Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R0096

    Rialachán (AE) 2016/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh

    IO L 26, 2.2.2016, p. 13–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/96/oj

    2.2.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    13


    RIALACHÁN (AE) 2016/96 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 20 Eanáir 2016

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú is infheidhme sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear i bhfeidhm i ndlí an Aontais forálacha na scéime um rialú agus um fhorfheidhmiú (“an Scéim”) arna bunú le moladh a ghlac an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) le linn a chruinnithe bhliantúil an 15 Samhain 2006, agus arna leasú ina dhiaidh sin le roinnt moltaí ag na Cruinnithe Bliantúla i Samhain 2007, Samhain 2008, agus Samhain 2009.

    (2)

    Le linn a chruinnithe bhliantúil i Samhain 2012, ghlac NEAFC Moladh 15:2013 lenar leasaíodh Airteagal 13 den scéim maidir le heolas faoi thrasloingsiú agus faoin gcalafort cur i dtír a chur in iúl. Le linn a chéad chruinnithe bhliantúil eile i Samhain 2013, ghlac NEAFC Moladh 9:2014 lenar leasaíodh Airteagal 1, Airteagail 20 go 25, agus Airteagal 28 den scéim, maidir leis na sainmhínithe, le roinnt forálacha a bhfuil feidhm acu maidir le rialú ag stát an chalafoirt ar shoithí iascaireachta eachtracha agus le nósanna imeachta maidir le sárú. Le linn a chruinnithe bhliantúil i Samhain 2014, ghlac NEAFC Moladh 12:2015 lenar leasaíodh Moladh 9:2014 i ndáil le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 23 den scéim maidir le rialú ag stát an chalafoirt ar shoithí iascaireachta eachtracha.

    (3)

    Faoi Airteagal 12 agus Airteagal 15 den Choinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh arna fhormheas le Cinneadh 81/608/CEE ón gComhairle (4), tháinig Moladh 15:2013 i bhfeidhm an 8 Feabhra 2013.

    (4)

    Tháinig Moladh 9:2014, arna leasú le Moladh 12:2015, i bhfeidhm an 1 Iúil 2015. Ós rud é gur tháinig Moladh 9.2014 chun bheith ina cheangal ar na Páirtithe Conarthacha ar an dáta sin, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm forálacha áirithe den Rialachán seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm an Mholta sin.

    (5)

    Is gá na Moltaí sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

    “6.

    ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí iascaireachta’ iascaireacht, lena n-áirítear comhoibríochtaí iascaireachta, oibríochtaí próiseála éisc, trasloingsiú nó cur i dtír acmhainní iascaigh nó táirgí a ndearnadh astu agus aon ghníomhaíocht tráchtála eile a dhéantar mar ullmhúchán d’iascaireacht nó atá bainteach le hiascaireacht, lena n-áirítear, pacáistiú, iompair, athbhreoslú nó athsholáthar;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

    “10.

    ciallaíonn ‘soitheach Páirtí neamhChonarthaigh’ aon soitheach atá páirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta nach bhfuil faoi bhratach Páirtí Chonarthaigh, lena n-áirítear soithí a bhfuil foras réasúnach ann lena cheapadh nach bhfuil aon náisiúntacht acu;”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13:

    “13.

    ciallaíonn ‘calafort’ aon áit ar an gcladach a úsáidtear i gcomhair cur i dtír nó a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar a bhaineann nó a thacaíonn le gníomhaíochtaí iascaireachta, nó áit ar an gcladach nó gar don chladach atá ainmnithe ag Páirtí Conarthach chun acmhainní iascaigh a thrasloingsiú;”;

    (2)

    i bpointe (d) d’Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

    “Gan dochar do Chaibidil IV, déanfaidh an soitheach glactha, 24 huaire an chloig ar a laghad roimh aon chur i dtír, an ghabháil iomlán ar bord, an meáchan iomlán atá le cur i dtír, ainm an chalafoirt agus an dáta agus an t-am a mheastar a chuirfear an ghabháil i dtír a thuairisciú, cibé an bhfuil an calafort sin laistigh nó lasmuigh de limistéar an Choinbhinsiúin.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil IV:

    “RIALÚ AG STÁT AN CHALAFOIRT AR IASC ARNA GHABHÁIL AG SOITHÍ A bhFUIL BRATACH PÁIRTÍ CHONARTHAIGH EILE AR FOLUAIN ACU”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    “Airteagal 22

    Raon feidhme

    Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ná do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (5), beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo maidir le húsáid chalafoirt na mBallstát ag soithí iascaireachta a bhfuil acmhainní iascaigh acu ar bord, arna ngabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu, ar acmhainní iascaigh iad nár cuireadh i dtír nó nár trasloingsíodh roimhe sin ag calafort.

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    “Airteagal 23

    Calafoirt ainmnithe

    Ainmneoidh na Ballstáit na calafoirt ina mbeidh cead acmhainní iascaigh arna ngabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu a chur i dtír nó a thrasloingsiú, nó ina mbeidh cead seirbhísí calafoirt a sholáthar do na soithí sin agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na calafoirt sin. Tabharfaidh an Coimisiún fógra maidir leis na calafoirt sin agus maidir le haon athrú a thiocfaidh ar liosta na gcalafort ainmnithe do Rúnaí NEAFC 15 lá ar a laghad roimh an dáta a dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

    Ní cheadófar cur i dtír ná trasloingsiú iasc arna ghabháil i Limistéar an Choinbhinsiúin ag soithí iascaireachta a bhfuil bratach Páirtí Chonarthaigh eile ar foluain acu, na ní cheadófar seirbhísí calafoirt a sholáthar do na soithí sin, ach amháin i gcalafoirt ainmnithe.”;

    (6)

    leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nuair atá sé ar intinn ag máistir soithigh iascaireachta a bhfuil iasc dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo á iompar aige dul isteach i gcalafort, tabharfaidh máistir an tsoithigh, nó a ionadaí, fógra chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an calafort is mian leis a úsáid, tráth nach déanaí ná trí lá oibre roimh an am a meastar go sroichfear an calafort.

    Féadfaidh Ballstát, áfach, foráil a dhéanamh do thréimhse eile um fhógra, agus an cineál próiseála a dhéantar ar an iasc a gabhadh nó an fad idir na meánna agus calafoirt an Bhallstáit, go háirithe, á gcur san áireamh aige. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún, agus Rúnaí NEAFC ar an eolas faoi gan mhoill.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    “2.   Féadfaidh an duine a thug an réamhfhógra dá dtagraítear i mír 1 é a chealú trí fhógra a thabhairt d’udaráis inniúla an chalafoirt ba mhian leis an máistir a úsáid tráth nach déanaí ná 24 huaire an chloig roimh an am a fógraíodh mar an t-am a measadh go sroichfí an calafort sin.”;

    (7)

    leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

    “Cur i dtír nó trasloingsiú agus úsáid eile an chalafoirt a údarú”;

    (b)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

    “1.   I bhfreagairt ar fhógra arna thabhairt de bhun Airteagal 24, déanfaidh stát brataí an tsoithigh iascaireachta a mbeidh sé beartaithe aige cur i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh, nó stát brataí nó stáit bhrataí na soithí deontóra, i gcás ina raibh an soitheach iascaireachta páirteach in oibríochtaí trasloingsithe lasmuigh d’uiscí an Aontais, déanfaidh siad an méid seo a leanas a dhearbhú, tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh:”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Ní fhéadfar tús a chur le hoibríochtaí cur i dtír ná trasloingsithe go dtí go mbeidh údarú faighte ó údaráis inniúla Bhallstát an chalafoirt tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh go cuí. Ní thabharfar an t-údarú sin ach amháin i gcás ina mbeidh an dearbhú ó stát na brataí dá dtagraítear i mír 1 faighte.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   Ní údarófar cur i dtír, trasloingsiú ná úsáid eile an chalafoirt má fhaigheann Ballstát an chalafoirt fianaise shoiléir gur tógadh an ghabháil éisc atá ar bord de shárú ar na ceanglais is infheidhme ar Pháirtí Conarthach maidir le limistéir faoina dhlínse náisiúnta.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstát an chalafoirt fógra, gan mhoill, do mháistir an tsoithigh nó dá ionadaí agus do stát brataí an tsoithigh maidir lena gcinneadh i dtaca le cur i dtír, trasloingsiú agus úsáid eile an chalafoirt a údarú nó gan iad a údarú, tríd an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 24 a chomhlíonadh de réir mar is iomchuí agus cuirfidh siad Rúnaí NEAFC ar an eolas faoi.”;

    (8)

    leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Déanfaidh gach Ballstát cigireachtaí ar 5 % ar a laghad de chur i dtír agus de thrasloingsiú éisc úir agus ar 7,5 % ar a laghad d’iasc reoite ina gcalafoirt i gcaitheamh gach bliana tuairiscithe, ar bhonn bainistíochta riosca a chuireann san áireamh na treoirlínte ginearálta a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn II.”;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “1a.   Déanfar na cigireachtaí ar bhealach cóir, trédhearcach agus neamhchlaonta agus ní bheidh siad ina gciapadh d’aon soitheach.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Scrúdóidh na cigirí limistéir uile an tsoithigh atá ábhartha d’fhonn comhlíonadh na mbeart ábhartha caomhantais agus bainistíochta a fhíorú. Déanfar na cigireachtaí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III.”;

    (d)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “2a.   Déanfaidh gach Ballstát na hiarrachtaí uile is féidir chun cumarsáid a éascú le máistir an tsoithigh nó le comhaltaí sinsearacha chriú an tsoithigh, lena n-áirítear ateangaire trína áirithiú go mbeidh ateangaire in éineacht leis an gcigire, i gcás inar féidir agus inar gá.”;

    (e)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “3a.   Ní chuirfidh cigirí náisiúnta aon bhac ar chumas an mháistir cumarsáid a dhéanamh le húdaráis stát na brataí.”;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Féadfaidh Ballstát an chalafoirt cuireadh a thabhairt do chigirí de chuid Páirtithe Conarthacha eile dul i dteannta a gcuid cigirí féin agus breathnú ar an gcigireacht.”;

    (9)

    in Airteagal 29(2) cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

    “I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Ballstát a dhéanann an chigireacht torthaí na cigireachta sin in iúl freisin don Pháirtí Conarthach ar tharla an sárú ina uiscí agus don stát a bhfuil máistir an tsoithigh ina náisiúnach de.”;

    (10)

    déantar Iarscríbhnn I den Iarscríbhinn;

    (11)

    cuirtear Iarscríbhinn II nua isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (12)

    cuirtear Iarscríbhinn III nua isteach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag pointe 1 agus pointí 4-12 d’Airteagal 1, áfach, ón 1 Iúil 2015.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Eanáir 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A.G. KOENDERS


    (1)  IO C 332, 8.10.2015, lch. 81.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Eanáir 2016.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).

    (4)  Cinneadh ón gComhairle 81/608/CEE an 13 Iúil 1981 maidir leis an gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh a thabhairt i gcrích (IO L 227, 12.8.1981, lch. 21).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).”;


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010:

    “IARSCRÍBHINN II

    TREOIRLÍNTE GINEARÁLTA MAIDIR LE BAINISTIÚ RIOSCA I NDÁIL LE RIALÚ AG BALLSTÁT AN CHALAFOIRT

    Ciallaíonn ‘bainistiú riosca’ rioscaí a aithint go córasach agus na bearta uile is gá chun tarluithe na rioscaí sin a theorannú a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin gníomhaíochtaí amhail sonraí agus faisnéis a bhailiú, rioscaí a anailísiú agus a mheasúnú, beart a ullmhú agus a dhéanamh, agus faireachán agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bpróiseas agus ar a thorthaí.

    Ar bhonn a mheasúnaithe riosca, sainíonn gach Ballstát a bhfuil calafort ann a straitéis um bainistiú riosca chun comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Ba cheart a chuimsiú sa straitéis sin ionstraimí rialúcháin agus modhanna cigireachta iomchuí agus costéifeachtacha a shainaithint, a thuairisciú agus a shannadh i dtaca leis an gcineál riosca agus i dtaca leis an leibhéal riosca a mheastar a bheith ann, agus sprioc-thagarmharcanna a bhaint amach.

    Leagtar síos critéir um measúnú riosca agus um bainistiú riosca i gcomhair gníomhaíochtaí i ndáil le seiceáil, cigireacht agus fíorú d’fhonn anailísí riosca tráthúla agus measúnuithe ginearálta a dhéanamh ar fhaisnéis i dtaca le rialú agus cigireacht a dhéanamh.

    Tá soithí iascaireachta aonair, grúpaí soithí iascaireachta, oibreoirí, agus/nó gníomhaíocht iascaireachta – ar speicis éagsúla agus in áiteanna éagsúla i Limistéar an Choinbhinsiúin – faoi réir rialú agus cigireachtaí i gcomhréir leis an leibhéal riosca atá sannta dóibh, trí na critéir seo a leanas a úsáid, inter alia, ar toimhdí ginearálta iad ar leibhéal riosca maidir le rialú ag Ballstát an chalafoirt ar chur i dtír agus ar thrasloingsiú sa chalafort:

    (a)

    gabhálacha arna dtógáil ag soitheach Páirtí neamhChonarthaigh;

    (b)

    gabhálacha reoite;

    (c)

    gabhálacha a bhfuil toirt mhór iontu;

    (d)

    gabhálacha ar trasloingsíodh iad cheana ar muir;

    (e)

    gabhálacha arna dtógáil lasmuigh d’uiscí atá faoi dhlínse na bPáirtithe Conarthacha, i.e. sa Limistéar Rialála;

    (f)

    gabhálacha arna dtógáil laistigh agus lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin araon;

    (g)

    gabhálacha speiceas a bhfuil ardluach orthu;

    (h)

    gabhálacha ó acmhainní iascaigh ina bhfuil na deiseanna iascaireachta thar a bheith teoranta;

    (i)

    líon na gcigireachtaí a rinneadh roimhe seo agus líon na sáruithe a braitheadh i ndáil le soitheach agus/nó oibreoir.”.


    IARSCRÍBHINN II

    Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010:

    “IARSCRÍBHINN III

    NÓSANNA IMEACHTA CIGIREACHTA BHALLSTÁT AN CHALAFOIRT

    Déanfaidh na cigirí naisiúnta mar a leanas:

    (a)

    fíoróidh siad go bhfuil doiciméid aitheantais an tsoithigh atá ar bord agus an fhaisnéis i ndáil le húinéir an tsoithigh fíor, iomlán agus ceart, lena n-áirítear trí bhíthin teagmháil iomchuí a dhéanamh leis an stát brataí nó trí bhíthin taifid idirnáisiúnta na soithí más gá;

    (b)

    fíoróidh siad go bhfuil bratach agus marcálacha an tsoithigh (e.g. an t-ainm, an chláruimhir sheachtrach, uimhir aitheantais loinge na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), an comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió agus marcálacha eile, na príomhthoisí) i gcomhréir leis an bhfaisnéis sna doiciméid;

    (c)

    fíoróidh siad go bhfuil na húdaruithe i gcomhair iascaireachta nó gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht fíor, iomlán, ceart agus i gcomhréir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 24;

    (d)

    déanfaidh siad athbhreithniú ar na doiciméid agus ar na taifid eile go léir ar bord atá ábhartha, lena n-áirítear iad sin atá i bhformáid leictreonach agus sonraí an chórais um fhaireachán soithí (VMS) ó stát na brataí nó ó na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh iomchuí. I measc na ndoiciméad ar doiciméid ábhartha iad tá logleabhair, doiciméid maidir leis an ngabháil, an trasloingsiú agus an trádáil, liostaí an chriú, pleananna agus líníochtaí stuála, tuarascálacha ar na stórais éisc, agus na doiciméid a éilítear de bhun an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES);

    (e)

    scrúdóidh siad an trealamh iascaireachta uile ar bord atá ábhartha, lena n-áirítear aon trealamh atá stuáilte as radharc chomh maith le gairis a bhaineann leis an iascaireacht, agus fíoróidh siad go bhfuil siad i gcomhréir le coinníollacha na n-údaruithe. Scrúdófar an trealamh iascaireachta freisin d’fhonn a áirithiú go bhfuil gnéithe amhail méid an mhogaill agus tiús an tsreangáin, na gairis agus na ceangaltáin, toisí agus cumraíocht na n-eangach, na potaí, na dreidirí, méid agus líon na nduán, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme agus go bhfuil na marcálacha ar aon dul leis na marcálacha atá údaraithe don soitheach;

    (f)

    cinnfidh siad ar gabhadh an t-iasc ar bord i gcomhréir leis na húdaruithe is infheidhme;

    (g)

    déanfaidh siad faireachán ar an díluchtú iomlán nó ar an trasloingsiú iomlán agus déanfaidh siad cros-seiceáil idir na cainníochtaí de réir speicis a taifeadadh sa réamhfhógra um chur i dtír agus na cainníochtaí de réir speicis a cuireadh i dtír nó a trasloingsíodh;

    (h)

    scrúdóidh siad an t-iasc, lena n-áirítear trína sampláil, d’fhonn cainníocht agus comhdhéanamh na n-iasc a chinneadh. Chun na críche sin, féadfaidh na cigirí na coimeádáin ina ndearnadh an t-iasc a réamhphacáil a oscailt agus an ghabháil nó na coimeádáin a bhogadh d’fhonn sláine na stórais éisc a chinntiú. Féadfar cigireachtaí a dhéanamh ar an gcineál táirge agus ar chinneadh an mheáchain ainmniúil mar chuid den scrúdú sin;

    (i)

    nuair a bheidh an cur i dtír nó an trasloingsiú curtha i gcrích, fíoróidh agus nótálfaidh siad na cainníochtaí de réir speicis a bheidh fágtha ar bord;

    (j)

    déanfaidh siad a mheas an bhfuil fianaise shoiléir ann lena chreidiúint go raibh soitheach páirteach in iascaireacht NNN nó i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascaireacht a bhí mar thaca le hiascaireacht den sórt sin;

    (k)

    cuirfidh siad an tuarascáil ar fáil do mháistir an tsoithigh agus beidh inti toradh na cigireachta, lena n-áirítear bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh, agus síneoidh an cigire agus an máistir í. Ní bheidh i síniú an mháistir ach admháil go bhfuair sé cóip den tuarascáil. Tabharfar an deis don mháistir nótaí tráchta nó agóid ina haghaidh a chur leis an tuarascáil agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar an deis dó dul i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha stát na brataí, go háirithe má bhíonn fíordheacrachtaí aige ábhar na tuarascála a thuiscint. Cuirfear cóip den tuarascáil ar fáil don mháistir; agus

    (l)

    socróidh siad go ndéanfar aistriúchán ar na doiciméid ábhartha i gcás inar gá agus inar féidir.”.


    Top