Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex
Dokument 32021D0929(01)
Council Decision of 28 September 2021 appointing a chairperson of a Board of Appeal and extending the term of office of a chairperson of a Board of Appeal of the European Union Intellectual Property Office 2021/C 393 I/01
Cinneadh ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 lena gceaptar cathaoirleach ar Bhord Achomhairc agus lena gcuirtear síneadh le téarma oifige cathaoirligh ar Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh 2021/C 393 I/01
Cinneadh ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 lena gceaptar cathaoirleach ar Bhord Achomhairc agus lena gcuirtear síneadh le téarma oifige cathaoirligh ar Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh 2021/C 393 I/01
ST/11559/2021/INIT
IO C 393I, 29.9.2021, s. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
platné
|
29.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
CI 393/1 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2021
lena gceaptar cathaoirleach ar Bhord Achomhairc agus lena gcuirtear síneadh le téarma oifige cathaoirligh ar Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
(2021/C 393 I/01)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 166(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Meitheamh 2021, chuir Bord Bainistíochta Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) liosta d’iarrthóirí don phost mar chathaoirleach EUIPO faoi bhráid na Comhairle. |
|
(2) |
An 1 Meitheamh 2021, chinn Bord Bainistíochta EUIPO a mholadh don Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige Sven STÜRMANN mar chathaoirleach ar Bhord Achomhairc EUIPO go ceann cúig bliana eile ón 1 Lúnasa 2022, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, ceaptar Nina Maria KORJUS, a rugadh in Joensuu (an Fhionlainn) an 30 Meitheamh 1971, ina chathaoirleach ar Bhord Achomhairc Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar feadh téarma cúig bliana.
2. Is é Bord Bainistíochta EUIPO a chinnfidh an dáta a gcuirfear tús leis an téarma cúig bliana dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 2
Leis seo, cuirtear síneadh le téarma oifige Sven STÜRMANN mar chathaoirleach ar Bhord Achomhairc EUIPO go ceann tréimhse 5 bliana a thosnóidh an 1 Lúnasa 2022 agus a chríochnóidh an 31 Iúil 2027.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. KUSTEC