Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0697

    Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/11/2021/INIT

    IO L 170, 12.5.2021, p. 149–177 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/03/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/697/oj

    12.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 170/149


    RIALACHÁN (AE) 2021/697 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Aibreán 2021

    lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá athrú as cuimse tagtha ar chomhthéacs geopholaitiúil an Aontais le deich mbliana anuas. Tá an staid i réigiúin chomharsanachta na hEorpa éagobhsaí agus tá ar an Aontas dul i ngleic le timpeallacht chasta agus dhúshlánach ina bhfuil bagairtí nua ag teacht chun cinn, amhail ionsaithe hibrideacha agus cibirionsaithe, agus dúshláin thraidisiúnta ag teacht ar ais arís. Ós amhlaidh atá, is é an dearcadh atá ag saoránaigh na hEorpa agus ag a gceannairí polaitiúla gur gá níos mó a dhéanamh ar bhonn comhchoiteann i réimse na cosanta.

    (2)

    Is de shaintréithe earnáil na cosanta méadú a bheith ag teacht ar chostas trealaimh cosanta agus ardchostas a bheith ar thaighde agus forbartha (T&F), rudaí a chuireann teorainn le seoladh clár nua cosanta agus a bhfuil tionchar díreach acu ar iomaíochas agus cumas nuálaíochta bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB). I bhfianaise an fhormhéadaithe sin ar chostais, ba cheart tacú ar leibhéal an Aontais le glúin nua mórchóras cosanta agus le teicneolaíochtaí nua cosanta chun comhar idir na Ballstáit a mhéadú maidir le hinfheistíochtaí i dtrealamh cosanta.

    (3)

    Sa teachtaireacht uaidh an 30 Samhain 2016“Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint”, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé comhlánú, giaráil agus comhdhlúthú ar iarrachtaí comhoibríocha na mBallstát acmhainní cosanta teicneolaíocha agus tionsclaíocha a fhorbairt chun freagairt do dhúshláin slándála, agus go ndéanfadh sé chomh maith leis sin tionscal cosanta Eorpach atá iomaíoch, nuálach agus éifeachtúil a chothú ar fud an Aontais agus lasmuigh de. Thairis sin, gheall an Coimisiún go dtacódh sé le margadh cosanta níos comhtháite a chruthú san Aontas agus go ndéanfadh sé glacadh táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta Eorpacha sa mhargadh inmheánach a chothú, agus, sa chaoi sin, go ndéanfadh sé neamhspleáchas ar fhoinsí neamh-Aontais a mhéadú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, go háirithe, Ciste Eorpach Cosanta a sheoladh chun tacú le hinfheistíochtaí i dtaighde comhpháirteach agus i bhforbairt chomhpháirteach táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, lena gcothaítear, ar an gcaoi sin, sineirgí agus cost-éifeachtúlacht, agus chun ceannach agus cothabháil chomhpháirteach trealaimh cosanta a chur chun cinn i measc na mBallstát. Ba cheart cistiú náisiúnta a úsáideadh cheana féin chun na críche sin a chomhlánú leis an gCiste Eorpach Cosanta, spreagadh a thabhairt do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile tuilleadh maidir le cosaint agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa chosaint agus tacú leis an gcomhar le linn saolré iomlán táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta.

    (4)

    Leis an gCiste Eorpach Cosanta, ba cheart rannchuidiú le EDTIB láidir, iomaíoch agus nuálach agus le tionscnaimh an Aontais i dtreo margadh cosanta níos comhtháite san Eoraip a chomhlánú agus, go háirithe, Treoracha 2009/43/CE (3) agus 2009/81/CE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haistrithe agus soláthar de chuid an Aontais in earnáil na cosanta, a glacadh in 2009.

    (5)

    D’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar iomaíochas agus acmhainn nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais, ba cheart Ciste Eorpach Cosanta (an “Ciste”) a bhunú ar feadh tréimhse seacht mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI 2021-2027) a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 (5) ón gComhairle ar bhonn cur chuige comhtháite. Tá sé mar aidhm leis an gCiste iomaíochas, nuálaíocht, éifeachtúlacht agus uathriail theicneolaíoch thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, ar an gcaoi sin cuirtear le huathriail straitéiseach an Aontais trí thacú leis an gcomhar trasteorann idir na Ballstáit mar aon leis an gcomhar idir fiontair, ionaid taighde, údaráis riaracháin náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ollscoileanna ar fud an Aontais, sna céimeanna taighde agus forbartha araon a bhaineann le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta. Chun réitigh níos nuálaí a bhaint amach agus margadh inmheánach oscailte a chothú, ba cheart, leis an gCiste, tacú le leathnú comhair trasteorann agus é a éascú idir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí meánchaipitlithe (CMCanna) in earnáil na cosanta. Laistigh den Aontas, tá easnaimh choiteanna i dtaca le cumas cosanta sainaitheanta laistigh de chreat an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas (CDP), agus ag an am céanna sa Chlár Straitéiseach Taighde Uileghabhálach (OSRA), sainaithnítear comhchuspóirí taighde cosanta freisin.

    Tá sé mar chuspóir ag próisis eile de chuid an Aontais, amhail an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint (CARD) agus an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO), tacú le cur chun feidhme na dtosaíochtaí ábhartha trí dheiseanna do chomhar feabhsaithe a shainaithint agus a thapú d’fhonn leibhéal uaillmhéine an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear iad sin i gcomhthéacs Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), a chur san áireamh freisin ar choinníoll go mbeidh siad i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus nach gcuirfidh siad bac ar aon Bhallstát nó aon tír chomhlachaithe a bheith rannpháirteach, agus ag an am céanna ag féachaint le dúbailt neamhriachtanach a sheachaint.

    (6)

    Tá an chéim thaighde i dtaca le cumas cosanta a fhorbairt ríthábhachtach, mar cuirtear taca léi faoi acmhainneacht agus neamhspleáchas earnáil tionsclaíochta na hEorpa chun táirgí cosanta a fhorbairt, agus neamhspleáchas na mBallstát mar úsáideoirí deiridh na dtáirgí sin. D’fhéadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag baint leis an gcéim thaighde, go háirithe i bhfianaise leibhéal íseal aibíochta na dteicneolaíochtaí agus a nádúr suaiteach. Sa chéim forbartha, a thagann de ghnáth tar éis na céime taighde, bíonn rioscaí agus costais shuntasacha i gceist freisin lena gcuirtear bac ar shaothrú breise na dtorthaí taighde agus a mbíonn tionchar díobhálach acu ar iomaíochas agus ar nuálaíocht thionscal cosanta an Aontais. Leis an gCiste, dá bhrí sin, ba cheart an nasc idir an chéim thaighde agus an chéim forbartha a chothú.

    (7)

    Ní thacaítear le taighde ar mhaithe leis féin leis an gCiste, ar cheart tacú leis trí chláir chistiúcháin eile, ach féadfar taighde bunúsach atá dírithe ar chosaint, ar dócha é a bheith mar bhonn an réitigh ar fhadhbanna aitheanta nó ionchasacha nó ar dócha gur gcruthóidh sé féidearthachtaí nua, a áireamh ar a thacaíocht.

    (8)

    D’fhéadfaí, leis an gCiste, tacú le gníomhaíochtaí maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht, a uasghrádú. Níor cheart gníomhaíochtaí maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana féin a bheith incháilithe don uasghrádú ach amháin i gcás nach mbíonn an fhaisnéis atá ann cheana a bhfuil gá léi chun an ghníomhaíocht a dhéanamh faoi réir aon srian ó thríú tír neamhchomhlachaithe nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar shlí a d’fhágfadh nárbh fhéidir an ghníomhaíocht a chur i gcrích. Nuair a chuireann eintitis dhlíthiúla isteach ar chistiú ón Aontas, ba cheart ceangal a chur orthu an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil chun an easpa srianta a shuí. In éagmais na fianaise sin, níor cheart cistiú a thabhairt ón Aontas.

    (9)

    Ba cheart don Chiste tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá fabhrach d’fhorbairt teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint. Ós rud é gur féidir teicneolaíochtaí suaiteacha a bheith bunaithe ar choincheapa nó ar smaointe a thagann ó ghníomhaithe cosanta neamhthraidisiúnta, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a bheith ag baint leis an gCiste i dtaca le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh.

    (10)

    Chun a áirithiú, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, go n-urramófar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, níor cheart tacaíocht a thabhairt faoin gCiste do ghníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí nó le teicneolaíochtaí a bhfuil a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh toirmiscthe faoin dlí idirnáisiúnta. I ndáil leis an méid sin, ba cheart incháilitheacht na ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí nó le teicneolaíochtaí cosanta nua a bheith faoi réir forbairtí sa dlí idirnáisiúnta freisin. Thairis sin, maidir le gníomhaíochtaí chun airm uathrialacha mharfacha a fhorbairt gan an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfadh duine rialú fónta ar chinntí maidir le roghnú agus comhrac, agus ionsaithe á ndéanamh ar dhaoine, níor cheart iad a bheith incháilithe do thacaíocht ón gCiste, gan dochar don fhéidearthacht cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun córais luathrabhaidh agus frithbhearta a fhorbairt chun críocha cosanta.

    (11)

    Toisc gur deacair comhaontú a fháil maidir le ceanglais chomhchuibhithe acmhainní cosanta agus sonraíochtaí nó caighdeáin theicniúla choiteanna, cuirtear isteach ar chomhoibriú trasteorann idir na Ballstáit agus idir eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh ar éagmais na gceanglas, na sonraíochtaí agus na gcaighdeán sin, tá ilroinnt mhéadaithe in earnáil na cosanta, agus tá castacht theicniúil, moilleanna, costais bhoilscithe, dúbailt neamhriachtanach chomh maith le hidir-inoibritheacht laghdaithe ann. Ba cheart an comhaontú maidir le sonraíochtaí teicniúla coiteanna a bheith ina réamhchoinníoll le haghaidh gníomhaíochtaí a bhfuil leibhéal níos airde um ullmhacht teicneolaíochta ag baint leo. Maidir le gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn ceanglais chomhchuibhithe i dtaca le cumas cosanta, chomh maith le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú le sainmhíniú comhchoiteann ar shonraíochtaí nó caighdeáin theicniúla a bhunú, ba cheart go mbeidís incháilithe chomh maith do thacaíocht ón gCiste, go háirithe i gcás ina gcothaíonn siad idir-inoibritheacht.

    (12)

    Ós rud é gurb é cuspóir an Chiste tacú le hiomaíochas, éifeachtúlacht agus nuálaíocht thionscal cosanta an Aontais trí ghníomhaíochtaí comhoibríocha sa taighde agus sa teicneolaíocht cosanta a ghiaráil agus a chomhlánú agus tríd an riosca a bhaint de chéim forbartha tionscadal comhoibritheach, ba cheart gníomhaíochtaí a bhaineann leis na céimeanna taighde agus forbartha maidir le táirge nó teicneolaíocht cosanta a bheith incháilithe do thacaíocht ón gCiste.

    (13)

    Ós rud é gurb é is aidhm don Chiste, go háirithe, comhar idir eintitis dhlíthiúla agus na Ballstáit ar fud an Aontais a fheabhsú, níor cheart gníomhaíocht a bheith incháilithe do chistiú ach amháin má tá sé le cur i gcrích trí eintitis dhlíthiúla atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina bhfuil, ar a laghad, trí eintiteas dhlíthiúla incháilithe atá bunaithe i dtrí Bhallstát nó i dtrí thír chomhlachaithe éagsúla ar a laghad. Ba cheart trí cinn ar a laghad de na heintitis dhlíthiúla incháilithe sin a bheith bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad nó in dhá thír chomhlachaithe ar a laghad, níor cheart dóibh, le linn na tréimhse iomláine ina ndéantar an ghníomhaíocht, a bheith á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas céanna agus níor cheart dóibh rialú a dhéanamh ar a chéile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go dtuigfí gurb ionann rialú agus an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlíthiúil go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó. Agus sainiúlachtaí na dteicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint á gcur san áireamh, mar aon le staidéir, d’fhéadfadh eintiteas dlíthiúil aonair aon ghníomhaíochtaí a dhéanamh. Chun borradh a chur faoin gcomhar idir na Ballstáit, ba cheart freisin go bhféadfaí leis an gCiste tacú le soláthar réamhthráchtála comhpháirteach.

    (14)

    De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (6), tá eintitis atá bunaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch thar lear ábhartha.

    (15)

    Ós rud é gurb é is aidhm don Chiste iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais a threisiú, i bprionsabal, níor cheart ach eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe agus nach bhfuil faoi réir rialú ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe a bheith incháilithe do thacaíocht. Ós amhlaidh atá, ba cheart go dtuigfí gurb ionann rialú agus an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlíthiúil go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó. Ina theannta sin, chun cosaint leasanna slándála agus cosanta riachtanacha an Aontais agus na mBallstát a áirithiú, ba cheart bonneagar, saoráidí, sócmhainní agus acmhainní na bhfaighteoirí agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a bheith lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta, agus ba cheart do na faighteoirí agus do na fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin a bheith acu san Aontas nó i dtríú tír chomhlachaithe. Dá réir sin, eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtír neamhchomhlachaithe nó eintiteas dlíthiúil atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe ach a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin i dtríú tír neamhchomhlachaithe, níor cheart dó a bheith incháilithe mar fhaighteoir ná mar fhochonraitheoir a bhfuil baint aige le gníomhaíocht. Chun leasanna slándála agus cosanta bunriachtanacha an Aontais agus a Bhallstát a choimirciú, ba cheart feidhm a bheith ag na critéir incháilitheachta sin freisin maidir le cistiú a sholáthraítear trí sholáthar, de mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an “Rialachán Airgeadais”).

    (16)

    I gcúinsí áirithe, ba cheart go mbeadh sé indéanta maolú ón bprionsabal nach bhfuil faighteoirí agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht ón gCiste faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe ná eintitis tríú tír neamhchomhlachaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart eintitis dhlíthiúla bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe a bheith incháilithe le bheith ina bhfaighteoirí nó ina bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha dochta a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát. Níor cheart cuspóirí an Chiste a shárú le rannpháirtíocht na n-eintiteas dlíthiúil sin. Ba cheart d’iarratasóirí an fhaisnéis uile is ábhartha faoin mbonneagar, na saoráidí, na sócmhainní agus na hacmhainní atá le húsáid sa ghníomhaíocht a sholáthar. Ba cheart freisin a áireamh ina leith sin ábhair imní na mBallstát maidir le slándáil an tsoláthair.

    (17)

    Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus 215(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, ní féidir tacaíocht ón gCiste a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

    (18)

    Is tar éis glaonna iomaíocha ar thograí a eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais a dhéanfar cistiú ón Aontas a dheonú. Mar sin féin, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo agus in imthosca eisceachtúla, ba cheart freisin go bhféadfaí cistiú ón Aontas a dheonú gan glao ar thograí i gcomhréir le pointe (e) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais. Ós rud é gurb ionann cistiú a dhámhachtain i gcomhréir le pointe (e) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus maolú ar an riail ghinearálta go bhfuil cistiú le deonú tar éis glaonna iomaíocha ar thograí a leanúint, ba cheart na cúinsí eisceachtúla sin a léirmhíniú go docht. Sa chomhthéacs sin, le go bhféadfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh agus cúnamh á fháil aige ó choiste na mBallstát (an “coiste”), ar a mhéid a bhaineann an ghníomhaíocht atá beartaithe le cuspóirí an Chiste maidir le comhar tionsclaíoch trasteorann agus iomaíocht feadh an tslabhra soláthair.

    (19)

    Más rud é gur mian le cuibhreannas a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht incháilithe agus go bhfuil cúnamh airgeadais ón Aontas le tabhairt i bhfoirm deontais, ba cheart don chuibhreannas duine dá chomhaltaí a cheapadh mar chomhordaitheoir. Ba cheart don chomhordaitheoir bheith ina phríomhtheagmhálaí nó ina príomhtheagmhálaí chun críocha an chaidrimh leis an gCoimisiún.

    (20)

    I gcás ina ndéanfaidh bainisteoir tionscadail arna cheapadh ag na Ballstáit nó ag tíortha comhlachaithe bainistíocht ar ghníomhaíocht forbartha a dtugann an Ciste tacaíocht di, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail i dtaca leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an ngníomhaíocht sula ndéanfaidh sé an íocaíocht leis na faighteoirí ionas go bhféadfaidh an bainisteoir tionscadail a áirithiú go bhfuil na tréimhsí ama urramaithe ag na faighteoirí. Ba cheart don bhainisteoir tionscadail barúlacha ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an ngníomhaíocht a sholáthar don Choimisiún ionas go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíonadh na coinníollacha chun leanúint leis an íocaíocht.

    (21)

    Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an tseachadta a uasmhéadú agus chun comhsheasmhacht iomlán le tionscnaimh eile an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith freagrach as na nósanna imeachta roghnúcháin agus dámhachtana, lena n-áirítear i dtaca le scagadh agus measúnú eitice. I gcásanna a bhfuil bunús leo, áfach, ba cheart don Choimisiún bheith ábalta cúraimí cur chun feidhme buiséid áirithe maidir le gníomhaíochtaí sonracha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a chur ar iontaoibh na gcomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, mar shampla i gcás ina mbíonn bainisteoir tionscadail ceaptha ag Ballstáit a bhfuil gníomhaíocht á cómhaoiniú acu, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin Airgeadais. Le cur ar iontaoibh den sórt sin maidir le cúraimí chur chun feidhme an bhuiséid, cuideofaí le bainistiú gníomhaíochtaí cómhaoinithe agus le comhordú rianúil a áirithiú idir an comhaontú maoiniúcháin agus an conradh a shínigh an cuibhreannas agus an bainisteoir tionscadail arna cheapadh ag Ballstáit a bhfuil an ghníomhaíocht á cómhaoiniú acu.

    (22)

    Chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí forbartha arna gcistiú inmharthana ó thaobh airgeadais de, is gá do na hiarratasóirí a léiriú go gcumhdófar le modhanna maoinithe eile costais na gníomhaíochta nach bhfuil cumhdaithe ag cistiú ón Aontas.

    (23)

    Ba cheart cineálacha éagsúla socruithe airgeadais a bheith ar fáil do na Ballstáit chun acmhainní cosanta a fhorbairt agus a aimsiú ar bhonn comhpháirteach. D’fhéadfadh an Coimisiún cineálacha éagsúla socruithe a sholáthar a bhféadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint astu ar bhonn deonach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le forbairt chomhoibríoch agus soláthar comhoibríoch ó thaobh maoinithe de. Le húsáid na socruithe airgeadais sin, d’fhéadfaí seoladh tionscadal cosanta comhpháirteach agus trasteorann a chothú agus éifeachtúlacht an chaiteachais cosanta a mhéadú, lena n-áirítear caiteachas le haghaidh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón gCiste.

    (24)

    Mar gheall ar shainiúlachtaí an tionscail cosanta, ina n-eascraíonn an t-éileamh ar fad, beagnach, as na Ballstáit agus as tíortha comhlachaithe, a rialaíonn freisin aimsiú iomlán na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint, lena n-áirítear onnmhairí, ní leantar na gnáthrialacha ná na gnáthmhúnlaí gnó lena rialaítear margaí níos traidisiúnta i bhfeidhmiú na hearnála cosanta. Dá bhrí sin, ní féidir leis an earnáil tionsclaíochta tabhairt faoi thionscadail T&F cosanta atá suntasach agus féinmhaoinithe, agus is minic gurb iad na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe a chistíonn costais iomlána T&F. Chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú, go háirithe chun comhar idir eintitis dhlíthiúla ó Bhallstáit agus ó thíortha comhlachaithe éagsúla a chothú, agus sonraíochtaí na hearnála cosanta á gcur san áireamh, ba cheart suas le hiomlán na gcostas incháilithe a chumhdach i gcás gníomhaíochtaí a tharlaíonn roimh chéim na bhfréamhshamhlacha.

    (25)

    Is céim bharrthábhachtach í céim na bhfréamhshamhlacha ina gcinneann na Ballstáit nó na tíortha comhlachaithe de ghnáth a n-infheistíocht chomhdhlúite agus ina dtosaíonn siad an próiseas aimsithe i dtaca leis na táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a bheidh acu amach anseo. Is ar an gcúis sin, agus ag an gcéim shonrach sin, a chinneann na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe na gealltanais riachtanacha, lena n-áirítear comhroinnt costas agus úinéireacht an tionscadail. Chun inchreidteacht a ngealltanais a áirithiú, níor cheart, i ngnáthchásanna, tacaíocht ón gCiste dul thar 20 % de na costais incháilithe.

    (26)

    Maidir le gníomhaíochtaí tar éis chéim na bhfréamhshamhlacha, ba cheart foráil a dhéanamh do chistiú suas le 80 %. Féadfaidh sé go mbeidh costais shuntasacha fós i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin atá níos gaire do chríochnú an táirge agus na teicneolaíochta.

    (27)

    Tá costais indíreacha shonracha, amhail i ndáil leis an tslándáil, le híoc ag geallsealbhóirí in earnáil na cosanta. Thairis sin, na geallsealbhóirí atá ag obair i margadh ar leith agus – d’uireasa aon éilimh ó cheannaitheoirí – ní féidir leo na costais T&F a aisghabháil sa tslí chéanna is a dhéantar san earnáil shibhialtach. Dá bhrí sin, is iomchuí ráta comhréidh 25 % de chostais incháilithe dhíreacha iomlána na gníomhaíochta a cheadú, chomh maith leis an bhféidearthacht costais incháilithe indíreacha arna gcinneadh i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na bhfaighteoirí a ghearradh, más rud é go nglacfaidh a n-údaráis náisiúnta leis na cleachtais sin le haghaidh gníomhaíochtaí inchomparáide i réimse na cosanta agus más rud é gur chuir an faighteoir an méid sin in iúl don Choimisiún.

    (28)

    Le gníomhaíochtaí arb é atá iontu rannpháirtíocht FBManna trasteorann agus cuideachtaí meánchaipitlithe, tacaítear le hoscailt slabhraí soláthair agus rannchuidítear le cuspóirí an Chiste. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí sin incháilithe do ráta cistiúcháin méadaithe, ráta a bheidh chun tairbhe do gach eintiteas dlíthiúil atá rannpháirteach.

    (29)

    Chun a áirithiú go gcuirfidh na gníomhaíochtaí a chisteofar le hiomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta na hEorpa, tá sé tábhachtach go bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit an táirge deiridh a sholáthar go comhpháirteach nó an teicneolaíocht a úsáid go comhpháirteach, go háirithe trí sholáthar trasteorann comhpháirteach, ina n-eagraíonn na Ballstáit a nósanna imeachta soláthair ar bhonn comhpháirteach, go háirithe trí bhíthin comhlachta lárnaigh ceannaigh.

    (30)

    Chun a áirithiú go rannchuideoidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste le hiomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta na hEorpa, ba cheart iad a bheith dírithe ar an margadh, bunaithe ar éileamh agus inmharthana ó thaobh na tráchtála de ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach. Dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh sna critéir incháilitheachta do ghníomhaíochtaí forbartha go bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit, lena n-áirítear trí mheabhrán tuisceana nó litir intinne, an táirge deiridh a sholáthar nó an teicneolaíocht a úsáid ar bhealach comhordaithe. Ba cheart a chur san áireamh de bhreis air sin sna critéir dhámhachtana do ghníomhaíochtaí forbartha go ndearna na Ballstáit gealltanais pholaitiúla nó dhlíthiúla chun an táirge deiridh nó an teicneolaíocht cosanta deiridh a úsáid go comhpháirteach, a n-úinéireacht a bheith acu nó iad a chothabháil ar bhealach comhordaithe.

    (31)

    Ba cheart an nuálaíocht agus an fhorbairt theicneolaíoch a chur chun cinn i dtionscal cosanta an Aontais ar dhóigh atá i gcomhréir le leasanna slándála agus cosanta an Aontais. Dá réir sin, maidir le rannchuidithe na ngníomhaíochtaí leis na leasanna sin agus leis na tosaíochtaí maidir le taighde agus cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit, ba cheart an rannchuidiú sin a bheith ina chritéar dámhachtana.

    (32)

    Le gníomhaíochtaí incháilithe arna bhforbairt i gcomhthéacs thionscadail PESCO i gcreat institiúideach an Aontais, ba cheart comhar feabhsaithe a áirithiú idir eintitis dhlíthiúla sna Ballstáit éagsúla ar bhonn leanúnach agus, ar an dóigh sin, ba cheart rannchuidiú go díreach le cuspóirí an Chiste. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith incháilithe chun ráta cistithe méadaithe a fháil, dá roghnófaí iad.

    (33)

    Cuirfidh an Coimisiún san áireamh gníomhaíochtaí eile arna maoiniú faoi Fhís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht arna bunú ag Rialacháin (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) – chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint agus chun cros-toirchiú agus sineirgí idir an taighde sibhialta agus an taighde cosanta a áirithiú.

    (34)

    Is dúshláin iad an chibearshlándáil agus an chibearchosaint a bhfuil a dtábhacht ag méadú i rith an ama agus d’aithin an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go raibh gá ann sineirgí a bhunú idir gníomhaíochtaí cibearchosanta laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus tionscnaimh de chuid an Aontais i réimse na cibearshlándála, amhail iad sin a fógraíodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017“Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU” [Athléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Cibearslándáil láidir a thógáil don AE]. D’fhonn an chibear-athléimneacht a mhéadú, ba cheart, go háirithe, do gheallsealbhóirí sineirgí a lorg idir gnéithe sibhialtacha agus gnéithe cosanta na cibearshlándála.

    (35)

    Ba cheart cur chuige comhtháite a áirithiú trí ghníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin Réamhghníomhaíocht maidir le Taighde Cosanta (PADR), arna seoladh ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(2) den Rialachán Airgeadais agus an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus chomh maith leis sin trí choinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta a chomhchuibhiú. Le cur chuige comhtháite den sórt sin, ba cheart sraith níos comhleanúnaí ionstraimí a chruthú agus tionchar nuálach, comhoibríoch agus eacnamaíoch an Chiste a mhéadú, agus dúbailt agus ilroinnt neamhriachtanach á seachaint. D’áiritheofaí leis freisin go gcabhrófaí, leis an gCiste, le torthaí an taighde cosanta a shaothrú níos fearr, rud lena ndúnfaí an bhearna idir na céimeanna taighde agus forbartha, agus sainiúlachtaí na hearnála cosanta á gcur san áireamh, agus chuirfí gach cineál nuálaíochta chun cinn, lena n-áirítear teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint. Thairis sin, is féidir a bheith ag súil freisin le héifeachtaí iarmharta dearfacha ar an earnáil shibhialtach, i gcás inarb infheidhme.

    (36)

    I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shonraíochtaí na gníomhaíochta, is le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíochtaí buiséadacha faoi Chiste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ba cheart freisin aghaidh a thabhairt ar chuspóirí an Chiste.

    (37)

    Ba cheart tacaíocht ón gCiste a úsáid ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh na ngníomhaíochtaí, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart breisluach Eorpach soiléir don Aontas a bheith ag na gníomhaíochtaí.

    (38)

    Ba cheart foirmeacha chistiúcháin an Aontais agus modhanna chur chun feidhme an Chiste a roghnú ar bhonn an chumais atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a ghnóthú agus torthaí a bhaint amach, agus á gcur san áireamh, go háirithe, na costais rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheidh ann. Mar chuid den rogha sin, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid, agus maoiniú nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bheith san áireamh.

    (39)

    Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla a ghlacadh i gcomhréir le cuspóirí an Chiste, agus na ceachtanna tosaigh a foghlaimíodh ó EDIDP agus ó PADR á gcur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a fháil ón gcoiste maidir le cláir oibre a bhunú. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne is féidir acu laistigh den choiste. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don choiste bheith in ann teacht le chéile i bhformáid saineolaithe um chosaint agus slándáil náisiúnta chun cúnamh sonrach a chur ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear comhairle maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí. Is faoi na Ballstáit féin atá sé a gcuid ionadaithe a ainmniú don choiste sin. Ba cheart deiseanna luatha éifeachtacha a thabhairt do chomhaltaí an Choiste chun na dréachtghníomhartha cur chun feidhme a scrúdú agus chun a dtuairimí a chur in iúl.

    (40)

    Ba cheart ceanglais feidhmíochta a bheith sna catagóirí a leagtar amach sna cláir oibre i gcás inarb iomchuí chun gur féidir soiléiriú a thabhairt don tionscal ar na feidhmiúlachtaí agus na cúraimí atá le cur i gcrích ag na hacmhainní atá le forbairt. Ba cheart léiriú soiléir a thabhairt sna ceanglais sin ar an bhfeidhmíocht lena bhfuiltear ag súil, níor cheart go mbeidís dírithe ar réitigh shonracha ná ar eintitis dhlíthiúla shonracha agus níor cheart cosc a chur ar an iomaíocht ar leibhéal glaonna ar thograí.

    (41)

    Agus na cláir oibre á bhforbairt, ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin, trí chomhairliúcháin iomchuí leis an gcoiste, go ndéantar dúbailt neamhriachtanach a sheachaint sna gníomhaíochtaí taighde nó sna gníomhaíochtaí forbartha atá beartaithe. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh roimh ré ar chásanna dúblála a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le cumais atá ann cheana nó tionscadail taighde nó forbartha atá maoinithe cheana laistigh den Aontas.

    (42)

    Ba cheart don Choimisiún comhleanúnachas na gclár oibre a áirithiú i rith shaolré tionsclaíoch na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta.

    (43)

    Ba cheart go n-áiritheofaí leis na cláir oibre freisin go rachaidh sciar réasúnta den bhuiséad foriomlán chun tairbhe gníomhaíochtaí lena gcumasófar rannpháirtíocht trasteorann FBManna.

    (44)

    Chun tairbhe a bhaint as an saineolas atá aici san earnáil cosanta, ba cheart stádas breathnóra laistigh den choiste a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. I bhfianaise na sainiúlachtaí i réimse na cosanta, ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt don choiste freisin.

    (45)

    D’fhonn éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú a mhéid a bhaineann leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, mar aon le chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (46)

    Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le cláir oibre a ghlacadh agus le cistiú a dhámhachtain ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha roghnaithe. Go sonrach, agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha á ndéanamh, ba cheart sainiúlachtaí na hearnála cosanta, go háirithe freagracht na mBallstát, na dtíortha comhlachaithe nó iad araon maidir leis an bpróiseas pleanála agus aimsithe, a chur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

    (47)

    Ba cheart don Choimisiún liosta de shaineolaithe neamhspleácha a bhunú. Ba cheart do na Ballstáit ábhartha dintiúir shlándála na saineolaithe neamhspleácha a bhailíochtú. Níor cheart an liosta sin a chur ar fáil don phobal. Ba cheart na saineolaithe neamhspleácha sin a roghnú ar bhonn a scileanna, a dtaithí agus a gcuid eolais, agus na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh á gcur san áireamh. A mhéid is féidir, agus na saineolaithe neamhspleácha á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe neamhspleácha agus sna painéil meastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna éagsúla, taithí éagsúil agus eolas éagsúil, éagsúlachta geografaí agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse na gníomhaíochta. Ba cheart uainíocht iomchuí na saineolaithe neamhspleácha agus cothromaíocht iomchuí a lorg freisin idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí.

    (48)

    Níor cheart do na saineolaithe neamhspleácha meastóireacht a dhéanamh ná níor cheart dóibh comhairle ná cabhair a thabhairt i ndáil le hábhair ina bhfuil aon choinbhleachtaí leasa acu, go háirithe i dtaca leis an seasamh atá acu tráth na meastóireachta. Níor cheart, go háirithe, go bhféadfaidís úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fuair siad chun aimhleas an chuibhreannais a mheas siad.

    (49)

    Tar éis dó na tograí a mheas le cabhair ó shaineolaithe neamhspleácha, ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht ón gCiste a roghnú. Ba cheart na Ballstáit a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta lena ngabhfaidh liosta rangaithe de ghníomhaíochtaí roghnaithe agus faoin dul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú.

    (50)

    Agus táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta nua á moladh nó uasghrádú ar tháirgí nó teicneolaíochtaí cosanta nua atá ann cheana á mholadh, ba cheart d’iarratasóirí gealltanas a dhéanamh go gcomhlíonfaidh siad prionsabail eiticiúla, amhail iad sin a bhaineann le leas an duine agus le cosaint ghéanóm an duine, rud a léirítear freisin sa dlí ábhartha de chuid an Aontais agus sa dlí ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus, i gcás inarb ábhartha, na prótacail a ghabhann leo. Ba cheart don Choimisiún na tograí a scagthástáil go córasach d’fhonn na cinn lena n-ardaítear saincheisteanna eiticiúla tromchúiseacha a shainaithint. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tograí den sórt sin a bheith faoi réir measúnú eitice.

    (51)

    D’fhonn tacú le margadh inmheánach oscailte, ba cheart rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe trasteorann, mar chomhaltaí cuibhreannas, mar fhochonraitheoirí nó mar eintitis dhlíthiúla eile sa slabhra soláthair a spreagadh.

    (52)

    Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh idirphlé a bheith aige i gcónaí leis na Ballstáit agus leis an tionscal chun a áirithiú go n-éireoidh leis an gCiste. Mar chomhreachtóir agus mar phríomh-gheallshealbhóir, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa bheith rannpháirteach san idirphlé sin freisin.

    (53)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (13) (Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcoimeádfar nósanna imeachta riaracháin chomh simplí is féidir agus go dtabhófar an méid is lú is féidir de speansais bhreise.

    (54)

    Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gCiste, mura sonraítear a mhalairt. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais.

    (55)

    Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (56)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (15), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (16) agus (AE) 2017/1939 (17) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú, agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

    Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe, de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus tá sé chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (57)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (19), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar na tríú tíortha sin na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (58)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach a dhéanamh tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thús thréimhse chur chun feidhme an Chiste, lena n-áirítear d’fhonn tograí a thíolacadh i leith aon leasuithe iomchuí ar an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht deiridh a dhéanamh freisin ag deireadh thréimhse cur chun feidhme an Chiste, ina scrúdaítear na gníomhaíochtaí airgeadais i dtaca le torthaí cur chun feidhme airgeadais agus, a mhéid is féidir ag an bpointe ama sin, le torthaí chur chun feidhme agus tionchar an Chiste. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gcuideodh an tuarascáil mheastóireachta deiridh chun na cásanna a shainaithint ina bhfuil an tAontas spleách ar thríú tíortha agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta á bhforbairt. Ba cheart anailís a dhéanamh sa tuarascáil chríochnaitheach freisin ar rannpháirtíocht trasteorann FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste, chomh maith le rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda, agus ar rannchuidiú an Chiste i dtaca le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh sa CDP, agus ba cheart faisnéis a bheith sa mheastóireacht freisin maidir le tíortha tionscnaimh na bhfaighteoirí, líon na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí aonair agus le dáileadh na gceart maoine intleachtúla (IPRanna) a ghintear. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh de réir forbairtí a d’fhéadfadh a theacht chun cinn le linn chur chun feidhme an Chiste.

    (59)

    Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste ar bhonn rialta agus ba cheart dó tuarascáil bhliantúil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar, lena n-áirítear an bealach a bhfuil ceachtanna a sainaithníodh agus ceachtanna a foghlaimíodh ó EDIDP agus ó PADR á gcur san áireamh i gcur chun feidhme an Chiste. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún na socruithe faireacháin is gá a chur i bhfeidhm. Níor cheart faisnéis íogair a bheith sa tuarascáil.

    (60)

    De léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (20) agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuidítear, leis an gCiste, le gníomhaíocht aeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le gnóthú na sprice arb é atá inti 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chiste, agus déanfar athmheasúnú orthu mar chuid de mheastóireacht eatramhach an Chiste.

    (61)

    De léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cailliúint thubaisteach na bithéagsúlachta, leis an Rialachán seo, rannchuidítear le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach maidir le 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI 2021-2027 a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % de in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a chur san áireamh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020.

    (62)

    Ós rud é nár cheart leis an gCiste tacú ach le céimeanna taighde agus forbartha na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, níor cheart, i bprionsabal, úinéireacht ná IPRanna a bheith ag an Aontas ar na táirgí cosanta nó teicneolaíochtaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí arna gcistiú, ach amháin má thugtar tacaíocht an Aontais trí sholáthar poiblí. Mar sin féin, i gcás gníomhaíochtaí taighde, ba cheart do Bhallstáit agus na tíortha comhlachaithe bheith ábalta torthaí na ngníomhaíochtaí arna gcistiú a úsáid chun a bheith rannpháirteach san fhorbairt chomhoibritheach leantach.

    (63)

    Le tacaíocht an Aontais, níor cheart difear a dhéanamh d’aistriú táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas, i gcomhréir le Treoir 2009/43/CE, ná d’onnmhairiú táirgí, trealaimh nó teicneolaíochtaí. Is le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (21) a rialaítear onnmhairiú trealaimh agus teicneolaíochtaí míleata ag na Ballstáit.

    (64)

    D’fhéadfadh sé go rachadh úsáid faisnéise cúlra íogaire, lena n-áirítear sonraí, fios gnó nó faisnéis, arna nginiúint roimh nó lasmuigh d’oibríocht an Chiste, nó rochtain a dhéanfadh daoine neamhúdaraithe ar thorthaí arna nginiúint i leith gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, chun aimhleas an Aontais nó chun aimhleas Ballstáit amháin nó níos mó. Dá bhrí sin, ba cheart láimhseáil sonraí íogaire a rialú le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí náisiúnta ábhartha.

    (65)

    Chun slándáil faisnéise rúnaicmithe ar an leibhéal riachtanach a áirithiú, ba cheart, agus comhaontuithe rúnaicmithe cistiúcháin agus maoiniúcháin á síniú, na híoschaighdeáin maidir le slándáil thionsclaíoch a chomhlíonadh. Chuige sin, agus i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (22) ón gCoimisiún, ba cheart don Choimisiún na saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit a chur ar an eolas faoi Threoracha Slándála an Chláir, lena n-áirítear an Treoir Rúnaicmithe maidir le Slándáil, i gcomhair comhairle do na saineolaithe neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

    (66)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (67)

    Ba cheart don Choimisiún an Ciste a bhainistiú agus ag an am céanna ba cheart dó féachaint go cuí do na ceanglais rúndachta agus slándála, go háirithe dóibh siúd a bhaineann le faisnéis íogair, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe.

    (68)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun cur chun feidhme a cheadú ó thús CAI 2021-2027, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

    (69)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1092 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    TEIDEAL I

    FORÁLACHA COMHCHOITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LE TAIGHDE AGUS FORBAIRT

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (an “Ciste”), mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2021/695, don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Tá ré an Chiste ailínithe le ré CAI 2021-2027.

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chiste, a bhuiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” duine dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil an cumas aige gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

    (2)

    ciallaíonn “iarratasóir” eintiteas dlíthiúil a chuireann iarratas isteach ar thacaíocht ón gCiste tar éis glao ar thograí nó i gcomhréir le pointe (e) den chéad fhomhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais;

    (3)

    ciallaíonn “faighteoir” eintiteas dlíthiúil lenar síníodh comhaontú cistiúcháin nó maoiniúcháin nó dár tugadh fógra i leith comhaontú cistiúcháin nó maoiniúcháin;

    (4)

    ciallaíonn “cuibhreannas” grúpáil chomhoibríoch d’iarratasóirí nó d’fhaighteoirí atá faoi réir comhaontaithe agus a chruthaítear chun críche gníomhaíocht a dhéanamh faoi choimirce an Chiste;

    (5)

    ciallaíonn “comhordaitheoir” eintiteas dlíthiúil ar comhalta é de chuibhreannas agus a cheap comhaltaí uile an chuibhreannais sin ina phríomhphointe teagmhála chun críche caidreamh an chuibhreannais leis an gCoimisiún;

    (6)

    ciallaíonn “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlíthiúil go díreach, nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó;

    (7)

    ciallaíonn “struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin” comhlacht eintitis dhlíthiúil, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a chumhachtaítear chun straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis an eintitis dhlíthiúil sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

    (8)

    ciallaíonn “fréamhshamhail de chóras” múnla de tháirge nó de theicneolaíocht lenar féidir feidhmíocht a léiriú i dtimpeallacht oibríochtúil;

    (9)

    ciallaíonn “cáiliú” an próiseas iomlán lena léirítear go gcomhlíonann dearadh táirge cosanta, comhpháirte inláimhsithe nó doláimhsithe cosanta, nó teicneolaíocht cosanta na ceanglais a shonraítear, agus fianaise oibiachtúil á soláthar trína léirítear gur comhlíonadh na ceanglais áirithe i dtaca leis an dearadh;

    (10)

    ciallaíonn “deimhniú” an próiseas trína ndeimhníonn údarás náisiúnta go bhfuil na rialacháin is infheidhme á gcomhlíonadh ag an táirge, ag an gcomhpháirt inláimhsithe chosanta nó dholáimhsithe nó ag an teicneolaíocht cosanta;

    (11)

    ciallaíonn “gníomhaíocht taighde” gníomhaíocht arb é an taighde is príomhchuid di, go háirithe taighde feidhmeach agus, i gcás inar gá, taighde bunúsach, darb aidhm eolas nua a fháil agus lena leagtar béim eisiach ar fheidhmeanna cosanta;

    (12)

    ciallaíonn “gníomhaíocht forbartha” gníomhaíocht arb é atá ann gníomhaíocht atá dírithe ar chosaint, go príomha sa chéim forbartha, lena gcumhdaítear táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta nua nó lena n-uasghrádaítear táirgí nó teicneolaíochtaí atá ann cheana, cé is moite d’armáin a tháirgeadh nó a úsáid;

    (13)

    ciallaíonn “teicneolaíocht shuaiteach um chosaint” teicneolaíocht fheabhsaithe nó teicneolaíocht iomlán nua lena spreagtar bunathrú, lena n-áirítear athrú ó bhonn i gcoincheap agus i stiúradh cúrsaí cosanta, amhail trí theacht in ionad na dteicneolaíochtaí cosanta atá ann faoi láthair nó trí na teicneolaíochtaí sin a chur i léig;

    (14)

    ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23);

    (15)

    ciallaíonn “cuideachta mheánchaipitlithe” fiontar nach FBM é agus a fhostaíonn uaslíon 3 000 daoine nuair a ríomhtar líon na foirne i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

    (16)

    ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

    (17)

    ciallaíónn “soláthar réamhthráchtála” soláthar sheirbhísí taighde agus forbartha a mbaineann roinnt an riosca-sochair faoi dhálaí margaidh leo, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil scaradh soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó úsáid cainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh;

    (18)

    ciallaíonn “bainisteoir tionscadail” údarás conarthach bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar, arna cheapadh ag Ballstát nó ag tír ghaolmhar nó ag grúpa Bhallstáit nó ag grúpa thíortha gaolmhara chun tionscadail armáil ilnáisiúnta a bhainistiú ar bhonn leanúnach nó ar bhonn ad hoc

    (19)

    ciallaíonn “torthaí” aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid na gníomhaíochta, amhail sonraí, fios gnó nó faisnéis, is cuma cad é a foirm nó a cineál agus cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le cearta ar bith atá ag gabháil léi, lena n-áirítear IPRanna;

    (20)

    ciallaíonn “faisnéis tulra” sonraí, fios gnó nó faisnéis a ghintear trí oibríocht an Chiste, cibé foirm nó nádúr a bhíonn aige;

    (21)

    ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” faisnéis nó ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh nochtadh neamhúdaraithe ina leith a bheith ina chúis le leibhéil éagsúla de dhochar do leasanna an Aontais nó ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, agus ar a bhfuil marc rúnaicmithe de chuid an Aontais nó marc rúnaicmithe comhfhreagrach, de réir mar a bhunaítear é sa Chomhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (24);

    (22)

    ciallaíonn “faisnéis íogair” faisnéis agus sonraí, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, atá le cosaint ó rochtain nó nochtadh neamhúdaraithe mar gheall ar oibleagáidí arna leagan síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta nó atá le cosaint ar mhaithe le príobháideacht nó slándáil duine nádúrtha nó duine dlítheanach a choimirciú;

    (23)

    ciallaíonn “tuarascáil speisialta” tuarascáil insoláthartha shonrach ar ghníomhaíocht taighde ina ndéantar achoimre ar na torthaí agus ina dtugtar faisnéis fhairsing ar na bunphrionsabail, na haidhmeanna, na torthaí, na hairíonna bunúsacha, na tástálacha a rinneadh, na tairbhí ionchasacha, na feidhmeanna cosanta ionchasacha agus an chonair shaothraithe a mheastar a bheith i gceist leis an taighde i dtreo na forbartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le húinéireacht cearta maoine intleachtúla ach nach gá faisnéis faoi chearta maoine intleachtúla a bheith inti;

    (24)

    ciallaíonn “eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe” eintiteas dlíthiúil arna bhunú i dtríú tír neamhchomhlachaithe nó, i gcás inar bunaíodh san Aontas nó i dtír comhlachaithe é, a bhfuil a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin i dtríú tír neamhchomhlachaithe.

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    1.   Is é cuspóir ginearálta an Chiste iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB) a chothú ar fud an Aontais, rud a chuireann le neamhspleáchas straitéiseach agus saoirse gníomhaíochta an Aontais, trí thacú le gníomhaíochtaí comhoibríocha agus comhar trasteorann idir eintitis dhlíthiúla ar fud an Aontais, go háirithe idir FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, agus trí ghastacht slabhraí soláthair agus slabhraí luacha na cosanta a neartú agus a fheabhsú, comhar trasteorann idir eintitis dhlíthiúla a leathnú agus saothrú níos fearr a chothú maidir le hacmhainneacht thionsclaíoch na nuálaíochta, an taighde agus na forbartha teicneolaíche, ag gach céim de shaolré tionsclaíoch na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta.

    2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gCiste:

    (a)

    tacú le taighde comhoibríoch a d’fhéadfadh borradh suntasach a chur faoi fheidhmíocht acmhainní a bheidh ann amach anseo ar fud an Aontais, ar taighde é arb é is aidhm dó an nuálaíocht a uasmhéadú agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint, agus arb é is aidhm dó an úsáid is éifeachtúla a bheith á baint as caiteachas ar thaighde i gcúrsaí cosanta san Aontas;

    (b)

    tacú leis an bhforbairt chomhoibríoch ar tháirgí agus teicneolaíochtaí cosanta agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le héifeachtúlacht níos fearr i dtaca le caiteachas cosanta laistigh den Aontas, sa chaoi go mbainfear amach tuilleadh barainneachtaí scála, go laghdófar an riosca ó dhúbailt neamhriachtanach agus, dá bharr sin, go gcothófar glacadh sa mhargadh le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta Eorpacha agus go laghdófar ilroinnt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta ar fud an Aontais, lena mbeidh mar thoradh air go dtiocfaidh méadú ar chaighdeánú córas cosanta agus beidh idir-inoibritheacht níos fearr ann idir acmhainneachtaí na mBallstát.

    Beidh comhoibriú den sórt sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú go comhchoiteann ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) agus go háirithe i gcomhthéacs CDP.

    I dtaca leis sin, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chur san áireamh nuair a bheidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais, mar a chinntear faoi CBES iad, agus é á chur san áireamh gur gá dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, agus i gcás inarb iomchuí, sa chás nach gcuirfidh siad cosc ar aon Bhallstát nó ar aon tír chomhlachaithe a bheith rannpháirteach.

    Airteagal 4

    Buiséad

    1.   I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/695, is é EUR 7 953 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    2.   Is é a bheidh i ndáileadh na suime dá dtagraítear i mír 1 ná:

    (a)

    is do ghníomhaíochtaí taighde EUR 2 651 000 000 de;

    (b)

    is do ghníomhaíochtaí forbartha EUR 5 302 000 000 de.

    Chun freagairt ar imthosca gan choinne nó ar fhorbairtí agus riachtanais nua, féadfaidh an Coimisiún ath-leithdháileadh a dhéanamh ar an tsuim a leithdháileadh i gcomhair gníomhaíochtaí taighde nó forbartha, suas le huasmhéid de 20 %.

    3.   Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Ciste a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a dhearadh, a chur ar bun, a oibriú agus a chothabháil.

    4.   Déanfar 4 % ar a laghad agus suas le 8 % den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar ghlaonna ar thograí nó ar dhámhachtana cistiúcháin lena dtacaítear le teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint.

    Airteagal 5

    Tíortha comhlachaithe

    Beidh an Ciste oscailte do rannpháirtíocht comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (tíortha comhlachaithe).

    Airteagal 6

    Tacaíocht do theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cistiú a dhámhachtain tar éis comhairliúcháin oscailte phoiblí ar theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint sna réimsí idirghabhála a shainmhínítear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 24. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin da dtagraítear in Airteagal 34(2).

    2.   Leagfar síos leis na cláir oibre na cineálacha cistithe is iomchuí do theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint.

    Airteagal 7

    Eitic

    1.   Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích faoin gCiste dlí ábhartha an Aontais, an dlí náisiúnta ábhartha agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí sin prionsabail eiticiúla a léirítear freisin i ndlí ábhartha an Aontais, sa dlí náisiúnta ábhartha agus sa dlí idirnáisiúnta ábhartha.

    2.   Sula síneofar comhaontú cistiúcháin, déanfaidh an Coimisiún scagadh ar thograí, ar bhonn an fhéinmheasúnaithe eitice arna ullmhú ag an gcuibhreannas, d’fhonn na cinn sin as a n-eascraíonn saincheisteanna tromchúiseacha eiticiúla, lena n-áirítear maidir le coinníollacha faoina bhfuil na gníomhaíochtaí le déanamh a shainaithint. I gcás inarb iomchuí, beidh tograí den sórt sin faoi réir measúnú eitice.

    Cuirfidh an Coimisiún scagadh agus measúnú eitice i gcrích le tacaíocht ó shaineolaithe neamhspleácha arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 26. Beidh cúlraí éagsúla ag na saineolaithe neamhspleácha sin, go háirithe saineolas aitheanta i réimse eitic na cosanta, agus is saoránaigh de chuid an Aontais, ón raon is leithne Ballstát, a bheidh sna saineolaithe neamhspleácha.

    Sonrófar sa chomhaontú cistiúcháin na coinníollacha faoina mbeidh gníomhaíochtaí lena mbaineann saincheisteanna atá íogair ó thaobh na heitice de le déanamh.

    Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na nósanna imeachta eitice chomh trédhearcach agus is féidir agus déanfaidh sé iad a áireamh sa tuarascáil mheastóireachta eatramhach uaidh i gcomhréir le hAirteagal 29.

    3.   Gheobhaidh na heintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht gach formheas, nó gach doiciméad eile a éilíonn na coistí eitice náisiúnta nó áitiúla agus comhlachtaí eile amhail údaráis cosanta sonraí, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Coinneofar na formheasanna agus na doiciméid eile sin agus cuirfear ar fáil don Choimisiún iad arna iarraidh sin.

    4.   Déanfar tograí nach meastar a bheith inghlactha ó thaobh eitice de a dhiúltú.

    Airteagal 8

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

    1.   Is faoi bhainistíocht dhíreach a chuirfear an Ciste chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh comhlachtaí mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh, i gcásanna a bhfuil bunús cuí leo, faoi bhainistíocht indíreach. Ní chuirfear an nós imeachta roghnúcháin agus dámhachtana dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo san áireamh leis sin.

    3.   Féadfar cistiú a sholáthar leis an gCiste i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, trí dheontais, duaiseanna agus soláthar, agus, i gcás inarb iomchuí i bhfianaise sainiúlachtaí na gníomhaíochta, trí ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

    4.   Is i gcomhréir le Teideal X den Rialachán Airgeadais agus de Rialachán(AE) 2021/523 a chuirfear na hoibríochtaí measctha i gcrích.

    5.   Beidh ionstraimí airgeadais dírithe go docht ar na faighteoirí amháin.

    Airteagal 9

    Eintitis dhlíthiúla incháilithe

    1.   Beidh faighteoirí agus fochonraitheoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe.

    2.   Maidir leis an mbonneagar, na saoráidí, na sócmhainní nó na hacmhainní de chuid na bhfaighteoirí agus a bhfochonraitheoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht agus a úsáidtear chun críocha na gníomhaíochta a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, beidh siad lonnaithe ar chríoch Ballstáit nó tíre comhlachaithe ar feadh thréimhse iomlán na gníomhaíochta, agus beidh a struchtúir bainistíochta feidhmiúcháin bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír chomhlachaithe.

    3.   Chun críocha gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, ní bheidh na faighteoirí agus na fochonraitheoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht faoi réir rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe.

    4.   De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh eintiteas dlíthiúil arna bhunú san Aontas nó i dtír chomhlachaithe agus arna rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe incháilithe le bheith mar fhaighteoir nó fochonraitheoir atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ach amháin má chuirtear ráthaíochtaí arna bhformheas ag an mBallstát nó ag an tír chomhlachaithe ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta, ar fáil don Choimisiún. Féadfaidh na ráthaíochtaí sin a bheith ina dtagairt do struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an eintitis dhlíthiúil atá bunaithe san Aontas nó i dtír chomhlachaithe. Más mheasann an Ballstát nó an tír chomhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlíthiúil bunaithe go bhfuil siad iomchuí, d’fhéadfadh na ráthaíochtaí sin a bheith ina dtagairt freisin do chearta sonracha rialtasacha i rialú an eintitis an eintitis dhlíthiúil.

    Tabharfaidh na ráthaíochtaí sin dearbhuithe nach sáróidh rannpháirtíocht in aon ghníomhaíocht ag eintiteas dlíthiúil den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit mar a bhunaítear i gcreat CBES de bhun Theideal V de CAE, ná na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo. Comhlíonfaidh na ráthaíochtaí Airteagail 20 agus 23 den Rialachán seo freisin. Tabharfaidh na ráthaíochtaí go háirithe bunús go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críocha na gníomhaíochta, lena áirithiú:

    (a)

    nach bhfeidhmeofar rialú an eintitis dhlíthiúil ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an ghníomhaíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó saineolas is gá chun críocha na gníomhaíochta, nó lena mbainfí dá chumais agus de na caighdeáin is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh;

    (b)

    go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis íogair a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála, arna eisiúint ag Ballstát nó ag tír chomhlachaithe, ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an ngníomhaíocht, i gcás inarb iomchuí;

    (c)

    go bhfanann úinéireacht na maoine intleachtúla a thiocfaidh ón ngníomhaíocht, agus torthaí na gníomhaíochta, leis an bhfaighteoir le linn na gníomhaíochta agus tar éis don ghníomhaíocht a bheith curtha i gcrích agus ní bheidh siad faoi réir rialú nó srianadh tríú tír neamhchomhlachaithe nó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, agus ní dhéanfar iad a onnmhairiú lasmuigh den Aontas nó de thíortha comhlachaithe ná ní bheidh siad inrochtana ó thaobh amuigh den Aontas nó den tír comhlachaithe gan cead a fháil ón mBallstát nó ón tír comhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlíthiúil bunaithe agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

    Má mheasann an Ballstát nó an tír chomhlachaithe ina bhfuil an t-eintiteas dlíthiúil bunaithe go bhfuil siad iomchuí, féadfar tuilleadh ráthaíochtaí a sholáthar.

    Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 34 ar an eolas faoi aon eintiteas dlíthiúil eile a mheasfar a bheith incháilithe i gcomhréir leis an mír seo.

    5.   I gcás nach bhfuil aon ionadaithe iomaíocha ar fáil go héasca san Aontas nó i dtír chomhlachaithe, féadfaidh faighteoirí agus fochonraitheoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht úsáid a bhaint as a sócmhainní, a mbonneagar, a saoráidí agus a n-acmhainní atá lonnaithe nó atá á sealbhú lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe ar choinníoll nach sáróidh an úsáid sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát, go bhfuil sí comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus go gcomhlíonann sí Airteagail 20 agus 23.

    Ní bheidh na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin incháilithe do thacaíocht ón gCiste.

    6.   Agus gníomhaíocht incháilithe á déanamh acu, féadfaidh faighteoirí agus fochonraitheoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibriú i gcomhar freisin le heintitis dhlíthiúla atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó na dtíortha comhlachaithe, nó atá á rialú ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sócmhainní, bonneagar, saoráidí agus acmhainní na n-eintiteas dlíthiúil sin, ar choinníoll nach sárófar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát leis sin. Beidh comhar den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 agus comhlíonfaidh sé Airteagail 20 agus 23.

    Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó eintiteas eile de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh na gníomhaíochta agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don ghníomhaíocht.

    Ní bheidh costais na ngníomhaíochtaí sin incháilithe chun tacaíocht a fháil ón gCiste.

    7.   Cuirfidh na hiarratasóirí an fhaisnéis ábhartha riachtanach uile ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta. I gcás ina dtarlódh athrú le linn do ghníomhaíocht a bheith á déanamh lena bhféadfaí amhras a chaitheamh ar na critéir incháilitheachta a bheith á gcomhlíonadh, cuirfidh an t-eintiteas dlíthiúil ábhartha an Coimisiún ar an eolas agus measúnóidh an Coimisiún an leantar de na critéir incháilitheachta sin a chomhlíonadh agus féachfaidh sé an bhféadfadh an t-athrú sin aon tionchar a imirt ar chistiú na gníomhaíochta.

    8.   Chun críocha an Airteagail seo, tagraíonn “fochonraitheoirí atá bainteach le gníomhaíocht” d’fhochonraitheoirí a bhfuil gaol conarthach díreach acu le faighteoir, fochonraitheoirí eile ar a bhfuil ar a laghad 10 % de chostais iomlána incháilithe ná gníomhaíochta á leithdháileadh, agus fochonraitheoirí a bhféadfaidh sé go dteastóidh rochtain uathu ar fhaisnéis rúnaicmithe chun an ghníomhaíocht a dhéanamh. Ní comhaltaí den chuibhreannas iad fochonraitheoirí atá bainteach le gníomhaíocht.

    Airteagal 10

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

    2.   Leis an gCiste, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí lena gcumhdaítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua agus uasghrádú táirgí agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, ar choinníoll nach bhfuil úsáid na faisnéise a bhí ann roimhe agus is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh don uasghrádú faoi réir srianadh ó thríú tír neamhchomhlachaithe nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó ná ceann amháin, ar shlí a d’fhágfadh nach féidir an ghníomhaíocht a chur i gcrích.

    3.   Beidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist le gníomhaíocht incháilithe:

    (a)

    gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo eolas, táirgí agus teicneolaíochtaí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint, lenar féidir éifeachtaí suntasacha a bhaint amach i réimse na cosanta, a chruthú, a neartú agus a fheabhsú;

    (b)

    gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo idir-inoibritheacht agus athléimneacht a mhéadú, lena n-áirítear táirgeadh agus malartú slán sonraí, chun ardchumas a bhaint amach i ndáil le teicneolaíochtaí cosanta barrthábhachtacha, chun slándáil an tsoláthair a neartú nó chun éascaíocht a dhéanamh ar shaothrú éifeachtach torthaí le haghaidh táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta;

    (c)

    staidéir, amhail staidéir féidearthachta chun an indéantacht a bhaineann le teicneolaíochtaí, táirgí, próisis, seirbhísí agus réitigh – idir nua is uasghrádaithe– a scrúdú;

    (d)

    dearadh táirge chosanta, comhpháirte cosanta inláimhsithe nó doláimhsithe nó teicneolaíochta cosanta, mar aon leis an sainmhíniú ar na sonraíochtaí teicniúla ar a ndearnadh dearadh den chineál sin a fhorbairt, lena n-áirítear tástálacha páirteacha chun riosca a laghdú i dtimpeallacht thionsclaíoch nó ionadaíoch;

    (e)

    córas fréamhshamhaltaithe táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe;

    (f)

    tástálacha táirge chosanta, comhpháirte cosanta inláimhsithe nó doláimhsithe nó teicneolaíochta cosanta;

    (g)

    cáiliú táirge chosanta, comhpháirte cosanta inláimhsithe nó doláimhsithe nó teicneolaíochta cosanta;

    (h)

    deimhniú táirge chosanta, comhpháirte cosanta inláimhsithe nó doláimhsithe nó teicneolaíochta cosanta;

    (i)

    forbairt na dteicneolaíochtaí nó na sócmhainní lena méadaítear éifeachtúlacht thar shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta;

    4.   Déanfaidh eintitis dhlíthiúla an ghníomhaíocht a bheidh ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas le trí eintiteas incháilithe ar a laghad atá bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla nó i dtrí thír chomhlachaithe éagsúla ar a laghad. Le linn na tréimhse iomláine ina ndéantar an ghníomhaíocht, ní dhéanfaidh an t-eintiteas céanna rialú díreach nó indíreach ar thrí cinn, ar a laghad, de na heintitis dhlíthiúla incháilithe sin atá bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla nó in dhá thír chomhlachaithe éagsúla ar a laghad, agus ní dhéanfaidh siad rialú ar a chéile.

    5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint nó i dtaca le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3.

    6.   Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí a bhfuil a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh toirmiscthe faoin dlí idirnáisiúnta is infheidhme, ní bheidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste.

    Thairis sin, maidir le gníomhaíochtaí chun airm uathrialacha mharfacha a fhorbairt gan an fhéidearthacht a bheith ann go ndéanfadh duine rialú fónta ar chinntí maidir le roghnú agus comhrac, agus ionsaithe á ndéanamh ar dhaoine, ní bheidh siad incháilithe do thacaíocht ón gCiste, gan dochar don fhéidearthacht cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí chun córais luathrabhaidh agus frithbhearta a fhorbairt chun críocha cosanta.

    Airteagal 11

    Nós imeachta meastóireachta agus dámhachtana

    1.   Tabharfar cistiú ón Aontas tar éis glaonna iomaíocha le haghaidh tograí arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    I gcásanna a bhfuil bunús cuí leo agus in imthosca eisceachtúla, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin gan glao ar thograí i gcomhréir le pointe (e) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Dámhfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cistiú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

    Airteagal 12

    Critéir dhámhachtana

    Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a dhéanfar measúnú ar gach togra:

    (a)

    rannchuidiú an togra le barr feabhais nó acmhainneacht suaite i réimse na cosanta, go háirithe trína léiriú go n-eascróidh buntáistí suntasacha as na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón ngníomhaíocht bheartaithe, ar buntáistí iad nach bhfuil ag táirgí ná teicneolaíochtaí um chosaint atá ann cheana féin;

    (b)

    rannchuidiú an togra le nuáil agus forbairt theicneolaíoch thionscal cosanta na hEorpa, go háirithe trína léiriú go n-áirítear sa ghníomhaíocht bheartaithe cur chuige agus coincheapa ceannródaíocha nuálacha, feabhsuithe teicneolaíocha nua a bhfuil gealladh fúthu don todhchaí nó cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nó coincheap nár cuireadh i bhfeidhm cheana in earnáil na cosanta, agus dúbláil neamhriachtanach á seachaint;

    (c)

    rannchuidiú an togra le hiomaíocht thionscal cosanta na hEorpa, trína léiriú go bhfuil a chóimhéid den chostéifeachtúlacht agus éifeachtacht le fáil go dearfach agus go follasach sa ghníomhaíocht atá beartaithe agus, dá bhrí sin, go gcruthaítear deiseanna nua margaidh léi ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin agus go gcuirtear dlús léi le fás cuideachtaí ar fud an Aontais;

    (d)

    rannchuidiú an togra le féinriar EDTIB, lena n-áirítear trína neamhspleáchas ar fhoinsí neamhAontais a mhéadú, agus trí shlándáil an tsoláthair a neartú; rannchuidiú le leasanna slándála agus cosanta an Aontais i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3;

    (e)

    rannchuidiú an togra le comhar nua trasteorann a chruthú idir eintitis dhlíthiúla atá bunaithe sna Ballstáit nó i dtíortha comhlachaithe, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe a bhfuil rannpháirt nach beag acu sa ghníomhaíocht, mar fhaighteoirí, mar fhochonraitheoirí nó mar eintitis dhlíthiúla eile sa slabhra soláthair, agus atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe seachas iad sin ina bhfuil eintitis dhlíthiúla atá ag comhoibriú i gcuibhreannas, nach FBManna ná cuideachtaí meánchaipitlithe iad, bunaithe;

    (f)

    an cháilíocht agus an éifeachtúlacht a bhaineann leis an ngníomhaíocht a dhéanamh.

    Airteagal 13

    Rátaí cómhaoiniúcháin

    1.   Déanfaidh an Ciste suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) den Rialachán seo a mhaoiniú gan dochar d’Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais.

    2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo:

    (a)

    maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 10(3), ní bheidh an tacaíocht ón gCiste níos airde ná 20 % de na costais incháilithe;

    (b)

    maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) d’Airteagal 10(3), ní bheidh an tacaíocht ón gCiste níos airde ná 80 % de na costais incháilithe.

    3.   Maidir le gníomhaíochtaí forbartha, méadófar na rátaí cistiúcháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíocht arna forbairt i gcomhthéacs thionscadal PESCO, arna bunú le Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (25), d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sí tairbhe as méadú 10 bpointe céatadáin breise ar an ráta cistiúcháin;

    (b)

    féadfaidh gníomhaíocht tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe, mar a thagraítear dó sa phointe seo, i gcás ina ndéanfar 10 % ar a laghad de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta a leithdháileadh ar FBManna atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe agus atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht mar fhaighteoirí, mar fhochonraitheoirí nó mar eintitis dhlíthiúla eile sa slabhra soláthair.

    Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le céatadán chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta atá leithdháilte ar FBManna atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe ina bhfuil faighteoirí nach FBManna iad bunaithe agus a bhfuil rannpháirt acu sa ghníomhaíocht mar fhaighteoirí, mar fhochonraitheoirí nó mar eintitis dhlíthiúla eile sa slabhra soláthair, suas le 5 pointí céatadáin breise.

    Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le dhá oiread an chéatadáin de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta atá leithdháilte ar FBManna atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe, seachas na cinn sin ina bhfuil faighteoirí nach FBManna iad bunaithe agus a bhfuil rannpháirt acu sa ghníomhaíocht mar fhaighteoirí, mar fhochonraitheoirí nó mar eintitis dhlíthiúla eile sa slabhra soláthair;

    (c)

    féadfaidh gníomhaíocht tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe dar luach 10 bpointe céatadáin, i gcás ina mbíonn ar a laghad 15 % de chostais iomlána incháilithe na gníomhaíochta á leithdháileadh ar chuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe i mBallstáit nó i dtíortha comhlachaithe.

    Ní bheidh an méadú foriomlán ar ráta cistiúcháin gníomhaíochta tar éis pointí (a), (b) agus (c) a chur i bhfeidhm níos airde ná 35 phointe céatadáin.

    Ní chumhdófar níos mó ná 100 % de chostais incháilithe na gníomhaíochta le tacaíocht ón gCiste, lena n-áirítear rátaí cistiúcháin méadaithe.

    Airteagal 14

    Acmhainn airgeadais

    1.   In ainneoin Airteagal 198(5) den Rialachán Airgeadais, ní fhíorófar ach acmhainn airgeadais comhordaitheora agus ní dhéanfar sin ach amháin i gcás gurb ionann an cistiú arna iarraidh ón Aontas agus EUR 500 000 ar a laghad.

    Mar sin féin, sa chás go bhfuil bunús le hamhras a chur in acmhainn airgeadais iarratasóra nó comhordaitheora, fíoróidh an Coimisiún freisin acmhainn airgeadais iarratasóirí nó comhordaitheoirí i gcás go mbeidh an cistiú arna iarraidh ón Aontas faoi bhun EUR 500 000.

    2.   Ní fhíorófar acmhainn airgeadais i gcás eintitis dhlíthiúla a bhfuil a n-inmharthanacht ráthaithe ag údaráis ábhartha na mBallstát.

    3.   Má tá acmhainn airgeadais ráthaithe ó thaobh struchtúir de ag eintiteas dlíthiúil eile, fíorófar acmhainn airgeadais an eintitis dlíthiúil eile sin freisin.

    Airteagal 15

    Costais indíreacha

    1.   De mhaolú ar Airteagal 181(6) den Rialachán Airgeadais, cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh 25 % de chostais incháilithe dhíreacha iomlána na gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, cé is moite de na costais incháilithe dhíreacha a bhaineann le fochonraitheoireacht agus tacaíocht do thríú páirtithe agus aon chostas aonaid nó aon chnapshuim a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.

    2.   De mhalairt air sin, féadfar costais incháilithe indíreacha a chinneadh i gcomhréir le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála an fhaighteora ar bhonn costais indíreacha iarbhír ar choinníoll go nglacann údaráis náisiúnta leis na cleachtais cuntasaíochta costála sin i gcás gníomhaíochtaí inchomparáide i réimse na cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 185 den Rialachán Airgeadais, agus go gcuireann an faighteoir na gnáthchleachtais sin in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 16

    Úsáid a bhaint as ranníocaíocht nach mbaineann le costais ná le cnapshuim aonair

    I gcás ina ndéanann deontas de chuid an Aontais cómhaoiniú is ísle ná 50 % de chostais iomlána na gníomhaíochta, is ceadmhach don Choimisiún úsáid a bhaint as ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    ranníocaíocht nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 180(3) den Rialachán Airgeadais agus atá bunaithe ar ghnóthú torthaí arna dtomhas trí thagairt a dhéanamh do gharspriocanna a socraíodh roimh ré nó trí bhíthin táscairí feidhmíochta; nó

    (b)

    cnapshuim aonair dá dtagraítear in Airteagal 182 den Rialachán Airgeadais agus atá bunaithe ar bhuiséad sealadach na gníomhaíochta arna formhuiniú cheana féin ag údaráis náisiúnta na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe cómhaoinithe.

    Áireofar costais indíreacha sa chnapshuim dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír.

    Airteagal 17

    Soláthar réamhthráchtála

    1.   Féadfaidh an tAontas tacú le soláthar réamhthráchtála trí dheontas a dhámhachtain d’údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (26) agus 2014/25/AE (27) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a bhfuil taighde cosanta agus seirbhísí forbartha á soláthar go comhpháirteach acu nó atá ag comhordú a nósanna imeachta soláthair go comhpháirteach.

    2.   Na nósanna imeachta soláthair dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    comhlíonfaidh siad an Rialachán seo;

    (b)

    féadfaidh siad dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú);

    (c)

    déanfaidh siad foráil maidir le dámhachtain na gconarthaí ar an táirgeoir/na táirgeoirí lena dtugtar an luach airgid is fearr agus a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ann san am céanna.

    Airteagal 18

    Ciste Ráthaíochta

    Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na suimeanna atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/695.

    Airteagal 19

    Critéir incháilitheachta le haghaidh soláthair agus duaiseanna

    1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 9 agus 10 maidir le duaiseanna.

    2.   De mhaolú ar Airteagal 176 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9 den Rialachán seo, mar aon le hAirteagal 10 den Rialachán seo, maidir le soláthar staidéar dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 10(3) den Rialachán seo.

    TEIDEAL II

    FORÁLACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ TAIGHDE

    Airteagal 20

    Úinéireacht thorthaí na ngníomhaíochtaí taighde

    1.   Beidh torthaí gníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste faoi úinéireacht na bhfaighteoirí a ghineann iad. I gcás ina nginfidh eintitis dhlíthiúla torthaí go comhpháirteach, agus i gcás nach bhféadfar a rannchuidiú faoi seach a dhearbhú, nó i gcás nach bhféadfar na torthaí comhpháirteacha sin a scaradh, beidh na torthaí faoi úinéireacht chomhpháirteach na n-eintiteas dlíthiúil. Déanfaidh úinéirí comhpháirteacha comhaontú maidir le leithdháileadh a scaireanna agus téarmaí fheidhmiú a n-úinéireachta comhpháirtí i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina dtugtar tacaíocht ón Aontas mar sholáthar poiblí, beidh úinéireacht ag an Aontas ar thorthaí gníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste. Beidh cearta rochtana ag na Ballstáit agus ag tíortha comhlachaithe ar na torthaí, saor in aisce, ar iarraidh i scríbhinn.

    3.   Ní bheidh torthaí na ngníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste faoi réir aon rialaithe nó sriain ag tríú tír neamhchomhlachaithe nó ag eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe, go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear ó thaobh aistriú teicneolaíochta de.

    4.   A mhéid a bhaineann le torthaí arna nginiúint ag faighteoirí trí ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus gan dochar do mhír 9 den Airteagal seo, tabharfar fógra don Choimisiún sula ndéanfar aon aistriú úinéireachta nó aon cheadúnais eisiach a dheonú do thríú tír neamhchomhlachaithe nó d’eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe. Sa chás go sáraíonn aistriú úinéireachta nó deonú ceadúnais eisiach mar sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát nó na cuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad, aisíocfar an tacaíocht a cuireadh ar fáil faoin gCiste.

    5.   Beidh cearta rochtana ag údaráis náisiúnta na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe ar na tuarascálacha speisialta. Tabharfar na cearta rochtana sin saor ó ríchíosanna agus aistreoidh an Coimisiún iad chuig na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe tar éis don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí rúndachta iomchuí i bhfeidhm.

    6.   Ní úsáidfidh údaráis náisiúnta na mBallstát agus na dtíortha comhlachaithe an tuarascáil speisialta ach amháin chun críocha a bhaineann le húsáid i ndáil lena bhfórsaí armtha nó fórsaí slándála nó faisnéise, lena n-áirítear faoi chuimsiú a gclár comhoibritheach. Áireofar san úsáid sin staidéar, meastóireacht, measúnú, taighde, dearadh, glacadh agus deimhniúchán táirgí, oibriú, oiliúint agus diúscairt táirgí, chomh maith le ceanglais theicniúla maidir le soláthar a mheasúnú agus a dhréachtú.

    7.   Tabharfaidh na faighteoirí cearta rochtana ar thorthaí na ngníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste saor ó ríchíosanna d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais chun na críche a bhfuil bunús cuí léi beartais agus cláir an Aontais atá ann cheana i réimsí a inniúlachta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Beidh na cearta rochtana sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.

    8.   Déanfar forálacha sonracha maidir le húinéireacht, cearta rochtana agus ceadúnú a leagan síos sna comhaontuithe cistiúcháin agus sna conarthaí maidir le soláthar réamhthráchtála chun a áirithiú go nglacfar leis na torthaí a mhéid is féidir agus chun buntáistí míchuí a sheachaint. Beidh ar a laghad cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na torthaí le haghaidh a n-úsáide féin ag na húdaráis chonarthacha, agus beidh an ceart acu ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe nó an ceart acu ceangal a chur ar fhaighteoirí iad a dheonú, chun na torthaí a shaothrú faoi choinníollacha córa réasúnacha, gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Beidh rochtain saor ó ríchíosanna ag gach Ballstát agus gach tír chomhlachaithe ar an tuarascáil speisialta. I gcás nach ndéanfaidh conraitheoir saothrú tráchtála ar na torthaí laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear sa chonradh, aistreoidh sé úinéireacht na dtorthaí chuig na húdaráis chonarthacha.

    9.   Leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar difear d’onnmhairiú táirgí, trealaimh nó teicneolaíochtaí a dhéanann comhtháthú ar thorthaí gníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, agus ní dhéanfar difear do lánrogha na mBallstát i ndáil lena mbeartais maidir le honnmhairiú táirgí atá bainteach le cosaint.

    10.   I gcás dhá Bhallstát nó dhá thír chomhlachaithe nó níos mó, go hiltaobhach nó faoi chuimsiú an Aontais, a chuir conradh amháin nó roinnt conarthaí i gcrích le faighteoir amháin nó níos mó chun na gníomhaíochtaí taighde a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a fhorbairt tuilleadh, beidh cearta rochtana acu ar na torthaí sin a mhéid atá siad faoi úinéireacht na bhfaighteoirí sin agus riachtanach chun an conradh nó na conarthaí a chomhlíonadh. Tabharfar na cearta rochtana sin saor ó ríchíosanna agus faoi choinníollacha sonracha a mbeidh sé mar aidhm leo a áirithiú nach n-úsáidtear na cearta sin ach amháin chun críche an chonartha nó na gconarthaí agus go gcuirtear na hoibleagáidí rúndachta iomchuí i bhfeidhm.

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA SONRACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FORBARTHA

    Airteagal 21

    Critéir incháilitheachta bhreise le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha

    1.   Léireoidh an cuibhreannas go bhfuil na costais a bhaineann le gníomhaíocht nach bhfuil cumhdaithe ag tacaíocht ón Aontas le cumhdú trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile, amhail ranníocaíochtaí ó na Ballstáit nó ó na tíortha comhlachaithe nó cómhaoiniú ó eintitis dhlíthiúla.

    2.   Beidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 10(3) bunaithe ar cheanglais cumais cosanta chomhchuibhithe arna gcomhaontú go comhpháirteach ag dhá Bhallstát nó ag dhá thír chomhlachaithe ar a laghad.

    3.   Maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (e) go (h) d’Airteagal 10(3), léireoidh an cuibhreannas, trí bhíthin doiciméid arna n-eisiúint ag údaráis náisiúnta, an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil sé beartaithe ag, ar a laghad, dhá Bhallstát nó dhá thír chomhlachaithe an táirge deiridh a sholáthar nó an teicneolaíocht a úsáid ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear trí sholáthar comhpháirteach, i gcás inarb infheidhme;

    (b)

    go bhfuil an ghníomhaíocht bunaithe ar shonraíochtaí teicniúla coiteanna arna gcomhaontú go comhpháirteach ag na Ballstáit nó tíortha comhlachaithe a dhéanfaidh an ghníomhaíocht a chómhaoiniú nó a bhfuil sé beartaithe acu an táirge deiridh a sholáthar go comhpháirteach nó an teicneolaíocht a úsáid go comhpháirteach.

    Airteagal 22

    Critéir dhámhachtana bhreise le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha

    Chomh maith leis na critéir dhámhachtana dá dtagraítear in Airteagal 12, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh leis an gclár oibre:

    (a)

    an rannchuidiú le héifeachtúlacht a mhéadú thar shaolré táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear cost-éifeachtúlacht agus an acmhainneacht le haghaidh sineirgí sna próisis soláthair, chothabhála agus diúscartha;

    (b)

    an rannchuidiú le comhtháthú breise thionscal cosanta na hEorpa ar fud an Aontais trína léiriú ar pháirt na bhfaighteoirí go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit an táirge deiridh nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, a bheith faoina n-úinéireacht nó a chothabháil go comhpháirteach ar bhealach comhordaithe.

    Airteagal 23

    Úinéireacht thorthaí na ngníomhaíochtaí taighde

    1.   Ní bheidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí cosanta a thiocfaidh as gníomhaíochtaí forbartha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste i seilbh an Aontais, ná ní bheidh aon éileamh aige i dtaca le IPRanna a bhaineann leis na bearta sin.

    2.   Ní bheidh torthaí na ngníomhaíochtaí forbartha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste faoi réir aon rialaithe nó sriain ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, go díreach nó go hindíreach, trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear ó thaobh aistriú teicneolaíochta de.

    3.   Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do lánrogha na mBallstát i ndáil lena mbeartais maidir le honnmhairiú táirgí atá bainteach le cosaint.

    4.   A mhéid a bhaineann le torthaí arna nginiúint ag faighteoirí trí ghníomhaíochtaí forbartha a fhaigheann tacaíocht ón gCiste agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, tabharfar fógra don Choimisiún, sula ndéanfar aon aistriú úinéireachta do thríú tír neamhchomhlachaithe nó d’eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe. Sa chás go sáraíonn aistriú úinéireachta mar sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus na mBallstát nó na cuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad, aisíocfar an tacaícoht ón gCiste a cuireadh ar fáil.

    5.   I gcás go gcuirtear tacaícoht ón Aontas ar fáil mar sholáthar poiblí staidéir, beidh an ceart, in aisce, ag na Ballstáit uile nó ag tíortha comhlachaithe uile ar cheadúnas neamheisiach chun an staidéar a úsáid, ar iarraidh i scríbhinn.

    TEIDEAL IV

    RIALACHAS, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 24

    Cláir oibre

    1.   Cuirfear an Ciste chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Leagfar amach sna cláir oibre an buiséad foriomlán chun tairbhe rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cláir oibre dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

    3.   Leagfar amach go mionsonraithe sna cláir oibre na topaicí taighde agus catagóirí na ngníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh ón gCiste. Beidh na catagóirí sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí cosanta dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Cé is moite den chuid den chlár oibre atá tiomnaithe do theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint, cumhdófar táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta sna topaicí agus catagóirí gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír sna réimsí seo a leanas:

    (a)

    ullmhú, cosaint, imlonnú agus inbhuanaitheacht;

    (b)

    bainistiú agus barrfheabhas faisnéise agus ceannas, rialú, cumarsáid, ríomhairí, faisnéisíocht, faireachas agus taiscéalaíocht (C4ISR), cibearchosaint agus cibearshlándáil; agus

    (c)

    rannpháirtíocht agus éifeachtóirí.

    4.   Beidh sna cláir oibre, i gcás inarb iomchuí, ceanglais fheidhmiúla agus sonrófar iontu cineál an chistithe ón Aontas faoi Airteagal 8, ach ní chuirfear cosc le hiomaíocht ar leibhéal na nglaonna ar thograí ag an am céanna.

    Féadfar a chur san áireamh sna cláir oibre freisin aistriú thorthaí na ngníomhaíochtaí taighde ina léirítear breisluach agus a fhaigheann tacaíocht cheana ón gCiste chomh fada leis an gcéim forbartha.

    Airteagal 25

    Comhairliúchán leis an mbainisteoir tionscadail

    I gcás ina gceapfar bainisteoir tionscadail, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán leis an mbainisteoir tionscadail maidir le dul chun cinn i ndáil leis an ngníomhaíocht sula bhforghníomhófar an íocaíocht.

    Airteagal 26

    Saineolaithe neamhspleácha

    1.   Ceapfaidh an Coimisiún saineolaithe neamhspleácha chun cúnamh a thabhairt le scagadh agus measúnú eitice dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo agus leis an meastóireacht ar thograí de bhun Airteagal 237 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Is náisiúnaigh ón raon Ballstát is leithne is féidir a bheidh sna saineolaithe neamhspleácha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus roghnófar iad ar bhonn glaonna ar léirithe spéise a sheolfar chuig aireachtaí cosanta agus gníomhaireachtaí fo-ordaithe, comhlachtaí ábhartha eile de chuid an rialtais, institiúidí taighde, ollscoileanna, comhlachais ghnó nó fiontair san earnáil cosanta d’fhonn liosta saineolaithe neamhspleácha a bhunú. De mhaolú ar Airteagal 237 den Rialachán Airgeadais, ní chuirfear an liosta saineolaithe ar fáil don phobal.

    3.   Déanfaidh an Ballstát ábhartha dintiúir shlándála na saineolaithe neamhspleácha a cheapfar a bhailíochtú.

    4.   An coiste dá dtagraítear in Airteagal 34, cuirfear ar an eolas é maidir leis an liosta saineolaithe neamhspleácha, ar mhaithe le trédhearcacht maidir lena sonraí aitheantais slándála, ar bhonn bliantúil. Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfaidh saineolaithe neamhspleácha meastóireacht ná nach dtabharfaidh siad comhairle nó cabhair i ndáil le hábhair ina bhfuil aon choinbhleachtaí leasa acu.

    5.   Roghnófar na saineolaithe neamhspleácha ar bhonn na scileanna, na taithí agus an eolais is ábhartha maidir leis na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh.

    Airteagal 27

    Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur i bhfeidhm

    1.   Faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

    (a)

    áiritheoidh gach Ballstát go ndéanann sé leibhéal cosanta a thairiscint d’fhaisnéis rúnaicmithe de chuid AE atá coibhéiseach lena dtugtar faoi rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (28);

    (b)

    tabharfaidh an Coimisiún cosaint d’fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444;

    (c)

    ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír ná daoine dlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír faisnéis rúnaicmithe an Aontais a bhaineann leis an gCiste a láimhseáil ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir rialacháin slándála, sna tíortha sin, lena n-áiritheofar leibhéal cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a thugtar faoi rialacha slándála an Choimisiúin agus na Comhairle, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus i gCinneadh 2013/488/AE, faoi seach;

    (d)

    leagfar síos coibhéis na rialachán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír nó a chuireann eagraíocht idirnáisiúnta i bhfeidhm i gcomhaontú um shlándáil faisnéise, lena n-airítear ábhair a bhaineann le slándáil thionsclaíoch más ábhartha, a thabharfar i gcrích nó a bheidh le tabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 CFAE agus Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE á chur san áireamh; agus

    (e)

    gan dochar d’Airteagal 13 de Chinneadh 2013/488/AE agus do na rialacha lena rialaítear réimse na slándála tionsclaíche a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444, féadfar rochtain a thabhairt do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, do thríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta ar fhaisnéis rúnaicmithe de chuid AE i gcás ina measfar gur gá sin agus ar bhonn cás ar chás, de réir chineál agus inneachar na faisnéise sin, an ghá don fhaighteoir a bheith ar an eolas, agus mhéid an bhuntáiste don Aontas.

    2.   Nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe i gceist le gníomhaíochtaí, nuair a éilítear faisnéis rúnaicmithe iontu, nó nuair a bhíonn faisnéis rúnaicmithe iontu, sonróidh an comhlacht cistiúcháin ábhartha sna doiciméid a bhaineann leis an nglao ar thograí nó ar thairiscintí na bearta agus ceanglais is gá chun slándáil na faisnéise sin a áirithiú ar an leibhéal is gá.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún córas malartaithe slán ar bun chun malartú faisnéise íogaire, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, a éascú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe agus, i gcás inarb iomchuí, leis na hiarratasóirí agus na faighteoirí. Cuirfear rialacha náisiúnta slándála na mBallstát san áireamh sa chóras sin.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil na faighteoirí bunaithe ar a gcríoch tionscnóirtheacht faisnéise tulra rúnaicmithe arna giniúint agus gníomhaíocht taighde nó forbartha á cur i gcrích a chinneadh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit sin cinneadh a dhéanamh maidir le creat slándála sonrach i gcomhair cosaint agus láimhseáil faisnéise rúnaicmithe a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina leith sin. Beidh an creat slándála sin gan dochar d’fhéidearthacht an Choimisiúin rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis is gá chun an ghníomhaíocht taighde nó forbartha a dhéanamh.

    Mura gcuirfidh na Ballstáit sin creat slándála sonrach den chineál sin ar bun, cuirfidh an Coimisiún an creat slándála don ghníomhaíocht ar bun i gcomhréir le forálacha Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún.

    Ní mór an creat slándála is infheidhme a bheith i bhfeidhm, i gcás ar bith, roimh shíniú an chomhaontaithe cistithe nó an chonartha.

    Airteagal 28

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí chun tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn an Chiste maidir le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3(2).

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste maidir le gnóthú a chuspóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 33, chun an Iarscríbhinn a leasú a mhéid a bhaineann leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Chiste ar bhonn rialta agus tabharfaidh sé tuairisc ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn a rinneadh, lena n-áirítear an bealach a bhfuil na ceachtanna a sainaithníodh agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó EDIDP agus ó PADR á gcur san áireamh agus an Ciste á chur chun feidhme, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá i bhfeidhm.

    4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chiste ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

    Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

    Airteagal 29

    Meastóireacht ar an gCiste

    1.   Déanfar meastóireachtaí ar an gCiste go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gCiste a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chiste, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thústhréimhse cur chun feidhme an Chiste.

    Áireofar na nithe seo a leanas go háirithe sa tuarascáil ar an meastóireacht eatramhach lena gcumhdófar an tréimhse go dtí an 31 Iúil 2024:

    (a)

    na forálacha a bhaineann le saineolaithe neamhspleácha lena n-áirítear na nithe seo a leanas i dtaca le:

    (i)

    na forálacha a bhaineann le saineolaithe neamhspleácha;

    (ii)

    cur chun feidhme na nósanna imeachta eitice a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo;

    (b)

    na ceachtanna arna bhfoghlaim ó EDIDP agus ó PADR;

    (c)

    na rátaí cur chun feidhme;

    (d)

    na torthaí maidir le tionscadail a dhámhachtain lena n-áirítear leibhéal rannpháirtíochta FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe agus leibhéal a rannpháirtíochta trasteorann;

    (e)

    rátaí aisíocaíochta na gcostas indíreach a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo;

    (f)

    na suimeanna arna leithdháileadh ar theicneolaíochtaí suaiteacha um chosaint i nglaonna ar thograí; agus

    (g)

    cistiú arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 195 den Rialachán Airgeadais.

    Beidh faisnéis sa mheastóireacht eatramhach freisin maidir le tíortha tionscnaimh na bhfaighteoirí, líon na dtíortha atá rannpháirteach sna tionscadail aonair agus, i gcás inar féidir, dáileadh IPRanna a gineadh. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur isteach maidir le haon leasú ábhartha ar an Rialachán seo.

    3.   Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar chur chun feidhme an Chiste agus ullmhóidh sé tuarascáil ar chur chun feidhme an Chiste.

    Leis an tuarascáil mheastóireachta deiridh, déanfar an méid seo a leanas:

    (a)

    áireofar torthaí an chur chun feidhme agus, a mhéid is féidir, tionchar an Chiste inti;

    (b)

    beidh sí mar fhorbairt ar chomhairliúcháin ábhartha leis na Ballstáit agus na tíortha comhlachaithe agus geallsealbhóirí barrthábhachtacha agus déanfar measúnú léi go háirithe ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

    (c)

    beidh sí ina cabhair freisin chun na cásanna a shainaithint ina bhfuil an tAontas spleách ar thríú tíortha i dtaca le forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta;

    (d)

    déanfar anailís inti freisin ar rannpháirtíocht trasteorann, lena n-áirítear rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, i ngníomhartha arna ndéanamh faoin gCiste chomh maith le comhtháthú FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda agus rannchuidiú an Chiste agus aghaidh á tabhairt ar na heasnaimh arna n-aithint i CDP; agus

    (e)

    beidh faisnéis inti freisin maidir le tíortha tionscnaimh na bhfaighteoirí agus, i gcás inar féidir, dáileadh IPRanna arna nginiúint.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 30

    Iniúchtaí

    Is é a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais na hiniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais sainordú dóibh. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais a bhaineann le hioncam agus caiteachas uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

    Airteagal 31

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chiste trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlíthiúla eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    Airteagal 32

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Beidh forálacha sa chomhaontú cistithe nó maoiniúcháin lena rialófar an deis páipéar acadúil a fhoilsiú bunaithe ar thorthaí gníomhaíochtaí taighde.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chiste agus leis na torthaí a baineadh amach.

    Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gCiste ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    3.   Trí acmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gCiste, féadfar rannchuidiú freisin le heagrú gníomhaíochtaíscaipthe, imeachtaí meaitseála agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta, go háirithe iad sin a mbeadh sé mar aidhm leo slabhraí soláthair a oscailt chun rannpháirtíocht trasteorann FBManna a chothú.

    TEIDEAL V

    GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE, GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 33

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 28 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 12 Bealtaine 2021.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 28 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 34

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a barúlacha agus a saineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt don choiste.

    Tiocfaidh an coiste le chéile freisin i bhfoirmíochtaí speisialta, lena n-áirítear chun plé a dhéanamh ar ghnéithe cosanta agus slándála a bhaineann le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gCiste.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 35

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

    Airteagal 36

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1092 nó PADR, ar Rialachán é nó ar Réamhghníomhaíocht í a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige nó aici maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu agus maidir lena dtorthaí.

    2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chiste na costais theicniúla agus chúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Ciste agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1092 agus PADR a áirithiú.

    3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 31 Nollaig 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi dheireadh ré an Chiste.

    Airteagal 37

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 75.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).

    (4)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis nó chonarthacha nó eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

    (6)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (9)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).

    (10)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint n hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (13)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

    (14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (15)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (17)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (18)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (19)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (20)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (21)  Comhsheasamh na Comhairle 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

    (22)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

    (23)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (24)  Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 8.7.2011, lch. 13).

    (25)  Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57).

    (26)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).

    (27)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 243).

    (28)  Cinneadh 2013/488 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    TÁSCAIRÍ CHUN TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH AR DHUL CHUN CINN AN CHISTE MAIDIR LE GNÓTHÚ A CHUSPÓIRÍ SONRACHA

    Cuspóir sonrach arna leagan amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2):

    Táscaire 1:

    rannpháirtithe

    Arna

    thomhas trí na nithe seo a leanas: líon na n-eintiteas dlíthiúil atá páirteach (foroinnte de réir méide, cineáil agusna tíre bunaíochta)

    Táscaire 2:

    taighde comhoibríoch

    Arna thomhas trí na nithe seo a leanas:

    2.1.

    líon agus luach na dtionscadal arna gcistiú

    2.2.

    an comhar trasteorann: sciar na gconarthaí arna ndámhachtain do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe, agus luach na gconarthaí comhair trasteorann

    2.3.

    cion na bhfaighteoirí nach ndearna gníomhaíochtaí taighde le feidhmeanna cosanta roimh 12 Bealtaine 2021

    Táscaire 3:

    táirgí nuálaíochta

    Arna thomhas trí na nithe seo a leanas:

    3.1.

    líon na bpaitinní nua arna ndíorthú ó thionscadail a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste

    3.2.

    dáileadh comhiomlánaithe na bpaitinní i measc cuideachtaí meánchaipitlithe, FBManna agus eintitis dhlíthiúla nach cuideachtaí meánchaipitlithe ná FBManna iad

    3.3.

    dáileadh comhiomlánaithe na bpaitinní in aghaidh an Bhallstáit

    Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2):

    Táscaire 4:

    forbairt chomhoibríoch cumais

    Arna thomhas:

    trí na nithe seo a leanas: líon agus luach na ngníomhaíochtaí cistithe a thugann aghaidh ar na heasnaimh acmhainneachta a sainaithníodh i CDP

    Táscaire 5:

    tacaíocht leanúnach le linn an timthriall iomláin T&F

    Arna thomhas:

    trí na nithe seo a leanas: láithreacht sa chúlra de CMInna nó de thorthaí a gineadh i ngníomhaíochtaí lenar tacaíodh roimhe sin

    Táscaire 6:

    cruthú/tacaíocht fostaíochta

    Arna thomhas:

    trí na nithe seo a leanas: líon na bhfostaithe cosanta T&F a fhaigheann tacaíocht in aghaidh an Bhallstáit


    Top