann díobh ar na suíomhanna gréasáin faoi seach an fhaisnéis a bhaineann leis na bearta cabhrach laistigh dá gcríoch.

    Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí chun foilsiú a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) ná le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail faoi Airteagal 19b.

    2.   I gcás scéimeanna atá i bhfoirm buntáistí cánach, agus i gcás scéimeanna a chumhdaítear le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 21 (***), measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach faoi mhéideanna cabhrach aonair sna raonta seo a leanas (in EUR milliún):

     

    0,03-0,5 (i gcás an iascaigh agus an dobharshaothraithe);

     

    0,06-0,5 (i gcás an táirgthe phríomhúil talmhaíochta amháin);

     

    0,5-1;

     

    1-2;

     

    2-5;

     

    5-10;

     

    10-30; agus

     

    30 agus níos mó.

    (*)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259)."

    (**)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94)."

    (***)  I gcás scéimeanna faoi Airteagal 16 agus Airteagal 21 den Rialachán reatha, féadfar an ceanglas chun faisnéis a fhoilsiú faoi gach dámhachtain aonair os cionn EUR 500 000 a tharscaoileadh i dtaca le fiontair bheaga agus mheánmhéide nach ndearna aon díol tráchtála in aon mhargadh.”;"

    (b)

    cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    “3a.   Más rud é gur chuir Ballstát táirge airgeadais chun feidhme faoi urrann na mBallstát den Chiste InvestEU nó gur chuir banc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá ag gníomhú mar chomhpháirtí cur chun feidhme nó atá ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais faoin gCiste InvestEU an táirge airgeadais chun feidhme, beidh oibleagáid ar an mBallstát fós a áirithiú go bhfoilseofar faisnéis mar a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c). Measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta, áfach, más rud é go dtugann an comhpháirtí cur chun feidhme don Choimisiún an fhaisnéis a leagtar síos i mír 1, an chéad fomhír, pointe (c), tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa bhliain tar éis na bliana airgeadais inar deonaíodh an chabhair agus go sonraítear sa chomhaontú ráthaíochta arna shíniú idir an Coimisiún agus an comhpháirtí cur chun feidhme an ceanglas chun an fhaisnéis a leagtar síos i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), a thabhairt don Choimisiún.”;

    (9)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Maidir leis na Ballstáit nó, de rogha air sin i gcás cabhrach a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh faoi Airteagal 20, maidir leis an mBallstát ar lonnaithe ann atá an tÚdarás Bainistíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme, tarchuirfidh na Ballstáit nó an Ballstát sin chuig an gCoimisiún:

    (a)

    trí chóras fógartha leictreonach an Choimisiúin, an fhaisnéis achomair faoi gach beart cabhrach a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, mar aon le nasc lena dtugtar rochtain ar théacs iomlán an bhirt cabhrach, lena n-áirítear na leasuithe a rinneadh air, laistigh de 20 lá oibre tar éis a theachta i bhfeidhm; agus

    (b)

    tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (*) i bhfoirm leictreonach, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuimsítear an fhaisnéis a chuirtear in iúl sa Rialachán sin, i dtaca le gach bliain iomlán nó gach cuid den bhliain a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo lena linn. I gcás táirgí airgeadais ar chuir Ballstát iad chun feidhme faoi urrann na mBallstát den Chiste InvestEU nó ar chuir banc náisiúnta le haghaidh spreagadh atá ag gníomhú mar chomhpháirtí cur chun feidhme nó atá ag gníomhú mar idirghabhálaí airgeadais faoin gCiste InvestEU iad chun feidhme, measfar an oibleagáid sin ar an mBallstát a bheith comhlíonta, más rud é go dtugann an comhpháirtí cur chun feidhme na tuarascálacha bliantúla don Choimisiún, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe ábhartha a leagtar síos sa chomhaontú ráthaíochta arna shíniú idir an Coimisiún agus an comhpháirtí cur chun feidhme.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír seo maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’) ná le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19b.

    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 108 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).”;"

    (10)

    in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun cur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar an gcabhair a dhíolmhaítear ó fhógra a thabhairt leis an Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit nó, de rogha air sin i gcás cabhrach a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20, an Ballstát ina bhfuil an tÚdarás Bainistíochta lonnaithe, taifid mhionsonraithe a choinneáil ina bhfuil an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá chun a shuí an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coinneofar taifid den sórt sin ar feadh 10 mbliana ón dáta ar ar deonaíodh an chabhair ad hoc nó ar ar deonaíodh an chabhair dheiridh faoin scéim.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta ná le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 19b.”;

    (11)

    leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

    (a)

    i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    déanfar gach post a chruthaítear tríd an infheistíocht a choinneáil sa limistéar lena mbaineann go ceann tréimhse 5 bliana ar a laghad ón dáta ar ar líonadh an post den chéad uair, nó go ceann tréimhse 3 bliana i gcás fiontar beag agus meánmhéide, seachas i gcás ina gcailltear an post idir an 1 Eanáir 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

    “15.   I gcás infheistíocht tosaigh atá ceangailte le tionscadail chomhair chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó leis Rialachán (AE) 2021/1059, beidh feidhm ag déine cabhrach an limistéir a bhfuil an infheistíocht tosaigh lonnaithe ann maidir le gach tairbhí atá ag glacadh páirt sa tionscadal. Más rud é go bhfuil an infheistíocht tosaigh lonnaithe in dhá cheann nó níos mó de limistéir fhóirithinte, beidh an uasdéine cabhrach ar an gceann is infheidhme sa limistéar fóirithinte ina dtabhaítear an méid is airde de chostais incháilithe. I limistéir fhóirithinte atá incháilithe le haghaidh cabhrach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le gnóthais mhóra ach amháin má bhaineann an infheistíocht tosaigh le gníomhaíocht eacnamaíoch nua.”;

    (12)

    in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Is é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail forbartha uirbí a mhéid a chomhlíonann siad Airteagal 37 agus Airteagal 65 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó in Airteagal 67 agus Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/1060, cibé acu is infheidhme.”;

    (13)

    cuirtear Airteagal 19a agus Airteagal 19b seo a leanas isteach:

    “Airteagal 19a

    Cabhair do na costais a thabhaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’)

    1.   Maidir le cabhair do na costais a thabhaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, a ainmnítear mar thionscadail forbartha áitiúla de chuid Chlár LEADER faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tithíochta, a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1060, agus maidir le cabhair do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a chumhdaítear le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar iad ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Na costais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, cibé acu is infheidhme, beidh siad incháilithe maidir le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail agus le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN:

    (a)

    costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar straitéis forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó ar thionscadal de chuid Grúpa Oibríochtúil de chuid CEN;

    (b)

    cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;

    (c)

    ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa;

    (d)

    costais oibriúcháin atá ceangailte le bainistiú chur chun feidhme na straitéise forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó an tionscadail de chuid Grúpa Oibríochtúil de CEN;

    (e)

    cur i bhfeidhm phobal CEN nó na straitéise forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

    3.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí cómhaoiniúcháin dá bhforáiltear sna Rialacháin a bhaineann go sonrach le Cistí agus lena dtacaítear leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail agus le Grúpaí Oibríochtúla CEN.

    Airteagal 19b

    Méideanna teoranta cabhrach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag tairbhiú de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘CEN’)

    1.   Maidir le cabhair do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), nó maidir le cabhair do ghnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Méid iomlán na cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear in aghaidh an tionscadail, ní rachaidh sé thar EUR 200 000 i gcás tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail, agus ní rachaidh sé thar EUR 350 000 i gcás tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN.”;

    (14)

    tar éis Airteagal 19b, cuirtear an ceannteideal roinne seo a leanas isteach:

    ROINN 2A

    Cabhair do Chomhar Críochach Eorpac h”;

    (15)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

    “Airteagal 20

    Cabhair do na costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadal Comhair Chríochaigh Eorpaigh

    1.   Maidir le cabhair do na costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1059, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   A mhéid atá siad ceangailte leis an tionscadal comhair, is costais incháilithe a bheidh sna costais seo a leanas, a mbeidh acu an bhrí a thugtar dóibh i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún (*), nó in Airteagail 38 go 44 de Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme:

    (a)

    costais foirne;

    (b)

    costais oifige agus riaracháin;

    (c)

    costais taistil agus chóiríochta;

    (d)

    costais saineolais sheachtraigh agus seirbhísí seachtracha;

    (e)

    costais trealaimh;

    (f)

    costais a bhaineann le bonneagar agus le hoibreacha.

    3.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar an uasráta cómhaoiniúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó i Rialachán (AE) 2021/1060 agus/nó i Rialachán (AE) 2021/1059, cibé acu is infheidhme.

    (*)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh clár comhair (IO L 138, 13.5.2014, lch. 45).”;"

    (16)

    cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 20a

    Méideanna teoranta cabhrach do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh

    1.   Maidir le cabhair do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1059, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní rachaidh an méid iomlán cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear do ghnóthas in aghaidh an tionscadail thar EUR 20 000.”;

    (17)

    in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Maidir le cabhair do thionscadail taighde agus forbartha, lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha atá tar éis lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais a fháil faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach agus tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le cabhair do chur le chéile comhchistithe, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar iad ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.”;

    (18)

    cuirtear na hAirteagail 25a go 25d seo a leanas isteach:

    “Airteagal 25a

    Cabhair do thionscadail ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh

    1.   Maidir le cabhair d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha agus staidéir indéantachta ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

    3.   Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa chostais incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    4.   Ní rachaidh an t-uasmhéid cabhrach thar EUR 2,5 milliún in aghaidh an fhiontair bhig agus mheánmhéide in aghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta.

    5.   Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach tionscadal taighde agus forbartha nó gach staidéar indéantachta thar an ráta cistiúcháin a leagtar amach le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha sin nó an staidéir indéantachta sin faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    Airteagal 25b

    Cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde

    1.   Maidir le cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    3.   Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa chostais incháilithe na gníomhaíochta cuidithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    4.   Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar do gach gníomhaíocht chuidithe thar an uasleibhéal tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár Fís 2020 nó sa chlár Fís Eorpach.

    Airteagal 25c

    Cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha

    1.   Maidir le cabhair a thugtar do thionscadal comhchistithe taighde agus forbartha nó do staidéar comhchistithe indéantachta (lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha a chuirtear chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht institiúidithe Eorpach atá bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó faoi ghníomhaíocht comhchiste cláir, mar a shainmhínítear i rialacha an chláir Fís Eorpach) a gcuireann trí Bhallstát ar a laghad, nó dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad, é chun feidhme agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta atá cuidithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

    3.   Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    4.   Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir indéantachta tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach.

    5.   Cumhdófar leis an gcistiú arna thabhairt ag an gclár Fís 2020 nó ag an gclár Fís Eorpach 30 % ar a laghad de na costais incháilithe iomlána de chuid gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta nó de chuid gníomhaíocht nuálaíochta mar a shainmhínítear faoin gclár Fís 2020 nó faoin gclár Fhís Eorpach.

    Airteagal 25d

    Cabhair do chur le chéile

    1.   Maidir le cabhair a thugtar do chur le chéile comhchistithe a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leis agus a ndéantar é a roghnú ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe arna ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe an chuir le chéile chomhchistithe na gníomhaíochtaí sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. Cuirtear as áireamh na gníomhaíochtaí sin a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

    3.   Is é a bheidh i gcatagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe na catagóirí, na huasmhéideanna agus na modhanna ríofa sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, is incháilithe a bheidh costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal.

    4.   Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a thugtar thar an ráta cistiúcháin arna shuí le haghaidh an chuir le chéile tar éis an roghnúcháin, an rangúcháin agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir Fís 2020 nó an chláir Fís Eorpach. De bhreis air sin, ní rachaidh an chabhair thar 70 % de na costais infheistíochta i gcás infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal.

    5.   I gcás cabhair infheistíochta do bhonneagair faoi chur le chéile, beidh feidhm ag na coinníollacha breise seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina saothrófar leis an mbonneagar gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha araon, cuirfear maoiniú, costais agus ioncam gach cineáil ghníomhaíochta san áireamh ar leithligh, bunaithe ar phrionsabail chuntasaíochta costála a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach agus a bhféadfar údar oibiachtúil a thabhairt leo;

    (b)

    is comhfhreagrach do mhargadhphraghas a bheidh an praghas a ghearrtar as an mbonneagar a oibriú nó a úsáid;

    (c)

    beidh rochtain ar an mbonneagar ar oscailt do roinnt úsáideoirí agus deonófar í ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach. Féadfar rochtain tosaíochta faoi choinníollacha níos fabhraí a dheonú do ghnóthais a mhaoinigh 10 % ar a laghad de chostais infheistíochta an bhonneagair. Chun róchúiteamh a sheachaint, beidh an rochtain sin comhréireach le ranníocaíocht an ghnóthais leis na costais infheistíochta agus cuirfear na coinníollacha sin ar fáil go poiblí;

    (d)

    i gcás ina bhfaighidh an bonneagar cistiú poiblí le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus gníomhaíochtaí neamheacnamaíocha araon, cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm chun a áirithiú nach rachfar thar an déine cabhrach is infheidhme mar thoradh ar mhéadú i sciar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomparáid leis an staid a beartaíodh tráth dhámhachtain na cabhrach.”;

    (19)

    cuirtear an tAirteagal 36a seo a leanas isteach:

    “Airteagal 36a

    Cabhair infheistíochta do bhonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí bóthair astaíochtaí nialasacha agus ísle

    1.   Maidir le cabhair d’imcaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh fuinneamh a sholáthar d’fheithiclí bóthair astaíochtaí nialasacha nó ísle chun críoch iompair, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní chumhdófar leis an Airteagal seo ach cabhair a dheonaítear le haghaidh imscaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear leictreachas inathnuaite nó hidrigin inathnuaite d’fheithiclí chun críoch iompair. Áiritheoidh an Ballstát gur ar fud shaolré eacnamaíoch an bhonneagair a chomhlíonfar an ceanglas chun hidrigin inathnuaite a sholáthar.

    3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil nó a uasghrádú. Féadfar go n-áireofar leo sin na costais a bhaineann leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe é féin, suiteáil nó uasghráduithe a dhéanamh ar chomhpháirteanna leictreacha nó ar chomhpháirteanna eile, lena n-áirítear trasfhoirmeoirí cumhachta a theastaíonn le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine, mar aon le trealamh teicniúil gaolmhar, oibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe gaolmhara talún nó bóthair, costais ghaolmhara suiteála agus costais ghaolmhara le haghaidh ceadanna gaolmhara a fháil. Na costais a bhaineann leis na haonaid áitiúla táirgthe nó stórála ina ndéantar an leictreachas a ghiniúint nó a stóráil, agus na costais a bhaineann leis na haonaid áitiúla táirgthe hidrigine, is costais iad sin a eisiatar.

    4.   An chabhair a dheonófar faoin Airteagal seo, is i bpróiseas tairisceana iomaíoch a dheonófar í, próiseas atá bunaithe ar chritéir shoiléire, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus féadfaidh sé gur suas le 100 % de na costais incháilithe a bheidh i ndéine na cabhrach.

    5.   An chabhair a dheonófar do thairbhí aonair ar bith, ní rachaidh sí thar 40 % de bhuiséad foriomlán na scéime lena mbaineann.

    6.   Bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana ag an bpobal agus lena soláthraítear rochtain neamh-idirdhealaitheach d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir le taraifí, le modhanna fíordheimhniúcháin agus íocaíochta, agus le téarmaí agus coinníollacha eile úsáide, is le haghaidh tógáil nó suiteáil a bhonneagair sin nó le haghaidh uasghrádú a dhéanamh air a dheonófar cabhair faoin Airteagal seo, agus le haghaidh na nithe sin amháin.

    7.   An gá atá le dreasú imscaradh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe den aon chatagóir amháin (mar shampla, maidir le bonneagar athluchtaithe: gnáthchumhacht nó ardchumhacht), is gá é a fhíorófar trí chomhairliúchán poiblí oscailte ex ante nó trí staidéar neamhspleách margaidh. Fíorófar go háirithe gurb amhlaidh nach dóigh go n-imscarfar bonneagar den sórt sin ar théarmaí tráchtála laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe.

    8.   De mhaolú ar mhír 7, féadfar a thoimhdiú go bhfuil gá le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe i gcás inar lú an líon feithiclí ceallra-leictreacha (i gcás bonneagar athluchtaithe) nó an líon feithiclí hidrigine (i gcás bonneagar athbhreoslaithe) faoi seach ná 2 % d’fhlít iomlán na bhfeithiclí ar den chatagóir céanna iad atá cláraithe sa Bhallstát lena mbaineann. Chun críoch na míre seo, measfar carranna paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a bheith ina gcuid den aon chatagóir feithiclí amháin.

    9.   Maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe faoi thacaíocht a oibriú, sannfar é ar bhonn iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha soláthair is infheidhme.”;

    (20)

    leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta sa bhreis a theastaíonn chun an leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde a bhaint amach. Cinnfear iad mar a leanas:

    (a)

    i gcás inar féidir na costais a bhaineann le hinfheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh a shainaithint sa chostas infheistíochta iomlán mar infheistíocht ar leithligh, is é a bheidh sa chostas sin atá bainteach le héifeachtúlacht fuinnimh na costais incháilithe;

    (b)

    i gcás ina mbainfidh an infheistíocht le feabhas a chur ar (i) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, (ii) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe don oideachas nó seirbhísí sóisialta a sholáthar, (iii) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán poiblí nó do sheirbhísí ceartais, póilíneachta nó comhraicthe dóiteáin, nó (iv) éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh dá dtagraítear i bpointe (i), pointe (ii) nó pointe (iii) agus ina ndéantar gníomhaíochtaí seachas iad sin a luaitear sna pointí sin in achar níos lú ná 35 % den achar urláir inmheánach, is é a bheidh sna costais infheistíochta iomlána a theastaíonn chun leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde a bhaint amach na costais incháilithe, ar choinníoll go mbeidh na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh ina gcúis le laghdú san éileamh fuinnimh phríomhúil is comhionann le 20 % ar a laghad i gcás athchóirithe agus ina gcúis le coigiltí fuinnimh phríomhúil is comhionann le 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an tairseach a shocraítear le haghaidh na gceanglas i leith foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i mbearta náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) chun feidhme i gcás foirgneamh nua. Suífear an t-éileamh tosaigh fuinnimh phríomhúil agus an feabhsú measta trí thagairt do Theastas Feidhmíochta Fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Threoir 2010/31/AE;

    (c)

    i ngach cás eile, sainaithneofar na costais a bhaineann le hinfheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh faoi threoir infheistíochta atá comhchosúil agus níos neamhéifeachtúla ar fhuinneamh a dhéanfaí go hinchreidte in éagmais na cabhrach. Sainaithnítear leis an difríocht idir costais an dá infheistíocht an costas atá bainteach le héifeachtúlacht fuinnimh agus is é atá sa difríocht sin na costais incháilithe.

    Ní incháilithe a bheidh na costais nach bhfuil ceangailte go díreach le leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde a bhaint amach.

    (*)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).”;"

    (b)

    cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    “3a.   I gcás na bhfoirgneamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), féadfar an infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú a chomhcheangal le hinfheistíochtaí i gceann ar bith, nó gach ceann, de na nithe seo a leanas:

    (a)

    suiteálacha comhtháite fuinnimh inathnuaite ar an láithreán lena ngintear leictreachas agus/nó téamh;

    (b)

    trealamh le haghaidh stóráil a dhéanamh ar an bhfuinneamh a ghintear leis an tsuiteáil fuinnimh inathnuaite ar an láithreán;

    (c)

    trealamh agus bonneagar gaolmhar a chuirtear ar áireamh san fhoirgneamh le haghaidh feithiclí leictreacha úsáideoirí an fhoirgnimh a athluchtú;

    (d)

    infheistíochtaí le haghaidh an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun cur lena ullmhacht chliste. Féadfaidh idirghabhálacha atá teoranta do shreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach inmheánach do líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh a bheith i gceist leis na hinfheistíochtaí incháilithe. Eisiatar sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.

    I gcás aon oibreacha comhcheangailte den sórt sin a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), is é a bheidh i gcostas infheistíochta iomlán na bpíosaí éagsúla trealaimh na costais incháilithe.

    Féadfar an chabhair a dheonú d’úinéir/d’úinéirí nó tionónta/tionóntaí an fhoirgnimh nó don tionónta/do na tionóntaí, ag brath ar cé atá ag coimisiúnú na n-oibreacha éifeachtúlachta fuinnimh.”;

    (c)

    cuirtear an mhír 7 seo a leanas isteach:

    “7.   Féadfaidh cabhair do bhearta lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh a bheith bainteach freisin le conarthaí feidhmíochta fuinnimh a éascú faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    tugtar an tacaíocht i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh, nó is é atá i gceist léi táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí faoi seach a athmhaoiniú (e.g. fachtóireacht, forghéilleadh);

    (b)

    ní théann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin amuigh a sholáthraítear faoin mír seo in aghaidh an tairbhí thar EUR 30 milliún;

    (c)

    tugtar an tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga;

    (d)

    tugtar an tacaíocht do chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh de réir bhrí Airteagal 2(27), de Threoir 2012/27/AE;

    (e)

    baineann an chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh le foirgneamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (b).”;

    (21)

    leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an teideal seo a leanas in ionad an teideil:

    “Airteagal 39

    Cabhair infheistíochta do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh i bhfoirm ionstraimí airgeadais”;

    (b)

    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    “2a.   I gcás ina mbainfidh an infheistíocht le feabhas a chur ar (i) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, (ii) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe don oideachas nó seirbhísí sóisialta a sholáthar, (iii) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán poiblí nó do sheirbhísí ceartais, póilíneachta nó comhraicthe dóiteáin, nó (iv) éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh dá dtagraítear i bpointe (i), pointe (ii) nó pointe (iii) agus ina ndéantar gníomhaíochtaí seachas iad sin a luaitear sna pointí sin in achar níos lú ná 35 % den achar urláir, féadfar tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh faoin Airteagal seo a chomhcheangal freisin le ceann ar bith de na hinfheistíochtaí seo a leanas:

    (a)

    suiteáil chomhtháite fuinnimh inathnuaite ar an láithreán lena ngintear leictreachas agus/nó téamh;

    (b)

    trealamh le haghaidh stóráil a dhéanamh ar an bhfuinneamh a ghintear leis an tsuiteáil fuinnimh inathnuaite ar an láithreán;

    (c)

    trealamh agus bonneagar gaolmhar a chuirtear ar áireamh san fhoirgneamh le haghaidh feithiclí leictreacha úsáideoirí an fhoirgnimh a luchtú;

    (d)

    Infheistíochtaí i ndigitiú an fhoirgnimh, go háirithe chun cur lena ullmhacht chliste. Féadfaidh idirghabhálacha atá teoranta do shreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach inmheánach do líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh a bheith i gceist leis na hinfheistíochtaí incháilithe. Eisiatar sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3, mhír 4 agus mhír 5:

    “3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, seachas i gcás na bhfoirgneamh dá dtagraítear i mír 2a, i gcás inarb é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus costas infheistíochta na bpíosaí éagsúla trealaimh a liostaítear i mír 2a.

    4.   Deonófar an chabhair i bhfoirm dearlaice, cothromais, ráthaíochta nó iasachta do chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó d’idirghabhálaí airgeadais eile, a thabharfaidh ar aghaidh í a mhéid is féidir do na tairbhithe deiridh, arb iad úinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh iad, i bhfoirm méideanna maoiniúcháin níos airde, ceanglas comhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle.

    5.   Féadfar an chabhair a dheonaítear leis an gciste éifeachtúlachta fuinnimh nó a ndeonaíonn idirghabhálaí airgeadais eile í do na tionscadail incháilithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith i bhfoirm iasachtaí nó ráthaíochtaí. Ní rachaidh luach ainmniúil na hiasachta nó an mhéid a ráthaítear thar EUR 15 mhilliún in aghaidh an tionscadail ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, seachas i gcás infheistíochtaí comhcheangailte dá dtagraítear i mír 2a, i gcás nach rachaidh sé thar EUR 30 milliún ann. Ní rachaidh an ráthaíocht thar 80 % den iasacht bhunúsach.”;

    (22)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:

    “Airteagal 52

    Cabhair do líonraí leathanbhanda fhosaithe

    1.   Beidh cabhair d’imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra leathanbhanda fhosaithe a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn próiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 6, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha.

    3.   Is incháilithe atá na cineálacha malartacha infheistíochta seo a leanas:

    (a)

    imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe chun teaghlaigh agus spreagthaí socheacnamaíocha a nascadh i limistéir nach bhfuil aon líonra atá in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad (luasanna tairsí) a sholáthar go hiontaofa i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. Eisiafar limistéir ina bhfuil líonra amháin ar a laghad atá in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa i láthair nó beartaithe go hinchreidte. Áiritheoidh an líonra cuidithe go dtiocfaidh méadú ar luasanna íoslódála agus uaslódála ionas gurb é a dhá oiread luais ar a laghad a bheidh ann i gcomparáid leis na líonraí atá i láthair nó atá beartaithe go hinchreidte, agus beidh siad in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad (spriocluasanna) a sholáthar go hiontaofa;

    (b)

    imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe chun teaghlaigh agus spreagthaí socheacnamaíocha a nascadh i limistéir nach bhfuil aon líonra atá in ann soláthar a dhéanamh ar luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad (luasanna tairsí) i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. Eisiafar limistéir ina bhfuil ar a laghad líonra amháin, bíodh sé ann faoi láthair nó beartaithe go hinchreidte, ar líonra éatá in ann luasanna íoslódála100 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa. Áiritheoidh an líonra cuidithe go dtiocfaidh méadú ar luasanna íoslódála agus uaslódála ionas gurb é a dhá oiread luais ar a laghad a bheidh ann i gcomparáid leis na líonraí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte agus beidh siad in ann luasanna íoslódála 300 Mbps ar a laghad agus luasanna uaslódála 100 Mbps ar a laghad (spriocluasanna) a sholáthar go hiontaofa;

    (c)

    imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe chun spreagthaí socheacnamaíocha amháin a nascadh i limistéir nach bhfuil ach líonra amháin atá in ann luasanna is comhionann le 100 Mbps ar a laghad le haghaidh íoslódála agus ar lú iad ná 300 Mbps le haghaidh uaslódála (luasanna tairsí) a sholáthar go hiontaofa i láthair iontu nó atá beartaithe go hinchreidte lena imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. Eisiafar limistéir ina bhfuil ar a laghad líonra amháin, bíodh sé ann faoi láthair nó beartaithe go hinchreidte, ar líonra é atá in ann luasanna íoslódála 300 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa. Eisiafar freisin limistéir ina bhfuil dhá líonra ar a laghad, bídís ina líonraí atá ann faoi láthair nó beartaithe go hinchreidte, ar líonraí iad atá in ann luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa. Is rud é an líonra cuidithe lena n-áiritheofar go dtiocfaidh méadú ar luasanna íoslódála agus uaslódála ionas gurb é a dhá oiread luais ar a laghad a bheidh ann gcomparáid leis na líonraí atá faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte, agus is rud é freisin lena mbeifear in ann luasanna íoslódála 1 Gbps ar a laghad (spriocluasanna) a sholáthar go hiontaofa.

    4.   Déanfar na ceanglais seo a leanas go léir a chomhlíonadh sa léarscáiliú agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3.

    (a)

    sainaithneofar leis an léarscáiliú na sprioclimistéir gheografacha atá beartaithe a chumhdach faoin idirghabháil phoiblí agus cuirfear san áireamh ann na líonraí poiblí agus príobháideacha uile atá ann faoi láthair darb acmhainn na luasanna tairsí a shainaithnítear i mír 3 de réir an chineáil infheistíochta, na luasanna sin a sholáthar go hiontaofa. Déanfar an léarscáiliú: (i) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí lánfhosaithe, agus (ii) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang. I gcás phointe (i) agus phointe (ii), fíorófar an léarscáiliú trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás;

    (b)

    déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe an bhirt atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh léarscáilithe i gcomhréir le pointe (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin iomchuí (lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta). Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí trácht a dhéanamh ar an mbeart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach i gcomhréir le mír (a) maidir leis na líonraí dá gcuid atá in ann na luasanna tairsí a leagtar amach i mír 3 sa sprioclimistéar a sholáthar, ar líonraí iad atá ann faoi láthair nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh ann laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe. I gcás ina dtógfaidh an t-údarás deonúcháin tréimhse ama is giorra nó is faide ná 3 bliana tar éis imscaradh an bhonneagair fhóirdheonaithe, ní mór an tréimhse ama chéanna, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, a úsáid chun a mheasúnú an bhfuil na líonraí dá dtagraítear san abairt roimhe seo beartaithe go hinchreidte lena n-imscaradh. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    5.   Bainfidh an tionscadal cuidithe feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí atá ann faoi láthair nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcomhréir le mír 4. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, mar thoradh ar an idirghabháil fhóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra leathanbhanda agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumas an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí rochtana idirlín leathanbhanda, le luasanna na seirbhísí sin agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte. Ní mór go n-áireofar leis an tionscadal infheistíochtaí substaintiúla i mbonneagar éighníomhach, ar infheistíochtaí iad a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga a bhaineann le huasghrádú na ngnéithe gníomhacha den líonra agus leis sin amháin.

    6.   Deonófar an chabhair mar seo a leanas:

    (a)

    leithdháileadh na cabhrach ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, is leithdháileadh é a dhéanfar ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a bheidh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí agus lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, a bheidh gan dochar do na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme, agus a bhunófar ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch. Chun críocha an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch, déanfaidh údarás deonaithe na cabhrach critéir dhámhachtana cáilíochtúla a bhunú roimh ré, critéir a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus nach móra mheas in aghaidh mhéid na cabhrach a iarrfar. Agus coinníollacha cáilíochta cosúla á n-úsáid, dámhfar an chabhair don tairgeoir a bhfuil an méid cabhrach is ísle a iarrtar aige.

    (b)

    i gcás ina ndéanfar an chabhair a dheonú gan nós imeachta roghnúcháin iomaíoch d’údarás poiblí chun líonra leathanbhanda fhosaithe a imscaradh agus a bhainistiú go díreach nó trí eintiteas inmheánach, ní sholáthróidh an t-údarás poiblí nó an t-eintiteas inmheánach, de réir mar a bheidh, ach seirbhísí mórdhíola tríd an líonra fóirdheonaithe a úsáid. Áiritheoidh an t-údarás poiblí leithscaradh cuntasaíochta idir na cistí a úsáidtear chun an líonra a oibriú agus cistí eile atá ar fáil dó. Aon lamháltas nó aon ní eile a thabharfar do thríú páirtí chun an líonra a thógáil nó a oibriú, is trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéanfar é a leithdháileadh, nós imeachta bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, a bheidh gan dochar do na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme, agus a bheidh bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

    7.   Tairgfidh oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ghníomhach agus éighníomhach is leithne is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear díchuachadh fisiciúil. Féadfaidh tionscadal díchuachadh fíorúil, seachas díchuachadh fisiciúil, a thairiscint, más rud é go ndearbhaíonn an t-údarás rialála náisiúnta an táirge rochtana fíorúil a bheith coibhéiseach le díchuachadh fisiciúil. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 7 mbliana ar a laghad agus ní bheidh aon teorainn ama ann leis an rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar fisiciúil, lena n-áirítear duchtanna agus cuaillí. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra fóirdheonaithe ar fad, lena n-áirítear ar chodanna den líonra inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra fhóirdheonaithe. I gcás cabhair do thógáil duchtanna, beidh na duchtanna mór go leor chun freastal ar thrí líonra ar a laghad agus ar thoipeolaíochtaí líonra difriúla.

    8.   Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    9.   Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 milliún.”;

    (23)

    cuirtear an tAirteagal 52a, an tAirteagal 52b agus an tAirteagal 52c seo a leanas isteach:

    “Airteagal 52a

    Cabhair do líonraí móibíleacha 4G agus 5G

    1.   Beidh cabhair d’imscaradh líonraí móibíleacha 4G agus 5G comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra móibíleach éighníomhach a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn próiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 7, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 7, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha.

    3.   Beidh infheistíocht 5G lonnaithe i limistéir nár imscaradh líonraí móibíleacha iontu nó nach bhfuil ar fáil iontu ach líonraí móibíleacha atá in ann tacú le seirbhísí móibíleacha suas le 3G agus nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 4G ná 5G i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ionchasach ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4. Beidh infheistíocht 4G lonnaithe i limistéir nár imscaradh líonraí móibíleacha iontu nó nach bhfuil ar fáil iontu ach líonraí móibíleacha atá in ann tacú le seirbhísí móibíleacha suas le 2G agus nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 3G, 4G ná 5G i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ionchasach ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 2 bhliain. Fíorófar seo trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4.

    4.   Déanfar na ceanglais seo a leanas go léir a chomhlíonadh sa léarscáiliú agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3:

    (a)

    sainaithneofar go soiléir sa léarscáiliú na sprioclimistéir gheografacha atá beartaithe a chumhdach faoin idirghabháil phoiblí agus cuirfear san áireamh ann na líonraí móibíleacha uile atá ann faoi láthair, de réir an chineáil infheistíochta. Déanfar an léarscáiliú ar bhonn eangach 100 x100 méadar ar a mhéad. Fíorófar an léarscáiliú trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás.

    (b)

    déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe an bhirt atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh léarscáilithe i gcomhréir le pointe (a) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin iomchuí (lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta). Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí trácht a dhéanamh ar an mbeart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach i gcomhréir le pointe (a) maidir leis na líonraí móibíleacha dá gcuid sa sprioclimistéar, ar líonraí iad atá i láthair ann nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh ann laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe. I gcás ina dtógfaidh an t-údarás deonúcháin tréimhse ama is giorra nó is faide ná 3 bliana tar éis imscaradh an bhonneagair fhóirdheonaithe, ní mór an tréimhse ama chéanna, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, a úsáid chun a mheasúnú an bhfuil na líonraí dá dtagraítear san abairt roimhe beartaithe go hinchreidte lena n-imscaradh. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    5.   Ní chuirfear an bonneagar cuidithe san áireamh chun comhlíonadh a dhéanamh ar na hoibleagáidí cumhdaigh de chuid oibreoirí líonraí móibíleacha a eascróidh as coinníollacha atá ceangailte le cearta chun speictream 4G agus 5G a úsáid.

    6.   An tionscadal lena dtacófar, is tionscadal é lena mbainfear feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí móibíleacha atá ann faoi láthair nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe, nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcomhréir le mír 4. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, mar thoradh ar an idirghabháil fhóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra móibíleach agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumas an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí móibíleacha, le luasanna na seirbhísí sin, agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte. Ní mór go n-áireofar leis an tionscadal infheistíochtaí substaintiúla i mbonneagar éighníomhach, ar infheistíochtaí iad a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga a bhaineann le huasghrádú na ngnéithe gníomhacha den líonra agus leis sin amháin.

    7.   Deonófar an chabhair mar seo a leanas:

    (a)

    leithdháilfear an chabhair ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar bhonn próisis roghnúcháin iomaíoch atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ar aon dul le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú, gan dochar do na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme, bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch. Chun críocha an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch, déanfaidh an t-údarás deonúcháin cabhrach critéir dhámhachtana cáilíochtúla atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bhunú roimh ré, ar critéir iad nach mór a mheas in aghaidh an mhéid chabhrach a iarrtar. Agus coinníollacha cáilíochta cosúla á n-úsáid, dámhfar an chabhair don tairgeoir a bhfuil an méid cabhrach is ísle a iarrtar aige.

    (b)

    i gcás ina ndéanfar an chabhair a dheonú gan nós imeachta roghnúcháin iomaíoch d’údarás poiblí chun líonra móibíleach éighníomhach a imscaradh agus a bhainistiú go díreach nó trí eintiteas inmheánach, ní sholáthróidh an t-údarás poiblí nó an t-eintiteas inmheánach, de réir mar a bheidh, ach seirbhísí mórdhíola tríd an líonra fóirdheonaithe a úsáid. Áiritheoidh an t-údarás poiblí leithscaradh cuntasaíochta idir na cistí a úsáidtear chun an líonra a oibriú agus cistí eile atá ar fáil don údarás poiblí. Déanfar aon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun an líonra a thógáil nó a oibriú a leithdháileadh trí phróiseas roghnúcháin iomaíoch atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ar aon dul le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú, gan dochar do na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme, bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

    8.   Tairgfidh oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ghníomhach agus éighníomhach is leithne is féidir, i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 7 mbliana ar a laghad agus ní bheidh aon teorainn ama ann leis an rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar fisiciúil, lena n-áirítear duchtanna agus cuaillí. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra fóirdheonaithe ar fad, lena n-áirítear ar na codanna de líonra den sórt sin inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana beag beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra fhóirdheonaithe. I gcás cabhair do thógáil duchtanna, beidh na duchtanna mór go leor chun freastal ar na hoibreoirí líonraí móibíleacha uile atá ann cheana ar a laghad.

    9.   Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    10.   Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 milliún.

    11.   Ní cheadófar an líonra 4G nó 5G atá cistithe go poiblí a úsáid chun seirbhísí rochtana fosaithe gan sreang a sholáthar ach amháin mar seo a leanas:

    (a)

    I limistéir nach bhfuil aon líonra atá in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad (luasanna tairsí) a sholáthar go hiontaofa i láthair iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas: (i) cuirtear san áireamh sa chleachtadh léarscáilithe agus comhairliúcháin phoiblí freisin na líonraí leathanbhanda fhosaithe atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 52(4); (ii) an réiteach rochtana fosaithe 4G nó 5G gan sreang lena dtacófar, is réiteach é lena mbeifear in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa agus tá sé in ann cur leis an luas íoslódála agus uaslódála ionas gurb é a dhá oiread luais ar a laghad a bheidh ann i gcomparáid leis na líonraí fosaithe atá i láthair nó atá beartaithe go hinchreidte sna limistéir sin;

    (b)

    I limistéir nach bhfuil aon líonra atá in ann luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad (luasanna tairsí) a sholáthar go hiontaofa iontu faoi láthair nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh de 3 bliana ó fhoilsiú an bhirt cabhrach atá beartaithe nó laistigh den tréimhse ama chéanna ina n-imscarfar an líonra fóirdheonaithe, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas: (i) cuirtear san áireamh sa chleachtadh léarscáilithe agus comhairliúcháin phoiblí freisin na líonraí leathanbhanda fhosaithe atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 52(4); (ii) réiteach rochtana fosaithe 4G nó 5G gan sreang lena dtacófar, is réiteach é lena mbeifear in ann luasanna íoslódála 300 Mbps ar a laghad agus luasanna uaslódála 100 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa, chomh maith le méadú ar an luas íoslódála agus uaslódála a mhéadú ionas gurb é a dhá oiread luais ar a laghad a bheidh ann i gcomparáid leis na líonraí fosaithe atá i láthair nó atá beartaithe go hinchreidte sna limistéir sin.

    Airteagal 52b

    Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití

    1.   Maidir le cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Comhlíonfaidh tionscadail na coinníollacha comhoiriúnachta ginearálta carnacha a leagtar síos i mír 3. Ina theannta sin, tiocfaidh siad faoi cheann amháin de na catagóirí tionscadal incháilithe a leagtar síos i mír 4 agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha comhoiriúnachta sonracha uile don chatagóir ábhartha a leagtar síos sa mhír sin. Ní thagann faoi raon feidhme na díolúine a sholáthraítear i mír (1) ach na tionscadail sin nach dtagraíonn ach do na gnéithe agus na heintitis a shonraítear faoi gach catagóir ábhartha i mír (4).

    3.   Is mar a leagtar amach a leanas a bheidh na coinníollacha comhoiriúnachta carnacha ginearálta:

    (a)

    ní mór don tairbhí ranníocaíocht airgeadais ar fiú 25 % ar a laghad de na costais incháilithe í a sholáthar trína acmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí i gceist leis. I gcás ina soláthrófar an ranníocaíocht 25 % ón tairbhí trí mhaoiniú seachtrach trí ardán infheistíochta ina gcomhcheanglaítear foinsí difriúla maoiniúcháin, cuirfear in ionad an choinníll nár cheart aon tacaíocht airgeadais phoiblí a bheith i gceist le maoiniú seachtrach, mar a leagtar síos san abairt roimhe sin, an ceanglas go mbeadh infheistíocht phríobháideach ar fiú 30 % ar a laghad í a bheith ann san ardán.

    (b)

    ní bheidh incháilithe do chabhair ach costais ar costais infheistíochta incháilithe iad faoi Rialachán (AE) 2021/1153 maidir leis an mbonneagar a imlonnú.

    (c)

    ní mór an tionscadal a roghnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1153 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

    (i)

    ag idirghabhálaí airgeadais neamhspleách arna cheapadh ag an gCoimisiún Eorpach ar bhonn treoirlínte infheistíochta atá comhaontaithe go coiteann;

    (ii)

    ag an gCoimisiún trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá bunaithe ar chritéir shoiléire, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha; nó

    (iii)

    ag saineolaithe neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún.

    (d)

    ní mór don tionscadal inniúlachtaí nascachta a chumasú a théann níos faide ná na ceanglais a bhaineann le hoibleagáidí dlíthiúla ar bith atá ann cheana, amhail iad sin a ghabhann le speictream maidir le ceart úsáide.

    (e)

    ní mór don tionscadal rochtain mhórdhíola oscailte tríú páirtí a áirithiú, lena n-áirítear díchuachadh, faoi choinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, i gcomhréir le hAirteagal 52(7) agus (8) nó le hAirteagal 52a(8) agus (9), de réir mar is iomchuí.

    4.   Catagóirí na dtionscadal incháilithe agus na coinníollacha comhoiriúnachta sonracha carnacha is infheidhme maidir leo, is mar seo a leanas a bheidh na catagóirí agus na coinníollacha:

    (a)

    infheistíochtaí i gcuid trasteorann de chonair 5G a imscaradh feadh conair iompair a shainaithnítear sna treoirlínte maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (conairí TEN-T), ar infheistíochtaí iad a chomhlíonann na coinníollacha sonracha carnacha seo a leanas:

    (i)

    is é atá sa tionscadal cuid trasteorann de chonair 5G a thrasnaíonn an teorainn idir dhá Bhallstát nó níos mó nó a thrasnaíonn an teorainn idir Ballstát amháin nr a laghad agus tír amháin ar a laghad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (ii)

    ní bheidh sna codanna trasteorann iomlána de chonairí 5G atá lonnaithe i mBallstát níos mó ná 15 % d’fhad iomlán na gconairí 5G feadh an chroíghréasáin thras-Eorpaigh iompair sa Bhallstát sin nach gcumhdaítear le haon oibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana, amhail iad sin a ghabhann le speictream maidir le ceart úsáide. Ar bhonn eisceachtúil, má thacaíonn Ballstát le conairí trasteorann 5G a imscaradh feadh a ghréasáin chuimsithigh thras-Eorpaigh iompair, ní bheidh sna codanna trasteorann iomlána de chonairí 5G atá lonnaithe sa Bhallstát sin níos mó ná 15 % d’fhad iomlán na gconairí 5G feadh an ghréasáin chuimsithigh thras-Eorpaigh iompair sa Bhallstát sin nach gcumhdaítear le haon oibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana, amhail iad sin a ghabhann le speictream maidir le ceart úsáide;

    (iii)

    áirithíonn an tionscadal infheistíocht mhór nua sa líonra móibíleach 5G, arb infheistíocht í atá oiriúnach do sheirbhísí soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga a bhaineann le huasghrádú na n-eilimintí gníomhacha den líonra agus leis sin amháin;

    (iv)

    ní thacaíonn an tionscadal le himscaradh bonneagair éighníomhach nua ach amháin más rud é nach féidir bonneagar éighníomhach atá ann cheana a athúsáid.

    (b)

    infheistíochtaí in imscaradh coda trasteorann de líonra uile-Eorpach cnámh droma teirighiotáin lena dtacaítear le cuspóirí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh trí shaoráidí ríomhaireachta, saoráidí sár-ríomhaireachta agus bonneagair shonraí áirithe a idirnascadh, ar infheistíochtaí iad a chomhlíonann na coinníollacha sonracha carnacha seo a leanas:

    (i)

    déanfaidh an tionscadal sócmhainní nascachta, lena n-áirítear Cearta Dochloíte Úsáide, snáithín dorcha nó trealamh, a imscaradh nó a fháil le haghaidh cuid trasteorann de líonra cnámh droma uile-Eorpach a thógáil lena dtacaítear leis an idirnasc le nascacht neamhiallaithe ó cheann go ceann 1 Tbps ar a laghad, rud ina bhfuil dhá cheann ar a laghad de shaoráidí ríomhaireachta, de shaoráidí sár-ríomhaireachta nó de bhonneagair shonraí: (1) ar eintitis óstála an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle (*) iad nó ar bonneagair thaighde agus bonneagair eile ríomhaireachta agus shonraí iad lena dtacaítear le tionscadail shuaitheanta taighde agus misin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) agus i Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle lena rannchuidítear le cuspóirí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh; agus (2) atá lonnaithe in dhá Bhallstát ar a laghad nó i mBallstát amháin ar a laghad agus i mball amháin ar a laghad den Limistéar Eorpach Taighde;

    (ii)

    áirithíonn an tionscadal infheistíocht mhór nua sa líonra cnámh droma, ar infheistíocht í a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga, amhail infheistíochtaí a bhaineann le huasghráduithe bogearraí nó le ceadúnú agus leo sin amháin;

    (iii)

    is trí sholáthar poiblí a fhaightear sócmhainní nascachta; agus

    (iv)

    ní thacaíonn an tionscadal le himscaradh bonneagair éighníomhach nua ach amháin más rud é nach féidir bonneagar éighníomhach atá ann cheana a athúsáid.

    (c)

    infheistíochtaí in imscaradh coda trasteorann de líonra cnámh droma lena n-idirnasctar néalbhonneagair spreagthaí socheacnamaíocha áirithe, ar infheistíochtaí iad a chomhlíonann na coinníollacha sonracha carnacha seo a leanas:

    (i)

    idirnascann an tionscadal néalbhonneagair spreagthaí socheacnamaíocha ar riaracháin phoiblí iad nó ar eintitis phoiblí nó phríobháideacha iad a gcuirtear de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nó seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú de réir bhrí Airteagal 106(2) den Chonradh;

    (ii)

    is é atá sa tionscadal cuid trasteorann d’imscaradh líonraí cnámh droma nua trasteorann nó uasghrádú mór ar líonraí den sórt sin atá ann cheana (1) a thrasnaíonn an teorainn idir dhá Bhallstát nó níos mó nó (2) a thrasnaíonn an teorainn idir Ballstát amháin ar a laghad agus tír amháin ar a laghad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

    (iii)

    cumhdaíonn an tionscadal dhá spreagadh shocheacnamaíocha incháilithe ar a laghad faoi phointe (i), spreagthaí a n-oibríonn gach ceann díobh i mBallstát difriúil, nó a n-oibríonn ceann amháin díobh i mBallstát amháin agus an ceann eile i dtír de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch;

    (iv)

    áirithíonn an tionscadal infheistíocht mhór nua sa líonra cnámh droma, arb infheistíocht í a théann níos faide ná infheistíochtaí beaga, amhail infheistíochtaí a bhaineann le huasghráduithe bogearraí nó le ceadúnú agus leis na nithe sin amháin. Beidh an tionscadal in ann luasanna siméadracha íoslódála agus uaslódála arb iolruithe ar 10 Gbps ar a laghad a bheidh iontu a sholáthar go hiontaofa;

    (v)

    ní thacaíonn an tionscadal le himscaradh bonneagair éighníomhach nua ach amháin más rud é nach féidir bonneagar éighníomhach atá ann cheana a athúsáid.

    (d)

    infheistíochtaí in imscaradh líonra fhomhuirí cáblaí, ar infheistíochtaí iad a chomhlíonann na coinníollacha sonracha carnacha seo a leanas:

    (i)

    is é atá sa tionscadal cuid trasteorann de líonra cábla fhomhuirí (1) a thrasnaíonn an teorainn idir dhá Bhallstát nó níos mó nó (2) a thrasnaíonn an teorainn idir Ballstát amháin ar a laghad agus tír amháin ar a laghad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. De rogha air sin, ní áiritheoidh an t-eintiteas a bhfuil cabhair á fáil aige ach an soláthar seirbhísí mórdhíola agus feabhsófar leis an mbonneagar faoi thacaíocht nascacht na réigiún Eorpach is forimeallaí, na gcríoch Eorpach thar lear nó na réigiún oileánda Eorpach, fiú laistigh de Bhallstát aonair;

    (ii)

    níor cheart bealaí a bhfreastalaítear orthu cheana féin le dhá líonra cnámh droma ar a laghad atá i láthair nó atá beartaithe go hinchreidte a bheith i gceist leis an tionscadal;

    (iii)

    áirithíonn an tionscadal infheistíocht mhór nua sa líonra cábla fhomhuirí trí chábla fomhuirí nua nó nasc nua le cábla fomhuirí atá ann cheana a chur i bhfeidhm, trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna iomarcaíochta agus trí dhul níos faide ná infheistíochtaí beaga. Beidh an tionscadal in ann luasanna siméadracha íoslódála agus uaslódála 1 Gbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa;

    (iv)

    ní thacaíonn an tionscadal le himscaradh bonneagair éighníomhach nua ach amháin más rud é nach féidir bonneagar éighníomhach atá ann cheana a athúsáid.

    Airteagal 52c

    Dearbháin Nascachta

    1.   Maidir le cabhair a bheidh i bhfoirm scéime dearbhán nascachta do thomhaltóirí chun teilea-oibriú, oideachas ar líne agus seirbhísí oiliúna a éascú nó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní mhairfidh aon scéim dearbhán níos mó ná 24 mhí.

    3.   Beidh na catagóirí scéimeanna dearbhán seo a leanas incháilithe:

    (a)

    scéimeanna dearbhán atá ar fáil do thomhaltóirí le haghaidh síntiús a íoc le seirbhís rochtana idirlín leathanbhanda nua nó le haghaidh an síntiús reatha a uasghrádú go seirbhís a sholáthraíonn luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad, ar choinníoll go mbeidh gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá in ann luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa incháilithe faoin scéim dearbhán, áit nach mbronnfar dearbháin le haghaidh athrú idir soláthraithe a sholáthraíonn na luasanna céanna ná le haghaidh uasghráduithe ar shíntiús reatha lena ngabhann luas íoslódála 30 Mbps ar a laghad;

    (b)

    scéimeanna dearbhán atá ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide le haghaidh síntiús a íoc le seirbhís rochtana idirlín leathanbhanda nua nó le haghaidh an síntiús reatha a uasghrádú go seirbhís a sholáthraíonn luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad, ar choinníoll go mbeidh gach soláthraí atá in ann luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad a sholáthar go hiontaofa incháilithe faoin scéim dearbhán, áit nach mbronnfar dearbháin le haghaidh athrú idir soláthraithe a sholáthraíonn na luasanna céanna ná le haghaidh uasghráduithe ar shíntiús reatha lena ngabhann luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad.

    4.   Cumhdófar leis na dearbháin suas le 50 % de na costais suiteála iomlána agus den táille mhíosúil iomlán a bhaineann le síntiús a ghlacadh le seirbhís rochtana idirlín leathanbhanda lena ngabhann na luasanna a shonraítear i mír 3, bíodh sé sin ar bhonn aonair nó mar chuid de bheartán seirbhísí, lena n-áirítear, ar a laghad, an trealamh teirminéalach (móideim/ródaire) atá riachtanach le haghaidh rochtain idirlín lena ngabhann na luasanna a shonraítear i mír 3 a fháil. Íocfaidh na húdaráis phoiblí an dearbhán go díreach leis na húsáideoirí deiridh nó íocfaidh siad é go díreach leis an soláthraí seirbhíse arna roghnú ag na húsáideoirí deiridh, áit a ndéanfar méid an dearbháin a asbhaint ó shonrasc na n-úsáideoirí deiridh.

    5.   Ní bheidh na dearbháin ar fáil do thomhaltóirí ná d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ach amháin i limistéir a bhfuil líonra amháin ar a laghad iontu cheana atá in ann na luasanna a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa, rud a fhíorófar trí léarscáiliú agus trí chomhairliúchán poiblí. Sa chleachtadh léarscáilithe agus sa chomhairliúchán poiblí, sainaithneofar na sprioclimistéir gheografacha a chumhdaítear le líonra amháin ar a laghad atá in ann an luas a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa ar feadh thréimhse na scéime dearbhán, sainaithneofar na soláthraithe incháilithe atá i láthair sa limistéar agus baileofar faisnéis chun a sciar den mhargadh a ríomh. Déanfar an léarscáiliú (i) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí fosaithe atá bunaithe ar shreanglíne, agus (ii) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang nó i gcás líonraí móibíleacha. Fíorófar an léarscáiliú trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás. Déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe an bhirt atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh léarscáilithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin iomchuí, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta. Sa chomhairliúchán poiblí, tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar an dréachtbheart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach maidir leis na líonraí atá ann cheana atá in ann an luas a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    6.   Leis an scéim dearbhán, comhlíonfar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, a mhéid a fhéadfar na dearbháin a úsáid le haghaidh síntiús a ghlacadh le seirbhísí de chuid aon oibreoirí atá in ann na luasanna a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa thar líonra leathanbhanda atá ann cheana, gan beann ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear. Chun rogha na dtomhaltóirí nó na bhfiontar beag agus meánmhéide a éascú, déanfar an liosta soláthraithe incháilithe do gach ceann de na sprioclimistéir gheografacha a fhoilsiú ar líne agus beidh gach soláthraí leasmhar in ann iarratas a dhéanamh ar a gcuimsiú ann ar bhonn critéar oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

    7.   Chun bheith incháilithe, i gcásanna ina mbeidh soláthraí na seirbhíse rochtana idirlín leathanbhanda comhtháite go hingearach agus inar mó ná 25 % a sciar den mhargadh miondíola, ní mór dó táirge rochtana mórdhíola amháin ar a laghad atá in ann a áirithiú go mbeidh an t-iarrthóir rochtana in ann seirbhís mhiondíola a sholáthar go hiontaofa ag an luas a shonraítear i mír 3 a thairiscint d’aon soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar an margadh comhfhreagrach rochtana mórdhíola faoi choinníollacha oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha. Socrófar an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas: (i) na meánphraghsanna foilsithe mórdhíola atá i réim i limistéir inchomparáide níos iomaíche eile den Bhallstát nó den Aontas; nó (ii) in éagmais praghsanna foilsithe den sórt sin, na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta cheana féin ag an údarás rialála náisiúnta do na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó (iii) in éagmais praghsanna foilsithe nó rialáilte den sórt sin, comhlíonfaidh an phraghsáil an treoshuíomh costas agus an mhodheolaíocht arna sainordú i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála. Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    (*)  Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1)."

    (**)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).”;"

    (24)

    cuirtear an Roinn 16 seo a leanas isteach tar éis Airteagal 56c:

    ROINN 16

    Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo

    Airteagal 56d

    Raon feidhme agus coinníollacha coiteanna

    1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, ar táirgí iad lena soláthraítear cabhair do chomhpháirtithe cur chun feidhme, d’idirghabhálaithe airgeadais nó do thairbhithe deiridh.

    2.   Beidh an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I, san Airteagal seo agus i gceachtar d’Airteagal 56e nó d’Airteagal 56f.

    3.   Comhlíonfaidh an chabhair na coinníollacha infheidhme uile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/523 agus na Treoirlínte Infheistíochta InvestEU a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún (*).

    4.   Beidh feidhm ag na huastairseacha a leagtar síos in Airteagal 56e agus in Airteagal 56f maidir leis an maoiniú iomlán atá amuigh, a mhéid atá cabhair i gceist leis an maoiniú sin a sholáthraítear faoi aon táirge airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis. Beidh feidhm ag na huastairseacha:

    (a)

    in aghaidh an tionscadail, i gcás cabhrach a chumhdaítear le hAirteagal 56e(2) agus (4), le hAirteagal 56e(5), pointe (a)(i), le hAirteagal 56e(6) agus (7), le hAirteagal 56e(8), pointe (a) agus pointe (b), agus le hAirteagal 56e(9);

    (b)

    in aghaidh an tairbhí deiridh, i gcás cabhrach a chumhdaítear le hAirteagal 56e(5), pointí (a)(ii) agus (iii), le hAirteagal 56e(8), pointe (d), le hAirteagal 56e(10) agus le hAirteagal 56f.

    5.   Ní dheonófar cabhair i bhfoirm punann atá ann cheana de chuid idirghabhálaithe airgeadais a athmhaoiniú ná i bhfoirm ráthaíochtaí ar phunanna atá ann cheana de chuid idirghabhálaithe airgeadais.

    Airteagal 56e

    Coinníollacha do chabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo

    1.   Maidir le cabhair a thugtar don tairbhí deiridh faoi tháirge airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis:

    (a)

    comhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar amach i gceann amháin de mhíreanna 2 go 9; agus

    (b)

    i gcás ina soláthrófar an maoiniú i bhfoirm iasachtaí don tairbhí deiridh, is cabhair í lena mbainfidh ráta úis a chomhfhreagraíonn do bhonnráta an ráta tagartha is infheidhme tráth a dheonaítear an iasacht ar a laghad.

    2.   Maidir le cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh faoin Rialachán sin, ní dheonófar í ach amháin do thionscadail a chomhlíonann na coinníollacha comhoiriúnachta ginearálta agus sonracha uile a leagtar síos in Airteagal 52b. Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún.

    3.   Maidir le cabhair d’infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda fhosaithe nach bhfuil beartaithe ach amháin chun spreagthaí socheacnamaíocha incháilithe áirithe a nascadh, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní dheonófar cabhair ach amháin do thionscadail a chomhlíonann na coinníollacha comhoiriúnachta uile a leagtar síos in Airteagal 52, mura léirítear a mhalairt i bpointe (c) agus i bpointe (d) den mhír seo;

    (b)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún;

    (c)

    ní nascann an tionscadal ach spreagthaí socheacnamaíocha ar riaracháin phoiblí iad nó ar eintitis phoiblí nó phríobháideacha iad a gcuirtear de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nó seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú de réir bhrí Airteagal 106(2) den Chonradh. Eisiatar tionscadail lena gcuimsítear eilimintí nó eintitis seachas iad sin a shonraítear faoin bpointe seo;

    (d)

    de mhaolú ar Airteagal 52(4), ní mór an teip margaidh shainaitheanta a fhíorú trí léarscáiliú iomchuí atá ar fáil nó, i gcás nach mbeidh léarscáiliú den sórt sin ar fáil ann, trí chomhairliúchán poiblí, mar a leanas:

    (i)

    Is féidir an léarscáiliú a mheas a bheith iomchuí mura sine ná 18 mí é agus má áirítear leis gach líonra atá in ann luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad agus ar lú iad ná 300 Mbps (luasanna tairsí) agus atá in-nasctha le háitribh aon spreagtha shocheacnamaíoch incháilithe a shainaithnítear i bpointe (c) a sholáthar go hiontaofa. Ní mór don údarás poiblí inniúil an léarscáiliú sin a dhéanamh, ní mór aird a thabhairt ann ar gach líonra atá in ann na luasanna tairsí a sholáthar go hiontaofa agus atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte sna chéad 3 bliana eile nó laistigh den tréimhse ama chéanna leis an idirghabháil bheartaithe faoi thacaíocht, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, agus ní mór é a dhéanamh (i) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí lánfhosaithe; agus (ii) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100 x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang;

    (ii)

    ní mór don údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí a dhéanamh trí é a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin iomchuí, agus cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar an dréachtbheart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach maidir le líonraí atá in ann luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad agus ar lú iad ná 300 Mbps (luasanna tairsí) a sholáthar go hiontaofa agus atá ann faoi láthair nó atá beartaithe go hinchreidte sna chéad 3 bliana eile nó laistigh den tréimhse ama chéanna leis an idirghabháil bheartaithe faoi thacaíocht, ar tréimhse í nach bhféadfaidh a bheith níos giorra ná 2 bhliain, atá in-nasctha le háitreabh aon spreagtha shocheacnamaíoch incháilithe dá dtagraítear i bpointe (c), bunaithe ar fhaisnéis: (i) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí lánfhosaithe; agus (ii) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    4.   Maidir le cabhair do ghiniúint fuinnimh agus do bhonneagar fuinnimh, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní dheonófar cabhair ach amháin d’infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh i ngás agus i leictreachas nach ndíolmhaítear ó rochtain tríú páirtí, ó rialáil taraifí agus ó dhíchuachadh, bunaithe ar reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh do na catagóirí tionscadal seo a leanas:

    (i)

    a mhéid a bhaineann le bonneagar gáis, tionscadail a chuirtear ar áireamh i liosta reatha an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**);

    (ii)

    a mhéid a bhaineann le bonneagar leictreachais:

    (1)

    eangacha cliste, lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar tarchuir agus dáileacháin leictreachais a fhorbairt, a dhéanamh níos cliste agus a nuachóiriú;

    (2)

    tionscadail eile:

    a chomhlíonann aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; nó

    a chuirtear ar áireamh i liosta reatha an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013;

    (3)

    tionscadail eile, seachas tionscadail stórála leictreachais, i limistéir fhóirithinte;

    (iii)

    tionscadail stórála leictreachais, atá bunaithe ar theicneolaíocht nua agus nuálach, beag beann ar leibhéal voltais an naisc leis an líonra;

    (b)

    maidir le cabhair infheistíochta d’fhuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

    (i)

    ní dheonófar cabhair ach amháin do shuiteálacha nua a roghnaíodh ar bhonn iomaíoch, trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach;

    (ii)

    féadfar cabhair a dheonú do shuiteálacha nua, i dteannta trealamh stórála nó leictrealóirí hidrigine freisin, ar choinníoll nach n-úsáideann an trealamh stórála leictreachais, an trealamh stórála hidrigine agus na leictrealóirí hidrigine ach an fuinneamh arna ghiniúint le suiteáil/suiteálacha fuinnimh inathnuaite;

    (iii)

    ní dheonófar cabhair do shuiteálacha hidreachumhachta nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE;

    (iv)

    i gcás suiteálacha lena dtáirgtear bithbhreoslaí, ní dheonófar cabhair ach amháin do shuiteálacha lena dtáirgtear bithbhreoslaí inbhuanaithe seachas bithbhreoslaí biabhunaithe.

    (c)

    Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail dá dtagraítear i bpointe (a) faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún. Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 75 mhilliún.

    5.   Maidir le cabhair do bhonneagar agus gníomhaíochtaí sóisialta, oideachais, cultúir agus oidhreachta nádúrtha, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar na méideanna seo a leanas:

    (i)

    EUR 100 milliún in aghaidh an tionscadail d’infheistíochtaí i mbonneagar a úsáidtear chun seirbhísí sóisialta a sholáthar agus don oideachas; EUR 150 milliún in aghaidh an tionscadail chun na gcríoch caomhnaithe cultúir agus oidhreachta agus do na gníomhaíochtaí caomhnaithe cultúir agus oidhreachta a leagtar amach in Airteagal 53(2), lena n-áirítear an oidhreacht nádúrtha;

    (ii)

    EUR 30 milliún do ghníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí sóisialta;

    (iii)

    EUR 75 mhilliún do ghníomhaíochtaí a bhaineann le caomhnú cultúir agus oidhreachta; agus

    (iv)

    EUR 5 mhilliún don oideachas agus don oiliúint.

    (b)

    ní dheonófar cabhair d’oiliúint a bhfuil mar aidhm léi ceanglais oiliúna éigeantacha náisiúnta a chomhlíonadh.

    6.   Maidir le cabhair don iompar agus do bhonneagair iompair, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní sholáthrófar cabhair do bhonneagar, seachas calafoirt, ach amháin do na tionscadail seo a leanas:

    (i)

    tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, seachas tionscadail a bhaineann le bonneagar calafoirt nó aerfoirt;

    (ii)

    naisc le nóid uirbeacha an ghréasáin Thras-Eorpaigh iompair;

    (iii)

    rothstoc, chun seirbhísí iompair d’iarnród nach gcumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***) a sholáthar agus chuige sin amháin, ar choinníoll gur iontrálaí nua é an tairbhí;

    (iv)

    an t-iompar uirbeach;

    (v)

    bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear leictreachas nó hidrigin inathnuaite d’fheithiclí.

    (b)

    maidir le cabhair do thionscadail bhonneagair chalafoirt, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

    (i)

    ní fhéadfar cabhair a sholáthar ach amháin d’infheistíochtaí i mbonneagar rochtana agus i mbonneagar calafoirt a chuirtear ar fáil d’úsáideoirí leasmhara ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí margaidh;

    (ii)

    maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun bonneagar calafoirt cuidithe a thógáil, a uasghrádú, a oibriú nó a ghlacadh ar cíos, sannfar é ar bhonn iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchoinníollach;

    (iii)

    ní dheonófar cabhair d’infheistíochtaí i bhforstruchtúir chalafoirt.

    (c)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún.

    7.   Maidir le cabhair do bhonneagair eile, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní sholáthrófar cabhair ach amháin do na tionscadail seo a leanas:

    (i)

    infheistíocht i mbonneagar soláthair uisce agus i mbonneagar fuíolluisce don phobal i gcoitinne;

    (ii)

    infheistíocht i ndramhaíl a athchúrsáil agus a ullmhú dá hathúsáid ar aon dul le hAirteagal 47(1) go (6), a mhéid atá sí dírithe ar dhramhaíl arna giniúint ag gnóthais eile a bhainistiú;

    (iii)

    infheistíocht i mbonneagar taighde;

    (iv)

    infheistíocht i saoráidí braisle nuálaíochta a thógáil nó a uasghrádú;

    (b)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 100 milliún.

    8.   Maidir le cabhair do chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní sholáthrófar cabhair ach amháin do na tionscadail seo a leanas:

    (i)

    infheistíochtaí a chuireann ar chumas gnóthas leigheas nó seachaint a dhéanamh ar dhamáiste do thimpeallachtaí fisiciúla (lena n-áirítear an t-athrú aeráide) nó d’acmhainní nádúrtha de bharr ghníomhaíochtaí an tairbhí é féin, a mhéid a théann an infheistíocht níos faide ná caighdeáin an Aontais do chosaint an chomhshaoil, a mhéadaíonn sí an leibhéal cosanta comhshaoil in éagmais caighdeán ón Aontas nó atá i gceist léi luathoiriúnú do chaighdeáin amach anseo ón Aontas do chosaint an chomhshaoil;

    (ii)

    bearta lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh aon ghnóthais, a mhéid nach ndéantar na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an gnóthas caighdeáin ón Aontas a glacadh cheana féin, fiú mura bhfuil siad i bhfeidhm go fóill;

    (iii)

    láithreáin éillithe a leigheas, a mhéid nach ndéantar aon duine dlítheanach nó fisiciúil atá faoi dhliteanas i leith an damáiste don chomhshaol faoin dlí is infheidhme a shainaithint ar aon dul leis an bprionsabal gurb é “údar an truaillithe a íocfaidh as” dá dtagraítear in Airteagal 45(3);

    (iv)

    staidéir chomhshaoil;

    (v)

    bithéagsúlacht agus éiceachórais a fheabhsú agus a athbhunú, i gcás ina gcuireann an ghníomhaíocht sin le bithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú nó a athbhunú agus le dea-bhail a chur ar éiceachórais nó le héiceachórais a bhfuil dea-bhail orthu cheana féin a chosaint.

    (b)

    Gan dochar do phointe (a) thuas, i gcás ina mbaineann an beart cabhrach le feabhas a chur ar (1) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, (2) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe don oideachas nó seirbhísí sóisialta a sholáthar nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí ceartais, póilíneachta nó comhraicthe dóiteáin, (3) éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí a bhaineann le riarachán poiblí, nó (4) éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh dá dtagraítear i bpointe (1), pointe (2) nó pointe (3) agus ina ndéantar gníomhaíochtaí seachas iad sin a luaitear i bpointe (1), pointe (2) nó pointe (3) in achar níos lú ná 35 % den achar urláir inmheánach, féadfar cabhair a dheonú freisin do bhearta lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh sin agus lena gcomhtháthaítear aon cheann nó gach ceann de na hinfheistíochtaí seo a leanas san am céanna:

    (i)

    suiteálacha comhtháite lena ngintear fuinneamh inathnuaite ar láithreán an fhoirgnimh a mbaineann an beart cabhrach éifeachtúlachta fuinnimh leis. Baineann an tsuiteáil chomhtháite fuinnimh inathnuaite ar an láthair le leictreachas agus/nó téamh a tháirgeadh. Féadfar í a chomhcheangal le trealamh le haghaidh fuinneamh inathnuaite a ghintear ar an láthair a stóráil;

    (ii)

    suiteálacha stórála ar an láithreán;

    (iii)

    trealamh agus bonneagar gaolmhar a chuirtear ar áireamh san fhoirgneamh le haghaidh feithiclí leictreacha úsáideoirí an fhoirgnimh a athluchtú;

    (iv)

    Infheistíochtaí i ndigitiú an fhoirgnimh, go háirithe chun cur lena ullmhacht chliste. Féadfaidh idirghabhálacha atá teoranta do shreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach inmheánach do líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh a bheith i gceist leis na hinfheistíochtaí le haghaidh an foirgneamh a dhigitiú. Eisiatar sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.

    Féadfaidh úinéir/úinéirí nó tionónta/tionóntaí an fhoirgnimh a bheith ar thairbhí deiridh na cabhrach, ag brath ar cé a fhaigheann an maoiniú don tionscadal;

    (c)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoinithe iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail dá dtagraítear i bpointe (a) faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 50 milliún;

    (d)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoinithe iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 50 milliún in aghaidh an tairbhí deiridh agus an fhoirgnimh;

    (e)

    féadfaidh cabhair do bhearta lena gcuirtear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith bainteach freisin le conarthaí feidhmíochta fuinnimh a éascú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tugtar an tacaíocht i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh, nó is é atá i gceist léi táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí faoi seach a athmhaoiniú (e.g. fachtóireacht, forghéilleadh);

    (ii)

    ní théann méid ainmniúil an mhaoinithe iomláin a sholáthraítear faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 30 milliún;

    (iii)

    tugtar an tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga;

    (iv)

    tugtar an tacaíocht do chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh de réir bhrí Airteagal 2(27) de Threoir 2012/27/AE;

    (v)

    baineann an chonraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh le foirgneamh dá dtagraítear i mír 8, pointe (b).”.

    9.   Maidir le cabhair do thaighde, forbairt, nuálaíocht agus digitiú, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    féadfar cabhair a dheonú do na nithe seo a leanas:

    (i)

    taighde bunúsach;

    (ii)

    taighde tionsclaíoch;

    (iii)

    forbairt thurgnamhach;

    (iv)

    nuálaíocht próiseas nó nuálaíocht eagraíochtúil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (v)

    seirbhísí comhairleacha nuálaíochta agus seirbhísí tacaíochta nuálaíochta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (vi)

    digitiú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (b)

    i gcás tionscadal a thagann faoi phointe (a) (i), (ii) agus (iii), ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 75 mhilliún. I gcás tionscadal a thagann faoi phointe (a) (iv), (v) agus (vi), ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 30 milliún.

    10.   I dteannta na gcatagóirí cabhrach dá bhforáiltear i míreanna 2 go 9, féadfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga cabhair a fháil freisin i bhfoirm maoiniúcháin a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 15 mhilliún agus go dtugtar é do na nithe seo a leanas:

    (i)

    fiontair bheaga agus mheánmhéide neamhliostaithe nach bhfuil ag oibriú in aon mhargadh go fóill nó atá ag oibriú le níos lú ná 7 mbliana tar éis an chéad díola tráchtála uathu;

    (ii)

    fiontair bheaga agus mheánmhéide neamhliostaithe a théann isteach i margadh nua táirgí nó i margadh nua geografach, i gcás inarb amhlaidh nach mór gurb airde an infheistíocht tosaigh le haghaidh dul isteach i margadh nua táirgí nó i margadh nua geografach ná 50 % den mheánláimhdeachas bliantúil sna 5 bliana roimhe sin;

    (iii)

    fiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar fiontair nuálacha iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (80);

    (b)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 15 mhilliún agus go dtugtar é d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bhfuil a bpríomhghníomhaíochtaí lonnaithe i limistéir fhóirithinte, ar choinníoll nach n-úsáidtear an maoiniú le haghaidh athlonnú gníomhaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (61a); nó

    (c)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 2 mhilliún agus go dtugtar é d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

    Airteagal 56f

    Coinníollacha le haghaidh cabhrach atá bainteach le táirgí airgeadais idirghafa atá faoi thionchar tráchtála agus a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo

    1.   Is iad idirghabhálaithe airgeadais tráchtála, a roghnófar ar bhealach oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, a sholáthróidh an maoiniú do na tairbhithe deiridh.

    2.   Maidir leis an idirghabhálaí airgeadais tráchtála a sholáthraíonn maoiniú don tairbhí deiridh, coinneoidh sé íos-neamhchosaint ar riosca ar fiú 20 % de gach idirbheart maoiniúcháin í.

    3.   Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear do gach tairbhí deiridh tríd an idirghabhálaí airgeadais tráchtála thar EUR 7,5 milliún.

    (*)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU (IO L 234, 2.7.2021, lch. 18)."

    (**)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39)."

    (***)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).”;"

    (25)

    in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3a:

    “3a.   Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh idir an 1 Iúil 2014 agus an 2 Lúnasa 2021 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a bhí infheidhme tráth dheonú na cabhrach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt. Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh roimh an 1 Iúil 2014 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, gan Airteagal 9 a áireamh, a bhí infheidhme roimh an 10 Iúil 2017 nó ina dhiaidh nó roimh an 3 Lúnasa 2021 nó ina dhiaidh, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt.”;

    (26)

    cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II, Cuid II.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).

    (8)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).


    IARSCRÍBHINN

    “CUID II

    le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

    Cuir in iúl cé acu foráil de GBER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.

    Príomhchuspóir – Cuspóirí Ginearálta (liosta)

    Cuspóirí

    (liosta)

    Uasdéine na cabhrach

    mar %

    nó Uasmhéid bliantúil na cabhrach san airgeadra náisiúnta (i méideanna iomlána)

    FBM - bónais

    mar %

    Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta  (1) (Airteagal 14)

    Scéim

    […] %

    […] %

    Cabhair ad hoc

    […] %

    […] %

    Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta (Airteagal 15)

    I limistéir is tearc daonra (Airteagal 15(2))

    […] %

    […] %

    I limistéir is fíorthearc daonra (Airteagal 15(3))

    […] %

    […] %

    Sna réigiúin is forimeallaí (Airteagal 15(4))

    […] %

    […] %

    Cabhair réigiúnach um fhorbairt uirbeach (Airteagal 16)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do FBManna (Airteagail 17-19b)

    Cabhair do FBManna (Airteagal 17)

    […] %

    […] %

    Cabhair um shainchomhairleoireacht i bhfabhar FBManna (Airteagal 18)

    […] %

    […] %

    Cabhair do FBManna le haghaidh rannpháirtíocht in aontaí (Airteagal 19)

    […] %

    […] %

    Cabhair um na costais a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘EIP’) (Airteagal 19a)

    […] %

    […] %

    Méideanna teoranta cabhrach do FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CCLD’) nó de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (‘EIP’) (Airteagal 19b)  (2)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um Chomhar Críochach Eorpach (Airteagail 20-20a)

    Cabhair um na costais a thabhaíonn gnóthais trí pháirt a ghlacadh i dtionscadail Comhair Chríochaigh Eorpaigh (Airteagal 20)

    […] %

    […] %

    Méideanna teoranta cabhrach do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Comhair Chríochaigh Eorpaigh (Airteagal 20a)  (3)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do FBManna - Rochtain fiontar beag agus meánmhéide ar mhaoiniú (Airteagail 21-22)

    Cabhair um maoiniú riosca (Airteagal 21)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do ghnólachtaí nuathionscanta (Airteagal 22)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do FBManna - Cabhair d’ardáin trádála mhalartacha arb iad FBManna is speisialtóireacht dóibh (Airteagal 23)

    […] %;

    i gcás inar cabhair do ghnólacht nuathionscanta atá sa bheart cabhrach:

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do FBManna - Cabhair um chostais sirtheoireachta (Airteagal 24)

    […] %

    […] %

    Cabhair um an taighde, an fhorbairt, an nuálaíocht agus an digitiú (Airteagail 25-30)

    Cabhair do thionscadail - taighde agus forbartha (Airteagal 25)

    Taighde bunúsach (Airteagal 25(2)(a))

    […] %

    […] %

    Taighde tionsclaíoch (Airteagal 25(2)(b))

    […] %

    […] %

    Forbairt thurgnamhach (Airteagal 25(2)(c))

    […] %

    […] %

    Staidéir indéantachta (Airteagal 25(2)(d))

    […] %

    […] %

    Cabhair do thionscadail ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu (Airteagal 25a)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus um ghníomhaíochtaí Cruthúnais Coincheapa de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (Airteagal 25b)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha (Airteagal 25c)

    […] %

    […] %

    Cabhair um ghníomhaíochtaí cur le chéile (Airteagal 25d)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um bonneagair thaighde (Airteagal 26)

    […] %

    […] %

    Cabhair do bhraislí nuálaíochta (Airteagal 27)

    […] %

    […] %

    Cabhair nuálaíochta do FBManna (Airteagal 28)

    […] %

    […] %

    Cabhair um nuálaíocht maidir le próisis agus nuálaíocht eagraíochtúil (Airteagal 29)

    […] %

    […] %

    Cabhair um thaighde agus forbairt in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (Airteagal 30)

    […] %

    […] %

    Cabhair oiliúna (Airteagal 31)

    […] %

    […] %

    Cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas (Airteagail 32-35)

    Cabhair um earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste i bhfoirm fóirdheontais phá (Airteagal 32)

    […] %

    […] %

    Cabhair um fhostú oibrithe faoi mhíchumas i bhfoirm fóirdheontais phá (Airteagal 33)

    […] %

    […] %

    Cabhair um chúiteamh na gcostas breise a bhaineann le fostú oibrithe faoi mhíchumas (Airteagal 34)

    […] %

    […] %

    Cabhair um chúiteamh chostais an chúnaimh a thugtar d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste (Airteagal 35)

    […] %

    […] %

    Cabhair um chosaint an Chomhshaoil (Airteagail 36-49)

    Cabhair infheistíochta a chuireann ar chumas gnóthas dul thar chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil nó leibhéal na cosanta i leith an chomhshaoil a mhéadú in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais (Airteagal 36)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá ar fáil go poiblí le haghaidh feithiclí bóthair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí bóthair astaíochtaí ísle (Airteagal 36a)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um oiriúnú luath do chaighdeáin a ghlacfaidh an tAontas amach anseo (Airteagal 37)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um bearta éifeachtúlachta fuinnimh (Airteagal 38)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh i bhfoirm ionstraimí airgeadais (Airteagal 39)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair infheistíochta um chomhghiniúint ard-éifeachtúlachta (Aireagal 40)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite (Airteagal 41)

    […] %

    […] %

    Cabhair oibriúcháin um chur chun cinn an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite (Airteagal 42)

    […] %

    […] %

    Cabhair oibriúcháin um chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite i suiteálacha ar scála beag (Airteagal 43)

    […] %

    […] %

    Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil faoi Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (Airteagal 44 den Rialachán seo)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um láithreáin éillithe a leigheas (Airteagal 45)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um théamh agus fuarú ceantair ar téamh agus fuarú é atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de (Airteagal 46)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um athchúrsáil agus athúsáid dramhaíola (Airteagal 47)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um bonneagar fuinnimh (Airteagal 48)

    […] %

    […] %

    Cabhair do staidéir chomhshaoil (Airteagal 49)

    […] %

    […] %

    Scéimeanna cabhrach lena slánaítear an damáiste a rinne tubaistí nádúrtha áirithe (Airteagal 50)

    Uasdéine na cabhrach

    […] %

    […] %

    An cineál tubaiste nádúrtha

    crith talún

    maidhm shléibhe

    sciorradh talún

    tuile

    tornádó

    hairicín

    brúchtadh bolcánach

    falscaí

    Dáta na tubaiste nádúrtha

    ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

    Cabhair shóisialta um iompar le haghaidh daoine atá ina gcónaí i réigiúin iargúlta (Airteagal 51)

    […] %

    […] %

    Cabhair um líonraí leathanbhanda fosaithe (Airteagal 52)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um líonraí móibíleacha 4G agus 5G (Airteagal 52a)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití (Airteagal 52b)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %%

    Dearbháin nascachta (Airteagal 52c)

    […] %

    […] %

    Cabhair um an gcultúr agus um chaomhnú na hoidhreachta (Airteagal 53)

    […] %

    […] %

    Scéimeanna cabhrach um shaothair chlosamhairc (Airteagal 54)

     

     

    […] %

    […] %

    Cabhair um an spórt agus um bonneagair áineasa ilfheidhme (Airteagal 55)

    […] %

    […] %

    Cabhair infheistíochta um bonneagair áitiúla (Airteagal 56)

    […] %

    […] %

    Cabhair d’aerfoirt réigiúnacha (Airteagal 56a)

    […] %

    […] %

    Cabhair do chalafoirt mhuirí (Airteagal 56b)

    […] %

    […] %

    Cabhair do chalafoirt intíre (Airteagal 56c)

    […] %

    […] %

    Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo (Airteagail 56d-56f)

    Airteagal 56e

    Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu faoin Rialachán sin (Airteagal 56e(2))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um infheistíochtaí i líonraí leathanbhanda fhosaithe nach nasctar leo ach spreagthaí socheacnamaíocha incháilithe áirithe (Airteagal 56e(3))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um ghiniúint fuinnimh agus bonneagar fuinnimh (Airteagal 56e(4))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um bonneagar agus gníomhaíochtaí sóisialta, oideachais, cultúir agus oidhreachta nádúrtha (Airteagal 56e(5))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um an iompar agus um bonneagair iompair (Airteagal 56e(6))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um bonneagair eile (Airteagal 56e(7))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide (Airteagal 56e(8))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair um an taighde, an fhorbairt, an nuálaíocht agus an digitiú (Airteagal 56e(9))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair a thugtar do FBManna nó do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar cabhair i bhfoirm maoiniú í lena dtacaíonn an Ciste InvestEU (Airteagal 56e(10))

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %

    Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais idirghafa atá dírithe ar an tráchtáil ar táirgí iad lena dtacaíonn an Ciste InvestEU (Airteagal 56f)

    […] airgeadra náisiúnta

    […] %


    (1)  I gcás cabhair réigiúnach ad hoc lena bhforlíontar cabhair a dheonaítear faoi scéim nó scéimeanna cabhrach, cuir in iúl idir dhéine na cabhrach a dheonaítear faoin scéim agus déine na cabhrach ad hoc.

    (2)  De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 19b. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.

    (3)  De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 20a. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.”.


    Top