EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0009

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/9 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2021 lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar tháirgí comhréidhe teorollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile a allmhairítear agus ar de thionscnamh na Tuirce iad

C/2021/52

IO L 3, 7.1.2021, p. 4–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/9/oj

7.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 3/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/9 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Eanáir 2021

lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar tháirgí comhréidhe teorollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile a allmhairítear agus ar de thionscnamh na Tuirce iad

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) tús le himscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile (“HRFS” nó “an táirge faoi imscrúdú”) ar de thionscnamh na Tuirce iad (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Bunrialachán”). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne Eurofer (“an gearánach”) an 31 Márta 2020 thar ceann tháirgeoirí an Aontais atá freagrach as níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais den táirge atá faoi imscrúdú. Sa ghearán bhí fianaise ar dhumpáil agus ar dhíobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

(3)

An 12 Meitheamh 2020, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-fhóirdheontais maidir le hallmhairí an táirge chéanna ar de thionscnamh na Tuirce é, agus chuir sé tús le himscrúdú ar leith. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

1.2.   Clárú

(4)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise riachtanach de thaca léi, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán clárúcháin”) faoi Airteagal 14(5) den Bhunrialachán.

1.3.   Páirtithe leasmhara

(5)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an gearánach ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus údaráis na Tuirce, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach leis an tionscnamh, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(6)

Bhí deis ag páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Thionóil an Coimisiún éisteachtaí le roinnt úsáideoirí agus le hionadaithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón Tuirc ag céim an tionscnaimh.

1.4.   Sampláil

(7)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den Bhunrialachán.

1.4.1.   Sampláil ar tháirgeoirí Aontais

(8)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn tháirgeacht agus mhéid díolachán an Aontais arna dtuairisciú ag na táirgeoirí ón Aontas i gcomhthéacs na hanailíse measúnaithe réamhthionscnaimh i gcéim an tseasaimh, agus a suíomh geografach á chur san áireamh freisin. Ba é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais, agus iad lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla, arbh ionann iad agus thart ar 34 % de tháirgeadh iomlán measta an Aontais agus os cionn 40 % de mhéid díolachán an Aontais de chuid na dtáirgeoirí a tháinig chun cinn. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach.

(9)

Níor chuir ach an táirgeoir onnmhairiúcháin Çolakoğlu Metalurji A.Ş. (“Colakoglu”) barúlacha isteach laistigh den sprioc-am. D’éiligh Colakoglu nach raibh an sampla molta de tháirgeoirí ón Aontas ionadaíoch toisc (i) nach seasann na cuideachtaí a áirítear sa sampla don mhéid is mó táirgeachta ná don mhéid is mó díolachán san Aontas; (ii) go bhfuil an sampla molta róbheag; (iii) nach n-áirithítear raon geografach leis; agus (iv) go gcuirtear “páirtithe a bhí de réir cosúlachta i staid mhíshásúil cheana de dheasca imthosca seachtracha” san áireamh d’aon turas sa sampla. Mhol Colakoglu, dá bhrí sin, go gcuirfí ArcelorMittal na Spáinne, ArcelorMittal na Beilge agus Acciaieria Arvedi SPA na hIodáile leis an sampla.

(10)

Maidir leis an gcéad éileamh, mar a luaitear sa nóta a ghabhann leis an gcomhad t120.003571, bhunaigh an Coimisiún a shampla ar na méideanna is mó táirgeachta agus díolachán san Aontas. Cé go raibh ardluachanna uasta ag táirgeoirí áirithe eile sa mhéid a bhí soláthraithe acu sna raonta i leagan oscailte a bhfreagraí arna dtabhairt agus an ionadaitheacht á scrúdú, ní fhágann sin gurbh amhlaidh a tháirg agus/nó a dhíol siad níos mó.

(11)

Ar an dara dul síos, measann an Coimisiún go bhfuil sampla, arb ionann é agus thart ar 34 % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais agus thart ar 40 % de mhéid díolachán an Aontais de chuid na dtáirgeoirí a tháinig chun cinn, sách ionadaíoch. Maidir leis na samplaí de chásanna inar chinn an Coimisiún breis páirtithe a shampláil, ar samplaí iad a sholáthair Colakoglu, tháinig siad faoi chreat ina mbeadh sé d’acmhainn ag an gCoimisiún sprioc-amanna níos faide a thabhairt. Ní mó táirgeoirí Aontais a bheith ann faoin sampla sin, bheadh ualach róthrom ag gabháil leis agus chuirfí cosc leis an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

(12)

Ar an tríú dul síos, mheas an Coimisiún go seasann an sampla do raon geografach maith ós rud é go bhfuil na trí pháirtí a samplaíodh lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla.

(13)

Ar deireadh, níor soláthraíodh fianaise chun tacú le héileamh deiridh Colakoglu. Mar a míníodh thuas, ba iad na critéir a úsáideadh chun an sampla a roghnú méideanna na táirgeachta agus na ndíolachán san Aontas chomh maith le hionadaitheacht gheografach.

(14)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, mheas an Coimisiún nach raibh údar le barúlacha Colakoglu maidir lena ionadaíche a bhí an sampla. Measadh, dá bhrí sin, gur thug an sampla sealadach de thrí tháirgeoir ón Aontas léargas ar thionscal an Aontais agus deimhníodh ina shampla deiridh é.

1.4.2.   Sampláil allmhaireoirí

(15)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(16)

Sholáthair allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil. Níor tugadh aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin.

1.4.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc

(17)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Tuirc an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Tuirce chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(18)

Sholáthair cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Bhunrialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí ghrúpa cuideachtaí ar bhonn an méid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Bhunrialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na tíre lena mbaineann, maidir le roghnú an tsampla. Níor tugadh aon bharúil.

1.5.   Scrúdú aonair

(19)

Maidir le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón Tuirc a chuir an fhoirm shamplála ar ais, bhí scrúdú aonair iarrtha aige faoi Airteagal 17(3) den Bhunrialachán. Ar lá an tionscnaimh, chuir an Coimisiún an ceistneoir táirgeoir onnmhairiúcháin ar fáil ar líne (5). Ina theannta sin, agus an sampla á fhógairt aige, chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin nár samplaíodh ar an eolas gur ghá dóibh freagra ar an gceistneoir seo a chur ar fáil dá dteastódh uathu go ndéanfaí scrúdú orthu ar bhonn aonair. Mar sin féin, níor sholáthair an chuideachta a d’iarr scrúdú aonair i dtosach freagra ar an gceistneoir. Dá bhrí sin, níor deonaíodh aon scrúdú aonair.

1.6.   Freagraí ar an gceistneoir

(20)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig an ngearánach agus d’iarr sé ar na trí tháirgeoir ón Aontas a samplaíodh, an t-allmhaireoir neamhghaolmhar a chuir foirm shamplála ar ais chomh maith le hallmhaireoir eile a tháinig chun cinn, roinnt úsáideoirí agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh sa Tuirc na ceistneoirí ábhartha a cuireadh ar fáil ar líne a líonadh isteach (6).

(21)

Thairis sin, ós rud é gur sholáthair an gearánach fianaise maidir le saobhadh amhábhar sa Tuirc maidir leis an táirge faoi imscrúdú, sheol an Coimisiún ceistneoir breise chuig Rialtas na Tuirce (“RT”) maidir leis sin.

(22)

Fuarthas freagraí ceistneora ó na trí tháirgeoir ón Aontas a samplaíodh, an gearánach, an t-úsáideoir Marcegaglia Carbon Steel S.P.A., an t-úsáideoir San Polo Lamiere S.P.A., ceithre úsáideoir laistigh den ghrúpa Network Steel, an t-allmhaireoir neamhghaolmhar Network Steel S.L., na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh agus RT.

1.7.   Cuairteanna fíorúcháin

(23)

I bhfianaise na ráige de COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla chomh maith le tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den Bhunrialachán ag an gcéim shealadach.

(24)

Lorg an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh sealadach a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil dá deasca agus maidir le leas an Aontais. Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda (“CC”) ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

 

Táirgeoirí ón Aontas agus a gcomhlachais

ThyssenKrupp Steel Europe AG, Duisburg na Gearmáine

Tata Steel IJmuiden BV, Velsen-Noord na hÍsiltíre

ArcelorMittal Mediterranée SAS, Fos-sur-Mer na Fraince (7)

ArcelorMittal France, Dunkerque na Fraince

Eurofer, an Bhruiséil, an Bheilg

 

Allmhaireoirí

Network Steel S.L., Maidrid na Spáinne

 

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc agus a dtrádálaithe gaolmhara

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş. (“Habas”)

Çolakoğlu Metalurji A.Ş. agus a thrádálaí gaolmhar Çolakoğlu Dış Ticaret A.Ş. (“Cotas”) (dá ngairtear le chéile “Colakoglu”)

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S. (“Erdemir”); -İskenderun Demir ve Çelik A.Ş. (“Isdemir”); agus an lárionad seirbhíse gaolmhar Erdemir Çelik Servis Merkezi San. ve Tic. A.Ş. (“Ersem”) (dá ngairtear le chéile ”grúpa Erdemir”)

(25)

Maidir le forálacha Airteagail 7(2a) agus 7(2b) den Bunrialachán, rinneadh comhairliúchán le RT trí fhíschomhdháil.

(26)

Tar éis do ghrúpa Erdemir CC a dhéanamh, de dheasca easnaimh áirithe san fhaisnéis maidir le costais iompair a sholáthair an grúpa, chinn an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil a chur in ionad na gcostas sin, de bhun Airteagal 18(1) den Bhunrialachán, mar a mhínítear in aithrisí (56) go (59)(59) thíos.

1.8.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(27)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar fhóirdheonú agus díobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (“an tréimhse imscrúdaithe”). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse atá á breithniú”).

2.   AN TÁIRGE I gCEIST AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An Táirge i gceist

(28)

Is é atá sa táirge lena mbaineann táirgí teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe ar de thionscnamh na Tuirce iad, agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 00, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99. Is chun críoch faisnéise amháin a thugtar cód AC agus TARIC.

(29)

Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón táirge lena mbaineann:

(i)

táirgí cruach dosmálta agus cruach sileacain leictrí dírithe ar ghráinní;

(ii)

táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais;

(iii)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar mó ná 10 mm a dtiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead; agus

(iv)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, atá 4.75 mm nó níos mó ach nach mó ná 10 mm ar tiús agus 2 050 mm nó níos mó ar leithead.

(30)

Úsáidtear HRFS i raon leathan feidhmeanna ina lán earnálacha eacnamaíocha lena n-áirítear an earnáil tógála, longthógála agus fuinnimh. Úsáidtear é mar shampla i dtáirgeadh trealaimh talmhaíochta, cruach armúir, comhpháirteanna tógála agus foirgníochta, fearas tís agus earraí leictreacha, gluaisteán etc.

2.2.   Táirge comhchosúil

(31)

Leis an imscrúdú léiríodh go bhfuil na saintréithe bunúsacha, fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na Tuirce; agus

an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(32)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den Bhunrialachán.

2.3.   Éilimh maidir le raon táirge

(33)

D’iarr monaróir forcardaitheoirí agus comhpháirteanna le haghaidh forcardaitheoirí agus meaisíní tógála go n-eisiafaí táirgí cruach barra teorollta fada ón táirge faoi imscrúdú (8). Thug an Coimisiún dá aire go dtiteann táirgí cruaiche fada le barra teorollta lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe seo toisc gur táirge fada é barra teorollta fada atá 6-12 m ar fad agus nach táirge cruach comhréidh é.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(34)

Samplaíodh trí chuideachta, ar ghrúpa ceann díobh.

(35)

Ba dhíolacháin dhíreacha le custaiméirí neamhghaolmhara iad na díolacháin intíre agus onnmhairí uile de chuid Habas.

(36)

Dhíol Colakoglu a tháirgí ar an margadh intíre go díreach le custaiméirí neamhghaolmhara, cé go ndearnadh onnmhairí uile Colakoglu chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe, arbh onnmhairí an táirge lena mbaineann iad, trí chuideachta ghaolmhar, Cotas, lonnaithe sa Tuirc.

(37)

Is é a bhí i nGrúpa Erdemir trí chuideachta a raibh baint dhíreach acu leis an imscrúdú: táirgeoirí onnmhairiúcháin Erdemir agus Isdemir, agus an lárionad seirbhíse Ersem. Tháirg Erdemir agus Isdemir araon an táirge faoi imscrúdú, dhíol siad ar an margadh intíre é agus d’onnmhairigh siad chuig an Aontas agus chuig tríú tíortha é le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cheannaigh ERSEM an táirge atá faoi imscrúdú ó Erdemir agus/nó Isdemir, athdhíoladh é ar an margadh intíre agus tuilleadh próiseála nó gan tuilleadh próiseála (amhail cornaí a ghearradh agus a scoilteadh ina leatháin agus ina stiallacha) déanta air.

3.2.   Gnáthluach

(38)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús le fáil amach an raibh an méid iomlán díolachán intíre den táirge comhchosúil do gach táirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Bhunrialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre den táirge comhchosúil má bhí méid díolachán intíre iomlán an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid a dhíolachán onnmhairí iomlán maidir leis an táirge lena mbaineann leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(39)

Ar an mbonn sin, bhí na díolacháin iomlána a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch.

(40)

Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas do na táirgeoirí onnmhairiúcháin le díolacháin intíre ionadaíocha.

(41)

Rinne an Coimisiún scrúdú ansin le fáil amach an raibh na díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Bhunrialachán. Tá díolacháin intíre cineáil táirge ionadaíoch má bhí méid díolachán intíre iomlán an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdaithe comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid díolachán onnmhairí iomlán an chineáil táirge chomhionainn nó inchomparáide leis an Aontas.

(42)

Maidir le ceann amháin nó trí cinn de na honnmhaireoirí a samplaíodh, bhí díolacháin intíre uile na gcineálacha táirge a bhí comhionann nó inchomparáide leo sin a onnmhairíodh chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe ionadaíoch. Maidir leis an dá onnmhaireoir eile a samplaíodh, le haghaidh cineálacha táirge áirithe a onnmhairíodh chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, níorbh ann d’aon díolachán intíre, nó bhí díolacháin intíre an chineáil táirge sin faoi bhun 5 %, rud a d’fhág nach raibh siad ionadaíoch.

(43)

Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre i gcomparáid leis an díolachán iomlán le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre do gach cineál táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe. Rinneadh é sin chun a chinneadh an bhféadfadh an Coimisiún neamhaird a dhéanamh ar dhíolacháin intíre neamhbhrabúsacha toisc nach raibh siad sa ghnáthchúrsa trádála chun gnáthluach gach cineáil táirge a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den Bhunrialachán.

(44)

Tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge de gach díolachán intíre den chineál sin táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe, beag beann ar cibé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, más rud é:

(a)

go raibh méid díolachán intíre brabúsach an chineáil táirge sin, arna ndíol ag glanphraghas díolacháin atá cothrom le, nó níos airde ná, costas aonaid ríofa an táirgthe, arb ionann é agus níos mó ná 80 % de mhéid iomlán díolacháin intíre an chineáil táirge sin; agus

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil táirge sin comhionann le costas aonaid na táirgeachta nó níos airde ná sin.

(45)

Ar an láimh eile, tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha an chineáil táirge sin, agus an méid sin amháin, le linn na tréimhse imscrúdaithe, más rud é:

(a)

go bhfuil méid díolachán intíre brabúsach an chineáil táirge sin comhionann le 80 %, nó níos lú, de mhéid díolachán intíre iomlán an chineáil sin táirge; nó

(b)

go bhfuil meánphraghas díola ualaithe an chineáil sin táirge faoi bhun chostas aonaid na táirgeachta.

(46)

De réir na hanailíse a rinneadh ar dhíolacháin intíre na dtrí onnmhaireoir a samplaíodh, bhí 17 % go 100 % de na díolacháin intíre uile in aghaidh an chineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe brabúsach, agus bhí an meánphraghas díola ualaithe níos airde ná costas aonaid meán ualaithe na táirgeachta. Dá réir sin, de réir an chineáil táirge, ríomhadh an gnáthluach mar mheánphraghsanna ualaithe na ndíolachán intíre uile le linn na tréimhse imscrúdaithe sa chás a dtugtar tuairisc air in aithris (44), nó mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach sa chás a dtugtar tuairisc air in aithris (45), agus sa chás sin amháin.

(47)

I gcás nár díoladh cineál táirge i gcainníochtaí ionadaíocha nó nár díoladh in aon chor ar an margadh intíre é mar a fhoráiltear in Airteagal 2(2) den Bhunrialachán, agus i gcás nár díoladh aon cheann de chineál táirge an táirge chomhchosúil i ngnáthchúrsa trádála, nó nuair nár díoladh go leor díobh, chum an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus (6) den Bhunrialachán.

(48)

Maidir leis na cineálacha táirge nárbh ann d’aon díolachán intíre le haghaidh an táirge chomhchosúil i ngnáthchúrsa trádála, nó nár leor na díolacháin sin, cumadh an gnáthluach tríd an méid seo a leanas a chur le meánchostas ualaithe táirgeachta tháirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe:

(a)

na meánchostais díola, ghinearálta agus riaracháin (“SGA”) ualaithe a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdaithe; agus

(b)

an meánbhrabús ualaithe a rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh ar dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(49)

I gcás na gcineálacha táirgí nach ndíoltar i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, cuireadh na meánchostais SGA agus meánbhrabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre leis na cineálacha sin. I gcás na gcineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, cuireadh na meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart go léir a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre leis na cineálacha sin.

3.3.   Praghas onnmhairiúcháin

(50)

Rinne na táirgeoirí a samplaíodh onnmhairiú chuig an Aontas go díreach trí chustaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí gaolmhara ag gníomhú dóibh mar thrádálaithe, mar a thuairiscítear in aithrisí (34) go (37) thuas.

(51)

D’onnmhairigh dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, ba é a bpraghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den Bhunrialachán. D’onnmhairigh an tríú táirgeoir onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachta ghaolmhar lonnaithe sa Tuirc.

3.4.   Comparáid

(52)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha.

(53)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh difríochtaí lena ndéantar difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den Bhunrialachán. Rinneadh coigeartuithe i leith costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, creidmheasa, agus coimisiúin.

(54)

D’onnmhairigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachta ghaolmhar lonnaithe sa Tuirc ag gníomhú di mar thrádálaí, agus d’éiligh sé gurbh eintiteas eacnamaíoch amháin ab ea iad. Mheabhraigh an Coimisiún gurb ann d’eintiteas eacnamaíoch amháin faoi chásdlí an Aontais i gcás ina ndéanann táirgeoir cúraimí, a thagann faoi fhreagrachtaí roinne díolachán inmheánach de ghnáth, a chur ar iontaoibh cuideachta dáileacháin maidir lena tháirgí a rialaíonn sí go heacnamaíoch. Nochtaíodh san imscrúdú, áfach, nár chomhlíon an trádálaí lena mbaineann na critéir sin, mar nár léirigh sé an bealach díolacháin eisiach ná bealach díolacháin onnmhairiúcháin eisiach an táirgeora, a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann agus táirgí eile go díreach chuig margaí tríú tíortha, chomh maith le táirgí eile a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Mar gheall ar na cúiseanna sin, diúltaíodh don éileamh.

(55)

Dá dhroim sin, d’fhonn praghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha don táirgeoir onnmhairiúcháin sin, rinneadh coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 2(10)(i) den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, d’asbhain an Coimisiún ón bpraghas onnmhairiúcháin costais SGA an trádálaí ghaolmhair a fuarthas nach eintiteas eacnamaíoch aonair é leis an táirgeoir onnmhairiúcháin, agus brabús arb ionann é agus brabús allmhaireora neamhghaolmhair san Aontas arna bhunú ar bhonn na faisnéise i gcomhad an imscrúdaithe seo chomh maith le torthaí imscrúdaithe a rinneadh roimhe sin ar allmhairí táirgí cosúil leis an táirge atá faoi imscrúdú (9).

(56)

Le linn CC duine de na tairgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh, fuair an Coimisiún amach nár chuir an chuideachta faisnéis thábhachtach áirithe ar fáil maidir lena costais iompair a tabhaíodh chun an táirge lena mbaineann a dhíol ar an margadh intíre. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann a mheas ar tuairiscíodh na costais iompair a éilíodh mar choigeartú ar an ngnáthluach i gceart.

(57)

Le litir dar dáta 1 Nollaig 2020, chuir an Coimisiún an chuideachta lena mbaineann ar an eolas go raibh sé beartaithe aige Airteagal 18 den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na costais iompair sin. Chuir an Coimisiún RT ar an eolas freisin trí bhíthin Nóta Briathartha. Chuir an chuideachta tuairimí agus doiciméid tacaíochta isteach an 8 Nollaig 2020, inar luadh gur ghabh an Coimisiún na seiceálacha a rinneadh le linn CC i gceart sa leagan íogair de thuarascáil CC a roinneadh leis an gcuideachta. D’áitigh an chuideachta, áfach, gur theip ar thuarascáil CC aon fhaisnéis mhíthreorach a soláthraíodh nó aon fhaisnéis a dhiúltaigh an chuideachta a chur ar fáil a lua. Ina theannta sin, mhaígh an chuideachta nár ghá forálacha Airteagal 18 den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm sa chás idir lámha agus chuir sí roinnt argóintí ar fáil a thacaíonn leis an méid sin. Ina thuairimí an 14 Nollaig 2020, d’ardaigh RT argóintí cosúil leo sin a d’ardaigh an chuideachta lena mbaineann, agus luaigh sé sean-chásdlí EDT maidir le húsáid Airteagal 18 chun bunús a thabhairt lena thuairim nár comhlíonadh na critéir chun na fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm sa chás seo.

(58)

I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún gurb é is cuspóir do thuarascáil CC imeachtaí agus fíricí na cros-seiceála cianda a chuimsiú agus gan conclúidí a chur i láthair. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh tuarascáil CC curtha i gcrích fiú amháin murar luaigh sé gur mheas an Coimisiún go raibh faisnéis áirithe míthreorach. Ina theannta sin, níor léirigh na doiciméid tacaíochta a chuir an chuideachta isteach aon fhaisnéis nua a ndéanfadh difear suntasach don chás. Ar deireadh, chuir an chuideachta roinnt argóintí isteach sa leagan íogair dá cuid barúlacha amháin ós rud é gur bhain na hargóintí sin le faisnéis rúnda, a bhaineann go sonrach le cuideachta. Tugtar aghaidh ar na héilimh sin sa nochtadh sealadach a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta.

(59)

Ní raibh aon chuid den fhaisnéis ná de na hargóintí a chuir an chuideachta nó RT isteach mar atá luaite in aithris (57) thuas de chineál a fhágann go n-athróidh sé cinneadh an Choimisiúin. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige caitheamh leis an bhfaisnéis faoi chostais iompair arna dtabhú ag an gcuideachta maidir le díolacháin intíre an táirge atá faoi imscrúdú i gcomhréir le forálacha Airteagal 18 den Bhunrialachán ag céim shealadach an imscrúdaithe.

(60)

Rinne dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh éileamh faoi Airteagal 2(10)(b) den Bhunrialachán ar choigeartú aisíocaíochta dleachta, agus d’áitigh siad, ós rud é gurb ann do scéim aisíocaíochta dleachta le haghaidh ábhair ionchuir áirithe sa tír lena mbaineann, go bhfuil sé intuigthe go mbeadh cáin indíreach ionchorpraithe ina ndíolacháin intíre uile i gcomparáid leis na díolacháin onnmhairí.

(61)

Chuir an gearánach barúlacha isteach in aghaidh an éilimh.

(62)

Sa Tuirc, tá dleacht allmhairiúcháin i bhfeidhm ar leaca agus ar fhuíoll cruach, ar ionchur iad an dá rud sin i monarú HRFS. Faoin gcóras próiseála isteach, áfach, díolmhaítear táirgeoirí intíre ó dhleacht den sórt sin a íoc má úsáidtear na leaca/fuíoll cruach allmhairithe chun táirgí críochnaithe a tháirgeadh a onnmhairítear ar deireadh. D’éiligh an dá onnmhaireoir a samplaíodh gur cheart méid na ndleachtanna a bheadh íoctha acu dá mbeadh an críochtháirge HRFS díolta go hintíreach, seachas é a bheith onnmhairithe, a chur san áireamh chun comparáid chóir a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin.

(63)

Mar sin féin, léiríodh san imscrúdú nár íoc ceachtar den dá onnmhaireoir a samplaíodh aon dleacht allmhairiúcháin le linn na tréimhse imscrúdaithe, ós rud é gur chomhlíon siad an gealltanas onnmhairiúcháin nasctha le gach cead a bhain leis an bpróiseáil isteach, dá bhrí sin ní raibh sa choigeartú aisíocaíochta dleachta a éilíodh ach costas teoiriciúil. Ar an gcúis sin, measadh go raibh an t-éileamh gan bhunús agus diúltaíodh é dá bhrí sin.

(64)

D’iarr dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh ar an gCoimisiún modh míosúil nó ráithiúil a úsáid chun a gcorrlaigh dhumpála aonair a shuíomh. D’éiligh siad go raibh údar leis an gcur chuige sin ar dhá phríomhchúis: (i) na luaineachtaí i gcostas na táirgeachta, agus (ii) dímheas lira na Tuirce le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(65)

Maidir leis an gcéad argóint, d’éiligh an dá chuideachta go raibh athruithe móra i bpraghas amhábhar le linn na tréimhse imscrúdaithe, rud a d’fhág go raibh athrú mór ina gcostas táirgeachta míosúil/ráithiúil. Dá bhrí sin, dá ríomhfaí a gcorrlach dumpála ar mheánbhonn caighdeánach bliantúil, bheadh na díolacháin intíre i dtús agus i ndeireadh na tréimhse imscrúdaithe neamhbhrabúsach cé go ndearnadh iad sin os cionn a gcostas iarbhír.

(66)

Maidir leis an dara hargóint, d’éiligh an dá chuideachta go raibh luaineachtaí móra i ráta boilscithe na Tuirce, go háirithe sa chéad leath, ina sainghnéithe sa tréimhse imscrúdaithe agus gur díluacháladh lira na Tuirce go mór le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(67)

Chuir an gearánach barúlacha isteach inar áitigh sé nach raibh údar leis an iarraidh ar ríomh dumpála míosúil ná ráithiúil sa chás seo. A mhéid a bhaineann le luaineacht costas, rinne an gearánach an argóint nach raibh athrú mór sa chostas táirgeachta ráithiúil ós rud é go raibh na costais uile sa chéad, sa tríú agus sa cheathrú ráithe laistigh de dhifríocht 10 % ó chéile, agus ina theannta sin, ós rud é go bhfuil luaineachtaí costas mar chuid de ghnáthoibríochtaí gnó. A mhéid a bhaineann leis an leibhéal luaineachta sa Tuirc, rinne an gearánach an argóint nár bhreathnaigh an dá chuideachta ar bhoilsciú ach sa chéad leath den tréimhse imscrúdaithe, cé gurbh ionann an meánráta boilscithe sa Tuirc in 2019, i.e. an tréimhse imscrúdaithe, agus 15 %, méid nach féidir “hipearbhoilsciú” a thabhairt air agus rud nach dtugann údar le ríomh dumpála míosúil ná ráithiúil.

(68)

Rinne an Coimisiún anailís ar éilimh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus chinn sé: Rinne an Coimisiún anailís ar éilimh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus chinn sé: (i) go ndearnadh difear, den chuid is mó, don cheathrú cuid den tréimhse imscrúdaithe leis an luaineacht sa chostas táirgeachta míosúil/ráithiúil, cé go ndearnadh díolacháin an táirge lena mbaineann le linn ré iomlán na tréimhse imscrúdaithe, agus nach raibh an luaineacht fhoriomlán costas sách mór chun údar a thabhairt le ríomh dumpála ráithiúil; (ii) nach raibh an meánráta boilscithe (15 % (10)) ná díluacháil lire na Tuirce (is lú ná 20 % sa dara ráithe den mhórchuid (11)) sa tréimhse imscrúdaithe sách ard chun údar a thabhairt le claonadh ó chleachtas comhsheasmhach an Choimisiúin an corrlach dumpála a ríomh ar bhonn bliantúil. Dá bhrí sin, diúltaíodh an iarraidh ar ríomh dumpála míosúil nó ráithiúil.

3.5.   Corrlach dumpála

(69)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh, rinne an Coimisiún comparáid idir gnáth-mheánluach ualaithe gach cineáil táirge de chuid an táirge chomhchosúil agus meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe chineál táirge comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den Bhunrialachán.

(70)

Ar an mbonn sin, seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála shealadacha ualaithe arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas ag teorainn an Aontais ó thaobh costais, árachais agus last-táille (CAL) de, agus an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,8 %

Grúpa Erdemir

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S. - İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,4 %

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,6 %

(71)

Maidir leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, suíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtrí tháirgeoir onnmhairiúcháin a samplaíodh.

(72)

Ar an mbonn sin, is ionann corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, Ağir Haddecilik A.Ş. agus Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş., agus 5,9 %.

(73)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile sa Tuirc, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Bhunrialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus méid onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion den mhéid onnmhairí iomlán – mar a tuairiscíodh i staidreamh allmhairiúcháin Eurostat – ón tír lena mbaineann chuig an Aontas.

(74)

Tá leibhéal an chomhair ard sa chás seo toisc gurb ionann allmhairí na dtáirgeoirí onnmhairithe a bhí ag obair i gcomhar le chéile agus tuairim is 87 % d’iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála iarmhair a chinneadh ar leibhéal an táirgeora onnmhairiúcháin a samplaíodh a bhfuil an corrlach dumpála is airde aige.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(75)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe san Aontas rinne 22 tháirgeoir aitheanta a bhain le 14 ghrúpa an táirge comhchosúil a mhonarú. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den Bhunrialachán.

(76)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe ag thart ar 74.6 milliún tona, lena n-áirítear táirgeacht le haghaidh an mhargaidh faoi chuing. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, eadhon na freagraí ceistneora a cros-seiceáladh go cianda agus a fuarthas ó Eurofer agus ó na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh.

(77)

Mar a léirítear in aithris (8), roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 34 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Margadh ábhartha an Aontais a Chinneadh

(78)

Chun a shuíomh cé acu ar bhain nó nár bhain díobháil do thionscal an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid an tionscail de chuid an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ar ghá, an úsáid a bhainfí as táirgeacht thionscal an Aontais (i.e. faoi chuing nó a mhalairt) maidir leis an táirge comhchosúil a chur san áireamh san anailís.

(79)

Tá tionscal an Aontais comhtháite go hingearach cuid mhór. Meastar go bhfuil HRFS ina ábhar idirmheánach chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh, eadhon táirgí fuar-rollta. Chinn an Coimisiún go raibh 52 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgeoirí ón Aontas dírithe ar úsáid faoi chuing.

(80)

Tá an t-idirdhealú idir an margadh faoi chuing agus an saormhargadh ábhartha le haghaidh na hanailíse díobhála sa chás seo. Sa mhargadh faoi chuing, meastar go bhfuil an táirge lena mbaineann ina bhunábhar chun táirgí iartheachtacha breisluacha éagsúla a tháirgeadh agus leagtar síos praghsanna aistrithe laistigh de na grúpaí de réir beartais phraghsála éagsúla. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeacht atá dírithe ar dhíolachán ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann agus díoltar ar phraghsanna an tsaormhargaidh í.

(81)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir le HRFS agus chinn sé an raibh an táirgeacht dírithe ar úsáid faoi chuing nó ar an saormhargadh.

(82)

Rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar shonraí i ndáil leis an saormhargadh agus leis an margadh faoi chuing agus scrúdaigh sé táscairí eacnamaíocha áirithe a bhain le tionscal an Aontais ar bhonn sonraí le haghaidh an tsaormhargaidh. Is iad na táscairí sin: méid díolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais, an sciar den mhargadh, an fás, an méid onnmhairiúcháin agus praghsanna onnmhairiúcháin, an bhrabúsacht, an toradh ar infheistíocht agus an sreabhadh airgid. I gcás inarbh fhéidir agus ina raibh údar leis, cuireadh torthaí an scrúdaithe i gcomparáid leis na sonraí le haghaidh an mhargaidh faoi chuing chun léargas iomlán a thabhairt ar staid thionscal an Aontais.

(83)

Mar sin féin, ní fhéadfaí scrúdú fóinteach a dhéanamh ar tháscairí eacnamaíocha eile ach amháin trí thagairt a dhéanamh don ghníomhaíocht iomlán maidir le HRFS, lena n-áirítear úsáid faoi chuing thionscal an Aontais. Seo iad: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, infheistíochtaí, stoic, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, an pá agus cumas chun caipiteal a chruinniú. Tá siad ag brath ar an ngníomhaíocht iomlán, cibé acu atá an táirgeacht faoi chuing nó a dhíoltar ar an saormhargadh í.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

4.3.1.   Tomhaltas ar an saormhargadh san Aontas

(84)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn: (a) sonraí Eurofer maidir le díolacháin an tionscail de chuid an Aontais i ndáil leis an táirge comhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, agus iad cros-seiceáilte leis na méideanna díolachán a thuairiscigh na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh; agus (b) allmhairí an táirge faoi imscrúdú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat.

(85)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas saormhargaidh ar mhargadh an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas an Aontais ar an saormhargadh

35 507 255

34 704 015

36 593 172

35 157 748

Innéacs

100

98

103

99

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(86)

Idir 2016 agus 2018, tháinig ardú 3 % ar an tomhaltas sa saormhargadh ach tháinig laghdú air dá dheasca sin. Tháinig titim 1 % ar an tomhaltas foriomlán sa saormhargadh le linn na tréimhse atá á breithniú.

4.3.2.   Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais

(87)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas faoi chuing an Aontais ar bhonn úsáid faoi chuing gach táirgeora aitheanta san Aontas. Ar an mbonn sin, tháinig forbairt ar thomhaltas faoi chuing an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas faoi chuing ar mhargadh an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas faoi chuing an Aontais

45 706 179

46 957 017

46 552 480

42 675 368

Innéacs

100

103

102

93

Foinse: Eurofer agus táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(88)

Tháinig ardú beag ar an tomhaltas ar an margadh faoi chuing go dtí 2018, agus tháinig laghdú air ina dhiaidh sin. Tháinig titim 7 bpointe céatadáin ar an tomhaltas foriomlán faoi chuing le linn na tréimhse atá á breithniú.

4.3.3.   An tomhaltas foriomlán

(89)

An tomhaltas foriomlán – an tomhaltas faoi chuing agus an tomhaltas ar an saormhargadh san iomlán – tháinig forás air mar a leanas le linn na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 3

An tomhaltas foriomlán (an saormhargadh agus an margadh faoi chuing) (tonaí)

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas foriomlán an Aontais

81 213 434

81 661 032

83 145 652

77 833 116

Innéacs

100

101

102

96

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(90)

Léirítear sa tábla thuas gur tháinig ardú beag ar an tomhaltas foriomlán in 2017 agus 2018 ach gur tháinig titim 4 % air ar an bhforiomlán i gcomparáid le 2016. B’ionann tomhaltas faoi chuing agus beagnach 55 % den tomhaltas foriomlán sa tréimhse imscrúdaithe.

4.4.   Allmhairí ón Tuirc

4.4.1.   Méid na n-allmhairí ón Tuirc agus a sciar den mhargadh

(91)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí trí mhéid na n-allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas shaormhargadh an Aontais.

(92)

D’fhorbair allmhairí ón Tuirc mar a leanas:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí agus a sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na n-allmhairí ón Tuirc (tonaí)

999 732

1 836 513

2 830 548

2 843 116

Innéacs

100

184

283

284

An sciar den mhargadh ar an saormhargadh

2,8 %

5,3 %

7,7 %

8,1 %

Innéacs

100

188

275

287

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(93)

Tháinig méadú 184 % ar allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse atá á breithniú, rud ba chúis lena sciar den saormhargadh a iolrú beagnach faoi thrí, ó 2,8 % in 2016 go 8,1 % le linn na tréimhse imscrúdaithe.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón Tuirc agus sladghearradh praghais

(94)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ón Tuirc mar a leanas:

Tábla 5

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An Tuirc

363

490

539

493

Innéacs

100

135

148

136

Foinse: Eurostat

(95)

Tháinig méadú ar mheánphraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc ó 363 EUR/tona in 2016 go 493 EUR/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe, is é sin méadú 36 %. Tháinig ardú ar mheánphraghas na n-allmhairí go háirithe in 2017 ach in 2018 freisin mar gheall ar mhéadú mór ar phraghas na bpríomh-amhábhar, go háirithe fuíoll ach amhiarann agus cóc freisin. Ba shuntasach (7,5 %) an difear idir praghsanna na n-allmhairí dumpáilte agus praghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a léirítear i dTábla 10.

(96)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(a)

na meánphraghsanna ualaithe in aghaidh chineál táirge na n-allmhairí ó na táirgeoirí ón Tuirc a samplaíodh chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn CAL, le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin; agus

(b)

na meánphraghsanna díola ualaithe comhfhreagracha in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha.

(97)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(98)

Ar bhonn an méid atá thuas, le hallmhairí dumpáilte na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh, léiríodh meánchorrlaigh shladghearrtha ualaithe idir 1,3 % agus 2,9 %. Tá an chuid is mó de HRFS an-íogair ó thaobh an phraghais de agus tá iomaíocht bunaithe den chuid is mó ar phraghas. Ina theannta sin, táthar eolach ar phraghsanna sa mhargadh agus dhearbhaigh táirgeoir samplaithe amháin le linn an CC go bhféadfadh difríocht bheag sna praghsanna an ceannaitheoir a mhealladh lena sholáthraithe a athrú. Sa chomhthéacs sin, meastar gur mór iad na corrlaigh shladghearrtha.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(99)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Bhunrialachán, chuimsigh an scrúdú ar thionchar na n-allmhairí fóirdheonaithe ar thionscal an Aontais measúnú ar gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú.

(100)

Mar a luaitear in aithris (8), má bhain aon díobháil do thionscal an Aontais, úsáideadh sampláil chun an díobháil fhéideartha sin a chinneadh.

(101)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí ón bhfreagra a thug Eurofer ar an gceistneoir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais, agus rinne siad cros-seiceáil nuair ba ghá leis na freagraí ón gceistneoir ó na trí tháirgeoir ón Aontas a samplaíodh. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na trí tháirgeoir ón Aontas a samplaíodh. Rinneadh cros-seiceáil chianda ar an dá thacar sonraí agus fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(102)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainne, méid an díolacháin, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh fóirdheontais agus téarnamh tar éis fóirdheontas a fuarthas san am atá thart.

(103)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thógáil.

(104)

D’iarr an gearánach ar an gCoimisiún tosú ar anailís a dhéanamh ar threochtaí díobhála amhail ó 2017 ar na forais gur “bhliain neamhionadaíoch” ab ea 2016 (an chéad bhliain den tréimhse atá á breithniú san imscrúdú seo) ós rud é gur cinneadh go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte agus fóirdheonaithe ó roinnt tionscnamh. Go deimhin, tar éis imscrúdú a dhéanamh le tréimhse imscrúdaithe a chlúdaigh an chéad leath de 2016, forchuireadh bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí HRFS ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Rúis agus ón Úcráin i mí Dheireadh Fómhair 2017 (12). Ina theannta sin, forchuireadh bearta frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh i gcoinne na Síne i mí Aibreáin agus i mí an Mheithimh 2017 faoi seach (13). Chinn an Coimisiún na sonraí a chur i láthair ag an gcéim seo de bhun a ghnáthchleachtais agus dá bhrí sin bhí 2016 san áireamh. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire go ndearnadh scrúdú ar an measúnú ar éabhlóid na dtáscairí díobhála agus é á chur san áireamh go raibh tionchar ag na hallmhairí dumpáilte agus fóirdheontais thuasluaite ar chás thionscal an Aontais in 2016 agus gur léiríodh go soiléir ann comharthaí maidir leis an aisghabháil tar éis bearta cinntitheacha frithdhumpála agus frithchúitimh a fhorchur i gcoinne na n-allmhairí sin in 2017.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainne

(105)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An méid táirgeachta (tonaí)

77 715 486

80 720 236

79 489 096

74 635 884

Innéacs

100

104

102

96

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

92 948 209

94 639 237

95 741 308

96 051 969

Innéacs

100

102

103

103

Úsáid acmhainne

84 %

85 %

83 %

78 %

Innéacs

100

102

99

93

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(106)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig laghdú 4 %, nó tuairim is 3 mhilliún tona, ar mhéid táirgthe thionscal an Aontais, agus tháinig méadú 3 % ar an acmhainneacht táirgeachta, a bheag nó a mhór an méid céanna a bhí i gceist leis an titim sa táirgeacht. Dá bhrí sin, tháinig laghdú 7 % ar úsáid na hacmhainne, ó 84 % in 2016 go 78 % sa tréimhse imscrúdaithe.

(107)

Baineann an úsáid acmhainne le HRFS ar an iomlán, lena n-áirítear táirgeadh le haghaidh úsáid faoi chuing. Léiríonn an méadú sa táirgeacht agus san acmhainneacht idir 2016 agus 2017 feabhas ar dhálaí margaidh an Aontais mar thoradh ar bhearta frithdhumpála in aghaidh allmhairí ón Úcráin, ón Rúis, ón Iaráin agus ón mBrasaíl. Sa dara cuid den tréimhse atá á breithniú, is amhlaidh a tháinig méaduithe acmhainneachta a measadh de thoradh éifeachtúlachtaí méadaithe agus baint scrogall.

4.5.2.2.   Méid díolachán agus sciar den mhargadh

(108)

Tháinig forbairt ar mhéid díolachán an Aontais agus ar a sciar den saormhargadh le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 7

An méid díolachán ar an saormhargadh agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Díolacháin thionscal an Aontais (tonaí)

27 017 986

27 811 745

28 438 028

27 670 198

Innéacs

100

103

105

102

Sciar den mhargadh

76,1 %

80,1 %

77,7 %

78,7 %

Innéacs

100

105

102

103

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(109)

Tháinig méadú 2 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse atá á breithniú agus mhéadaigh a sciar den mhargadh faoi 3 %, ó 76,1 % in 2016 go 78,7 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cé gur tháinig laghdú ar mhéid iomlán an tsaormhargaidh, athraíodh líon suntasach idirbheart a measadh a bheith faoi chuing roimhe seo ina n-idirbhearta sa saormhargadh i ngeall ar an dí-infheistiú a luaitear in aithris (150), rud is cúis leis an méadú ar an sciar den mhargadh idir 2018 agus 2019 (an tréimhse imscrúdaithe). Dá bhrí sin, mar a luaitear in aithris (111), tháinig laghdú ar dhíolacháin faoi chuing, cé gur tháinig méadú ar sciar mhargadh tháirgeoirí an Aontais sa saormhargadh mar gheall ar an athrú ar struchtúr tháirgeoirí an Aontais.

(110)

Tháinig forbairt ar mhéid faoi chuing an tionscail de chuid an Aontais agus ar a sciar de mhargadh an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 8

An méid faoi chuing agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Méid faoi chuing de mhargadh an Aontais (tonaí)

45 706 179

46 957 017

46 552 480

42 675 368

Innéacs

100

103

102

93

Táirgeacht iomlán thionscal an Aontais (tonaí)

77 715 486

80 720 236

79 489 096

74 635 884

Innéacs

100

104

102

96

An sciar den mhargadh faoi chuing roinnte ar tháirgeacht iomlán an Aontais

59 %

58 %

59 %

57 %

Innéacs

100

99

100

97

Foinse: Eurofer, táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh agus Eurostat

(111)

Maidir le margadh faoi chuing thionscal an Aontais (comhdhéanta de HRFS arna choimeád ag thionscal an Aontais le haghaidh úsáid iartheachtach) san Aontas, tháinig laghdú 7 % nó thart ar 3 mhilliún tona air le linn na tréimhse atá á breithniú. Tháinig laghdú 3 % ar sciar den mhargadh faoi chuing thionscal an Aontais (arna shloinneadh mar chéatadán de tháirgeadh iomlán an Aontais) ó 59 % go 57 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ba é ba chúis leis ná an laghdú ar an éileamh ar tháirgí iartheachtacha agus ar dhíolacháin línte táirgeachta lena dtomhlaítear an táirge atá faoi imscrúdú (féach aithris (150)).

4.5.2.3.   Fás

(112)

Léiríonn na figiúirí ar fad thuas maidir le táirgeadh, méid na ndíolachán agus sciar den mhargadh treocht atá ag laghdú go mór ó 2017 i leith, i gcomparáid le méadú beag ar thomhaltas saormhargaidh le linn na tréimhse céanna. Níor tháinig fás ar thionscal an Aontais ach amháin más rud é go nglactar 2016, bliain ina raibh tionscal an Aontais gortaithe ag allmhairí dumpáilte ó thíortha eile, mar thúsphointe.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(113)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 9

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Líon na bhfostaithe

39 144

43 963

40 299

39 178

Innéacs

100

112

103

100

An táirgiúlacht (tonaí in aghaidh na foirne)

1 985

1 836

1 973

1 905

Innéacs

100

92

99

96

Foinse: Eurofer agus táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(114)

Maidir le leibhéal fostaíochta thionscal an Aontais i ndáil le HRFS a tháirgeadh, luainigh sé le linn na tréimhse atá á breithniú ach d’fhan sé cobhsaí ar an bhforiomlán. I bhfianaise an laghdaithe sa táirgeacht, maidir le táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas de réir tonaí in aghaidh an fhostaí arna dtáirgeadh in aghaidh na bliana, tháinig laghdú 4 % uirthi le linn na tréimhse atá á breithniú.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(115)

Tá gach corrlach fóirdheontais cuid mhór níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc.

(116)

Tá an HRFS faoi réir imscrúduithe frithdhumpála cheana féin. In 2016, bhí tionchar suntasach fós ag allmhairí dumpáilte ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Rúis agus ón Úcráin ar staid thionscal an Aontais. Forchuireadh bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí ó na tíortha sin i mí Dheireadh Fómhair 2017 (14). Forchuireadh bearta frithdhumpála in aghaidh na Síne i mí Aibreáin 2017, agus tháinig dleachtanna frithchúitimh ina ndiaidh amhail ó mhí an Mheithimh 2017 (15).

(117)

Mar a luadh in aithris (104), bhí tionchar fós ag na cleachtais dumpála a luadh in 2016 ar staid thionscal an Aontais agus léiríodh go soiléir go raibh feabhas ag teacht air tar éis bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur i gcoinne na n-allmhairí sin in 2017. Maidir le cuid eile na tréimhse atá á breithniú, bhí téarnamh ar siúl mar a léirítear, i measc fachtóirí eile, de réir leibhéil brabúsachta níos fearr (mar a léirítear thíos), ach cuireadh stop leis in 2019.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(118)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 10

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh (EUR/tona)

391

531

574

533

Innéacs

100

136

147

136

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

413

497

540

560

Innéacs

100

121

131

136

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(119)

Tháinig méadú mór ar mheánphraghsanna díola aonaid in 2017 i gcomparáid le 2016. Go deimhin, cé gur íslíodh praghsanna díola san Aontas go mór in 2016 (16) de dheasca allmhairí as cuimse a bheith dumpáilte ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Rúis agus ón Úcráin, bhí tionscal an Aontais in ann a phraghsanna díola a athbhunú chuig gnáthleibhéil tar éis bearta frithdhumpála a bheith forchurtha in aghaidh na n-allmhairí luaite in 2017 (17). Ba iad na praghsanna díola in 2017 agus 2018 ba chúis leis an méadú géar i gcostais amhábhar freisin, go háirithe costas an amhiarainn agus an chóic, as ar tháinig méadú an-mhór ar chostas táirgeachta thionscal an Aontais in 2018, i.e. méadú 31 % i gcomparáid le 2016.

(120)

Le linn na tréimhse imscrúdaithe, áfach, tháinig laghdú níos mó ná 7 % ar phraghsanna díola thionscal an Aontais, ó EUR 574/tona in 2018 go EUR 533/tona, agus tháinig méadú 3,7 % ar a chostas táirgthe, ó EUR 540/tona in 2018 go EUR 560/tona sa tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, cé go raibh tionscal an Aontais in 2017 agus in 2018 in ann na méaduithe costais a thabhaigh sé a thabhairt ar aghaidh dá chustaiméirí agus a bheith brabúsach go fóill, ní fhéadfadh sé sin a dhéanamh a thuilleadh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(121)

Toisc go bhfuil formhór an táirge lena mbaineann iontach íogair ó thaobh praghais de, bhí ar tháirgeoirí an Aontais an laghdú mór ar phraghsanna a bhí á dtairiscint ag táirgeoirí onnmhairithe na Tuirce ar na margaí a leanúint agus na praghsanna díola a laghdú go suntasach, in ainneoin costais mhéadaitheacha, d’fhonn úsáid acmhainne agus scaireanna margaidh a choinneáil ar bun.

4.5.3.2.   Costais saothair

(122)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 11

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

(EUR)

74 295

78 101

79 241

83 187

Innéacs

100

106

107

112

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(123)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig ardú 12 % ar chostais saothair in aghaidh an fhostaí. Léiríonn an méid sin nach raibh na táirgeoirí ón Aontas in ann costais saothair a ísliú, d’ainneoin an mheatha a tháinig ar imthosca an mhargaidh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

4.5.3.3.   Fardail

(124)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 12

Fardail

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Stoic dheiridh (tonaí)

1 033 364

1 207 363

843 448

862 918

Innéacs

100

117

82

84

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

5,1 %

5,7 %

4,2 %

4,4 %

Innéacs

100

110

81

85

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(125)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, tháinig laghdú 16 % ar leibhéal na stoc deiridh. Déanann tionscal an Aontais formhór chineálacha an táirge chomhchosúil a tháirgeadh bunaithe ar orduithe sonracha ó na húsáideoirí. Dá bhrí sin, ní mheastar gur táscaire díobhála tábhachtach iad na stoic sa chás sin. Ina theannta sin, deimhnítear an méid sin trí anailís a dhéanamh ar fhorás na stoc deiridh mar chéatadán den táirgeacht. Mar is léir óna bhfuil thuas, d’fhan an táscaire sin réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse atá á breithniú ag thart ar 5 % den mhéid táirgeachta

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(126)

Brabúsacht, sreabhadh airgid infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí táirgeoiri ón Aontas a samplaíodh i rith na tréimhse atá á breithniú:

Tábla 13

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

-3,6 %

6,8 %

6,8 %

-6,0 %

Innéacs

-100

190

190

-170

An sreabhadh airgid (EUR)

- 140 233 455

441 133 402

621 258 785

- 308 384 431

Innéacs

-100

315

443

-220

Infheistíochtaí (EUR)

144 626 230

234 309 366

210 822 274

156 161 956

Innéacs

100

162

146

108

Toradh ar infheistíochtaí

-3,1 %

9,7 %

10,2 %

-13,0 %

Innéacs

-100

317

331

-424

Foinse: Táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh

(127)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(128)

D’fhorbair an bhrabúsacht ar bhealach diúltach le linn na tréimhse atá á breithniú, in ainneoin an mhéadaithe thosaigh ar bhrabúis in 2017 agus 2018. Mar a míníodh in aithris (120), tháinig laghdú ar phraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, cé gur lean an méadú ar chostas an táirgthe. Go deimhin, le linn na tréimhse imscrúdaithe, thit praghas díolachán thionscal an Aontais go leibhéil faoi bhun a chostais táirgthe. Thit an bhrabúsacht ó 6,8 % in 2018 go -6 % sa tréimhse imscrúdaithe.

(129)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas na dtáirgeoirí ón Aontas a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Den chuid is mó, tháinig forás ar an sreabhadh airgid glan i gcomhréir leis an mbrabúsacht agus leis an toradh ar infheistíochtaí. Bhí sé dearfach ó 2017 go 2018, bhí buaic ann in 2018, agus d’éirigh sé diúltach le linn na tréimhse imscrúdaithe, tráth a bhí an bhrabúsacht ag an bpointe is ísle sa tréimhse atá á breithniú. Cuireadh bac ar an gcumas caipiteal a thiomsú mar gheall ar an titim i mbrabús.

(130)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús (nó an caillteanas) i gcéatadán an ghlanluacha infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean sé an treocht chéanna leis an mbrabúsacht.

(131)

Tháinig méadú 8 % ar leibhéal na n-infheistíochtaí bliantúla le linn na tréimhse atá á breithniú, ach tháinig laghdú orthu agus is ar éigean a bhí na leibhéil infheistíochtaí níos mó in 2019 ná mar a bhí in 2016. Go ginearálta, ní raibh infheistíochtaí dírithe ach ar na hacmhainneachtaí a bhí ann cheana a choinneáil agus ar athsholáthairtí cuí a dhéanamh ar shócmhainní táirgeachta riachtanacha. Ina theannta sin, bhí infheistíochtaí móra nasctha le hábhair shláinte, shábháilteachta agus chomhshaoil.

4.5.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(132)

Cé gur tháinig laghdú beag ar thomhaltas sa saormhargadh le linn na tréimhse atá á breithniú (-1 %), tháinig méadú 2 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar an saormhargadh agus mhéadaigh a sciar den mhargadh ar an saormhargadh ó 76,1 % go 78,7 %. Ní féidir na feabhsuithe beaga sin i dtéarmaí méideanna díolachán agus sciar den mhargadh, áfach, ach amháin i gcomparáid le 2016, nuair a bhí tionscal an Aontais ag fulaingt díobhála ó dhumpáil arb iad allmhairí ó thíortha eile ba chúis léi. Tugtar faoi deara freisin gur méadú cosmaideach ar dhíolacháin saormhargaidh a bhí i gceist leis an dí-infheistíocht a luaitear in aithris (150). Mar sin féin, tháinig laghdú 4 % agus 7 % faoi seach ar aschur táirgthe agus úsáid acmhainne thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú. Idir 2018 agus 2019 bhí laghduithe níos suntasaí in aschur táirgthe agus in úsáid acmhainne, agus tháinig laghdú freisin ar dhíolacháin sa saormhargadh. Tháinig fás ar thionscal an Aontais ó 2017 ar aghaidh, agus é ag teacht slán ó na hallmhairí éagóracha atá faoi réir bearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, ach tháinig meath suntasach ar an bhfás sin le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(133)

Tháinig ardú mór ar chostas táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú (+36 %) agus ba é an phríomhchúis leis sin méadú mór sna praghsanna amhábhar.

(134)

Ba mhó an méadú a tháinig ar phraghsanna díola an Aontais ná ar chostais in 2017 agus 2018, rud a d’fhág go raibh táirgeoirí ón Aontas in ann téarnamh ó chleachtais dumpála díobhálaí roimhe seo agus brabúsacht 6.8 % a bhaint amach. Mar sin féin, idir 2018 agus an tréimhse imscrúdaithe rinne tionscal an Aontais laghdú 7 % ar an meán ar a phraghsanna díola, d’ainneoin go ndearna sé méadú (+4 %) ar chostais. Ba thubaisteach an tionchar a bhí aige sin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, a thit ó +6,8 % in 2018 go -6 % in 2019.

(135)

Lean táscairí airgeadais eile (sreabhadh airgid, toradh ar infheistíochtaí) treocht chomhchosúil, go háirithe le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus dá bhrí sin tháinig laghdú mór ar leibhéal na n-infheistíochtaí sa tréimhse imscrúdaithe i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.

(136)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den Bhunrialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(137)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón Tuirc. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha arna cruthú ag fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ón Tuirc i leith na n-allmhairí dumpáilte. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, tomhaltas faoi chuing, éabhlóid an éilimh agus praghsanna amhábhar.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(138)

Tháinig méadú faoi thrí nach mór ar allmhairí ón Tuirc le linn na tréimhse atá á breithniú, rud a mhéadaigh ó thart ar 1 000 000 tona in 2016, arb ionann é agus sciar 2,8 % den mhargadh, go 2 843 000 tona sa tréimhse imscrúdaithe, arb ionann é agus sciar 8,1 % den mhargadh (féach Tábla 4). Rinneadh an méadú sin ar na hallmhairí ar phraghsanna níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú. Bhí tionchar mór aige sin ar thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe, áit a raibh air, i bhfianaise na gcostas a bhí ag dul i méid agus i gcoinne an bhrú ar phraghsanna de dheasca allmháirí dumpáilte, a phraghsanna díola a laghdú, rud a chiallaigh go raibh titim an-láidir sa bhrabúsacht ó +6,8 % go caillteanais throma (brabúsacht -6 %) mar thoradh air sin, agus go raibh meath ar a cuid táscairí airgeadais dá bharr.

(139)

Mhaígh roinnt páirtithe nach raibh aon chomhghaol idir allmhairí Turcach agus an díobháil a bhain do ghearánaigh. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh. D’admhaigh an Coimisiún in 2017 agus 2018, agus buntáiste á bhaint as imthosca an mhargaidh a bhí réasúnta maith agus as na bearta cosanta trádála nua a bhí i bhfeidhm in aghaidh cúig thír, go bhféadfadh tionscal an Aontais brabúis mhaithe a dhéanamh d’ainneoin mhéid méadaitheach na n-allmhairí ón Tuirc ar phraghsanna ísle. In 2019, áfach, bhí ar thionscal an Aontais a phraghsanna a shocrú ag leibhéal i bhfad níos ísle ná leibhéil na gcostas chun a sciar den mhargadh a choinneáil, de dheasca an laghdaithe praghsanna a chuir allmhairí na Tuirce i bhfeidhm ar phraghsanna níos ísle i gcomparáid le 2018. Dá bhrí sin, tá comhghaol soiléir idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.   Tionchair fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(140)

Tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 14

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

bliain

bliain

bliain

An tréimhse imscrúdaithe

Cónaidhm na Rúise

Méid (tonaí)

2 026 321

744 941

1 618 946

1 407 644

Innéacs

100

37

80

69

Sciar den mhargadh

5,7 %

2,1 %

4,4 %

4,0 %

Innéacs

100

38

78

70

Meánphraghas (EUR/tona)

336

468

497

445

Innéacs

100

139

148

132

An tSeirbia

Méid (tonaí)

348 619

465 158

733 711

860 952

Innéacs

100

133

210

247

Sciar den mhargadh

1,0 %

1,3 %

2,0 %

2,4 %

Innéacs

100

137

204

249

Meánphraghas (EUR/tona)

386

498

547

479

Innéacs

100

129

142

124

An India

Méid (tonaí)

443 493

1 121 530

918 334

847 592

Innéacs

100

253

207

191

Sciar den mhargadh

1,2 %

3,2 %

2,5 %

2,4 %

Innéacs

100

259

201

193

Meánphraghas (EUR/tona)

404

493

533

464

Innéacs

100

122

132

115

An Bhrasaíl

Méid (tonaí)

657 682

370 567

266 870

114 142

Innéacs

100

56

41

17

Sciar den mhargadh

1,9 %

1,1 %

0,7 %

0,3 %

Innéacs

100

58

39

18

Meánphraghas (EUR/tona)

363

494

531

485

Innéacs

100

136

146

134

An Úcráin

Méid (tonaí)

1 080 094

609 792

131 958

106 866

Innéacs

100

56

12

10

Sciar den mhargadh

3,0 %

1,8 %

0,4 %

0,3 %

Innéacs

100

58

12

10

Meánphraghas (EUR/tona)

331

466

472

424

Innéacs

100

141

142

128

An Iaráin

Méid (tonaí)

928 896

76 707

56 026

3 377

Innéacs

100

8

6

0

Sciar den mhargadh

2,6 %

0,2 %

0,2 %

0,0 %

Innéacs

100

80

6

0

Meánphraghas (EUR/tona)

305

428

489

504

Innéacs

100

140

160

165

An tSín

Méid (tonaí)

1 031 310

8 511

636

538

Innéacs

100

1

0

0

Sciar den mhargadh

2,9 %

0,0 %

0,0 %

0,0 %

Innéacs (EUR/tona)

100

1

0

0

Meánphraghas

325

678

3 503

3 189

Innéacs

100

209

1 078

981

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

973 121

1 658 551

1 598 115

1 303 324

Innéacs

100

170

164

134

Sciar den mhargadh

2,7 %

4,8 %

4,4 %

3,7 %

Innéacs

100

174

159

135

Meánphraghas (EUR/tona)

385

495

562

526

Innéacs

100

129

146

136

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an Tuirc

Méid (tonaí)

7 489 536

5 055 756

5 324 596

4 644 434

Innéacs

100

68

71

62

Sciar den mhargadh

21,1 %

14,6 %

14,6 %

13,2 %

Innéacs

100

69

69

63

Meánphraghas (EUR/tona)

345

487

531

478

Innéacs

100

141

154

139

Foinse: Eurostat

(141)

Le linn na tréimhse atá á breithniú, laghdaigh an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ó na tíortha uile eile ó 21,1 % go 13,2 %. Den chuid is mó, is é is cúis leis an laghdú foriomlán ar allmhairí ó thíortha seachas an Tuirc forchur beart cosanta trádála in aghaidh allmhairí ón tSín, ón mBrasaíl, ón Iaráin, ón Úcráin agus ón Rúis in 2017. Cumhdaítear bearta idir 8,1 % agus 35,9 % le haghaidh na Síne (lena n-áirítear dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh) agus ó 17,6 go 96,5 EUR/tona le haghaidh na gceithre thír eile. Ní áirítear na dleachtanna frithdhumpála ná na dleachtanna frithchúitimh sin sna praghsanna sa tábla thuas.

(142)

Tar éis na Tuirce, ba iad na príomhthíortha onnmhairiúcháin sa tréimhse imscrúdaithe an Rúis (faoi réir dleachtanna frithdhumpála), an tSeirbia agus an India.

(143)

B’ionann na hallmhairí ón Rúis agus níos lú ná leath na n-allmhairí ón Tuirc sa tréimhse imscrúdaithe. Ina theannta sin, bhí praghsanna na n-allmhairí ón Rúis, tar éis an dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis na hallmhairí sin a chur leo, os cionn phraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc, cé go raibh siad níos ísle uaireanta ná praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, maidir le méid an bhrú atá ar allmhairí Rúiseacha, agus i bhfianaise a sciar den mhargadh, ní fhéadfadh sé, ar an iomlán, brú chomh mór sin le hallmhairí dumpáilte ón Tuirc a chur ar tháirgeoirí an Aontais.

(144)

Bhí sciar comhroinnte den mhargadh de 4,8 % ag allmhairí ón tSeirbia agus ón India le linn na tréimhse imscrúdaithe (60 % den sciar den mhargadh atá ag an Tuirc). Tháinig méadú 147 % ar na hallmhairí ón tSeirbia le linn na tréimhse atá á breithniú agus tháinig ardú ar allmhairí ón India in 2017, ach tháinig laghdú 25 % orthu amhail ón tráth sin. Bhí meánphraghsanna allmhairí ón tSeirbia agus ón India faoi bhun mheánphraghsanna na n-allmhairí ón Tuirc, ach ní féidir teacht ar aon chonclúid maidir le cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na hallmhairí le sladghearradh phraghsanna thionscal an Aontais freisin, i bhfianaise mheascán anaithnid táirgí na n-allmhairí sin (18). In aon chás, ní fhéadfadh méid bhrú na n-allmhairí sin, i bhfianaise a sciar den mhargadh, brú chomh mór sin le hallmhairí dumpáilte ón Tuirc a chur ar tháirgeoirí an Aontais .

(145)

Bhí na hallmhairí ó na tíortha eile fíorbheag agus ar an meán rinneadh iad ag praghsanna níos airde ná praghsanna na n-allmhairí ón Tuirc.

(146)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach ndéanann tionchar allmhairí ó thíortha eile an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí ón Aontas a mhaolú.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais

(147)

Tháinig forbairt ar mhéid agus praghsanna onnmhairiúcháin thionscal an Aontais chuig páirtithe neamhghaolmhara le linn na tréimhse atá á breithniú mar a leanas:

Tábla 15

Díolacháin onnmhairí

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An méid onnmhairí (tonaí)

1 597 262

1 550 220

1 434 739

1 872 411

Innéacs

100

97

90

117

Meánphraghas (EUR/tona)

382

502

554

465

Innéacs

100

132

145

122

Foinse: Eurofer (méideanna) agus táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh (praghsanna)

(148)

Rinne táirgeoirí ón Aontas méadú 17 % ar na méideanna onnmhairí le linn na tréimhse atá á breithniú chuig beagán faoi bhun 1.9 milliún tona in 2019. Is minic a dhéantar onnmhairí faoi chonarthaí fadtéarmacha agus léiríodh san imscrúdú gurb é atá iontu den chuid is mó meascán táirgí ag ceann íochtair na dtáirgí ná díolacháin san Aontas. Mar sin féin, go háirithe le linn na tréimhse imscrúdaithe, d’fhéadfadh na honnmhairí ón thionscal an Aontais na méideanna díolachán a cailleadh ar mhargadh an Aontais a chúiteamh i bpáirt agus chuidigh siad le táirgeoirí an Aontais costais sheasta agus costais eile a chaolú.

(149)

Ar an iomlán, áfach, maidir leis an méideanna arna n-onnmhairiú ag tionscal an Aontais, ní raibh i gceist ach thart ar 7 % dá mhéid díolachán ar shaormhargadh an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe agus ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach go raibh an tionchar a bhí ag feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais imeallach, má bhí aon tionchar aici.

5.2.3.   Tomhaltas faoi chuing

(150)

Mar a léirítear i dtábla 1 thuas, tháinig laghdú 7 % ar an tomhaltas faoi chuing le linn na tréimhse atá á breithniú. Tharla an titim sin den chuid is mó sa dara cuid den tréimhse atá á breithniú agus cuid den chúis a bhí leis sin gur dhíol táirgeoir amháin de chuid an Aontais roinnt línte le cuideachta neamhghaolmhar in 2019 agus úsáid á baint aige as an táirge atá faoi imscrúdú (19). Ina theannta sin, tháinig titim ar thomhaltas cruach in earnálacha áirithe iartheachtacha le linn na tréimhse atá á breithniú. Ní raibh an Coimisiún in ann an titim i ngach ceann acu a chainníochtú.

(151)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach go raibh ról imeallach ag éabhlóid an tomhaltais faoi chuing, má bhí aon ról aici, ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.4.   Éabhlóid an éilimh

(152)

Mar a léirítear i dtábla 2, bhí tomhaltas an tsaormhargaidh ag tús agus ag deireadh na tréimhse atá á breithniú a bheag nó a mhór mar an gcéanna.

(153)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach bhféadfadh forbairt thomhaltas an tsaormhargaidh cur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.5.   Praghsanna amhábhar

(154)

Mar a míníodh i roinn 4.5.3.1, bhí an méadú ar phraghsanna amhábhar go mór ina phríomhchúis leis an méadú ar chostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais thar an tréimhse atá á breithniú.

(155)

Ní foinse díobhála é méadú ar phraghsanna amhábhar, per se, toisc go mbíonn méadú ar phraghsanna díola ag gabháil leis ina dhiaidh sin, de ghnáth. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go sealadach nach ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca an mhéadaithe ar chostais amhábhar ann féin.

5.2.6.   Fachtóirí eile

(156)

Luaigh páirtithe áirithe fachtóirí eile mar fhoinse le haghaidh staid díobhála thionscal an Aontais. Rinne úsáideoir nasc idir na brabúis ísle agus an meath ar fheidhmíocht thionscal cruach an domhain in 2019. Luaigh úsáideoir eile “ró-acmhainn sna táirgí go léir” mar chúis, agus luaigh sé freisin go ndíríonn táirgeoirí an Aontais ar speisialtachtaí agus go bhfuil siad thíos leis an éileamh lag in earnáil ina bhfuil géarchéim, eadhon in earnáil na ngluaisteán.

(157)

Lean an chéad dá ráiteas a éilíodh de bheith doiléir agus níor tacaíodh leo. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach raibh feidhmíocht thionscal cruach an domhain ná ró-acmhainneachtaí, dá mb’ann dóibh, ina rannchuidiú leis an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí ón Aontas.

(158)

Chinn an Coimisiún freisin go raibh an ráiteas deireanach mícheart ós rud é go bhfreastalaíonn táirgeoirí ón Aontas ar na hearnálacha tomhailte cruach uile, ní hamháin earnáil na ngluaisteán. Ag an gcéim seo, níl aon eolas ag an gCoimisiún faoi mhéid na n-earnálacha éagsúla a thomhlaíonn cruach sna blianta éagsúla a thagann faoi réim na tréimhse atá á breithniú. Mar a léirítear i roinn 5.2.4., áfach, lean an tomhaltas saormhargaidh de bheith cobhsaí, ar an iomlán, le linn na tréimhse atá á breithniú. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid shealadach nár chuir éabhlóid an éilimh leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(159)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch go sealadach idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón Tuirc. De dheasca na dumpála ón Tuirc, bhí tionscal an Aontais, díreach tar éis dó téarnamh ó na cleachtais dumpála roimhe sin (20), i staid inar bhain díobháil dó athuair de dheasca allmhairí dumpáilte.

(160)

Dhealaigh agus scar an Coimisiún éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais ó éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte.

(161)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón Tuirc agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh na bhfachtóirí eile, arna meas ar bhonn aonair nó go comhpháirteach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(162)

Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte a bhaint, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Bhunrialachán.

6.1.   Corrlach gearrdhíola

(163)

Shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go ndíothófar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán. Sa chás sin, chuirfí deireadh leis an díobháil dá mbeadh tionscal an Aontais in ann a chostais táirgthe a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, agus as prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus chomh maith le costais Choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a chumhdach, agus dá mbeadh sé in ann brabús réasúnach a fháil (“spriocbhrabús”).

(164)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den Bhunrialachán, chun an spriocbhrabús a shuíomh, chuir an Coimisiún na fachtóirí a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeifí ag súil léi faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta. Ní bheidh corrlach brabúis den sórt sin níos lú ná 6 %.

(165)

Measann an gearánach gur cheart spriocbhrabús réasúnta a bheith idir 10 % agus 15 %. Mheas Comhlachas na nOnnmhaireoirí Cruach de chuid na Tuirce ÇİB go raibh an raon sin ró-ard agus mhol sé ina ionad sin na spriocbhrabúis a d’úsáid an Coimisiún sna himscrúduithe a rinne an Coimisiún in 2017 le haghaidh an táirge chéanna, arbh ionann iad agus 7 % agus 7,9 %. Mheas táirgeoir ón Aontas a samplaíodh nár cheart an spriocbhrabús íosta a bheith níos lú ná 7,9 %, rud a úsáideadh in imscrúdú roimhe sin.

(166)

Níor fhéad an Coimisiún corrlach brabúis a shuíomh ar bhonn aon cheann de na blianta roimh an méadú ar allmhairí ón Tuirc, mar sna blianta sin bhí tionscal an Aontais buailte ag rabharta allmhairí dumpáilte ó thionscnaimh eile agus dá bhrí sin ní rabhthas in ann aon cheann de na blianta sin a cháiliú mar bhliain ina raibh gnáthstaid iomaíoch ar mhargadh an Aontais. Ina fhianaise sin, mheas an Coimisiún an bhrabúsacht a baineadh amach in 2017. In 2017 bhí leibhéal na n-allmhairí ón Tuirc níos airde ná 1 mhilliún tona cheana féin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, mar sin féin thiocfadh méadú 1 mhilliún tona eile air in 2018 agus 2019. Ina theannta sin, ba léir go raibh tionscal an Aontais i staid i bhfad ní b’fhearr in 2017 ná mar a bhí sé sna blianta roimhe sin de bharr fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála in aghaidh allmhairí HRFS ar de thionscnamh na Síne, na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus imthosca fabhracha an mhargaidh an bhliain sin. Dá bhrí sin, in éagmais aon fhaisnéis eile, chinn an Coimisiún úsáid shealadach a bhaint as an meánbhrabús a baineadh amach le linn na bliana 2017 mar bhonn leis an spriocbhrabús. B’ionann an brabús sin agus 6,8 %.

(167)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den Bhunrialachán, rinne an Coimisiún measúnú ar éileamh arna dhéanamh ag dhá tháirgeoir ón Aontas a samplaíodh maidir le hinfheistíochtaí pleanáilte nár cuireadh chun feidhme le linn na tréimhse atá á breithniú. Bunaithe ar an bhfianaise dhoiciméadach a fuarthas, a d’fhéadfaí a réiteach le córais chuntasaíochta na gcuideachtaí, ghlac an Coimisiún leis na héilimh sin go sealadach agus chuir sé na méideanna comhfhreagracha le brabús tháirgeoirí sin an Aontais. Dá bhrí sin, bhí na sprioc-chorrlaigh dheiridh idir 6,8 % agus 8,0 %.

(168)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den Bhunrialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais todhchaí a eascraíonn as Comhaontuithe Comhshaoil Iltaobhacha, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, a raibh uirlisí tuairisciúcháin agus réamhaisnéisí na gcuideachtaí mar thaca léi, shuigh an Coimisiún costas idir EUR 2/tona agus EUR 12/tona, i dteannta an chostais iarbhír a bhain leis na coinbhinsiúin sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cuireadh an difríocht sin leis an bpraghas neamhdhíobhála.

(169)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhála an táirge chomhchosúil le haghaidh thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite (féach aithris (167)) a chur le costas táirgeachta na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál.

(170)

Ansin, chinn an Coimisiún an leibhéal maidir le díothú na díobhála ar bhonn comparáid idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh sa tír lena mbaineann ar bhonn cineál ar chineál, arna shuíomh le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha praghais, agus meánphraghas neamhdhíobhála ualaithe an táirge chomhchosúil arna dhíol ag na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ansin sloinneadh aon difríocht a tháinig chun cinn ón gcomparáid sin mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí CAL. Taispeántar toradh na ríomhanna sin sa tábla thíos.

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach gearrdhíola

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,6 %

19,3 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S.

İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,4 %

23,5 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,8 %

20,9 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,9 %

21,2 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,9 %

21,2 %

Gach cuideachta eile

7,6 %

23,5 %

6.2.   Scrúdú ar an gcorrlach leordhóthanach chun an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a bhaint

(171)

Mar a míníodh san Fhógra Tionscanta, chuir an gearánach dóthain fianaise ar fáil don Choimisiún go bhfuil saobhadh amhábhair sa tír i gceist maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den Bhunrialachán, scrúdaíodh san imscrúdú sin an saobhadh líomhnaithe chun a mheas, más ábhartha, an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil.

(172)

Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na corrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil níos airde ná na corrlaigh dhumpála, mheas an Coimisiún, ag an bpointe seo, nach raibh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ngné sin.

6.3.   Conclúid

(173)

Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna sealadacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Bhunrialachán. Dá dhroim sin, ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú mar atá thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,6 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S. - İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,4 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,8 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,9 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,9 %

Gach cuideachta eile

7,6 %

7.   LEAS AN AONTAIS

(174)

Scrúdaigh an Coimisiún, seachas cinneadh a dhéanamh maidir le dumpáil dhíobhálach, an mbeadh forchur beart i gcoinne leas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21 den Bhunrialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí, úsáideoirí agus tomhaltóirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(175)

Tá tionscal an Aontais comhdhéanta de bhreis agus 20 táirgeoir in 16 Bhallstát agus tá 39 178 nduine fostaithe ann (féach roinn 4.5.2.4). Thacaigh formhór mór na dtáirgeoirí ón Aontas leis an ngearánach. Níor chuir aon táirgeoir in aghaidh thionscnamh an imscrúdaithe.

(176)

Mar is léir ó ranna 4.5.4 agus 5.3, tháinig meath ar staid tionscal uile an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte ón Tuirc. Rinneadh cuid mhór díobháil ábhartha ó thaobh chumas tuillimh na dtáirgeoirí ón Aontas a samplaíodh de, ar táirgeoirí iad a rinne caillteanais mhóra le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(177)

Le bearta frithdhumpála in aghaidh allmhairí ón Tuirc meastar go n-athbhunófar coinníollacha cóirthrádála ar mhargadh an Aontais agus go gcuirfear ar a chumas thionscal an Aontais leibhéil bhrabúsachta inbhuanaithe a fháil le haghaidh tionscal atá chomh dian sin ar chaipiteal. Dá bharr sin, táthar ag súil go mbeidh táirgeoirí ón Aontas in ann téarnamh ón staid díobhála, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh agus a ngealltanais éagsúla a bhaint amach, lena n-áirítear gealltanais shóisialta agus chomhshaoil.

(178)

Mura bhforchuirfí bearta, d’fhágfadh sin go mbeadh caillteanais ní ba mhó ann laistigh de thionscal an Aontais, go gcuirfí a inmharthanacht i mbaol agus is dócha go ndúnfaí na saoráidí táirgthe dá dheasca sin agus go leanfadh dífhostuithe as.

(179)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh forchur beart sealadach chun leas thionscal an Aontais.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(180)

Cé go ndearna an Coimisiún teagmháil le breis agus 20 allmhaireoir féideartha maidir leis an táirge faoi imscrúdú agus le comhlachais ábhartha agus an t-imscrúdú á thionscnamh, ar deireadh níor chuir ach allmhaireoir neamhghaolmhar amháin freagra ceistneora isteach agus níor chomhoibrigh ach an t-aon allmhaireoir neamhghaolmhar amháin le linn an imscrúdaithe mar sin. Fostaíonn an páirtí sin, Network Steel S.L, níos lú ná 20 duine. Bhí a láimhdeachas i ndáil le HRFS idir 50 agus 80 milliún EUR in 2019. Sheas sé, le linn na tréimhse imscrúdaithe, do idir 3,5 % agus 5,2 % d’allmhairí HRFS ón Tuirc. Tá Network Steel S.L in aghaidh forchur beart ar na forais gurb amhlaidh, san Aontas, a dhéantar difear mór cheana do HRFS leis na dleachtanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm in aghaidh na Síne, agus leis na dleachtanna frithdhumpála in aghaidh na Brasaíle, na hÚcráine, na Rúise agus na hIaráine. D’éiligh sé gurb amhlaidh, ó tugadh isteach bearta coimirce cruach, de dheasca neamhleor na gcuótaí agus an cheanglais éarlaise nuair a bhaineann cuóta stádas criticiúil amach, is gá d’allmhaireoirí ón Aontas teacht le níos lú soláthróirí agus dul i ngleic de shíor leis an mbaol a bhaineann le ganntanas soláthair, rud a fhágann go bhfuil a ngníomhaíocht ghnó níos dothuartha agus dúshlánaí ná mar a bhí.

(181)

I bhfianaise thábhacht na n-allmhairí ón Tuirc i ngníomhaíochtaí HRFS Network Steel S.L., mheas an Coimisiún go mb’fhéidir go mbeadh tionchar, bíodh sé teoranta, ag forchur beart frithdhumpála íseal ar a thorthaí i gcás ina gcoimeádfadh an páirtí a mheascán soláthróirí reatha. Maidir le líomhaintí an pháirtí ó thaobh ganntanas HRFS de, cuireann foinsí soláthair iomadúla HRFS ina n-aghaidh (laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, rud a fhorbraítear tuilleadh i roinn 7.3 thíos) agus dá bhrí sin, diúltaíodh iad.

(182)

I bhfianaise sciar beag na n-allmhairí a seasann an t-aon allmhaireoir comhoibritheach neamhghaolmhar dó, tá sé míchuí na torthaí maidir le Network Steel S.L. a leathnú chuig allmhaireoirí neamhghaolmhara HRFS ina n-iomláine. Mar sin féin, san achomaireacht, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear diúltach d’allmhaireoirí neamhghaolmhara áirithe leis na bearta frithdhumpála ar an leibhéal a suíodh. Mar sin féin, níor cheart an tionchar sin a bheith mór ar an bhforiomlán agus beidh sé ag brath go mór ar shamhail ghnó na n-allmhaireoirí, ar éagsúlacht a bhfoinsí soláthairtí agus ar a mhéid a dhéantar costais mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh aon tionchar diúltach a bheidh ag bearta ar allmhaireoirí neamhghaolmhara ar an iomlán teoranta agus nach mó é ná éifeacht dhearfach na mbeart ar tháirgeoirí HRFS ón Aontas.

7.3.   Leas úsáideoirí

(183)

Tá úsáideoirí áirithe ón Aontas in iomaíocht, idir alia, le cuideachtaí gaolmhara na dtáirgeoirí ón Aontas ar mhargaí iartheachtacha an táirge faoi imscrúdú. Úsáideann siad an táirge atá faoi imscrúdú mar amhábhar chun táirgí iartheachtacha a mhonarú amhail cruach fhuar-rollta chothrom bhrataithe, cónaisc chuasacha, feadáin tháite agus próifílí i gcáilíochtaí éagsúla, agus úsáidtear freisin é mar aschur tionsclaíoch d’fheidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear tógáil, tógáil long, coimeádáin gháis agus brúshoithí.

(184)

Tháinig ceithre úsáideoir i ndáil le Network Steel S.L. lonnaithe sa Phortaingéil agus sa Spáinn chun cinn agus chuir siad in aghaidh fhorchur beart. Ós rud é go mbaineann corp fhreagraí ceistneora na n-úsáideoirí sin leis an gceann ó Network Steel S.L., déileáladh lena n-éilimh i roinn 7.2 thuas.

(185)

Rinne Cuibhreannas an Aontais maidir le húsáideoirí agus le hallmhaireoirí HRFS (“an Cuibhreannas”) (21), eagraíocht ad-hoc a foirmíodh chun leas úsáideoirí áirithe sa nós imeachta seo a chosaint, barúlacha a chur isteach lenar cuireadh in aghaidh fhorchur na ndleachtanna agus inar áitigh siad go ndéanfaí dochar do leas úsáideoirí ón Aontas dá ndeasca (22). Ina theannta sin, sholáthair dhá úsáideoir ón Aontas (Marcegaglia Carbon Steel S.P.A. agus San Paolo Lamiere S.P.A.) freagraí ceistneora aonair. Áiríodh na hargóintí a soláthraíodh sna freagraí ceistneora sin san aighneacht a rinne an Cuibhreannas agus, dá bhrí sin, déantar iad a mheas go comhpháirteach.

(186)

Ar dtús, thug an Cuibhreannas dá aire, ach amháin i gcás cúpla eisceacht, go bhfuil príomhfhoinsí soláthair HRFS don Aontas le blianta beaga anuas faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus/nó frithchúitimh faoi láthair (23). Ina fhianaise sin, d’áitigh an Cuibhreannas nach raibh de rogha ag úsáideoirí ón Aontas ach HRFS a fháil ó na tríú tíortha soláthair a bhí fágtha nach ndearnadh difear dóibh le bearta cosanta trádála. Ina measc, measadh, a líomhnaítear, gurbh í an Tuirc an t-aon tír onnmhairiúcháin amháin a bhí in ann freastal ar éileamh na n-úsáideoirí ón Aontas. D’éiligh an Cuibhreannas nach ndearnadh ach an folús a d’fhág na príomhthíortha onnmhairiúcháin ina ndiaidh, ar tíortha a bhí buailte ag bearta cosanta trádála iad, a líonadh le hallmhairí ón Tuirc agus dá bhrí sin go mbeadh an t-aon fhoinse soláthair chobhsaí agus iontaofa amháin atá ar fáil i láthair na huaire d’úsáideoirí ón Aontas eisiata ó mhargadh an Aontais. Tháinig an Cuibhreannas ar an gconclúid go dtiocfadh ganntanas soláthair HRFS san Aontas as forchur beart frithdhumpála agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé in aghaidh leas úsáideoirí neamhspleácha HRFS ón Aontas.

(187)

Ar an gcéad dul síos, is é is cuspóir do dhleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh cothroime iomaíochta a athbhunú i margadh an Aontais, sa chás sin, maidir le HRFS. D’fhorchuir an Coimisiún bearta ar chúig thír ós rud é gur shuigh sé go raibh na cúig thír sin ag gabháil do chleachtais trádála éagóracha agus, ar an mbealach sin, go raibh díobháil á déanamh acu do thionscal an Aontais nó go raibh siad ag bagairt déanamh amhlaidh. Measadh go raibh forchur na mbeart chun leasa an Aontais ar an bhforiomlán.

(188)

Ina theannta sin, thug an Coimisiún chun suntais go léirítear san fhaisnéis atá le fáil sa chomhad nach bhfuil na roghanna chun HRFS a cheannach lasmuigh den Aontas teoranta don Tuirc. Ar an gcéad dul síos, is iomaí tír a sholáthair táirgí go comhsheasmhach do mhargadh an Aontais sna blianta deireanacha agus a d’fhéadfadh cur tuilleadh lena láithreacht i margadh an Aontais (24). Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire go ndéantar HRFS a tháirgeadh i dtíortha iomadúla ar fud an domhain, i dteannta na dtíortha sin a bhfuil táirgí á soláthar do mhargadh an Aontais acu. I bprionsabal, d’fhéadfadh sé go mbeadh acmhainneacht leordhóthanach ag na tíortha sin, dá mb’ann don éileamh, dul isteach i margadh an Aontais, faoi mar a bhí amhlaidh san am a chuaigh thart, rud a d’admhaigh úsáideoir neamhspleách ón Aontas ina fhreagra ceistneora (25). Thug an Coimisiún chun suntais, freisin, gur tháinig forás leanúnach ar chomhdhéanamh an mheascáin allmhairí, ó thaobh tionscnamh de, i gcaitheamh na mblianta deireanacha, agus gur cuireadh in oiriúint do riachtanais agus imthosca éagsúla mhargadh an Aontais iad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí rialála amhail forchur beart cosanta trádála.

(189)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún measúnú ar fhorás allmhairí HRFS isteach san Aontas de réir tionscnaimh, ag tosú i dtréimhse roimh an mborradh a tháinig faoi allmhairí dumpáilte (blianta 2013-2014) as ar tháinig glacadh beart frithdhumpála, in 2016 (26) agus 2017 faoi seach. Léiríodh leis an anailís, go bhfuil thart ar dheich dtír onnmhairiúcháin, ar an meán, ag soláthar an chuid is mó de HRFS do mhargadh an Aontais agus sin ar bhonn comhsheasmhach. Mar sin féin, tháinig athrú ar dháileadh na n-allmhairí eatarthu, lena n-áirítear tionscnaimh agus sciar na n-allmhairí i gcaitheamh na mblianta. I ndáiríre, in 2018 agus d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm in aghaidh cúig thír, tháinig méadú 18 % ar allmhairí i gcomparáid le 2017, agus ní raibh siad ach beagán faoi bhun leibhéil 2016, bliain, mar sin féin, ina raibh méideanna móra allmhairí dumpáilte á dtabhairt isteach i margadh an Aontais, mar a suíodh leis na himscrúduithe ar leith an tráth sin (27).

(190)

Tugtar tuilleadh tacaíochta d’infhaighteacht agus éagsúlú HRFS ó thionscnaimh éagsúla leis an bhfaisnéis arna soláthar ag úsáideoirí áirithe ina bhfreagra ceistneora. Léiríodh san fhaisnéis sin go bhfuil siad in ann na ceannacháin a mhéadú go mór, i méideanna ábhartha, ó thionscnaimh éagsúla ó bhliain go chéile, lena n-áirítear ó thíortha atá faoi réir bearta frithdhumpála, mar aon le tionscnaimh nua a chur lena bhfoinsí soláthair (28). Léirítear sna freagraí ceistneora a fuarthas ó na húsáideoirí réimse leathan foinsí soláthair, lena n-áirítear (go príomha) i dtionscal an Aontais. Dá bhrí sin, deimhnítear leis an bhfaisnéis sin go bhfuil na húsáideoirí ón Aontas in ann oiriúnú d’imthosca an mhargaidh, agus gur féidir leo na foinsí soláthair a choigeartú go mear i gcás inar gá. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon fhaisnéis sa chomhad lena gcuirfí in iúl, fiú dá dtiocfadh laghdú suntasach ar líon na n-allmhairí ón Tuirc mar thoradh ar bhearta frithdhumpála, nach mbeadh tíortha onnmhairithe eile in ann a n-áit sa mhargadh a líonadh.

(191)

I dteannta infhaighteacht leordhóthanach na bhfoinsí allmhairiúcháin, shuigh an Coimisiún san imscrúdú seo go raibh acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí ón Aontas, ar táirgeoirí iad a bheadh in ann méid a ndíolachán le húsáideoirí neamhspleácha san Aontas a mhéadú.

(192)

Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire freisin nach bhfágann forchur beart frithdhumpála as féin go dtiocfaidh deireadh leis na hallmhairí ón tionscnamh lena mbaineann, nó fiú go dtiocfaidh laghdú orthu ar bhealach fóinteach, ach go ndéanfaí iad a allmhairiú ar phraghsanna cothroma. Faoi mar a d’admhaigh an Cuibhreannas, le forchur beart frithdhumpála, níor cuireadh cosc le hallmhairí ón Rúis a bheith á dtabhairt isteach i margadh an Aontais i méideanna ábhartha (ba í an dara tír onnmhairiúcháin ba mhó í le linn na tréimhse imscrúdaithe), agus leanadh d’allmhairí ón mBrasaíl agus ón Úcráin a thabhairt isteach i margadh an Aontais, bíodh is go raibh cainníochtaí is lú díobh ann. I bhfianaise na leibhéal dumpála a suíodh, agus leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a tháinig astu, níl aon chúis ann le bheith ag ceapadh go gcuirfear deireadh le hallmhairí ón Tuirc a luaithe a fhorchuirfear bearta frithdhumpála.

(193)

I bhfianaise na n-eilimintí thuas, dhiúltaigh an Coimisiún dá bhrí sin na héilimh i ndáil leis an líomhain go raibh ganntanas foinsí soláthair malartacha ar fáil d’úsáideoirí agus allmhaireoirí ón Aontas agus go raibh riosca gaolmhar ann go mbeadh ganntanas sa soláthar dá bhforchuirfí bearta.

(194)

De bhreis air sin, d’áitigh an Cuibhreannas, dá ndéanfaí dleachtanna frithdhumpála a fhorchur in aghaidh allmhairí ón Tuirc, “fiú dleacht an-íseal”, go ndéanfaí difear díréireach do na húsáideoirí ón Aontas, ar úsáideoirí iad a mbeadh a n-inmharthanacht i mbaol i gcásanna áirithe, ós rud é nach bhféadfaidís an méadú ar chostas a leanfadh as na bearta a ionsú ná leanúint de bheith iomaíoch sa mhargadh iartheachtach. D’éiligh an Cuibhreannas go mbeadh tionchar díreach agus mór ag dleacht frithdhumpála ar chostais na n-úsáideoirí agus nach féidir na méaduithe costais sin a chur ar aghaidh chuig na tionscail iartheachtacha.

(195)

Thug an Coimisiún dá aire ar dtús nár tháinig úsáideoirí i bpríomh-mhargaí iartheachtacha, amhail an earnáil gluaisteán, an earnáil fearas tionscail nó an earnáil tógála chun cinn. Maidir leis sin, thagair an Coimisiún d’aighneacht a rinne an gearánach inar áitíodh go mbeadh tionchar an-bheag ag dleachtanna frithdhumpála ar mhargaí iartheachtacha agus ar tháirgí tomhaltais amhail meaisíní níocháin. Mar sin féin, léirítear leis an bhfaisnéis atá le fáil sa chomhad, go háirithe sna freagraí ceistneora ó úsáideoirí, go seasann ceannacháin ón Tuirc go comhsheasmhach do sciar réasúnta beag (7 % – 14 %) de cheannacháin iomlána na n-úsáideoirí sin sa tréimhse imscrúdaithe. I bhfianaise leibhéal réasúnta íseal na dleachta a moladh, na bhfoinsí soláthair malartacha atá ar fáil, agus mheáchan réasúnta íseal na n-allmhairí ón Tuirc sa deighleog gnólachta maidir le HRFS de chuid na n-úsáideoirí, bheadh tionchar na mbeart ar na húsáideoirí, dá mb’ann dó, an-teoranta. I gcás úsáideoirí a tháinig chun cinn, bheadh méadú costais i gceist leis na bearta foriomlána ó níos lú ná 1 % suas go 2,5 % do na húsáideoirí is mó a ndéantar difear dóibh dá gcuid gníomhaíochtaí ábhartha dá gcoimeádfaidís an patrún céanna foinsithe. Ina theannta sin, níl aon fhianaise sa chomhad lena léirítear nach mbeadh úsáideoirí in ann méadú ar phraghsanna, rud a d’fhéadfadh a bheith teoranta, a chur ar aghaidh. Sa bhealach céanna, níl aon fhianaise ar taifead lena léirítear go mbainfeadh díobháil d’iomaíochas úsáideoirí ón Aontas maidir le hallmhairí iartheachtacha ó thríú tíortha.

(196)

Ina theannta sin, d’áitigh an Cuibhreannas go raibh 22 % d’allmhairí iomlána HRFS in 2019 faoi réir bearta cosanta trádála agus dá gcuirfí allmhairí ón Tuirc (arb ionann iad agus 38 % d’allmhairí HRFS in 2019) faoi réir beart, bheadh 60 % d’allmhairí iomlán HRFS san Aontas faoi réir beart. Dá bhrí sin, d’éiligh an Cuibhreannas, dá bhforchuirfí bearta frithdhumpála, go mbeadh úsáideoirí ón Aontas ag brath go hiomlán ar sholáthairtí na dtáirgeoirí ón Aontas, rud a neartódh staid thionscal an Aontais a thuilleadh sa mhargadh maidir le HRFS.

(197)

Mheas an Coimisiún nach gcuirfí cosc ar na húsáideoirí ón Aontas leanúint de bheith ag ceannach táirgí ón Tuirc de thoradh dleacht frithdhumpála shealadach a fhorchur, agus de thoradh an méid sin amháin, cibé acu ar leibhéil praghsanna lena bhfritháirítear na corrlaigh dhumpála a bunaíodh leis an imscrúdú. Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil sampla soiléir a tháinig chun cinn le déanaí i margadh HRFS san Aontas agus lena léirítear nach gcuirtear cosc ar mhéideanna ábhartha d’allmhairí a thabhairt isteach i margadh an Aontais le forchur dleachtanna frithdhumpála, rud a thug an Cuibhreannas féin dá aire agus tagairt á déanamh do na méideanna allmhairí ón Rúis d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Is léir sin freisin ón aighneacht de chuid an Chuibhreannais inar admhaigh sé gur sheas allmhairí a bhí faoi réir bearta frithdhumpála do mhéid nach lú ná 22 % de na hallmhairí iomlána maidir le HRFS in 2019. Ar aon chuma, leanfadh úsáideoirí ón Aontas de bheith in ann a bhfoinsí soláthair a éagsúlú i measc roinnt tíortha onnmhairiúcháin mar a mhínítear thuas. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh go mbeadh úsáideoirí ón Aontas ag brath go hiomlán ar sholáthairtí táirgeoirí ón Aontas dá bhforchuirfí na bearta frithdhumpála, nó go mbeadh cosc orthu iad a allmhairiú ón Tuirc i méideanna ábhartha dá dheasca sin, á rá nach raibh bunús leis sin.

(198)

Ag an gcéim shealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach mó na héifeachtaí a bheadh ag forchur féideartha dleachtanna ar úsáideoirí ná éifeachtaí dearfacha na mbeart ar thionscal an Aontais. Go deimhin, léiríonn an anailís thuas gur bheag an tionchar a bheadh ag forchur na ndleachtanna, dá mbeadh tionchar ar bith aige sin, ar úsáideoirí HRFS.

7.4.   Fachtóirí eile

(199)

D’ardaigh roinnt páirtithe saincheisteanna iomaíochais agus iomaíochta. Tá eagla ar pháirtithe áirithe go bhfuil olagaplacht (fheabhsaithe) san Aontas agus rinne páirtithe eile gearán go gcuireann táirgeoirí de chuid an Aontais lárionaid neamhspleácha seirbhísí cruach agus úsáideoirí i staid nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna le cinn sin a bhaineann leo.

(200)

Chinn an Coimisiún nach raibh údar leis an éileamh maidir le holagaplacht i bhfianaise líon na muilte táirgthe cruach agus na ngrúpaí táirgthe cruach a bhí san Aontas. Léiríonn táirgeoirí an Aontais iomaíocht fholláin eatarthu agus leanfaidh siad den iomaíocht le hallmhairí ó thríú tíortha, rud nach stopfaidh. Maidir leis an dara héileamh, chuir na gearánaigh ina aghaidh ar na forais go bhfuil a n-idirbhearta le lárionaid seirbhíse cruach ghaolmhara ar neamhthuilleamaí. Mheas an Coimisiún nach raibh bunús leis an éileamh go háirithe a mhéid a sholáthraíonn tionscal an Aontais cainníochtaí móra do na lárionaid seirbhíse cruacha neamhspleácha agus do na húsáideoirí cruach neamhspleácha a sholáthair freagraí ceistneora.

7.5.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(201)

Ar bhonn an mhéid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcoisctear, le haon eilimintí leasa de chuid an Aontais, bearta sealadacha frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe cruach iarainn, neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce ag an gcéim seo den imscrúdú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

(202)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais leis na hallmhairí dumpáilte.

(203)

Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce iad, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den Bhunrialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh ghearrdhíola agus na corrlaigh dhumpála (aithris (170) thuas) i gcomparáid le chéile. Socraíodh méid na ndleachtanna ar leibhéal na gcorrlach dumpála.

(204)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na rátaí sealadacha maidir le dleacht frithdhumpála, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,6 %

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S. - İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,4 %

Habaş Sinai Ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,8 %

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,9 %

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,9 %

Gach cuideachta eile

7,6 %

(205)

Leagadh síos na rátaí dleachta frithchúitimh do chuideachtaí aonair ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe reatha seo. Dá bhrí sin, ba léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(206)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ina dhiaidh sin ainm a heintitis. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún. Ní mór an fhaisnéis ábhartha go léir a bheith san iarraidh ionas gur féidir a thaispeáint nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta is infheidhme maidir leis.

(207)

Chun na rioscaí a bhaineann le haon imchéimniú a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar na difríochtaí i rátaí dleachta atá bunaithe go sealadach a íoslaghdú, tá gá le bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach bhfuil an sonrasc sin ag gabháil leo a bheith faoi réir na ndleachta frithdhumpála atá bunaithe go sealadach agus is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(208)

Cé gur gá an sonrasc seo a thíolacadh le go bhféadfaidh údaráis chustaim na mBallstát na rátaí dleachta frithdhumpála aonair atá bunaithe go sealadach ar allmhairí a chur i bhfeidhm, ní sin an t-aon eilimint amháin atá le cur san áireamh ag na húdaráis chustaim. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(209)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhunrialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(210)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála atá bunaithe go sealadach a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe freisin.

9.   CLÁRÚ

(211)

Mar a luaitear in aithris (4), chuir an Coimisiún allmhairí HRFS faoi réir clárúcháin. Rinneadh an clárú d’fhonn dleachtanna a bhailiú, b’fhéidir, go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den Bhunrialachán.

(212)

I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí.

(213)

Ní dhearnadh aon chinneadh maidir le cur i bhfeidhm féideartha cúlghabhálach beart frithdhumpála ag an gcéim seo den nós imeachta. Déanfar cinneadh den sórt sin ag céim chinntitheach.

10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

(214)

I gcomhréir le Airteagal 19a den Bhunrialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe dleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh trí lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh.

(215)

Fuarthas barúlacha maidir leis na ríomhanna dumpála ó bheirt de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Níor measadh aon cheann de na barúlacha sin a bheith de chineál cléireachais.

(216)

Fuarthas barúlacha maidir leis na ríomhanna díobhála ó dhuine amháin de na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh. Bhain barúil amháin le hearráid chléireachais i ríomh spriocphraghas an táirgeora sin a samplaíodh. Cé gur ceartaíodh an earráid, áfach, ní raibh aon athrú ar na corrlaigh díobhála mar thoradh ar an gceartú sin.

11.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(217)

Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

(218)

Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí teorollta cothroma, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, cibé acu i gcornaí (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe ar de thionscnamh na Tuirce iad agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 00, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99.

Tá na táirgí seo a leanas eisiata:

(i)

táirgí cruach dosmálta agus cruach sileacain leictrí dírithe ar ghráinní;

(ii)

táirgí cruach uirlise agus cruach ardluais;

(iii)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, ar mó ná 10 mm a dtiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead; agus

(iv)

táirgí, nach bhfuil i gcornaí, gan patrúin rilífe, atá 4.75 mm nó níos mó ach nach mó ná 10 mm ar tiús agus 2 050 mm nó níos mó ar leithead.

2.   Seo a leanas na rátaí dleachta frithchúitimh a bheidh infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, don táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgtear ag na cuideachtaí atá liostaithe sa tábla:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Cód breise TARIC

An Tuirc

Çolakoğlu Metalurji A.Ş.

7,6 %

C602

Grúpa Erdemir:

Ereğli Demir ve Çelik Fabrikalari T.A.S. - İskenderun Demir ve Çelik A.Ş.

5,4 %

C603

Habaş Sinai ve Tibbi Gazlar İstihsal Endüstrisi A.Ş.

4,8 %

C604

Ağir Haddecilik A.Ş.

5,9 %

C605

Borçelik Çelik Sanayii Ticaret A.Ş.

5,9 %

C606

Gach cuideachta eile

7,6 %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm/hainm agus lena fheidhm/feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart. Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, i saorchúrsaíocht san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha i scríbhinn faoin Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.

Airteagal 3

1.   Ordaítear leis seo d’údaráis chustaim scor de chlárú a dhéanamh ar allmhairí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce iad, a chur faoi réir clárúcháin.

2.   Maidir le sonraí arna mbailiú maidir le táirgí a allmhairíodh lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí an tráth a thiocfaidh bearta féideartha cinntitheacha i bhfeidhm, nó go bhfoirceannfar an nós imeachta seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad. IO C 166, 14.5.2020, lch. 9.

(3)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad. IO C 197, 12.6.2020, lch. 4.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1686 an 12 Samhain 2020 lena gcuirtear allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad faoi réir clárúcháin. IO L 379, 13.11.2020, lch. 47.

(5)  Is féidir teacht ar an gceistneoir seo, mar aon leo sin do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí an Aontais ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2458

(6)  Ibid.

(7)  Is dhá eintiteas dhlítheanacha éagsúla iad ArcelorMittal Mediterranée agus ArcelorMittal France a sheasann do tháirgeacht HRFS ArcelorMittal sa Fhrainc. Dá bhrí sin tá cuntais iniúchta agus fhioscacha ar leithligh acu araon.

(8)  Aighneacht an 19 Meitheamh 2020, uimhir sábhála t20.004238

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad. IO L 258, 6.10.2017, lch. 24, aithris (569).

(10)  Ar fáil ag https://data.worldbank.org/indicator/FP.CPI.TOTL.ZG?end=2019&locations=TR&start=1960&view=chart (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 11 Nollaig 2020).

(11)  Ar fáil ag https://www.ecb.europa.eu/stats/policy_and_exchange_rates/euro_reference_exchange_rates/html/eurofxref-graph-try.en.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 11 Nollaig 2020).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad (IO L 258, 6.10.2017, lch. 24).

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(14)  Féach fonóta 13.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17).

(16)  Féach, inter alia, tábla 7 agus aithris (339) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar de thionscnamh na Seirbia iad (IO L 258, 6.10.2017, lch. 24).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún (féach fonóta 4 thuas).

(18)  Tugtar faoi deara go raibh meánphraghsanna allmhairí Eurostat ón Tuirc 7,5 % faoi bhun phraghas díolacháin thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe, agus mar thoradh ar an gcomparáid cineál ar chineál a rinneadh san imscrúdú sin bhí corrlaigh foghearrtha i bhfad níos ísle ann, agus iad idir 1,3 % agus 2,9 %.

(19)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/IP_19_2169

(20)  Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi imscrúduithe a rinneadh roimhe sin ar na táirgí sin, féach roinn 4.5.2.5.

(21)  Tugadh anaithnideacht do chomhaltaí aonair an Chuibhreannais (Doiciméad an 31 Iúil 2020, uimhir sábhála t20.005357).

(22)  Aighneacht ó Chuibhreannas úsáideoirí HRFS an 2 Iúil 2020, uimhir sábhála t20.004517

(23)  Seo a leanas na tíortha atá faoi réir bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh: An Bhrasaíl, an tSín, an Iaráin, an Rúis agus an Úcráin.

(24)  Rinne na tíortha sin méadú níos mó ná 1.5 mhilliún tona ar a n-allmhairí HRFS idir an tréimhse roimh fhorchur beart frithdhumpála, i.e. roimh 2016, agus an tréimhse imscrúdaithe.

(25)  Freagra ceistneora (leagan oscailte) San Polo Lamiere, lch. 20 (22 Meitheamh 2020, uimhir sábhála 20.004293).

(26)  Forchuireadh dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí ón tSín an 7 Deireadh Fómhair 2016; IO L 272, 7.10.2016, lch. 33.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad; IO L 92, 6.4.2017, lch. 68; agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1795 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Brasaíle, na hIaráine, na Rúise agus na hÚcráine iad agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú ar allmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Seirbia iad; IO L 258, 6.10.2017, lch. 24.

(28)  Freagra ceistneora (leagan oscailte) Marcegaglia Carbon Steel S.P.A., tábla C 29 Meitheamh 2020, uimhir sábhála t20.004420).


Top