EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0423

Rialachán (AE) Uimh. 423/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le hionstraimí um chomhroinnt riosca i gcomhair Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu, i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

IO L 133, 23.5.2012, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1303

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/423/oj

23.5.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 423/2012 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe i dtaca le hionstraimí um chomhroinnt riosca i gcomhair Ballstát a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu, i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus i ngeall ar an gcor chun donais eacnamaíoch atá ann ar fud an domhain, nár tháinig a samhail riamh roimhe seo, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meathlú mór tagtha ar dhálaí airgeadais, eacnamaíocha agus sóisialta i roinnt Ballstát.

(2)

Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, chun éifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an ngeilleagar réadach, ar mhargadh an tsaothair agus ar shaoránaigh le brath go forleathan.

(3)

De bhun Airteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena bhforáiltear go mbeidh an fhéidearthacht ann cúnamh airgeadais Aontais a dheonú do Bhallstát a bhfuil deacrachtaí aige nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air arb éard is cúis leo, inter alia, tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, rinneadh i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (3) sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach a bhunú d'fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle (4) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle (5), rinneadh cúnamh airgeadais a dheonú d’Éirinn agus don Phortaingéil, faoi seach, faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010.

(5)

Bhí deacrachtaí tromchúiseacha ag an nGréig maidir lena cobhsaíocht airgeadais cheana sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm. Níorbh fhéidir, dá bhrí sin, aon chúnamh airgeadais don Ghréig a bhunú ar an Rialachán sin.

(6)

Tháinig an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch agus an Comhaontú Saoráide Iasachta don Ghréig, a síníodh an 8 Bealtaine 2010, i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2010. Tá an Comhaontú Idirchreidiúnaíoch chun leanúint de lánfheidhm a bheith aige agus de lánéifeacht a bheith leis ar feadh clárthréimhse trí bliana, fad is a bheidh aon mhéideanna gan aisíoc faoin gComhaontú Saoráide Iasachta.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (6), foráiltear go bhfuil an Chomhairle chun cúnamh frithpháirteach a dheonú i gcás ina bhfuil deacrachtaí ag Ballstát, nár ghlac an euro, maidir le comhardú a íocaíochtaí nó ina bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt air maidir le comhardú a íocaíochtaí.

(8)

Le Cinneadh 2009/102/CE ón gComhairle (7) agus le Cinneadh 2002/459/CE ón gComhairle (8), rinneadh cúnamh airgeadais a dheonú don Ungáir agus don Rómáin, faoi seach, faoi Rialachán (CE) Uimh. 332/2002.

(9)

An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais 17 mBallstát an limistéir euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE). Ar thoradh cinntí a ghlac Ceannairí Stáit agus Rialtais an limistéir euro an 21 Iúil agus an 9 Nollaig 2011, rinneadh an Conradh a mhodhnú chun feabhas a chur ar éifeachtacht an tsásra agus síníodh an Conradh an 2 Feabhra 2012. Faoin gConradh sin, glacfaidh SCE, faoin mbliain 2013, na cúraimí air féin atá á gcomhlíonadh ag an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus ag an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí SCE a chur san áireamh leis an Rialachán seo.

(10)

Ina conclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2011, d'fháiltigh an Chomhairle Eorpach roimh an rún ón gCoimisiún maidir leis na sineirgíochtaí atá idir an clár iasachta don Ghréig agus cistí an Aontais a fheabhsú, agus thacaigh sí leis na hiarrachtaí cur le cumas na Gréige cistí an Aontais a chomhghabháil, chun fás agus fostaíocht a spreagadh, trí athdhíriú a dhéanamh ar an iomaíochas agus ar chruthú na fostaíochta a fheabhsú. Thairis sin, d'fháiltigh sí roimh chlár cuimsitheach cúnaimh theicniúil don Ghréig arna ullmhú ag an gCoimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, agus thacaigh sí leis an ullmhúchán sin.

(11)

Sa ráiteas arna eisiúint ag Ceannairí Stáit nó Rialtais an Limistéir Euro agus ag Institiúidí AE an 21 Iúil 2011, iarradh ar an gCoimisiún agus ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) feabhas a chur ar na sineirgíochtaí atá idir cláir iasachtaí agus cistí Aontais i ngach tír atá ag fáil cúnaimh ón Aontas nó ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an gcuspóir sin.

(12)

Sa Ráiteas ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 30 Eanáir 2012, d’aontaigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais go neartófaí tacaíocht BEI don bhonneagar mar bheart práinneach agus d’iarr siad ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar BEI roghanna féideartha a bhreithniú ar roghanna iad a bhaineann le gníomhaíocht BEI maidir le fás a thacú agus d'iarr siad orthu moltaí iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an bhféadfaí buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a úsáid chun giaráil a dhéanamh ar chumas maoinithe ghrúpa BEI. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo freagairt a thabhairt ar an iarraidh sin sa chomhthéacs reatha bainistithe géarchéime.

(13)

Tá deacrachtaí tromchúiseacha i ndán do chláir oibríochtúla agus tionscadail a chur chun feidhme i réimse an bhonneagair agus na hinfheistíochta táirgiúla sa Ghréig toisc go bhfuil athruithe as cuimse tagtha ar na dálaí le haghaidh rannpháirtíocht na hearnála príobháidí agus, go háirithe, na hearnála airgeadais, mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais.

(14)

Chun na fadhbanna sin a mhaolú agus dlús a chur le cur chun feidhme clár oibríochtúil agus tionscadal, agus chun an téarnamh eacnamaíoch a neartú, is gá go bhféadfaidh na Ballstáit a raibh deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a raibh deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, agus ar deonaíodh cúnamh airgeadais dóibh faoi cheann de na sásraí um chúnamh airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (9) arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), rannchuidiú le hacmhainní airgeadais ó chláir oibríochtúla ar mhaithe le hionstraimí um chomhroinnt riosca a bhunú lena soláthraítear iasachtaí nó ráthaíochtaí nó saoráidí airgeadais eile agus a thacaíonn le tionscadail agus oibríochtaí dá bhforáiltear faoi chlár oibríochtúil.

(15)

I bhfianaise na seantaithí atá ag BEI mar mhórairgeadaí maidir le tionscadail bhonneagair agus i bhfianaise a thiomantais i dtaobh tacú leis an téarnamh eacnamaíoch, ba cheart go mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin ionstraimí um chomhroinnt riosca a bhunú trí bhíthin comhaontaithe comhair, arna thabhairt i gcrích le BEI chuige sin. Chun an deimhnitheacht dhlíthiúil a sholáthar, is gá na príomhthéarmaí agus na príomhchoinníollacha is iondúil a bheadh i gcomhaontú comhair den sórt sin a leagan amach i Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Maidir leis an gcineál sonrach bainistithe géarchéime atá ag ionstraimí um chomhroinnt riosca, mar a fhoráiltear dó faoin Rialachán seo, ba cheart téarmaí agus coinníollacha sonracha gach gnímh comhair a leagan síos i gcomhaontú comhair aonair a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus BEI i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (11).

(16)

I bhfianaise an gá atá ann le méadú a dhéanamh ar na deiseanna infheistíochta a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna Ballstáit lena mbaineann, ba cheart go mbeadh sé ar chumas an Choimisiúin freisin ionstraimí um chomhroinnt riosca a bhunú le comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta nó le comhlachtaí earnála poiblí idirnáisiúnta nó le comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha, amhail is dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(c) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, faoi choinníollacha agus téarmaí atá comhchosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i leith BEI agus a chuireann BEI i bhfeidhm.

(17)

Chun freagairt go gasta i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíche, airgeadais agus sóisialta atá ann faoi láthair, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún ionstraimí um chomhroinnt riosca dóibh faoin Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

(18)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhnitheacht dhlíthiúil, ba cheart sainmhíniú ar ionstraim um chomhroinnt riosca a chur isteach in Airteagal 36a de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, arna leasú leis an Rialachán seo. Ba cheart ionstraimí um chomhroinnt riosca a úsáid le haghaidh iasachtaí agus ráthaíochtaí, chomh maith lena n-úsáid le haghaidh saoráidí airgeadais eile chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí airgeadais, arna gcómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) nó ag an gCiste Comhtháthaithe (CC), maidir le costais infheistíochta nach féidir a mhaoiniú mar chaiteachas incháilithe de bhun Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh 1083/2006, nó de bhun rialacha an Aontais maidir le státcabhracha. Chuige sin, is gá freisin maolú ó Airteagal 54(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a bhunú.

(19)

Aon Bhallstát atá ag iarraidh leas a bhaint as ionstraim um chomhroinnt riosca, ba cheart dó a shonrú go soiléir, ina iarraidh scríofa chuig an gCoimisiún, an chúis ar dá barr a mheasann sé go gcomhlíonann sé ceann de na coinníollacha incháilitheachta atá in Airteagal 77(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 agus ba cheart dó an fhaisnéis go léir a cheanglaítear a thabhairt, faoin Rialachán seo, a chur i gceangal lena iarraidh chun an coinníoll incháilitheachta sonraithe a chruthú. San iarraidh sin uaidh, ba cheart, freisin, go ndéanfadh an Ballstát iarrthach na cláir a shainaithint (lena n-áirítear an liosta de thograí tionscadail agus na riachtanais mhaoinithe ghaolmhara) arna gcómhaoiniú ag CFRE nó ag CC, agus an chuid de chionrannta na mblianta 2012 agus 2013 a ghabhann leis na cláir sin ar cionrannta iad ar mian leis a chionroinnt ar an ionstraim um chomhroinnt riosca. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí iarraidh an Bhallstáit a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Lúnasa 2013 d’fhonn is go nglacfaí cinneadh ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht an Bhallstáit iarrthaigh in ionstraim um chomhroinnt riosca faoin 31 Nollaig 2013. Sula ndéanfar an cinneadh ón gCoimisiún maidir le hiarraidh an Bhallstáit, ba cheart go ndéanfaí na cláir oibríochtúla ghaolmhara faoi CFRE agus faoi CC a athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.

(20)

Maidir le hoibríochtaí roghnaithe atá incháilithe faoi ionstraim um chomhroinnt riosca, ba cheart go mbeadh siad ina mórthionscadail is mórthionscadail a bhí ina n-ábhar do chinneadh ón gCoimisiún faoi Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 cheana féin, nó go mbeidís ina dtionscadail eile, is tionscail arna gcómhaoiniú ag CFRE nó ag CC agus a thagann faoi cheann amháin nó níos mó dá gcláir oibríochtúla, i gcás ina bhfuil easpa airgeadais i ndán do na tionscadail sin ó thaobh na gcostas infheistíochta atá le seasamh ag infheisteoirí príobháideacha. Ar deireadh, ba cheart go bhféadfadh sé freisin go mbeadh na hoibríochtaí roghnaithe ina n-oibríochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí chreat tagartha straitéiseach náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh agus le cuspóirí threoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail maidir le comhtháthú, agus ar oibríochtaí iad arb fhéidir leo, de bhua a gcineáil, rannchuidiú le tacú leis an bhfás agus leis an téarnamh eacnamaíoch a neartú, ach sin faoi réir cistí a bheith ar fáil faoin ionstraim um chomhroinnt riosca.

(21)

Thairis sin, ba cheart go sonródh an Ballstát iarrthach ina iarraidh an méid atá ar fáil dá thairbhe eisiach féin, laistigh dá chionroinnt airgeadais faoin mbeartas comhtháthaithe de bhun Airteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, agus ar méid é is féidir a shainiú le haghaidh chuspóirí na hionstraime um chomhroinnt riosca go heisiachas na gealltanais bhuiséad an Aontais a bheidh le cur i ngníomh sna blianta 2012 agus 2013, de bhun Airteagal 75(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, agus ar méid é nár cheart dó dul thar 10 % den chionroinnt tháscach iomlán don Bhallstát iarrthach le haghaidh na mblianta 2007-2013 i ndáil le CFRE agus CC, agus é a bheith formheasta i gcomhréir le hAirteagal 28(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. Ar deireadh, is gá a áirithiú go mbeidh maoiniú Aontais don ionstraim um chomhroinnt riosca, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais incháilithe eile, teoranta go soiléir don mhéid uasta thuas-sonraithe den ranníocaíocht Aontais leis an ionstraim um chomhroinnt riosca agus níor cheart go mbeadh aon dliteanas teagmhasach breise ann do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, gurb é BEI nó na comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta nó comhlachtaí earnála poiblí idirnáisiúnta nó comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a bhfuil an ionstraim um chomhroinnt riosca bunaithe leo de bhua comhaontaithe comhair, a sheasfadh aon riosca fuílligh is gné dhílis de na hoibríochtaí airgeadais arna maoiniú faoin ionstraim um chomhroinnt riosca is ionstraim atá bunaithe. Ba cheart go mbeifí in ann aon athshreabh, nó aon mhéid atá fágtha, a athúsáid, ar méideanna iad sin arna gcionroinnt ar an ionstraim um chomhroinnt riosca, de bharr an Rialacháin seo le haghaidh an Bhallstáit chéanna, arna iarraidh sin dó agus laistigh den ionstraim um chomhroinnt riosca céanna, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha incháilitheachta fós á gcomhlíonadh aige.

(22)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a thíolacann an Ballstát iarrthach ceart agus go bhfuil bonn cirt le hiarraidh an Bhallstáit, agus ba cheart go gcumhachtófaí dó cinneadh a ghlacadh maidir le téarmaí agus coinníollacha i leith rannpháirtíocht an Bhallstáit iarrthaigh san ionstraim um chomhroinnt riosca, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme laistigh de cheithre mhí ó iarraidh an Bhallstáit. Is le tionscadail, áfach, ar ina leith a dhéanann BEI nó comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta nó comhlachtaí earnála poiblí idirnáisiúnta nó comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, de réir mar a bheidh, cinneadh airgeadais fabhrach ina dtaobh, agus leosan amháin, ar cheart glacadh mar thionscadail atá incháilithe do mhaoiniú trí ionstraim um chomhroinnt riosca is ionstraim atá bunaithe. Ar mhaithe le trédhearcacht agus le deimhnitheacht dhlíthiúil, ba cheart an cinneadh ón gCoimisiún a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(23)

I bhfianaise na críche bainistithe géarchéime agus cineál na hionstraime um chomhroinnt riosca a thugtar isteach leis an Rialachán seo, agus i bhfianaise na géarchéime nár tháinig a samhail riamh roimhe seo is géarchéim atá ag cur isteach ar mhargaí idirnáisiúnta, agus an choir chun donais eacnamaíoch, a bhfuil dochar tromchúiseach déanta acu do chobhsaíocht airgeadais roinnt Ballstát agus ar nithe iad a éilíonn freagairt ghasta chun gníomhú i gcoinne na n-éifeachtaí ar an ngeilleagar réadach, ar an margadh saothair agus ar shaoránaigh, is iomchuí go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(24)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Déanfar buiséad an Aontais Eorpaigh arna chionroinnt ar na Cistí a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta chomhroinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 53 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i leith bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, (12) seachas an ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 36a den Rialachán seo agus an cúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo.

Déanfar prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

(2)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

"Airteagal 36a

Ionstraimí um chomhroinnt riosca

1.   Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn ionstraim um chomhroinnt riosca ionstraim airgeadais lena ráthaítear cumhdach iomlán nó páirteach ar riosca sainithe, i gcás inarb iomchuí mar mhalairt ar luach saothair comhaontaithe.

2.   Féadfaidh Ballstát a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 77(2) cuid de na hacmhainní foriomlána is acmhainní arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 a ranníoc le hionstraim um chomhroinnt riosca, ar ionstraim í a bhunófar trí bhíthin comhaontaithe comhair, ar comhaontú comhair é a dhéanfaidh an Coimisiún a thabhairt i gcrích le BEI, nó le comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta nó comhlachtaí earnála poiblí idirnáisiúnta nó comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha amhail is dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(c) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 faoi théarmaí agus coinníollacha atá comhchosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i leith BEI agus a chuireann BEI féin i bhfeidhm ("comhlacht cur chun feidhme is comhlacht atá ar conradh"), chun soláthar caipitil, agus cionroinnt chaipitil, maidir le ráthaíochtaí agus iasachtaí, agus maidir le saoráidí airgeadais eile, arna ndeonú faoin ionstraim um chomhroinnt riosca, a chumhdach.

3.   Beidh rialacha sa chomhaontú comhair, dá dtagraítear i mír 2, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas: méid iomlán na ranníocaíochta Aontais agus sceideal maidir leis an tslí a gcuirfear ar fáil í; coinníollacha an chuntais iontaobhais a bheidh le cur ar bun ag an gcomhlacht cur chun feidhme is comhlacht atá ar conradh; na critéir incháilitheachta maidir le húsáid na ranníocaíochta Aontais, na mionsonraí maidir le comhroinnt bhaileach an riosca (lena n-áirítear an cóimheas giarála) a bheidh le cumhdach agus na ráthaíochtaí a bheidh le soláthar ag an gcomhlacht cur chun feidhme is comhlacht atá ar conradh; praghsáil na hionstraime um chomhroinnt riosca is praghsáil atá bunaithe ar an gcorrlach riosca, agus ar chostais riaracháin uile na hionstraime um chomhroinnt riosca a chumhdach; an nós imeachta iarratais agus formheasta le haghaidh tograí tionscadail arna gcumhdach leis an ionstraim um chomhroinnt riosca; tréimhse infhaighteachta na hionstraime um chomhroinnt riosca; agus na ceanglais maidir le tuairisciú.

Maidir le comhroinnt bhaileach an riosca (lena n-áirítear an cóimheas giarála) a bheidh le gabháil de láimh ag an gcomhlacht cur chun feidhme is comhlacht atá ar conradh, de bhun an chomhaontaithe comhair, beidh sé mar aidhm leis, mar mheán, a bheith 1,5 uair ar a laghad níos mó ná méid na ranníocaíochta Aontais a dhéantar leis an ionstraim um chomhroinnt riosca.

Is i dtráinsí a dhéanfar íocaíochtaí leis an ionstraim um chomhroinnt riosca, i gcomhréir leis an úsáid atá leagtha amach sa sceideal don ionstraim um chomhroinnt riosca i dtaca le hiasachtaí agus ráthaíochtaí a sholáthar chun oibríochtaí sonracha a mhaoiniú.

4.   De mhaolú ar Airteagal 54(5), agus maidir le costais infheistíochta nach féidir a mhaoiniú mar chaiteachas incháilithe de bhun Airteagal 55, nó a mhaoiniú de bhun rialacha an Aontais maidir le státcabhracha, bainfear úsáid as an ionstraim um chomhroinnt riosca chun oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag CFRE nó ag an gCiste Comhtháthaithe.

Féadfar é a úsáid freisin chun maoiniú a dhéanamh ar oibríochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí chreat tagartha straitéiseach náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh agus cuspóirí threoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail maidir le comhtháthú faoi Chinneadh 2006/702/CE ón gComhairle (13)a bhaint amach, agus ar oibríochtaí iad a thugann an breisluach is mó do straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

5.   Déanfaidh an Coimisiún an ionstraim um chomhroinnt riosca a chur chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta indírí láraithe i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 56 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

6.   Déanfaidh Ballstát atá ag iarraidh tairbhe a bhaint as ionstraim um chomhroinnt riosca iarraidh i scríbhinn a thíolacadh don Choimisiún faoin 31 Lúnasa 2013. San iarraidh sin uaidh, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun na nithe seo a leanas a shuíomh:

(a)

go gcomhlíonann sé ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 77(2), trí thagairt do chinneadh ón gComhairle nó do ghníomh dlíthiúil eile is gníomh lena gcruthaítear a incháilitheacht, a sholáthar;

(b)

liosta de na cláir (lena n-áirítear tograí tionscadail agus riachtanais mhaoinithe ghaolmhara) arna gcómhaoiniú ag CFRE nó ag an gCiste Comhtháthaithe, agus an chuid de chionrannta na mblianta 2012 agus 2013 ar na cláir sin atá sé ag iarraidh a bhaint amach as na cláir sin chun na méideanna sin a ath-chionroinnt ar an ionstraim um chomhroinnt riosca;

(c)

liosta de na tionscadail bheartaithe de bhun an dara fomhír de mhír 4,, agus an chuid de chionrannta na mblianta 2012 agus 2013 atá sé ag iarraidh a bhaint amach as na cláir sin chun na méideanna sin a ath–chionroinnt ar an ionstraim um chomhroinnt riosca;

(d)

an méid atá ar fáil dá thairbhe eisiach féin laistigh dá chionroinnt airgeadais faoin mbeartas comhtháthaithe de bhun Airteagal 18(2), agus léiriú ar an méid a d'fhéadfaí a shainiú le haghaidh chuspóirí na hionstraime um chomhroinnt riosca go heisiach as gealltanais bhuiséad an Aontais a bheidh le cur i ngníomh sna blianta 2012 agus 2013, de bhun Airteagal 75(1).

7.   Tar éis don Choimisiún a fhíorú go bhfuil iarraidh an Bhallstáit ceart agus go bhfuil bonn cirt léi, déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, laistigh de cheithre mhí ón dáta a ndearnadh iarraidh an Bhallstáit, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ina sonraítear an córas arna bhunú chun a ráthú go ndéanfar an méid atá ar fáil a úsáid le haghaidh tairbhe eisiach an Bhallstáit a sholáthair é laistigh dá chionroinnt airgeadais faoin mbeartas comhtháthaithe de bhun Airteagal 18(2), agus ar cinneadh é ina ndéanfar téarmaí agus coinníollacha do rannpháirtíocht an Bhallstáit iarrthaigh san ionstraim um chomhroinnt riosca a leagan amach. r Leis na téarmaí agus na coinníollacha, cumhdófarna nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

inrianaitheacht agus cuntasaíocht, faisnéis maidir le húsáid na gcistí, na coinníollacha íocaíochta agus na córais faireacháin agus rialaithe;

(b)

struchtúr na dtáillí agus na gcostas riaracháin agus bainistíochta eile;

(c)

liosta táscach de na tionscadail atá incháilithe do mhaoiniú; agus

(d)

méid uasta na ranníocaíochta Aontais is féidir a chionroinnt ar an ionstraim um chomhroinnt riosca as na cionrannta Ballstáit atá ar fáil, agus na tráthíocaíochtaí maidir le cur chun feidhme praiticiúil.

Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le hiarraidh an Bhallstáit, áiritheoidh an Coimisiún gur le tionscadail ar ina leith a dhéanann BEI, nó comhlachtaí earnála poiblí náisiúnta nó comhlachtaí earnála poiblí idirnáisiúnta nó comhlachtaí atá faoi rialú an dlí phríobháidigh agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, cinneadh airgeadais fabhrach ina dtaobh, agus leosan amháin, ar cheart glacadh mar thionscadail atá incháilithe do mhaoiniú trí ionstraim um chomhroinnt riosca is ionstraim atá bunaithe.

8.   Sula ndéanfar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 7, déanfar athbhreithniú ar na cláir oibríochtúla faoi CFRE agus faoin gCiste Comhtháthaithe i gcomhréir le hAirteagal 33(2).

9.   Beidh uasteorainn dhian nach féidir a shárú ag gabháil leis na cionrannta airgeadais ar an ionstraim um chomhroinnt riosca agus ní rachaidh an uasteorainn sin thar 10% den chionroinnt tháscach iomlán don Bhallstát iarrthach i gcomhair na mblianta 2007-2013 faoi CFRE agus faoin gCiste Comhtháthaithe agus is cionroinnt a rinneadh a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 28(3)(b). Tá na cionrannta airgeadais atá ar fáil do na tionscadail is tionscadail sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo teoranta do na méideanna atá fágtha tar éis maoiniú a dhéanamh ar na hoibríochtaí a luaitear sa chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo. Taobh amuigh den ranníocaíocht Aontais iomlán leis an ionstraim um chomhroinnt riosca lena dtacófar sa chinneadh dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, ní chruthófar le rannpháirtíocht an Aontais in ionstraim um chomhroinnt riosca aon dliteanais theagmhasacha bhreise do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó don Bhallstát lena mbaineann.

10.   Aon athshreabh nó aon mhéid atá fágtha tar éis oibríochta atá cumhdaithe ag an ionstraim um chomhroinnt riosca a chur chun críche, féadfar é a athúsáid, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, faoi chuimsiú na hionstraime um chomhroinnt riosca, ar choinníoll go bhfuil ceann amháin de na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 77(2) fós á chomhlíonadh ag an mBallstát. Mura bhfuil aon cheann de na coinníollacha sin á chomhlíonadh a thuilleadh ag an mBallstát, measfar gur ioncam sannta de réir bhrí Airteagal 18 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 atá san athshreabh nó sa mhéid atá fágtha. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, déanfar leithreasaí gealltanais breise a thagann as an ioncam sannta sin a chur le cionroinnt airgeadais an Bhallstáit sin faoin mbeartas comhtháthaithe an bhliain dár gcionn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 22 Bealtaine 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 13.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19Aibreán 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 118, 12.5.2010, lch. 1.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle an 7 Nollaig 2010 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’Éirinn (IO L 30, 4.2.2011, lch. 34).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle an 30 Bealtaine 2011 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú don Phortaingéil (IO L 159, 17.6.2011, lch. 88).

(6)  IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.

(7)  Cinneadh 2009/102/CE ón gComhairle an 4 Samhain 2008 lena soláthraítear cúnamh airgeadais méantéarmach Comhphobail don Ungáir (IO L 37, 6.2.2009, lch. 5).

(8)  Cinneadh 2009/459/CE ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena soláthraítear cúnamh airgeadais méantéarmach Comhphobail don Rómáin (IO L 150, 13.6.2009, lch. 8).

(9)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

(10)  IO L 337, 20.12.2011, lch. 5.

(11)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(12)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.";

(13)  IO L 291, 21.10.2006, lch. 11.".


Top