EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1989

Cinneadh (CBES) 2021/1989 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

ST/11051/2021/INIT

IO L 405, 16.11.2021, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1989/oj

16.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 405/8


CINNEADH (CBES) 2021/1989 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

An 24 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1031 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2012/642/CBES chun roinnt srianta eacnamaíocha a thabhairt isteach, lena n-áirítear toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise.

(3)

Sa chomhthéacs seo, is iomchuí eisceachtaí áirithe a thabhairt isteach ón toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise.

(4)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2j de Chinneadh 2012/642/CBES:

“Airteagal 2j

1.   Toirmeascfar árachas nó athárachas a sholáthar do:

(a)

Rialtas na Bealarúise, a chomhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí; nó

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le hárachas éigeantach nó árachas dliteanais tríú páirtí a sholáthar do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí na Bealarúise i gcás ina bhfuil an riosca arna árachú suite san Aontas, ná maidir le hárachas a sholáthar do mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na Bealarúise san Aontas.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ná do chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 224 I, 24.6.2021, lch. 15).


Top