EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1077

Regulation (EU) No 1077/2011 of the European Parliament and of the Council of 25 October 2011 establishing a European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice

IO L 286, 1.11.2011, p. 1–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 10/12/2018; Arna aisghairm agus arna ionadú ag 32018R1726

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1077/oj

1.11.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1077/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2011

lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 74, Airteagal 77(2)(a) agus (b), Airteagal 78(2)(e), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 82(1)(d), Airteagal 85(1), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (2) agus le Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (3). Le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/CGB, foráiltear gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach, i rith idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir. Tar éis na hidirthréimhse sin, beidh Údarás Bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(2)

Bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (4). Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (5), foráiltear gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach, i rith idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil VIS. Tar éis na hidirthréimhse sin, beidh Údarás Bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil VIS Láir agus na gcomhéadan náisiúnta, agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(3)

Bunaíodh Eurodac le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le “Eurodac” a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (6). Le Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle (7) leagtar síos rialacha chur chun feidhme, riachtanacha.

(4)

Is gá Údarás Bainistíochta a bhunú chun bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS agus Eurodac agus gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide a áirithiú tar éis na hidirthréimhse agus, go hionchasach, chun bainistiú oibríochtúil córas eile mórscála teicneolaíochta faisnéise (TF) sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú chomh maith, faoi réir ionstraimí reachtacha leithleacha a ghlacadh.

(5)

D’fhonn sineirgí a bhaint amach, is gá foráil a dhéanamh maidir le bainistiú oibríochtúil na gcóras mórscála TF sin in eintiteas aonair, agus tairbhe á baint as barainneachtaí scála, agus mais chriticiúil á cruthú agus an ráta úsáide is airde is féidir á áirithiú maidir le caipiteal agus maidir le hacmhainní daonna.

(6)

Sna ráitis chomhpháirteacha a ghabhann le hionstraimí reachtacha SIS II agus le hionstraimí reachtacha VIS, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún na tograí reachtacha is gá a thíolacadh tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, ar tograí iad lena gcuirfí bainistiú oibríochtúil fadtéarmach SIS II Láir agus gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide agus bainistiú oibríochtúil fadtéarmach VIS faoi chúram gníomhaireachta áirithe.

(7)

Ós rud é gur cheart go mbeadh uathriail dlí, riaracháin agus airgeadais ag an Údarás Bainistíochta, ba cheart é a bhunú i bhfoirm gníomhaireachta rialála (“Gníomhaireacht”) ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach. De réir mar a comhaontaíodh, ba cheart gurb i dTaillinn (an Eastóin) a bheadh suíomh na Gníomhaireachta. Ós rud é, áfach, go bhfuil na cúraimí a bhaineann le forbairt theicniúil agus leis an ullmhúchán i dtaca le bainistiú oibríochtúil SIS II agus bainistiú oibríochtúil VIS á gcur i gcrích in Strasbourg (an Fhrainc) agus go bhfuil láithreán cúltaca i gcomhair na gcóras TF sin suiteáilte in Sankt Johann im Pongau (an Ostair), ba cheart go leanfadh cúrsaí de bheith amhlaidh. Ba cheart gur sa dá láithreán sin, faoi seach, a dhéanfaí na cúraimí a bhaineann le forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil Eurodac a chur i gcrích agus a bhunófaí láithreán cúltaca i gcomhair Eurodac. Ba cheart gurb iad an dá láithreán sin na hionaid ina ndéanfaí, faoi seach, forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil córas eile mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus, i gcás ina bhforálfaí amhlaidh san ionstraim ábhartha reachtach, ina mbeadh láithreán cúltaca ina bhféadfaí oibriú córais mórscála TF a áirithiú i gcás ina dtarlódh cliseadh sa chóras sin.

(8)

Dá dhroim sin, ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cúraimí an Údaráis Bainistíochta, atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a fheidhmiú. Áirítear leis na cúraimí sin tuilleadh forbartha teicniúla.

(9)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002, táthar tar éis Aonad lárnach a bhunú laistigh den Choimisiún, ar aonad é atá freagrach as bunachar sonraí lárnach Eurodac a oibriú agus as cúraimí eile a bhaineann leis. Chun leas a bhaint as sineirgí, ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cúraimí an Choimisiúin maidir le bainistiú oibríochtúil Eurodac a ghlacadh chuici féin lena n-áirítear cúraimí áirithe maidir leis an mbonneagar cumarsáide amhail ón dáta a dtéann an Ghníomhaireacht i mbun a freagrachtaí.

(10)

Ba cheart gurbh í croí-fheidhm na Gníomhaireachta na cúraimí maidir le bainistiú oibríochtúil a chomhlíonadh i leith SIS II, VIS agus Eurodac agus, má chinntear amhlaidh, i leith córas eile mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht freagrach chomh maith as bearta teicniúla a mbeadh gá leo de bharr na gcúraimí a chuirtear ar an nGníomhaireacht, ar bearta iad nach bhfuil de chineál normatach. Ba cheart go mbeadh na freagrachtaí sin gan dochar do na cúraimí normatacha a fhorchoimeádtar don Choimisiún amháin nó don Choimisiún agus cúnamh á fháil aige ó choiste sna hionstraimí reachtacha faoi seach lena rialaítear na córais a ndéanann an Ghníomhaireacht bainistiú oibríochtúil orthu.

(11)

Ina theannta sin, ba cheart go gcomhlíonfadh an Ghníomhaireacht cúraimí a bhaineann le hoiliúint in úsáid theicniúil SIS II, VIS agus Eurodac agus córas eile mórscála TF ar cúraimí iad a d’fhéadfaí a chur faoi chúram na Gníomhaireachta amach anseo.

(12)

Thairis sin, d’fhéadfaí freagracht a chur ar an nGníomhaireacht maidir le hullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas breise mórscála TF le linn Airteagal 67 go hAirteagal 89 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm. Níor cheart na cúraimí sin a chur faoi chúram na Gníomhaireachta ach amhaín trí bhíthin ionstraimí reachtacha leithleacha a ghlacfaí ina dhiaidh sin, ach measúnú tionchair a dhéanamh sula nglacfaí iad.

(13)

Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht freagrach as faireachán a dhéanamh ar thaighde agus as scéimeanna píolóta a sheoladh, i gcomhréir le hAirteagal 49(6)(a) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8) i gcomhair córas mórscála TF le linn Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE a chur i bhfeidhm, arna iarraidh sin go sonrach, beacht don Choimisiún. Nuair a chuirfear cúram uirthi scéim píolóta a chur i gcrích, ba cheart go dtabharfadh an Ghníomhaireacht aird ar leith ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Faisnéise.

(14)

Maidir le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur faoi chúram na Gníomhaireachta, níor cheart go ndéanfadh an méid sin difear do na rialacha sonracha is infheidhme maidir leis na córais sin. Tá na rialacha sonracha lena rialaítear an cuspóir, cearta rochtana, bearta slándála agus na ceanglais bhreise um chosaint sonraí maidir le gach córas mórscála TF a bhfuil a bhainistiú oibríochtúil curtha faoi chúram na nGníomhaireachta, go háirithe, infheidhme go huile is go hiomlán.

(15)

Ba cheart go ndéanfaí ionadaíocht thar ceann na mBallstát agus thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta chun feidhmeanna na Gníomhaireachta a rialú go héifeachtach. Ba cheart na feidhmeanna is gá a chur faoi chúram an Bhoird Bainistíochta go háirithe chun an clár oibre bliantúil a ghlacadh, chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, is feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin do ghlacadh cinntí a bhaineann le cúraimí oibríochtúla na Gníomhaireachta.

(16)

Maidir le SIS II, ba cheart go mbeadh stádas breathnóra ag an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) agus ag an Aonad Eorpach um Chomhar Breithiúnach (Eurojust), a bhfuil ceart rochtana acu araon ar shonraí arna n-iontráíl in SIS II le linn Cinneadh 2007/533/CGB a chur i bhfeidhm agus a bhfuil ceart acu cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí sin, ag na cruinnithe den Bhord Bainistíochta, nuair atá ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB ar an gclár oibre. Ba cheart go gceadófaí do Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh faoi seach chuig an nGrúpa Comhairleach SIS II arna bhunú faoin Rialachán seo.

(17)

Maidir le VIS, ba cheart go mbeadh stádas breathnóra ag Europol freisin ag cruinnithe den Bhord Bainistíochta nuair atá ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chun féachaint ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe de chuid Ballstát agus ag Europol chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (9) ar an gclár oibre. Ba cheart go gceadófaí do Europol ionadaí a cheapadh chuig Grúpa Comhairleach VIS arna bhunú faoin Rialachán seo.

(18)

Ba cheart go mbeadh cearta vótála ag Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, maidir le córas mórscála TF, má cheanglaítear iad faoi dhlí an Aontais, de bharr aon ionstraim reachtaigh lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin. Ba cheart go mbeadh cearta vótála ag an Danmhairg freisin maidir le córas mórscála TF má chinneann sí, faoi Airteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, (“An Prótacal maidir le seasamh na Danmhairge”), an ionstraim reachtach a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, ar ionstraim í lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin.

(19)

Ba cheart do Bhallstáit Comhalta a cheapadh chuig an nGrúpa Comhairleach maidir le córas mórscála TF, má cheanglaítear iad faoi dhlí an Aontais de bharr aon ionstraim reachtaigh lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin. Ba cheart don Danmhairg, ina theannta sin, Comhalta a cheapadh don Ghrúpa Comhairleach maidir le córas mórscála TF, má chinneann sí faoi Airteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge an ionstraim reachtach a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, ar ionstraim í lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin.

(20)

Chun a uathriail agus a neamhspleáchas iomlán a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt don Ghníomhaireacht lena ngabhfadh ioncam ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go mbeadh maoiniú na Gníomhaireachta faoi réir comhaontaithe ón údarás buiséadach mar atá leagtha amach i bpointe 47 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais (10). Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta buiséadacha agus urscaoilte an Aontais infheidhme. Ba cheart go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí an iniúchadh maidir leis na cuntais agus i ndáil le dlíthiúlacht agus le rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin.

(21)

Ba cheart go gcomhoibreodh an Ghníomhaireacht le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, go háirithe leis na gníomhaireachtaí sin arna mbunú sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus, go háirithe, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Ba cheart di, freisin, dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise maidir le slándáil líonraí i gcás inarb iomchuí agus ba cheart di obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin i gcás inarb iomchuí.

(22)

Nuair a bheidh forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF á n-áirithiú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, agus na ceanglais ghairmiúla is airde á gcur san áireamh aici, go háirithe Straitéis an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Faisnéise.

(23)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí an Chomhphobail agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (11) i leith sonraí pearsanta atá á bpróiseáil ag an nGníomhaireacht. Ba cheart go mbeadh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí in ann rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá a bheith aige nó aici chun a chuid nó a cuid fiosrúchán a dhéanamh. I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus thug sé uaidh a thuairim an 7 Nollaig 2009.

(24)

Chun oibriú trédhearcach na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (12) i leith na Gníomhaireachta. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir ghrinnscrúdú an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

(25)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13) i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart go n-aontódh sí do Chomhaontú Idir-Institiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (14).

(26)

Ba cheart go ndéanfadh Ballstáit aíochta na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a sholáthar chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, mar shampla lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iomchuí iompair.

(27)

Chun coinníollacha fostaíochta oscailte, trédhearcacha a áirithiú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le daoine den fhoireann, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne Oifigeach”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta”) atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (15) (dá ngairtear le chéile “na Rialacháin Foirne”), i leith na foirne agus i leith Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta.

(28)

Is comhlacht arna bhunú ag an Aontas de réir bhrí Airteagal 185(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 í an Ghníomhaireacht agus ba cheart di a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir sin.

(29)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 (16) maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais i gcomhair na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 i leith na Gníomhaireachta.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon Gníomhaireacht a bhunú ar leibhéal an Aontais, ar gníomhaireacht í a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil, agus i gcás inarb iomchuí as forbairt córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ós rud é gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais de bharr fairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(31)

Urramaítear leis an Rialachán seo cearta bunúsacha, agus comhlíontar leis na prionsabail, a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) CAE.

(32)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh an Danmhairg faoi cheangal aige ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus le VIS, le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a nglacfar an Rialachán seo, i dtaobh an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. I gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus arna taisceadh i “Eurodac” chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach (17), ní mór don Danmhairg fógra a thabhairt don Choimisiún á rá an ndéanfaidh sí inneachar an Rialacháin seo a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann sé le Eurodac.

(33)

A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS II mar a rialaítear é le Cinneadh 2007/533/CGB, tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (“An Prótacal maidir le acquis Schengen”), agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (18).

A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS II mar a rialaítear é le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus a mhéid a bhaineann siad le VIS, ar forálacha iad is ionann le forbairtí ar fhorálacha de chuid acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE, d’iarr an Ríocht Aontaithe, trí litir an 5 Deireadh Fómhair 2010 chuig Uachtarán na Comhairle, go n-údarófaí di a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal maidir le acquis Schengen. De bhua Airteagal 1 de Chinneadh 2010/779/AE ón gComhairle an 14 Nollaig 2010 a bhaineann leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen maidir le Gníomhaireacht Eorpach a bhunú chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (19), tá údarú tugtha don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa Rialachán seo.

Thairis sin, a mhéid a bhaineann a chuid forálacha le Eurodac, thug an Ríocht Aontaithe fógra, trí litir an 23 Meán Fómhair 2009 a seoladh chuig Uachtarán na Comhairle, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal le CAE agus le CFAE (“An Prótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann”). Tá an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, tá sí faoi cheangal aige agus tá sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(34)

A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS II mar a rialaítear é le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha de chuid acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (20).

Níor iarr Éire a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal maidir le acquis Schengen. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl Éire faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm a mhéid a fhorbraíonn na bearta atá ann forálacha acquis Schengen mar a bhaineann siad le SIS II mar a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le VIS.

A mhéid a bhaineann forálacha an Rialacháin seo le Eurodac, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl Éire faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é nach féidir, sna cúinsí seo, infheidhmeacht an Rialacháin seo ina iomláine a áirithiú maidir le hÉirinn, mar a éilítear in Airteagal 288 CFAE, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl Éire faoi cheangal aige ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm, gan dochar do na cearta atá aici faoi na Prótacail réamhluaite.

(35)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus le VIS, agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (21), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (22). Maidir le Eurodac, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le Eurodac de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslann nó san Iorua (23). Mar thoradh ar sin, agus faoi réir a gcinneadh chun é a chur chun feidhme ina ndlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireachtaí Phoblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun rialacha mionsonraithe breise a chinneadh, mar shampla cearta vótála lena gceadófaí do Phoblacht na hÍoslainne agus do Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Stáit sin.

(36)

Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann sé le SIS II agus VIS, agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (24), a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (25). Maidir le Eurodac, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le Eurodac de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (26). Mar thoradh ar sin, faoi réir a cinnidh é a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireacht Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun rialacha mionsonraithe breise a chinneadh, mar shampla cearta vótála lena gceadófaí do Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise.

(37)

Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus le VIS, agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen (27) a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, pointe B agus pointe G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (28). Maidir le Eurodac, is ionann an Rialachán seo agus beart nua a bhaineann le Eurodac de réir bhrí an Phrótacail idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis (29). Mar thoradh ar sin, ba cheart do thoscaireacht Phrionsacht Lichtinstéin páirt a ghlacadh ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun na rialacha mionsonraithe breise a chinneadh, mar shampla cearta vótála, ar modhanna iad lena gceadófaí do Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Prionsacht Lichtinstéin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR

Airteagal 1

An Ghníomhaireacht a bhunú

1.   Bunaítear leis seo gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (an Ghníomhaireacht).

2.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus ar Eurodac.

3.   Féadfar freagracht a chur ar an nGníomhaireacht freisin as ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF seachas na córais sin dá dtagraítear i mír 2 sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gcás dá bhforáiltear amhlaidh le hionstraimí reachtacha ábhartha, ar ionstraimí iad atá bunaithe ar Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE, agus sa chás sin amháin, agus na forbairtí i dtaighde dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo agus torthaí na scéimeanna píolóta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

4.   Is éard a bheidh sa bhainistiú oibríochtúil, na cúraimí uile is gá chun feidhmiú córas mórscála TF a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na forálacha sonracha is infheidhme maidir le gach ceann acu, lena n-áirítear freagracht as an mbonneagar cumarsáide a úsáideann na córais. Ní dhéanfaidh na córais mhórscála TF sin sonraí a mhalartú ná ní chumasóidh siad faisnéis ná eolas a roinnt, mura bhforáiltear amhlaidh i mbunús dlíthiúil sonrach.

Airteagal 2

Cuspóirí

Gan dochar do fhreagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát, faoi seach, faoi na hionstraimí reachtacha lena rialaítear córais mhórscála TF, áiritheoidh an Ghníomhaireacht gach ceann de na nithe seo:

(a)

oibriú éifeachtach, daingean, leanúnach córas mórscála TF;

(b)

bainistiú éifeachtúil, atá cuntasach ó thaobh airgeadais de, ar chórais mhórscála TF;

(c)

cáilíocht sách ard seirbhíse i gcomhair úsáideoirí córas mórscála TF;

(d)

leanúnachas agus seirbhís gan bhriseadh;

(e)

ardleibhéal cosanta sonraí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;

(f)

leibhéal iomchuí slándála sonraí agus slándála fisiciúla, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear forálacha sonracha i leith gach córais mórscála TF; agus

(g)

úsáid struchtúr leordhóthanach um bainistíocht tionscadal chun córais mhórscála TF a fhorbairt go héifeachtúil.

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ

Airteagal 3

Cúraimí a bhaineann le SIS II

I ndáil le SIS II, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

na cúraimí a tugadh don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/CGB; agus

(b)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsáid theicniúil SIS II, go háirithe i gcomhair foirne Sirene (Sirene — Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na hIontrálacha Náisiúnta) agus oiliúint saineolaithe ar na gnéithe teicniúla SIS II faoi chuimsiú mheastóireachta Schengen.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann le VIS

I ndáil le VIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

na cúraimí a tugadh don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus le Cinneadh 2008/633/CGB; agus

(b)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsáid theicniúil VIS.

Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann le Eurodac

I ndáil le Eurodac, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

na cúraimí a tugadh don Choimisiún mar údarás atá freagrach as bainistiú oibríochtúil Eurodac i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 agus le Rialachán (CE) Uimh. 407/2002;

(b)

cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide eadhon: maoirseacht, slándáil agus comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí; agus

(c)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsáid theicniúil Eurodac.

Airteagal 6

Cúraimí a bhaineann le hullmhú, le forbairt agus le bainistiú oibríochtúil córas eile mórscála TF

Nuair a chuirtear cúram ar an nGníomhaireacht maidir le hullmhú, le forbairt agus le bainistiú oibríochtúil córas eile mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 1(3), comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil na gcóras sin, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 7

Cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide

1.   Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide arna dtabhairt don Údarás Bainistíochta leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.   De réir na n-ionstraimí reachtacha dá dtagraítear i mír 1, roinntear na cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide (lena n-áirítear an bainistiú oibríochtúil agus slándála) idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir comhlíonadh a gcuid freagrachtaí faoi seach, déanfar socruithe oibre oibríochtúla idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún agus léireofar iad i Meabhrán Tuisceana.

3.   Déanfar an bonneagar cumarsáide a bhainistiú agus a rialú go leordhóthanach chun é a chosaint ar bhagairtí, agus chun a slándáil agus slándáil córas mórscála TF a áirithiú, lena n-áirítear slándáil sonraí a mhalartaítear tríd an mbonneagar cumarsáide.

4.   Glacfar bearta iomchuí lena n-áirítear pleananna slándála, inter alia, chun léitheoireacht neamhúdaraithe, cóipeáil neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn aistrithe sonraí pearsanta nó le linn iompar meán sonraí go háirithe trí theicnící criptithe iomchuí. Ní ghluaisfidh aon fhaisnéis oibríochtúil a bhaineann leis an gcóras sa bhonneagar cumarsáide gan chriptiú a dhéanamh uirthi.

5.   Féadfar cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an bhonneagair chumarsáide a chur ar eintitis sheachtracha de chuid na hearnála príobháidí nó ar chomhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. I gcás den sórt sin, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 4 ina gceangal ar an soláthraí líonra agus ní bheidh aon rochtain aige ar shonraí oibríochtúla SIS II, ar shonraí oibríochtúla VIS, ná ar shonraí oibríochtúla Eurodac ná ar an malartú Sirene, ar mhalartú é a bhaineann le SIS II, ar shlí ar bith.

6.   Gan dochar do na conarthaí atá ann cheana maidir le líonra SIS II, líonra VIS agus líonra Eurodac, fanfaidh bainistiú na n-eochracha criptiúcháin faoi inniúlacht na Gníomhaireachta agus ní dhéanfar é a eisfhoinsiú d’aon eintiteas seachtrach de chuid na hearnála príobháidí.

Airteagal 8

Faireachán a dhéanamh ar thaighde

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde atá ábhartha maidir le bainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac agus córas mórscála TF eile.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus i gcásanna a bhaineann le saincheisteanna i ndáil le cosaint sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a choimeád ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis na forbairtí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 9

Scéimeanna píolóta

1.   Arna iarraidh sin go sonrach beacht don Choimisiún tar éis dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas trí mhí roimh ré ar a laghad, agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh, agus sa chás sin amháin, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 12(1)(l), scéimeanna píolóta a chur i gcrích de réir mar a thagraítear in Airteagal 49(6)(a) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, maidir le forbairt nó le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF, le linn Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus, i gcásanna ina bhfuil saincheisteanna i ndáil le cosaint sonraí i dtrácht, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a choimeád ar an eolas ar bhonn rialta maidir le forbairt na scéimeanna píolóta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Leithreasaí airgeadais i gcomhair scéimeanna píolóta a iarrann an Coimisiún, ní dhéanfar iad a iontráil sa bhuiséad i leith níos mó ná dhá bhliain airgeadais as a chéile.

CAIBIDIL III

STRUCHTÚR AGUS EAGRÚCHÁN

Airteagal 10

Stádas dlítheanach

1.   Beidh an Ghníomhaireacht ina Comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla. Féadfaidh sí freisin comhaontuithe maidir le suíomh na Gníomhaireachta agus maidir leis na láithreáin arna mbunú i gcomhréir le mír 4, a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit a bhfuil an suíomh, na láithreáin theicniúla agus chúltaca suite ina gcríoch (Ballstáit aíochta).

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann na Gníomhaireachta.

4.   Is i Taillinn, an Eastóin, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Is in Strasbourg, an Fhrainc, a rachfar i mbun na gcúraimí a bhaineann le forbairt agus bainistiú oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus in Airteagail 3, 4, 5 agus 7.

Bunófar láithreán cúltaca in Sankt Johann im Pongau, an Ostair, ar suíomh é a bheidh in ann oibriú córais mórscála TF a áirithiú i gcás ina dtarlaíonn cliseadh i gcóras den sórt sin, más rud é go bhforáiltear do shuíomh cúltaca san ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais sin.

Airteagal 11

Struchtúr

1.   Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

Grúpaí Comhairleacha.

2.   Áireofar le struchtúr na Gníomhaireachta freisin:

(a)

Oifigeach Cosanta Sonraí;

(b)

Oifigeach Slándála;

(c)

Oifigeach Cuntasaíochta.

Airteagal 12

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí, déanfaidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas:

(a)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, más iomchuí, a bhriseadh as a phost, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

údarás araíonachta a fheidhmiú maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a fheidhmíocht a fhormhaoirsiú, lena n-áirítear cur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta;

(c)

struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a bhunú tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(d)

rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta a bhunú tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(e)

tar éis dó togra a fháil ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le Suíomh na Gníomhaireachta, agus na Comhaontuithe maidir leis na hionaid theicniúla agus na láithreáin chúltaca arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10(4) atá le síniú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis na Ballstáit aíochta, a fhormheas;

(f)

i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme riachtanacha, dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigeach, a ghlacadh;

(g)

na bearta riachtanacha cur chun feidhme is gá a ghlacadh maidir le hiasacht saineolaithe náisiúnta don Ghníomhaireacht;

(h)

clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh atá bunaithe ar na cúraimí dá dtagraítear i gCaibidil II ar bhonn dréachta arna thíolacadh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Grúpaí Comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 19, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin a fháil. Áireofar leis an gclár oibre ilbhliantúil, gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil, meastachán ar bhuiséad ilbhliantúil agus meastóireachtaí ex ante chun struchtúr a chur ar na cuspóirí agus ar chéimeanna éagsúla na pleanála ilbhliantúla;

(i)

plean ilbhliantúil beartais foirne a ghlacadh, mar aon le dréachtchlár oibre bliantúil, agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an údaráis bhuiséadaigh faoin 31 Márta gach bliain;

(j)

faoin 30 Meán Fómhair gach bliain agus, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún, le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil an ceart vótála acu, agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil agus leis an gclár reachtach Aontais i réimsí a thig faoi Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE, clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn a ghlacadh; agus a áirithiú go dtarchuirfear an clár oibre arna ghlacadh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é;

(k)

faoin 31 Márta gach bliain, tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta na Gníomhaireachta a ghlacadh maidir leis an mbliain roimhe sin, lena ndéanfar comparáid go háirithe, idir na torthaí a baineadh amach agus cuspóirí an chláir oibre bhliantúil agus é a tharchur faoin 15 Meitheamh den bhliain chéanna chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, foilseofar an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochtaí;

(l)

feidhmeanna dá chuid a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear cur chun feidhme scéimeanna píolóta dá dtagraítear in Airteagal 9, de bhun Airteagal 32, Airteagal 33(6) agus Airteagal 34;

(m)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34;

(n)

Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh;

(o)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach maidir leis na torthaí a fuarthas agus leis na moltaí a thagann as na tuarascálacha éagsúla inmheánacha nó seachtracha iniúchóireachta agus as na meastóireachtaí éagsúla inmheánacha nó seachtracha;

(p)

na bearta slándála is gá a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, agus na moltaí a d’fhéadfadh teacht ó na saineolaithe slándála atá sna Grúpaí Comhairleacha á gcur san áireamh;

(q)

Oifigeach Slándála a cheapadh;

(r)

Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001;

(s)

na socruithe praiticiúla a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme faoin 22 Bealtaine 2012;

(t)

na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach agus maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB;

(u)

an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Aonad Lárnach Eurodac a ghlacadh de bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000;

(v)

tráchtanna a dhéanamh ar thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí de bhun Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí a áirithiú;

(w)

staidreamh a bhaineann le SIS II a fhoilsiú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(3) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach;

(x)

staidreamh a thiomsú maidir le hobair Aonad Lárnach Eurodac de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000;

(y)

foilsiú bliantúil liosta na n-údarás inniúil atá údaraithe cuardach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II de bhun Airteagal 31(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 46(8) de Chinneadh 2007/533/CGB a áirithiú, mar aon le liosta Oifigí na gcóras náisiúnta SIS (N.SIS II) agus na mBiúrónna Sirene dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 7(3) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach;

(z)

a áirithiú go bhfoilseofar, gach bliain, liosta údarás arna n-ainmniú de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000;

(aa)

aon chúraimí eile a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige le forbairt córas mórscála TF nó le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF.

Airteagal 13

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún.

2.   Ceapfaidh gach Ballstát agus an Coimisiún comhaltaí an Bhoird Bainistíochta chomh maith leis na comhaltaí malartacha, faoin 22 Eanáir 2012. Tar éis don tréimhse sin dul in éag, déanfaidh an Coimisiún an Bord Bainistíochta a thionól. Le linn do chomhaltaí a bheith as láthair, déanfaidh a gcomhaltaí malartacha ionadaíocht thar a gceann.

3.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ar bhonn ardleibhéil a dtaithí ábhartha agus ardleibhéil a saineolais ábhartha i réimse na gcóras mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus a gcuid eolais maidir le cosaint sonraí.

4.   Is ceithre bliana an téarma oifige a bheidh ag na comhaltaí. Féadfar é a athnuachan uair amháin. Ar dhul in éag a dtéarma oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as a bpost, fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go dtí go gcuirfear daoine ina n-ionad.

5.   Beidh tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Ceapfaidh gach tír ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 14

Cathaoirleacht an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí.

2.   Dhá bhliain a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtagann deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta aon tráth le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag ar an dáta sin freisin.

3.   Is as measc na gcomhaltaí sin den Bhord Bainistíochta, ar comhaltaí iad a cheapfaidh na Ballstáit, ar Ballstáit iad atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF uile ar córais iad atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht, a dhéanfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a thoghadh, agus as a measc sin amháin.

Airteagal 15

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Tionólfar cruinnithe an Bhoird Bainistíochta arna iarraidh sin d’aon duine nó d’aon ní de na daoine nó de na nithe seo a leanas:

(a)

a Chathaoirleach;

(b)

aon trian ar a laghad dá chomhaltaí;

(c)

an Coimisiún;

(d)

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Tionólfaidh an Bord Bainistíochta gnáthchruinniú amháin ar a laghad uair amháin gach sé mhí.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

3.   Féadfaidh saineolaithe atá ina gcomhaltaí de na Grúpaí Comhairleacha cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

4.   Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, nuair atá ceist a bhaineann le SIS II i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB ar an gclár oibre. Féadfaidh Europol freastal, mar bhreathnóirí ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin nuair a bheidh ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, ar an gclár oibre.

5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine eile freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, ar duine é a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise.

6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 16

Vótáil

1.   Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo ná d’Airteagal 12(1)(j) ná d’Airteagal 18(1) ná (7), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta trí thromlach dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu.

2.   Gan dochar do mhír 3, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta.

3.   Maidir le gach comhalta arna cheapadh ag Ballstát atá faoi cheangal faoi dhlí an Aontais, ag aon ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais mórscála TF atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht, féadfaidh an comhalta sin vótáil ar cheist a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

Ina theannta sin, maidir leis an Danmhairg, féadfaidh sí vótáil ar cheist a bhaineann le córas mórscála TF den chineál sin, más rud é go gcinneann sí faoi Airteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge an ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

4.   I dtaca le tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac, beidh feidhm ag Airteagal 37 maidir leo.

5.   I gcás easaontaithe i measc comhaltaí i dtaobh an ndéanann vóta difear do chóras sonrach mórscála TF, aon chinneadh nach ndéantar difear dó amhlaidh, déanfar é trí vóta tromlaigh dhá thrian.

6.   Ní vótálfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

7.   Bunófar socruithe vótála níos mionsonraithe i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon cheanglais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 17

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú agus a ionadú.

2.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas. Gan dochar d’inniúlachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin teagaisc ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

3.   Gan dochar d’Airteagal 12, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagracht iomlán as na cúraimí a chuirtear ar an nGníomhaireacht agus beidh sé faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh bliantúil ag Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an bhuiséid.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme a chúraimí.

5.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

riarachán na Gníomhaireachta ó lá go lá a áirithiú;

(b)

a áirithiú go n-oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

na nósanna imeachta, na cinntí, na straitéisí, na cláir agus na gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus leis an dlí is infheidhme;

(d)

córas éifeachtach a bhunú agus a chur chun feidhme le go bhféadfar faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh:

(i)

ar chórais mórscála TF, lena n-áirítear staidreamh; agus

(ii)

ar an nGníomhaireacht, lena n-áirítear a cuspóirí a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil;

(e)

bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta;

(f)

na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 20(3) maidir le foireann na Gníomhaireachta a fheidhmiú agus cúrsaí foirne a bhainistiú;

(g)

gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigeach, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB agus Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 faoi seach a chomhlíonadh agus d’fhonn na rialacha rúndachta gairmiúla iomchuí nó oibleagáidí comhionanna eile rúndachta a chur i bhfeidhm maidir le foirne na Gníomhaireachta a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí Eurodac;

(h)

Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus Comhaontuithe maidir le láithreáin theicniúla agus láithreáin chúltaca a chaibidil agus, tar éis don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, a shíniú le Rialtais na mBallstát aíochta.

6.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na dréachtaí go háirithe i leith na nithe seo a leanas faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun go nglacfar iad:

(a)

clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta agus a tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta, tar éis dul i gcomhairle roimh ré leis na Grúpaí Comhairleacha;

(b)

na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht;

(c)

an clár oibre ilbhliantúil;

(d)

an buiséad i gcomhair na bliana atá le teacht, arna bhunú ar bhonn buiséadaithe bunaithe ar ghníomhaíochtaí;

(e)

an Plean Beartais Foirne ilbhliantúil;

(f)

na téarmaí tagartha don mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 31;

(g)

na socruithe praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme;

(h)

na bearta slándála is gá lena n-áirítear plean slándála, agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste;

(i)

tuarascálacha ar fheidhmiú teicniúil gach córais mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(t) agus sa tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí Aonad Lárnach Eurodac dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(u), ar bhonn na dtorthaí a thagann ón bhfaireachán agus ón meastóireacht;

(j)

liosta bliantúil na n-údarás inniúil atá údaraithe cuardach a dhéanamh go díreach ar na sonraí atá ar fáil in SIS II, lena n-áirítear liosta na nOifigí N.SIS II agus na mBiúrónna Sirene dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(y), agus liosta na n-údarás dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(z), ar liosta é atá le foilsiú go bliantúil.

7.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon chúraimí eile a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 18

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh téarma oifige cúig bliana as liosta iarrthóirí incháilithe arna sainaithint i gcomórtas oscailte arna eagrú ag an gCoimisiún. Leis an nós imeachta roghnúcháin sin, déanfar foráil maidir le glao ar nochtadh spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Féadfaidh an Bord Bainistíochta a éileamh go ndéantar nós imeachta athuair mura bhfuil sé sásta le hoiriúnacht aon duine de na hiarrthóirí a choinneofar sa liosta. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais phearsanta, taithí i réimse córas mórscála TF, agus scileanna riaracháin, airgeadais agus bainistíochta mar aon le heolas faoi chosaint sonraí. Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.

2.   Sula gceapfar é, iarrfar ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil (choistí inniúla) Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste (na gcoistí) a fhreagairt. Tar éis ráiteas den sórt sin a thabhairt, déánfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim a ghlacadh lena leagfar amach a tuairim maidir leis an iarrthóir a roghnaíodh. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin mbealach inar cuireadh an tuairim sin san áireamh. Déileálfar leis an tuairim mar thuairim phearsanta a bheidh faoi rún go dtí go gceapfar an t-iarrthóir.

3.   I gcaitheamh na naoi mí a thiocfaidh roimh dheireadh an téarma oifige cúig bliana, déanfaidh an Bord Bainistíochta meastóireacht, i gcomhairle leis an gCoimisiún, ar meastóireacht í ina ndéanfaidh an Bord Bainistíochta na torthaí a baineadh amach le linn chéad téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a mheasúnú mar aon le conas a baineadh amach iad.

4.   Agus an tuarascáil mheastóireachta á cur san áireamh aige, agus sna cásanna sin amháin ina dtugtar le cuspóirí agus cúraimí na Gníomhaireachta údar maith leis, féadfaidh an Bord Bainistíochta téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin ar feadh suas go trí bliana.

5.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir lena rún maidir le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh. Laistigh den mhí roimh aon síneadh den sórt sin, iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil (choistí inniúla) Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste (na gcoistí) a fhreagairt.

6.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

7.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost. Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh den sórt sin.

Airteagal 19

Grúpaí Comhairleacha

1.   Déanfaidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas saineolas a sholáthar don Bhord Bainistíochta ar saineolas é a bhaineann le córais mhórscála TF agus go háirithe i gcomhthéacs ullmhú an chláir oibre bliantúil agus na tuarascála bliantúla maidir le gníomhaíochtaí:

(a)

Grúpa Comhairleach SIS II;

(b)

Grúpa Comhairleach VIS;

(c)

Grúpa Comhairleach Eurodac;

(d)

aon Ghrúpa Comhairleach eile a bhaineann le córas mórscála TF i gcás ina bhforáiltear amhlaidh dó san ionstraim reachtach ábhartha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin.

2.   Gach Ballstát atá faoi cheangal faoi dhlí an Aontais ag aon ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais áirithe mórscála TF, mar aon leis an gCoimisiún, ceapfaidh siad comhalta amháin don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin ar feadh téarma trí bliana, ar téarma é a fhéadfar a athnuachan.

Maidir leis an Danmhairg, ceapfaidh sí comhalta freisin do Ghrúpa Comhairleach a bhaineann le córas mórscála TF, más rud é go gcinneann sí, faoi Airteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, an ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála áirithe TF sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

Déanfaidh gach tír atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, le bearta a bhaineann le Eurodac agus le bearta a bhaineann le córais eile mórscála TF agus atá rannpháirteach i gcóras mórscála TF faoi leith comhalta a cheapadh don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

3.   Féadfaidh Europol agus Eurojust araon ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach VIS.

4.   Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí d’aon cheann de na Grúpaí Comhairleacha. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ionadaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i dteideal freastal ar chruinnithe uile na nGrúpaí Comhairleacha mar bhreathnóirí.

5.   Leagfar síos na nósanna imeachta maidir le hoibriú na nGrúpaí Comhairleacha agus maidir le comhoibriú na nGrúpaí Comhairleacha i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta.

6.   Agus tuairim á hullmhú acu, déanfaidh na comhaltaí de gach Grúpa Comhairleach ar leith a ndícheall teacht ar chomhdhearcadh. Mura féidir teacht ar chomhdhearcadh den sórt sin, is éard a bheidh sa tuairim ná seasamh réasúnaithe thromlach na gcomhaltaí. Déanfar an seasamh (na seasaimh) réasúnaithe mionlaigh a thaifeadadh freisin. Beidh feidhm ag Airteagal 16(3) agus (4) dá réir sin. Maidir leis na comhaltaí a ionadaíonn do na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac, beidh cead acu tuairimí a chur in iúl maidir le saincheisteanna ar ina leith nach bhfuil cead acu vótáil.

7.   Déanfaidh gach Ballstát agus gach tír atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac gníomhaíochtaí na nGrúpaí Comhairleacha a éascú.

8.   Maidir leis an gcathaoirleacht ar na Grúpaí Comhairleacha, beidh feidhm ag Airteagal 14 mutatis mutandis.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 20

An Fhoireann

1.   Maidir leis na Rialacháin Foirne agus na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais chun na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le foireann na Gníomhaireachta agus maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.   Chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme, measfar an Ghníomhaireacht mar ghníomhaireacht de réir bhrí Airteagal 1a(2) de Rialacháin Foirne Oifigeach.

3.   Maidir leis na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigeach agus don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích de bharr na gCoinníollacha Fostaíochta, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a fheidhmiú i leith a foirne féin.

4.   Is iad a bheidh i bhfoireann na Gníomhaireachta oifigigh, foireann shealadach nó foireann ar conradh. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta a thoiliú ar bhonn bliantúil i gcás ina dtiocfadh na conarthaí, a mbeadh sé beartaithe ina leith ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin iad a athnuachan, chun bheith ina gconarthaí a ngabhann tréimhse éiginnte leo de bhun na gCoinníollacha Fostaíochta.

5.   Ní earcóidh an Ghníomhaireacht foireann eatramhach chun dualgais airgeadais a mheastar a bheith íogair a chomhlíonadh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit oifigigh nó saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht ar bhonn sealadach. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme is gá chun na críche sin, agus an plean beartais foirne ilbhliantúil á chur san áireamh aige.

7.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigeach, cuirfidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí sicréideachta gairmiúla nó dualgais rúndachta coibhéiseacha eile i bhfeidhm.

8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme riachtanacha a ghlacadh, ar bearta iad dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigeach.

Airteagal 21

Leas an phobail

Gabhfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí na nGrúpaí Comhairleacha orthu féin gníomhú ar mhaithe leas an phobail. Chuige sin, déanfaidh siad ráiteas bliantúil poiblí tiomantais i scríbhinn a eisiúint.

Déanfar liosta de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú ar láithreán Idirlín na Gníomhaireachta.

Airteagal 22

An Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú agus Comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus chúltaca

Leagfar síos na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sna Ballstáit aíochta agus maidir leis na saoráidí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit sin chomh maith leis na rialacha sonracha is infheidhme sna Ballstáit aíochta don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta, d’fhoireann na Gníomhaireachta agus do dhaoine dá dteaghlaigh i gComhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gComhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus chúltaca, ar comhaontuithe iad é arna chur i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit aíochta tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

Airteagal 23

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 24

Dliteanas

1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, slánóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a seirbhísigh ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh le haghaidh an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Rialófar dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta leis na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne.

Airteagal 25

Córas Teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (30) i leith na Gníomhaireachta.

2.   Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 CFAE, déanfar an clár oibre bliantúil agus an tuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(1)(j) agus (k) a tháirgeadh i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

3.   Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Airteagal 26

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an 1 Nollaig 2012, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.   D’fhéadfadh sé go dtabharfaí le cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 taisc gearáin chuig an Ombudsman nó go mbeadh na cinntí sin ina gcuid de chaingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.

Airteagal 27

Faisnéis agus cumarsáid

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid i gcomhréir leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF agus ar a tionscnamh féin sna réimsí faoi chuimsiú na gcúraimí atá aici. Áiritheoidh sí, go háirithe, go ndéanfar eolas faoina cuid oibre atá oibiachtúil, iontaofa agus sothuigthe a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar go tapa, agus sin de bhreis ar an bhfoilseachán a shonraítear in Airteagal 12(1)(j), (k), (w) agus (y), agus Airteagal 33(8).

2.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos na socruithe praiticiúla chun mír 1 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 28

Cosaint sonraí

1.   Gan dochar do na forálacha maidir le cosaint sonraí atá leagtha síos sna hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF, beidh an fhaisnéis arna próiseáil ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.   Cinnfidh an Bord Bainistíochta bearta a úsáidfidh an Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, agus go háirithe Roinn 8 maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí.

Airteagal 29

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm na prionsabail slándála a leagtar síos i gCinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena leasaítear a Rialacha Nós imeachta inmheánacha (31), lena n-áirítear, inter alia, na forálacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, agus bearta maidir le slándáil fhisiciúil.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála a bhaineann le faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil i bhfeidhm freisin, mar atá siad glactha agus curtha chun feidhme ag an gCoimisiún.

3.   De bhun Airteagal 2 agus Airteagal 12(1)(p), déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le struchtúr inmheánach na Gníomhaireachta is struchtúr a bheidh riachtanach chun na prionsabail slándála iomchuí a chomhlíonadh.

Airteagal 30

Slándáil na Gníomhaireachta

1.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as an tslándáil agus ord a choimeád laistigh de na foirgnimh, na háitribh agus an talamh atá in úsáid aici. Déanfaidh an Ghníomhaireacht prionsabail slándála agus forálacha ábhartha na n-ionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF a chur i bhfeidhm.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aíochta gach beart éifeachtach agus leordhóthanach chun ord agus slándáil a choimeád i ngarchomharsanacht na bhfoirgneamh, na n-áitreabh agus na talún atá in úsáid ag an nGníomhaireacht agus déanfaidh siad an chosaint iomchuí a sholáthar don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an gCeanncheathrú ábhartha i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gcomhréir leis na Comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus chúltaca, agus saor-rochtain ar na foirgnimh sin, ar na háitribh sin agus ar an talamh sin á ráthú do dhaoine arna n-údarú ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 31

Meastóireacht

1.   Laistigh de thrí bliana ón 1 Nollaig 2012, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhairle leis an mBord Bainistíochta, meastóireacht ar ghníomhaíocht na Gníomhaireachta. Leis an meastóireacht, scrúdófar an chaoi ina gcuireann agus an méid a chuireann an Ghníomhaireacht go héifeachtach le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus an chaoi ina bhfuil agus an méid a chomhlíonann sí na cúraimí atá uirthi, ar curaimí iad atá leagtha síos sa Rialachán seo. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú freisin ar ról na Gníomhaireachta i gcomhtheács straitéis Aontais ar straitéis í a bhfuil sé d’aidhm aici timpeallacht TF a chruthú, ar leibhéal Aontais, ar timpeallacht í atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhchuibhithe agus ar straitéis í atá le bunú sna blianta amach anseo.

2.   Ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, moltaí a eisiúint maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, agus is ar mhaithe leis an Rialachán a chur in oiriúint tuilleadh leis an straitéis Aontais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanfar an méid seo freisin. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar aghaidh, i dteannta na tuairime ón mBord Bainistíochta agus na dtograí iomchuí chomh maith, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 32

An Buiséad

1.   Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta, gan dochar do chineálacha eile ioncaim:

(a)

fóirdheontas ón Aontas, arna iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)

ranníocaíocht ó na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac;

(c)

aon ranníocaíocht airgeadais ó na Ballstáit.

2.   Cuimseoidh caiteachas na Gníomhaireachta, inter alia, luach saothair na foirne, costais riaracháin agus bonneagair, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le conarthaí nó le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht. Gach bliain déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus na gníomhaíochtaí a chuireann an Ghníomhaireacht i gcrích á gcur san áireamh, dréachtráiteas meastachán a tharraingt suas i leith ioncam agus chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, chomh maith leis an bplean bunaíochta, agus é a tharchur chuig an mBord Bainistíochta.

3.   Beidh ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta ar comhardú.

4.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn dréachta arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtráiteas meastachán i leith ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.

5.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtráiteas ar mheastachán ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta agus na treoirlínte ginearálta atá mar bhonn leis an meastachán sin a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac faoin 10 Feabhra gach bliain agus ráiteas deiridh maidir le meastacháin faoin 31 Márta gach bliain.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh an Bord Bainistíochta na nithe seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin agus an údaráis bhuiséadaigh:

(a)

a dhréachtchlár oibre bliantúil;

(b)

an Plean Beartais Foirne ilbhliantúil nuashonraithe, arna chinneadh i gcomhréir leis na treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún;

(c)

faisnéis faoi líon na n-oifigeach, na ndaoine den fhoireann sealadach agus na ndaoine den fhoireann ar conradh mar atá sainmhínithe sna Rialacháin Foirne i gcomhair na mblianta n-1 agus n chomh maith le meastachán i gcomhair na bliana n+1;

(d)

faisnéis faoi ranníocaíochtaí comhchineáil arna ndeonú ag na Ballstáit aíochta ar an nGníomhaireacht;

(e)

meastachán ar chomhardú an chuntais toraidh don bhliain n-1.

7.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas meastachán ar aghaidh chuig an údarás buiséid mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

8.   Ar bhonn an ráitis meastachán, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta a iontráil i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

9.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí i gcomhair an fhóirdheontais a thugtar don Ghníomhaireacht. Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

10.   Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Tiocfaidh an buiséad chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

11.   Maidir le haon athrú ar an mbuiséad, lena n-áirítear an plean bunaíochta, déanfar é de réir an nós imeachta céanna.

12.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta, a luaithe agus is féidir, fógra don údarás buiséadach faoina intinn aon tionscadal a d’fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige, maidir leis an mbuiséad a mhaoiniú, a chur chun feidhme, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin chomh maith leis na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac. Má tá sé i gceist ag ceachtar den dá bhrainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, laistigh de choicís tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, tabharfaidh sé fógra don Bhord Bainistíochta go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a thabhairt. In éagmais freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe.

Airteagal 33

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le toradh na nósanna imeachta meastóireachta ar aghaidh chuig an údarás buiséadach ar bhonn bliantúil.

3.   Seolfaidh Oifigeach Cuntasaíochta na Gníomhaireachta cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, chomh maith leis an tuarascáil maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais i rith na bliana, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta den bhliain dár gcionn. Comhdhlúthóidh Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí, agus na gcomhlachtaí díláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

4.   Cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais chuig an údarás buiséadach, faoin 31 Márta den bhliain dár gcionn.

5.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 129 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig an Bord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

6.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

7.   Faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig an údarás buiséadach, chuig Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac chomh maith.

8.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

10.   Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis is gá le haghaidh chur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta urscaoilte i gcomhair na bliana airgeadais i dtrácht, mar atá leagtha síos in Airteagal 146(3) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, a thíolacadh.

11.   Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain n+2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair bliana n.

Airteagal 34

Rialacha airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Ní imeoidh siad ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 mura bhfuil gá sonrach leis an imeacht sin le haghaidh oibriú na Gníomhaireachta agus mura bhfuil réamhthoiliú faighte ón gCoimisiún.

Airteagal 35

Calaois a chomhrac

1.   Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idir-Institiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

3.   Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 36

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus oibriú tosaigh na Gníomhaireachta go dtí go mbeidh cumas oibríochtúil aici a buiséad féin a chur chun feidhme.

2.   Chuige sin, go dtí go rachaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis don Bhord Bainistíochta é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 18, féadfaidh an Coimisiún líon teoranta oifigeach a shannadh lena n-áirítear duine amháin chun feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh, ar bhonn eatramhach. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach a shannadh go dtí go dtionólfar an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 13(2), agus sa chás sin amháin.

Mura gcomhlíonfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar an gCoimisiún Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach nua a shannadh.

3.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach gach íocaíocht a údarú a chumhdaítear sna creidmheasanna dá bhforáiltear i mbuiséad na Gníomhaireachta, tar éis don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis ghlacadh phlean bunaíochta na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Bord Bainistíochta srianta a fhorchur ar chumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin eatramhaigh, i gcás ina bhfuil údar maith leis na srianta sin.

Airteagal 37

Rannpháirtíocht ag tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac

Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, déanfar socruithe chun inter alia, cineál, agus méid rannpháirtíocht na dtíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, maidir leis an bhfoireann agus le cearta vótála a shonrú, agus déanfar socruithe chun na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin a shonrú freisin.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun a cuid freagrachtaí atá leagtha amach in Airteagal 3 go hAirteagal 9 ón 1 Nollaig 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 25 Deireadh Fómhair 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2011.

(2)  IO L 381, 28.12.2006, lch. 4.

(3)  IO L 205, 7.8.2007, lch. 63.

(4)  IO L 213, 15.6.2004, lch. 5.

(5)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(6)  IO L 316, 15.12.2000, lch. 1.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 maidir le “Eurodac” a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur chun feidhme (IO L 62, 5.3.2002, lch. 1).

(8)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(9)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 129.

(10)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

(11)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(12)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(14)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(15)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(16)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(17)  IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.

(18)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(19)  IO L 333, 17.12.2010, lch. 58.

(20)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(21)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(22)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(23)  IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.

(24)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(25)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(26)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.

(27)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(28)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(29)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 39.

(30)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.

(31)  IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.


Top