Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018C0807(01)

    Ráiteas: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (an chéad léamh) — Glacadh an gnímh reachtaigh

    ST/10801/2018/ADD/1

    IO C 277I, 7.8.2018, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.8.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    3


    Ráiteas: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (an chéad léamh) — Glacadh an gnímh reachtaigh

    (2018/C 277 I/02)

    Dearbhú ón gCoimisiún le tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an Chláir

    D’fhonn an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun comhsheasmhacht iomlán le tionscnaimh eile de chuid an Aontais a áirithiú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an clár a chur chun feidhme faoi bhainistiú díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais.

    Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre don Chlár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a ullmhú agus a ghlacadh

    I gcomhréir le hAirteagal 188 de Rialachán (CE) Uimh. 1268/2012, is é an Coimisiún atá freagrach as an gclár oibre a ullmhú. Sa chomhthéacs sin, tugann an Coimisiún dá aire nach gá gur liosta iomlán é an liosta tosaíochtaí arna shainaithint sa Rialachán lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal réimse na Cosanta agus dá bhrí sin, nach gcreideann sé go mbeidh sé ina fhasach maidir le teorainneacha na gcumhachtaí cur chun feidhme a dheonófar don Choimisiún.

    Dearbhú ón gCoimisiún i dtaca le saineolaithe a roghnú chun meastóireacht a dhéanamh ar thograí faoin gClár i gcomhthéacs an nós imeachta dámhachtana

    Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na scileanna, an taithí agus an t-eolas is gá ag na saineolaithe a roghnaítear le bheith sa bhunachar saineolaithe neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 15, chun a gcúraim a chomhlíonadh mar is cuí. Féadfaidh an Coimisiún aon fhoinse ábhartha a úsáid lena n-áirítear aon fhaisnéis chun na críche sin a d’fhéadfadh a bheith ag Ballstáit i dtaca leis an méid sin agus an Rialachán Airgeadais á urramú go hiomlán aige.

    Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, an t-aiseolas a fhaightear ó na Ballstáit i ndáil le dintiúir na saineolaithe i mbunachar na saineolaithe neamhspleácha.


    Top