Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0256

    Rialachán (AE) Uimh. 256/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle

    IO L 84, 20.3.2014, p. 61–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 03/11/2018; Arna aisghairm le 32018R1504

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/256/oj

    20.3.2014   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    61


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 256/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Feabhra 2014

    maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach agus a chuirtear in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá léargas foriomlán ar fhorbairt na hinfheistíochta i mbonneagar fuinnimh an Aontais fíorthábhachtach d’fhorbairt bheartas fuinnimh an Aontais, agus fíorthábhachtach don Choimisiún chun a chúramaí i réimse an fhuinnimh a chur i gcrích. A bhuí le hinfhaighteacht rialta shonraí cothrom le dáta, ba cheart a chur ar chumas an Choimisiúin na comparáidí agus na meastóireachtaí is gá a dhéanamh agus bearta ábhartha a mholadh atá bunaithe ar na figiúirí agus ar na hanailísí iomchuí, go háirithe maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh i gcúrsaí fuinnimh amach anseo.

    (2)

    Tá athrú suntasach tagtha ar chúrsaí fuinnimh laistigh agus lasmuigh den Aontas le blianta beaga anuas, agus dá thoradh sin is saincheist fhíorthábhachtach í an infheistíocht i mbonneagar fuinnimh d’fhonn soláthar fuinnimh san Aontas a chinntiú, ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go ndéanfar an t-aistriú i dtreo córais fuinnimh ísealcharbóin a bhfuil an tAontas tosnaithe air cheana féin.

    (3)

    Mar gheall ar an gcomhthéacs nua fuinnimh, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach i ngach cineál bonneagair, i ngach earnáil fuinnimh chomh maith le forbairt ar chineálacha nua bonneagair agus teicneolaíochtaí nua a nglacfar leo sa mhargadh. Mar gheall ar léirscaoileadh na hearnála fuinnimh agus ar comhtháthú breise an mhargaidh inmheánaigh, tá ról níos suntasaí ag oibreoirí eacnamaíochta i ndáil le hinfheistíocht a dhéanamh. Ag an am céanna, mar gheall ar cheanglais nua beartais, amhail spriocanna a dhéanann difear don mheascán breosla, athrófar beartais na mBallstát i bhfabhar bonneagair fuinnimh nua agus/nó nuachóirithe.

    (4)

    Sa chomhthéacs seo, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar infheistíocht i mbonneagar fuinnimh an Aontais, go háirithe chun bheith in oirchill fadhbanna, dea-chleachtas a chur chun cinn agus níos mó trédhearcachta a bhunú i dtaca le forbairt an chórais fuinnimh amach anseo san Aontas.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh sonraí cruinne agus faisnéis chruinn a bheith ar fáil acu faoi thionscadail infheistíochta, lena n-áirítear díchoimisiúnú sna comhchodanna is suntasaí de chóras fuinnimh an Aontais.

    (6)

    I dtaca le hinfheistíocht an Aontais amach anseo, tá tábhacht ag sonraí agus faisnéis faoi fhorbairtí intuartha ar acmhainn táirgthe tarchuir agus stórála faoi thionscadail sna hearnálacha fuinnimh éagsúla don Aontas. Dá bhrí sin is gá a áirithiú go dtabharfar fógra don Choimisiún i dtaobh tionscadail infheistíochta a bhfuil tús curtha le hobair tógála nó le hobair díchoimisiúnaithe nó a bhfuil cinneadh deiridh infheistíochta déanta ina leith.

    (7)

    De bhun Airteagal 41 agus Airteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), tá d’oibleagáid ar ghnóthais fógra a thabhairt faoina dtionscadail infheistíochta. Ní foláir tuairisciú tráthrialta ar chur chun feidhme na dtionscadal infheistíochta a bheith ag gabháil mar fhorlíonadh le faisnéis den sórt sin. Beidh an tuairisciú breise sin gan dochar d’Airteagail 41 go 44 de Chonradh Euratom. Mar sin féin, ba cheart forchur ualaigh dhúbailte ar ghnóthais a sheachaint i gcás inar féidir.

    (8)

    Ionas go mbeidh dearcadh comhsheasmhach ag an gCoimisiún faoi fhorbairtí amach anseo ar chóras fuinnimh an AE ina iomláine, ní foláir creat tuairiscithe comhchuibhithe le haghaidh tionscadal infheistíochta a bheith ann agus é bunaithe ar chatagóirí nuashonraithe maidir le sonraí oifigiúla agus faisnéis oifigiúil a bheidh le tarchur ag na Ballstáit.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit, chun na críche seo, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí agus faoi fhaisnéis i ndáil le tionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh, bíodh siad sin beartaithe nó i mbun tógála ina gcríoch, ar tionscadail iad a bhaineann le táirgeadh, stóráil agus iompar ola, gáis nádúrtha, leictreachais, lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, leictreachas ó ghual agus lignít, agus comhghiniúint leictreachais agus teasa úsáidigh; táirgeadh bithbhreoslaí; gabháil, iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin. Ba cheart do na Ballstáit fógra chomh maith a thabhairt don Choimisiún maidir le sonraí agus faisnéis i dtaca le tionscadail infheistíochta in idirnaisc leictreachais agus idirnaisc gáis le tríú tíortha. Ba cheart é bheith d’oibleagáid ar na gnóthais lena mbaineann fógra maidir le sonraí agus faisnéis den sórt sin a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann.

    (10)

    I bhfianaise an amscála a ghabhann le tionscadail infheistíochta in earnáil an fhuinnimh, ba cheart gur leor tuairisciú a dhéanamh gach re bliain.

    (11)

    D’fhonn ualaigh riaracháin dhíréireacha a sheachaint agus d’fhonn na costais ar Bhallstáit agus ar ghnóthais a íoslaghdú, go háirithe i gcás fiontar beag agus meánmhéide, ba cheart go gceadófaí leis an Rialachán seo Ballstáit agus gnóthais a dhíolmhú ó oibleagáidí tuairiscithe, ar choinníoll go ndearnadh cheana faisnéis choibhéiseach agus inchomparáide a sholáthar don Choimisiún de bhun gníomhartha dlíthiúla an Aontais a bhaineann go sonrach le hearnáil an fhuinnimh agus a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí mhargaí iomaíocha fuinnimh an Aontais a bhaint amach, eadhon inbhuanaitheacht chóras fuinnimh an Aontais agus cinnteacht an tsoláthair fuinnimh chuig an Aontas. Ba cheart go seachnófaí, dá bhrí sin, aon dúbailt ar cheanglais tuairiscithe a shonraítear sa tríú pacáiste maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha. Chun an t-ualach tuairiscithe a éascú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit d’fhonn na cásanna a shoiléiriú ina measfaidh sé ceanglais an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag na sonraí nó an fhaisnéis a cuireadh in iúl cheana dó faoi ghníomhartha dlíthiúla eile.

    (12)

    Ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh, a bheith in ann na bearta iomchuí go léir a ghlacadh chun sonraí a phróiseáil, agus chun an fógra faoi shonraí a shimpliú agus a áirithiú chomh maith, go háirithe uirlisí agus nósanna imeachta comhtháite TF a oibriú, ar bearta iad ar cheart go ráthófaí leo rúndacht na sonraí nó an fhaisnéis a cuireadh in iúl don Choimisiún.

    (13)

    Tá cosaint daoine aonair i ndáil le Ballstáit bheith ag próiseáil sonraí pearsanta faoi rialú ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus tá cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoi rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ní dhéanann an Rialachán seo athrú ar bith ar na forálacha sin.

    (14)

    Ba cheart do na Ballstáit, nó a gcuid eintiteas tarmligthe, agus don Choimisiúin rúndacht sonraí agus faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit nó a gcuid eintiteas tarmligthe, cé is moite de shonraí agus faisnéis a bhaineann le tionscadail trasteorann, comhiomlánú a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis sin ar an leibhéal náisiúnta sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad. Dá mbeadh gá leis, ba cheart don Choimisiún comhiomlánú breise a dhéanamh ar na sonraí seo ar bhealach nach bhféadfaí aon mhionsonraí maidir le gnóthais ar leith ná suiteálacha ar leith a nochtadh ná a bhaint mar thátal astu.

    (15)

    Ba cheart don Choimisiún, agus go háirithe ba cheart dá Fhaireachlann Margaidh don Fhuinneamh, anailís a sholáthar go rialta agus go tras-earnálach ar fhorás struchtúrach agus ar pheirspictíochtaí chóras fuinnimh an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, anailís níos dírithe a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den chóras fuinnimh sin. Ba cheart don anailís sin rannchuidiú go háirithe le slándáil fuinnimh a fheabhsú trí na bearnaí féideartha sa bhonneagar agus san infheistíocht a aithint d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar agus éileamh i gcúrsaí fuinnimh. Ba cheart don anailís bheith ina hábhar caibidle i bplé ar leibhéal an Aontais faoi bhonneagair fuinnimh agus ba cheart dá bhrí sin í a sheoladh ar aghaidh go Parlaimint na hEorpa, go dtí an Chomhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus í a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara.

    (16)

    Beidh fiontair bheaga agus mheánmhéide ábalta tairbhiú, i gcomhthéacs a bpleanála infheistíochta, ó anailís trasearnála an Choimisiúin agus ó na sonraí agus ón bhfaisnéis arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo.

    (17)

    Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe ó na Ballstáit nó ó aon saineolaithe inniúla eile; d’fhonn tuiscint choiteann ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa bhonneagar agus ar na rioscaí gaolmhara a fhorbairt agus chun trédhearcacht i ndáil le forbairtí amach anseo a rachaidh chun leasa go háirithe d’iontrálaithe nua sa mhargadh a chothú.

    (18)

    Ba cheart don Rialachán seo teacht in ionad Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle (5), a cuireadh ar ceal ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 6 Meán Fómhair 2012 (6) agus a raibh a éifeachtaí le cothabháil go dtí go dtiocfadh rialachán nua i bhfeidhm. Dá bhrí sin, le teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh éifeacht le neamhniú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 mar a rialaigh an Chúirt. Ina theannta sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle (7), a aisghaireadh leis an Rialachán a cuireadh ar neamhní (AE, Euratom) Uimh. 617/2010, a aisghairm leis an Rialachán seo.

    (19)

    Leagtar amach foirm agus sonraí teicniúla maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí agus faoi fhaisnéis i ndáil le tionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 (8). Ba cheart go leanfadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 de bheith infheidhme go dtí go ndéanfar é a leasú, rud a dhéanfar i ndiaidh ghlacadh an Rialacháin seo.

    (20)

    Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit ach gur féidir, de bharr a scála agus a n-éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar atá riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Bunaíonn an Rialachán seo creat coiteann chun fógra a thabhairt don Choimisiún i leith sonraí agus faisnéise i dtaobh tionscadail infheistíochta i mbonneagar fuinnimh sna hearnálacha ola, gáis nádúrtha, leictreachais – lena n-áirítear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, leictreachas ó ghual agus lignít, agus comhghiniúint leictreachais agus teasa úsáidigh – chomh maith le tionscadail infheistíochta a bhaineann le táirgeadh bithbhreosla agus gabháil, iompar agus stóráil dé-ocsaíde carbóin a tháirgeann na hearnálacha sin.

    2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha atá liostaithe san Iarscríbhinn ar a bhfuil obair thógála nó dhíchoimisiúnaithe tosaithe nó a ndearnadh cinneadh infheistíochta deiridh ina leith.

    Anuas air sin féadfaidh na Ballstáit aon sonraí measta nó réamhfhaisnéis a chur isteach maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha a liostaítear san Iarscríbhinn ar a bhfuil sé beartaithe tús a chur le hobair thógála laistigh de chúig bliana agus i dtaca leis na tionscadail infheistíochta atá le díchoimisiúnú laistigh de thrí bliana, ach nach ndearnadh cinneadh infheistíochta deiridh ina leith.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “bonneagar” aon chineál suiteálacha nó aon chuid de shuiteáil a bhaineann le táirgeadh, tarchur agus stóráil, lena n-áirítear idirnaisc idir an tAontas agus tríú tíortha;

    (2)

    ciallaíonn “tionscadail infheistíochta” tionscadail chun:

    (i)

    bonneagar nua a thógáil;

    (ii)

    acmhainn an bhonneagair atá ann cheana a chlaochlú, a nuachóiriú, a mhéadú nó a laghdú;

    (iii)

    an bonneagar atá ann cheana a dhíchoimisiúnú go páirteach nó go hiomlán;

    (3)

    ciallaíonn “cinneadh infheistíochta deiridh” an cinneadh arna dhéanamh ar leibhéal gnóthais chun cistí a chur ar leataobh go cinntitheach do chéim infheistíochta tionscadail;

    (4)

    ciallaíonn “céim infheistíochta” an chéim ina dtarlaíonn tógáil nó díchoimisiúnú agus ina dtabhaítear costais chaipitiúla; ní áirítear ann céim na pleanála;

    (5)

    ciallaíonn “céim pleanála” an chéim sin ina n-ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla, ceadúnais agus údaruithe a fháil agus costais chaipitiúla a thabhú;

    (6)

    ciallaíonn “tionscadail infheistíochta atá á dtógáil” tionscadail infheistíochta a bhfuil an tógáil tosaithe orthu agus a bhfuil costais chaipitiúla tabhaithe ina leith;

    (7)

    ciallaíonn “díchoimisiúnú” an chéim ina dtógtar an bonneagar as feidhm go buan;

    (8)

    ciallaíonn “táirgeadh” leictreachas a ghiniúint agus breoslaí a phróiseáil, lena n-áirítear bithbhreoslaí;

    (9)

    ciallaíonn “tarchur” iompar foinsí nó táirgí fuinnimh nó dé-ocsaíde carbóin trí líonra, go háirithe:

    (i)

    trí phíblínte, seachas líonraí píblínte réamhtheachtacha agus seachas an chuid sin de phíblínte a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil; nó

    (ii)

    trí chórais idirnasctha ar bhreis ardvoltais agus ar ardvoltas, seachas na córais a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil;

    (10)

    ciallaíonn “gabháil” an próiseas lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha le haghaidh stórála;

    (11)

    ciallaíonn “stóráil” stocáil fuinnimh nó foinsí fuinnimh ar bhonn buan nó sealadach i suíomhanna bonneagair nó geolaíocha atá os cionn na talún nó faoi thalamh, nó dé-oscsaíd charbóin a choimeád i bhfoirmíochtaí geolaíocha faoi thalamh;

    (12)

    ciallaíonn “gnóthas” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, cibé acu príobháideach nó poiblí, a dhéanann cinneadh ar thionscadail infheistíochta nó a chuireann tionscadail infheistíochta chun feidhme;

    (13)

    ciallaíonn “foinsí fuinnimh”:

    (i)

    príomhfhoinsí fuinnimh, amhail ola, gás nádúrtha nó gual;

    (ii)

    foinsí claochlaithe fuinnimh, amhail leictreachas;

    (iii)

    foinsí fuinnimh in-athnuaite lena n-áirítear hidrealeictreachas, bithmhais, bithghás, fuinneamh gaoithe, gréine, taoidmhear, tonnta agus geoiteirmeach; agus

    (iv)

    táirgí fuinnimh, amhail táirgí ola scagtha agus bithbhreoslaí;

    (14)

    ciallaíonn “comhlacht sonrach” comhlacht a bhfuil cúram air, faoi aon ghníomh dlíthiúil de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach leis an earnáil fuinnimh, pleananna ilbhliantúla ar fud an Aontais um fhorbairt agus um infheistíocht i líonraí a ullmhú agus a ghlacadh i ndáil leis an mbonneagar fuinnimh, amhail an líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha leictreachais (“ENTSO-E”) dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) amhail an líonra Eorpach um oibreoirí córais tarchurtha gáis (“ENTSO-G”) dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (15)

    ciallaíonn “sonraí comhiomlánaithe” sonraí arna gcomhiomlánú ar leibhéal Ballstáit amháin nó níos mó.

    Airteagal 3

    Fógra a thabhairt faoi shonraí

    1.   Agus an t-ualach a ghabhann le bailiú agus tuairisciú á choimeád ar leibhéal comhréireach, déanfaidh na Ballstáit, nó na heintitis a dtarmligeann siad an cúram sin chucu, na sonraí agus an fhaisnéis go léir a cheanglaítear faoin Rialachán seo a thiomsú ón 1 Eanáir 2015 agus gach dhá bliain ina dhiaidh sin.

    Tabharfaidh siad fógra faoi na sonraí agus faoin bhfaisnéis is ábhartha don tionscadal atá sonraithe sa Rialachán seo don Choimisiún sa bhliain 2015, arb í an chéad bhliain tuairiscithe í, agus gach dara bliain ina dhiaidh sin. Tabharfar an fógra sin i bhfoirm chomhiomlánaithe, cé is moite de shonraí agus faisnéis ábhartha a bhaineann le tionscadail tarchurtha trasteorann.

    Tabharfaidh na Ballstáit nó na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu fógra faoi na sonraí comhiomlánaithe agus faoin bhfaisnéis is ábhartha don tionscadal faoin 31 Iúil sa bhliain tuairiscithe lena mbaineann.

    2.   Tá na Ballstáit nó a n-eintitis tarmligthe díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, ar chuntar, agus sa mhéid is, de bhun ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann go sonrach leis an earnáil fuinnimh nó de bhun Chonradh Euratom:

    (a)

    go mbeidh fógra faoi na sonraí nó faoin bhfaisnéis atá comhionann le ceanglais an Rialacháin seo tugtha don Choimisiún cheana féin ag an mBallstát lena mbaineann nó ag an eintiteas a dtarmligeann sé an cúram chuige agus go mbeidh dáta an fhógra agus an gníomh sonrach dlíthiúil lena mbaineann tugtha le fios aige; nó

    (b)

    go mbeidh cúram ullmhúchán an phlean infheistíochta ilbhliantúil i mbonneagar fuinnimh ar leibhéal an Aontais curtha ar chomhlacht sonrach agus go ndéanfaidh an comhlacht sin na sonraí agus an fhaisnéis atá comhionann le ceanglais an Rialacháin seo a thiomsú chun na gcríoch sin. Sa chás sin agus chun críocha an Rialacháin seo, tabharfaidh an comhlacht sonrach sin fógra faoi na sonraí agus faoin bhfaisnéis ábhartha ar fad don Choimisiún.

    Airteagal 4

    Foinsí sonraí

    Tabharfaidh na gnóthais lena mbaineann, roimh an 1 Meitheamh i ngach bliain tuairiscithe, fógra faoi na sonraí nó faoin bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 do na Ballstáit, nó dá n-eintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu, is é sin, na Ballstáit nó na heintitis a mbeartaíonn siad na tionscadail infheistíochta a dhéanamh ina gcríoch. Léireofar sna sonraí nó san fhaisnéis faoina dtabharfar fógra staid na dtionscadal infheistíochta amhail ar an 31 Márta sa bhliain ábhartha tuairiscithe.

    Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás gnóthais a ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh ina leith úsáid a bhaint as meáin eile chun sonraí nó faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3 a sholáthar don Choimisiún, ar choinníoll go mbeidh na sonraí nó an fhaisnéis a sholáthrófar inchomparáideach.

    Airteagal 5

    Inneachar an fhógra

    1.   Maidir le tionscadail infheistíochta de na cineálacha atá liostaithe san Iarscríbhinn, tabharfaidh an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3 an méid seo a leanas le fios, i gcás inarb iomchuí:

    (a)

    toilleadh na hacmhainne atá pleanáilte nó á tógáil;

    (b)

    cineál agus príomhthréithe an bhonneagair nó na n-acmhainní atá pleanáilte nó á dtógáil, lena n-áirítear ionad tionscadal tarchurtha trasteorann, más infheidhme;

    (c)

    an bhliain is dóchúil ina mbeidh an coimisiúnú;

    (d)

    cineál na bhfoinsí fuinnimh a úsáidtear;

    (e)

    na suiteálacha lenar féidir freagairt do ghéarchéimeanna a bhaineann le slándáil an tsoláthair, amhail trealamh lenar féidir sreabha cúltreo nó malartú breosla a dhéanamh; agus

    (f)

    suiteáil córas gabhála carbóin nó sásraí iarfheistithe chun carbón a ghabháil agus a stóráil.

    2.   Maidir le haon díchoimisiúnú beartaithe ar acmhainní, tabharfaidh an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 3 na nithe seo a leanas le fios:

    (a)

    cineál agus acmhainn an bhonneagair lena mbaineann; agus

    (b)

    an bhliain is dóchúil ina mbeidh an díchoimisiúnú.

    3.   Áireofar in aon fhógra faoi Airteagal 3, i gcás inarb iomchuí:

    (a)

    méid iomlán na n-acmhainní táirgthe, tarchurtha agus stórála suiteáilte atá ann ag tús na bliana tuairiscithe lena mbaineann nó a mbristear isteach ar a n-oibriú ar feadh tréimhse is faide ná trí bliana; agus

    (b)

    faisnéis ábhartha maidir le moill agus/nó constaicí le cur i bhfeidhm tionscadail infheistíochta, i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ag na Ballstáit, ag a n-aonáin tharmligthe nó ag an gcomhlacht sonrach lena mbaineann.

    Airteagal 6

    Caighdeán agus poiblíocht na sonraí

    1.   Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit, na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu nó, más iomchuí, na comhlachtaí sonracha cáilíocht, ábharthacht, cruinneas, soiléire, tráthúlacht agus comhleanúnachas na sonraí agus na faisnéise a dtugann siad fógra don Choimisiúin ina leith a áirithiú.

    Nuair a dhéanann comhlachtaí sonracha fógra a thabhairt, féadfaidh nótaí tráchta iomchuí ó na Ballstáit a bheith ag gabháil leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a dtugtar fógra ina leith.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis atá comhiomlánaithe a chuirfear ar aghaidh de bhun an Rialacháin seo a fhoilsiú, in anailísí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) go háirithe, ar choinníoll nach ndéanfar aon mhionsonraí maidir le gnóthais ar leithligh a nochtadh nó nach féidir aon mhionsonraí den sórt sin a bhaint mar thátal as an bhfoilsiú sin.

    3.   Caomhnóidh na Ballstáit, na heintitis a dtarmligeann siad an cúram chucu, nó an Coimisiún araon rúndacht sonraí nó faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de agus atá ina seilbh acu a chaomhnú.

    Airteagal 7

    Forálacha cur chun feidhme

    Faoi na teorainneacha atá leagtha síos ag an Rialachán seo, faoin 10 Meitheamh 2014, glacfaidh an Coimisiún na forálacha is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, i ndáil le foirm agus sonraí teicniúla eile fhógra na sonraí agus na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 5. Go dtí sin, beidh feidhm fós ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010.

    Airteagal 8

    Próiseáil sonraí

    Beidh an Coimisiún freagrach as forbairt, óstáil, bainistiú agus cothabháil na n-acmhainní TF atá riachtanach chun aon phróiseáil ar na sonraí nó ar an bhfaisnéis faoi bhonneagar fuinnimh, a dtugtar fógra ina leith don Choimisiún de bhun an Rialacháin seo, a fháil, a stóráil agus a chur i gcrích.

    Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go ráthóidh na hacmhainní TF dá dtagraítear sa chéad mhír rúndacht na sonraí nó na faisnéise a thugtar i bhfógra dó de bhun an Rialacháin seo.

    Airteagal 9

    Cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí

    Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais, agus go háirithe, ní dhéantar athrú leis ar oibleagáidí na mBallstát maidir le próiseáil sonraí pearsanta, mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE, ná ní dhéantar athrú leis ar na hoibleagáidí atá ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

    Airteagal 10

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Ar bhonn na sonraí agus na faisnéise a chuirfear ar aghaidh agus, más iomchuí, ar bhonn aon fhoinsí sonraí eile lena n-áirítear sonraí arna gceannach ag an gCoimisiún, agus anailísí ábhartha curtha san áireamh amhail na pleananna ilbhliantúla um fhorbairt i líonraí gáis agus leictreachais, cuirfidh an Coimisiún anailís trasearnála ar éabhlóid struchtúrach agus ar pheirspictíochtaí chóras fuinnimh an Aontais ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus foilseoidh an Coimisiún an anailís sin gach dara bliain. Beidh sé d’aidhm ag an anailís sin go háirithe:

    (a)

    bearnaí ionchasacha a shainaithint amach anseo idir éileamh agus soláthar fuinnimh a bhfuil tábhacht ag baint leo i gcás beartais fuinnimh an Aontais, lena n-áirítear i gcás fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, le béim ar easnaimh ionchasacha amach anseo agus fabhtanna sa bhonneagar táirgthe agus tarchurtha;

    (b)

    constaicí infheistíochta a shainaithint agus dea-chleachtais a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt orthu; agus

    (c)

    trédhearcacht a mhéadú ar mhaithe le rannpháirtithe sa mhargadh agus iontrálaithe ionchasacha sa mhargadh.

    Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún aon anailís shonrach, a mheasfar is gá nó is iomchuí, a sholáthar ar bhonn na sonraí agus na faisnéise seo.

    2.   Agus na hanailísí dá dtagraítear i mír 1 á n-ullmhú, féadfaidh saineolaithe ó na Ballstáit agus/nó aon saineolaithe eile, comhlachais ghairmiúla a bhfuil inniúlacht shonrach acu sa réimse lena mbaineann a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún.

    Tabharfaidh an Coimisiún deis do na Ballstáit ar fad ráiteas a thabhairt faoi na dréachtanailísí.

    3.   Pléifidh an Coimisiún na hanailísí leis an páirtithe leasmhara, amhail ENTSO-E, ENTSO-G, an Grúpa Comhordaithe Gáis agus an Grúpa Soláthair Ola, an Grúpa Comhordaithe Leictreachais agus an Grúpa Comhordaithe Ola.

    Airteagal 11

    Athbhreithniú

    Faoin 31 Nollaig 2016, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, agus tíolacfaidh sé torthaí an athbhreithnithe sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. San athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún scrúdú, inter alia:

    (a)

    ar shíneadh féideartha a chur le raon feidhme an Rialacháin seo chun na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (i)

    eastóscadh gáis, ola agus guail;

    (ii)

    críochfoirt le haghaidh gáis nádúrtha chomhbhrúite;

    (iii)

    cineálacha breise stórála leictreachais; agus

    (b)

    an cheist maidir le cibé acu ba cheart nó nár cheart tairseacha do shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite a ísliú.

    I scrúdú na roghanna seo, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas an gá atá le cothromaíocht a áirithiú idir an t-ualach riaracháin méadaithe agus na buntáistí an fhaisnéis bhreise a fháil.

    Airteagal 12

    Aisghairm

    Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón 9 Aibreán 2014.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Feabhra 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    D. KOURKOULAS


    (1)  IO C 271, 19.9.2013, lch. 153.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2014.

    (3)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281 an 23.11.1995, lch. 31).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 617/2010 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2010 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 7).

    (6)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2012 i gCás C-490/10, an Pharlaimint v an Chomhairle (2012 ECR I-0000)).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 736/96 ón gComhairle an 22 Aibreán 1996 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi thionscadail infheistíochta ar spéis leis an gComhphobal sna hearnálacha peitriliam, gáis nádúrtha agus leictreachais (IO L 102, 25.4.1996, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2010 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2010, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 617/2010 ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Choimisiúin faoi thionscadail infheistíochta sa bhonneagar fuinnimh laistigh den Aontas Eorpach (IO L 248, 22.9.2010, lch. 36).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15).

    (10)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).


    IARSCRÍBHINN

    TIONSCADAIL INFHEISTÍOCHTA

    1.   OLA

    1.1.   Scagadh

    gléasraí driogtha ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 1 mhilliún tona in aghaidh na bliana,

    síneadh ar an toilleadh driogtha thar 1 mhilliún tona in aghaidh na bliana,

    gléasraí “athfhoirmithe/scoilte” ag a bhfuil toilleadh íosta de 500 tona in aghaidh an lae,

    gléasraí díshulfaraithe le haghaidh ola breosla iarmhartaí/ola gáis/bunábhair/táirgí eile peitriliam,

    Ní chuirtear san áireamh gléasraí ceimiceacha nach dtáirgeann ola bhreosla agus/nó breoslaí mótair, nó gur mar sheachtháirgí amháin a tháirgeann siad iad.

    1.2.   Iompar

    píblínte amhola ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 3 mhilliún tona méadrach in aghaidh na bliana, agus leathnú nó fadú ar na píblínte sin, nach lú a bhfad ná 30 ciliméadar,

    píblínte táirgí peitriliam ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 1,5 milliún tona in aghaidh na bliana, agus leathnú nó fadú ar na píblínte sin, nach lú a bhfad ná 30 ciliméadar,

    píblínte ar naisc fhíor-riachtanacha iad sna líonraí idirnasctha náisiúnta nó idirnáisiúnta agus píblínte agus tionscadail comhleasa arna sainaithint sna treoirlínte arna dtabhairt isteach faoi Airteagal 171 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

    Ní chuirtear san áireamh píblínte a úsáidtear chun críoch míleata ná na píblínte sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí nach dtagann faoi réim raon feidhme phointe 1.1.

    1.3.   Stóráil

    suiteálacha stórála d’amhola agus do tháirgí peitriliam (suiteálacha ag a bhfuil toilleadh 150 000 m 3 nó níos mó nó, i gcás umar, ag a bhfuil toilleadh nach lú ná 100 000 m 3),

    Ní chuirtear san áireamh umair atá beartaithe chun críoch míleata ná na humair sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí nach dtagann faoi réim raon feidhme phointe 1.1.

    2.   GÁS

    2.1.   Tarchur

    gás, lena n-áirítear gás nádúrtha agus bithghás, píblínte iompair atá mar chuid de líonra ina bhfuil píblínte ardbhrú den chuid is mó, seachas na píblínte atá mar chuid de líonra píblínte réamhtheachtacha agus seachas an chuid sin de phíblínte ardbhrú a úsáidtear go príomha mar chuid de dháileadh áitiúil gáis nádúrtha,

    “píblínte agus tionscadail leasa choitinn” arna sainaithint sna treoirlínte a bunaíodh faoi Airteagal 171 CFAE.

    2.2.   Críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)

    críochfoirt chun GNL a allmhairiú, ag a bhfuil toilleadh athghásaithe 1 bhilliún m3 in aghaidh na bliana nó níos mó.

    2.3.   Stóráil

    suiteálacha stórála atá nasctha leis na píblínte iompair dá dtagraítear i bpointe 2.1.

    Ní chuirtear san áireamh píblínte gáis, críochfoirt agus suiteálacha a úsáidtear chun críoch míleata ná na píblínte gáis, na críochfoirt agus na suiteálacha sin trína dtugtar soláthairtí do ghléasraí ceimiceacha nach dtáirgeann táirgí fuinnimh, nó nach dtáirgeann iad ach mar sheachtháirgí.

    3.   LEICTREACHAS

    3.1.   Táirgeadh

    stáisiúin chumhachta teirmí agus núicléiche (gineadóirí ag a bhfuil acmhainn 100 MW nó níos mó);

    suiteálacha giniúna cumhachta bithmhaise/bithleachta/dramhaíola (gineadóirí ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó),

    stáisiúin chumhachta a chomhghineann leictreachas agus teas inúsáidte (suiteálacha ag a bhfuil acmhainn leictreach 20 MW nó níos mó),

    stáisiúin chumhachta hidrileictrí (suiteálacha ag a bhfuil acmhainn 30 MW nó níos mó),

    feirmeacha cumhachta gaoithe ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó,

    suiteálacha teirmeacha agus geoiteirmeacha gréine comhchruinnithe (ag a bhfuil acmhainn 20 MW nó níos mó),

    suiteálacha fótavoltacha (ag a bhfuil acmhainn 10 MW nó níos mó).

    3.2.   Tarchur

    línte tarchurtha lasnairde, má ceapadh iad le haghaidh voltais a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal náisiúnta do na línte idirnaisc, agus ar choinníoll gur ceapadh iad le haghaidh voltais 220 kV nó níos mó,

    cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus fomhuirí, má ceapadh iad le haghaidh voltais 150 kV nó níos mó,

    tionscadail leasa choitinn arna sainaithint sna treoirlínte a bunaíodh faoi Airteagal 171 CFAE

    4.   BITHBHREOSLA

    4.1.   Táirgeadh

    Suiteálacha lenar féidir bithbhreoslaí a tháirgeadh nó a scagadh (suiteálacha ag a bhfuil toilleadh 50 000 tona in aghaidh na bliana nó níos mó).

    5.   DÉ-OCSAÍD CHARBÓIN

    5.1.   Iompar

    píblínte CO2 a bhaineann le suiteálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe 1.1 agus i bpointe 3.1.

    5.2.   Stóráil

    suiteálacha stórála (suíomh nó mórláthair stórála ag a bhfuil toilleadh 100 kt nó níos mó),

    Ní chuirtear san áireamh suiteálacha stórála a bheartaítear le haghaidh taighde agus forbartha teicneolaíochta.


    Top