This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019L0770R(01)
Ceartúchán ar Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019)
Ceartúchán ar Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019)
ST/10664/2019/REV/2
IO L 305, 26.11.2019, p. 63–67
(IT)
IO L 305, 26.11.2019, p. 60–60
(BG, DA, ET, EL, HR, LV, LT, MT, RO, SK)
IO L 305, 26.11.2019, p. 80–82
(HU)
IO L 305, 26.11.2019, p. 62–62
(SV)
IO L 305, 26.11.2019, p. 60–61
(FR, GA, SL)
IO L 305, 26.11.2019, p. 63–64
(PT)
IO L 305, 26.11.2019, p. 62–65
(DE)
IO L 305, 26.11.2019, p. 62–64
(ES)
IO L 305, 26.11.2019, p. 60–67
(NL)
IO L 305, 26.11.2019, p. 60–62
(PL)
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/770/corrigendum/2019-11-26/oj
26.11.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/60 |
Ceartúchán ar Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 136 Eagrán Speisialta Gaeilge an 22 Bealtaine 2019 )
Ar leathanach 6, in aithris 32, sa chéad abairt:
in ionad:
“A bhuí le bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce, lena ndéantar […] na leaganacha modhnaithe díobh a úsáid, a mhodhnú […].”,
léitear:
“A bhuí le bogearraí foinse oscailte agus saor, lena ndéantar […] na leaganacha modhnaithe díobh a rochtain, a úsáid, a mhodhnú […].”.
Ar leathanach 6, in aithris 32, sa dara habairt:
in ionad:
“[…] ag an Treoir seo maidir le bogearraí foinse oscailte, ar choinníoll […]”,
léitear:
“[…] ag an Treoir seo maidir le bogearraí foinse oscailte agus saor, ar choinníoll [..]”.
Ar leathanach 10, in aithris 48, sa séú habairt:
in ionad:
“Is é an dara shampla de […] a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís lena n-aghaidh.”,
léitear:
“Is é an dara sampla de […] a mbainfí úsáid de ghnáth as ábhar digiteach nó seirbhís den chineál céanna lena n-aghaidh.”.
Ar leathanach 13, in aithris 65, sa dara habairt:
in ionad:
“I gcásanna áirithe, tá údar maith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh […] mar shampla i gcás inar mhainnigh an trádálaí […].”,
léitear:
“I gcásanna áirithe, tá údar maith ann gur cheart an tomhaltóir a bheith i dteideal an praghas laghdaithe a bheith acu nó an conradh […] mar shampla i gcás inar theip ar an trádálaí […].”.
Ar leathanach 13, in aithris 65, sa cheathrú habairt:
in ionad:
“Ba cheart go ndéanfaí amhlaidh […] gan cur isteach go suntasach ar an tomhaltóir.”,
léitear:
“Ba cheart go ndéanfaí amhlaidh […] gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.”.
Ar leathanach 18, i bpointe 5(fa) d’Airteagal 3:
in ionad:
“(fa) |
bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte […]”, |
léitear:
“(f) |
bogearraí a thairgfidh an trádálaí faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte […]”. |
Ar leathanach 23, i bpointe (e) d’Airteagal 14(4):
in ionad:
“tá sé dearbhaithe ag an trádálaí […] laistigh d’achar réasúnta nó gan cur as go suntasach don tomhaltóir.”,
léitear:
“tá sé dearbhaithe ag an trádálaí […] laistigh d’achar réasúnta nó gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir.”.