Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R2222

    Rialachán (AE) 2020/2222 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    IO L 437, 28.12.2020, p. 43–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/03/2022: This act has been changed. Current consolidated version: 25/09/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2222/oj

    28.12.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 437/43


    RIALACHÁN (AE) 2020/2222 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 23 Nollaig 2020

    maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar lena linn a leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (an “idirthréimhse”), an 31 Nollaig 2020.

    (2)

    Le hAirteagal 10 den Chonradh idir an Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Poblacht na Fraince maidir le tógáil agus oibriú nasc seasta mhuir n-iocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha arna shíniú in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (“Conradh Canterbury”), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht.

    (3)

    Go dtí deireadh na hidirthréimhse, is é an Coimisiún Idir-Rialtasach an t-údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Sa cháil sin, cuirtear i bhfeidhm leis ó thaobh Nasc Seasmhach Mhuir nIocht ina iomláine na forálacha de chuid dhlí an Aontais is ábhartha do shábháilteacht iarnróid agus, faoi Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), d'idir-inoibritheacht iarnróid.

    (4)

    Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, mura bhforáiltear a mhalairt, ní bheidh dlí an Aontais infheidhme a thuilleadh maidir leis an gcuid de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe agus, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de Nasc Seasmhach Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince, ní bheidh an Coimisiún Idir-Rialtasach ina údarás náisiúnta sábháilteachta faoi dhlí an Aontais a thuilleadh. Scoirfidh an t-údarú sábháilteachta le haghaidh bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht agus le haghaidh deimhnithe sábháilteachta maidir le gnóthais iarnróid a oibríonn trí Nasc Seasta Mhuir nIocht arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach de bhun Airteagal 11 agus Airteagal 10 faoi seach de Threoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) de bheith bailí ón 1 Eanáir 2021.

    (5)

    Le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tugadh de chumhacht don Fhrainc comhaontú idirnáisiúnta a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an Aontais a chur i bhfeidhm ar Nasc Seasta Mhuir nIocht chun córas sábháilteachta aontaithe a choimeád ar bun. Le Rialachán (AE) 2020/1530 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leasaíodh Treoir (AE) 2016/798 a mhéid a bhaineann le, inter alia, na rialacha a bhaineann le húdaráis náisiúnta sábháilteachta.

    (6)

    Ar bhonn Rialachán (AE) 2020/1530, agus faoi réir comhaontú mar a bheartaítear i gCinneadh (AE) 2020/1531 agus arna thabhairt chun críche faoi choinníollacha áirithe a leagtar amach sa Chinneadh sin, bhí an Coimisiún Idir-Rialtasach le leanúint de bheith ina údarás sábháilteachta aonair le haghaidh Nasc Seasta Mhuir nIocht ina iomláine agus, maidir leis an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince, bhí sé le bheith mar an t-údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/798. Ní dócha, áfach, go mbeidh an comhaontú a bheartaítear le Cinneadh (AE) 2020/1531 tagtha i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse.

    (7)

    Gan comhaontú den sórt sin, ón 1 Eanáir 2021 amach, ní cháileoidh an Coimisiún Idir-rialtasach a thuilleadh mar údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí phointe (7) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de Nasc Seasta Mhuir nIocht faoi dhlínse na Fraince. Scoirfidh údaruithe sábháilteachta agus deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Idir-Rialtasach de bheith bailí. Beidh údarás náisiúnta sábháilteachta na Fraince ina údarás náisiúnta sábháilteachta inniúil le haghaidh an chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht a bheidh faoi dhlínse na Fraince.

    (8)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá Nasc Seasta Mhuir nIocht don Aontas ó thaobh na heacnamaíochta de, tá sé fíor-riachtanach go leanfaidh Nasc Seasta Mhuir nIocht de bheith ag oibriú tar éis an 1 Eanáir 2021. Chuige sin, ba cheart an t-údarú sábháilteachta do bhainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht arna eisiúint ag an gCoimisiún Idir-rialtasach leanúint de bheith bailí go ceann uastréimhse 2 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar dóthain ama é chun é a chur ar a chumas d’údarás sábháilteachta náisiúnta na Fraince a údarú sábháilteachta féin a eisiúint.

    (9)

    Ní bheidh na ceadúnais arna n-eisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe bailí a thuilleadh tar éis dheireadh na hidirthréimhse. An 10 Samhain 2020, de bhun Airteagal 14(3) de Threoir 2012/34/AE, thug an Fhrainc fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici dul i mbun caibidlíocht maidir le comhaontú trasteorann leis an Ríocht Aontaithe. Is é cuspóir an chomhaontaithe den sórt sin a cheadú do ghnóthais iarnróid atá bunaithe agus ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe úsáid a bhaint as an mbonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht chomh fada le stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann Calais-Fréthun (an Fhrainc), gan ceadúnas a fháil faoi Threoir 2012/34/AE ó údarás ceadúnúcháin de chuid an Aontais.

    (10)

    Chun an nascacht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú, tá sé fíorthábhachtach go leanfaidh na gnóthais iarnróid atá bunaithe agus ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe de bheith ag oibriú. Chuige sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhailíochta a gceadúnas arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe faoi Threoir 2012/34/AE agus le tréimhse bhailíochta a ndeimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Idir-rialtasach ar feadh tréimhse 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar tréimhse í ar dóthain í chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit lena mbaineann na céimeanna is gá a ghlacadh chun nascacht a áirithiú i gcomhréir le Treoracha 2012/34/AE agus (AE) 2016/798 agus ar bhonn an chomhaontaithe a bheartaítear le Cinneadh (AE) 2020/1531.

    (11)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis an sochar a tugadh do shealbhóirí na n-údaruithe, na ndeimhnithe agus na gceadúnas a tharraingt siar, i gcás nach n-áiritheofar comhlíonadh cheanglais an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne.

    (12)

    I bhfianaise na práinne atá i gceist le deireadh na hidirthréimhse, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

    (13)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus nascacht iarnróid i dtaca le deireadh na hidirthréimhse, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (14)

    Ba cheart don Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis lá deiridh na hidirthréimhse,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha, i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, maidir le húdaruithe sábháilteachta áirithe agus deimhnithe sábháilteachta áirithe arna n-eisiúint faoi Threoir 2004/49/CE agus maidir le ceadúnais áirithe le haghaidh gnóthas iarnróid arna n-eisiúint faoi Threoir 2012/34/AE, dá dtagraítear i mír 2.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na húdaruithe, na deimhnithe agus na ceadúnais seo a leanas, a bheidh bailí ar an 31 Nollaig 2020:

    (a)

    údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht a bhainistiú agus a oibriú;

    (b)

    údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann an bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht;

    (c)

    ceadúnais arna n-eisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a úsáideann bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe trí Nasc Seasta Mhuir nIocht.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ábhartha i dTreoracha 2012/34/AE agus (AE) 2016/798 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Treoracha sin agus faoi Threoir 2004/49/CE.

    Airteagal 3

    Bailíocht na n-údaruithe sábháilteachta, na ndeimhnithe sábháilteachta agus na gceadúnas

    1.   Na húdaruithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 2 mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    2.   Na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní bheidh siad bailí ach amháin chun an stáisiún trasnaithe teorann agus críochfort Calais-Fréthun a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe nó chun imeacht ón stáisiún sin agus ón gcríochfort sin go dtí an Ríocht Aontaithe.

    3.   Leanfaidh ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) de bheith bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De mhaolú ar Airteagal 23(1) de Threoir 2012/34/AE, ní bheidh na ceadúnais sin bailí ach amháin sa chríoch atá suite idir stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann Calais-Fréthun agus an Ríocht Aontaithe.

    Airteagal 4

    Rialacha agus oibleagáidí maidir le húdaruithe sábháilteachta, deimhnithe sábháilteachta agus ceadúnais

    1.   Údaruithe sábháilteachta, deimhnithe sábháilteachta agus ceadúnais a rialaítear le hAirteagal 3 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoracha 2012/34/AE agus (AE) 2016/798 agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi na Treoracha sin.

    2.   Na sealbhóirí údaruithe sábháilteachta, deimhnithe sábháilteachta, agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus, de réir mar is iomchuí, an t-údarás a d’eisigh iad i gcás nach ionann é agus an t-údarás sábháilteachta náisiúnta a bhfuil an bonneagar lonnaithe ar a chríoch san Aontas agus a dtagann stáisiún agus críochfort trasnaithe teorann Calais-Fréthun faoina inniúlacht, comhoibreoidh siad leis an údarás náisiúnta sábháilteachta sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile ar fáil dó.

    3.   I gcás nach bhfuarthas an fhaisnéis nó na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna arna leagan síos ar iarrataí arna ndéanamh ag an údarás sábháilteachta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ón údarás sábháilteachta náisiúnta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    4.   Cuirfidh sealbhóirí údaruithe sábháilteachta, deimhnithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheith ag teacht salach ar oibleagáidí na n-údarás sin faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2012/34/AE nó faoi Threoir (AE) 2016/798.

    5.   Sula dtarraingeoidh an Coimisiún siar na sochair arna dtabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don udarás sábháilteachta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, don údarás a d'eisigh na húdaruithe sábháilteachta, na deimhnithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus do shealbhóirí na n-údaruithe, na ndeimhnithe agus na gceadúnas sin, go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

    6.   Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo, chun críocha mhír (1) go mír (5) den Airteagal seo, tuigfear gurb ionann tagairtí d’udarás sábháilteachta náisiúnta agus tagairtí d’údarás ceadúnúcháin a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

    Airteagal 5

    Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais

    1.   Déanfaidh an t-údarás sábháilteachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid a chuirfear i bhfeidhm maidir le gnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe a úsáidfidh an bonneagar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), agus a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar trasteorann sin. Ina theannta sin, seiceálfaidh an t-údarás náisiúnta sábháilteachta go gcomhlíonfaidh bainisteoirí bonneagair agus gnóthais iarnróid na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i ndlí an Aontais. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an t-údarás náisiúnta sábháilteachta moladh ar fáil don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

    Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2), i gcomhar le hAirteagal 4(6), den Rialachán seo faireachán féachaint an mbeifear ag leanúint de cheanglais Airteagail 19 go 22 de Threoir 2012/34/AE a chomhlíonadh i ndáil le gnóthais iarnróid atá ceadúnaithe ag an Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

    2.   I gcás ina mbeidh amhras a mbeidh údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú na seirbhísí iarnróid trasteorann nó maidir le bonneagair atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Beidh feidhm ag an gcumhacht gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh mutatis mutandis i gcás ina mbeidh amhras a mbeidh údar leis ar an gCoimisiún i ndáil le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás sábháilteachta náisiúnta nó an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2), i gcomhar le hAirteagal 4(6), faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus teorainn ama réasúnta a leagan síos. I gcás nach gcuirfidh na húdaráis inniúla ábhartha an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoin sprioc-am atá leagtha síos, nó go gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, ar fhógra a fháil ón údarás sábháilteachta náisiúnta nó ón údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhar le hAirteagal 4(6) de réir mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    4.   Sula dtarraingeoidh an Coimisiún siar na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don údarás sábháilteachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d’eisigh na húdaruithe sábháilteachta, na deimhnithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na n-údaruithe, na ndeimhnithe agus na gceadúnas sin agus don údarás sábháilteachta náisiúnta agus d’údarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe go bhfuil rún aige dul ar aghaidh leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

    Airteagal 6

    Comhairliúchán agus comhar

    1.   Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha do chur chun feidhme an Rialacháin seo.

    Airteagal 7

    An coiste

    1.   Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797 agus an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    3.   Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 30 Meán Fómhair 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Nollaig 2020.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. ROTH


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2020.

    (2)  An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

    (3)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

    (4)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

    (5)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    (6)  Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh agus maidir le muirir a ghearradh i leith úsáid bonneagair iarnróid agus deimhniúchán sábháilteachta (an Treoir Sábháilteachta Iarnróid) (IO L 164, 30.4.2004, lch. 44).

    (7)  Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a chaibidliú, a shíniú agus a thabhairt i gcrích (IO L 352, 22.10.2020, lch.4).

    (8)  Rialachán (AE) 2020/1530 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/798, a mhéid a bhaineann le rialacha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid a chur i bhfeidhm laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht (IO L 352, 22.10.2020, lch. 1).

    (9)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


    Top