EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0391

Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

IO L 131, 28.5.2009, p. 11–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 26/07/2019

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/391/oj

28.5.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/11


RIALACHÁN (CE) Uimh. 391/2009 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2009

maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge

(Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 80(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh arna fhormheas ag an gCoiste Idir-réitigh an 3 Feabhra 2009 (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 94/57/CE ón gComhairle an 22 Samhain 1994 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (4) a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuiltear chun tuilleadh leasuithe a dhéanamh, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

I bhfianaise chineál fhorálacha Threoir 94/57/CE, dealraíonn sé gurb iomchuí forálacha na Treorach sin a athmhúnlú in dhá ionstraim dhlíthiúla éagsúla Comhphobail, eadhon Treoir agus Rialachán.

(3)

Ba cheart go mbeadh ar chumas eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge a gcuid seirbhísí a thairiscint ar fud an Chomhphobail agus dul san iomaíocht lena chéile agus leibhéil chomhionanna cosanta sábháilteachta agus cosanta comhshaoil á soláthar acu. Dá bhrí sin, ba cheart na caighdeáin ghairmiúla atá riachtanach dá ngníomhaíochtaí a bhunú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Chomhphobail.

(4)

Ba cheart an cuspóir sin a shaothrú trí bhearta a thagann go leordhóthanach le hobair na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus, i gcás inar iomchuí, trí bhearta lena gcuirtear leis an obair sin agus lena gcomhlánaítear í. De bhreis air sin, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit agus an Coimisiún forbairt cóid idirnáisiúnta ag an IMO d'eagraíochtaí aitheanta a chur chun cinn.

(5)

Ba cheart critéir íosta chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí a leagan síos d'fhonn sábháilteacht long a fheabhsú agus d'fhonn truailliú ó longa a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir íosta a leagtar síos i dTreoir 94/57/CE a neartú.

(6)

Chun aitheantas tosaigh a dheonú do na heagraíochtaí ar mian leo go n-údarófaí dóibh obair a dhéanamh thar ceann na mBallstát, d'fhéadfadh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit a mbeidh an t-aitheantas á iarraidh acu, measúnú a dhéanamh, ar shlí níos éifeachtaí, ar chomhlíonadh na gcritéar íosta a leagtar síos sa Rialachán seo trí leas a bhaint as modh comhchuibhithe agus lárnaithe.

(7)

Níor cheart aitheantas a dheonú ach amháin ar bhonn fheidhmiúlacht cháilíochta agus sábháilteachta na heagraíochta. Ba cheart a áirithiú go bhfuil raon feidhme an aitheantais sin ag teacht i gcónaí le cumas iarbhír na heagraíochta lena mbaineann. De bhreis air sin, ba cheart go gcuirfeadh an t-aitheantas san áireamh na difríochtaí maidir le stádas dlíthiúil agus struchtúr corparáideach eagraíochtaí aitheanta agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcritéar íosta a leagtar síos sa Rialachán seo agus éifeachtacht na rialuithe Comhphobail á n-áirithiú go leanúnach. Gan féachaint don struchtúr corparáideach, ba cheart don eagraíocht atá le haitheantas a fháil seirbhísí a sholáthar ar fud an domhain agus ba cheart go mbeadh a heintitis dhlíthiúla faoi réir dliteanais dhomhanda i gcomhpháirt agus go leithleach.

(8)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (5).

(9)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a leasú chun aon leasuithe iardain ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, ar na prótacail, ar na cóid agus ar na rúin a bhaineann leis a ionchorprú, na critéir íosta atá in Iarscríbhinn I a uasdátú agus na critéir a ghlacadh chun éifeachtacht na rialacha agus na nósanna imeachta a thomhas chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta a thomhas maidir le sábháilteacht a long aicmithe agus maidir le truailliú óna longa aicmithe a chosc. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(10)

Tá sé ríthábhachtach gur féidir dul i ngleic, ar bhealach pras, éifeachtach agus comhréireach, le mainneachtain ag eagraíocht aitheanta a hoibleagáidí a chomhlíonadh. Ba cheart gurbh é an bunchuspóir a bheadh ann ná aon easnaimh a cheartú d'fhonn deireadh a chur, ag céim luath, le haon bhagairt ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol. Ba cheart, dá bhrí sin, na cumhachtaí is gá a thabhairt don Choimisiún chun a cheangal go dtabharfaidh an eagraíocht aitheanta faoin ngníomh coisctheach agus feabhais is gá, agus chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar bhearta comhéigeantacha. I bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin dó, ba cheart don Choimisiún déanamh amhlaidh ar shlí ina gcomhlíontar cearta bunúsacha agus ba cheart dó a áirithiú gur féidir leis an eagraíocht a cuid tuairimí a chur in iúl i rith an nós imeachta ar fad.

(11)

I gcomhréir leis an gcur chuige uile-Chomhphobail, maidir leis an gcinneadh chun aitheantas a tharraingt siar ó eagraíocht a mhainníonn na hoibleagaidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh má tharlaíonn nach bhfuil na bearta thuasluaite éifeachtach nó más ionann an eagraíocht, ar shlí eile, agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, ní mór é a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail agus, dá bhrí sin, ní mór gurb é an Coimisiún a ghlacfaidh é, ar bhonn nós imeachta coiste.

(12)

Maidir leis an bhfaireachán leanúnach a posteriori ar na heagraíochtaí aitheanta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo acu, is féidir é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtaí trí leas a bhaint as modh comhchuibhithe agus lárnaithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, go gcuirfí an cúram seo ar an gCoimisiún, agus ar an mBallstát a bhfuil an t-aitheantas á iarraidh aige, thar ceann an Chomhphobail.

(13)

Mar chuid den fhaireachán ar oibríochtaí eagraíochtaí aitheanta, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh rochtain ag cigirí an Choimisiúin ar longa agus ar chomhaid loinge, gan féachaint do bhratach na loinge, chun a fhionnadh an bhfuil na critéir íosta a leagtar síos sa Rialachán seo, i leith na long go léir ina n-aicmí faoi seach, á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta.

(14)

Tá cumas eagraíochtaí aitheanta maidir le laigí ina rialacha, ina bpróisis agus ina rialuithe inmheánacha a shainaithint go mear agus a cheartú thar a bheith tábhachtach do shábháilteacht na long a ndéanann na heagraíochtaí cigireacht agus deimhniúchán ina leith. Ba cheart an cumas sin a fheabhsú trí Eintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta, ar eintiteas é ar cheart dó a bheith neamhspleách ar aon leasanna tráchtála nó polaitiúla agus ar féidir leis comhghníomhaíocht a mholadh maidir le feabhsú marthanach gach eagraíochta aitheanta agus comhoibriú torthúil leis an gCoimisiún a áirithiú.

(15)

Is príomhfhachtóir iad rialacha agus nósanna imeachta eagraíochtaí aitheanta chun sábháilteacht a mhéadú agus chun tionóiscí agus truailliú a chosc. Chuir na heagraíochtaí aitheanta tús le próiseas ar cheart comhchuibhiú a rialacha agus a nósanna imeachta a bheith mar thoradh air. Ba cheart an próiseas sin a spreagadh, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt ina leith, trí reachtaíocht Chomhphobail, toisc gur cheart go mbeadh tionchar dearfach aige ar shábháilteacht mhuirí agus ar iomaíochas thionscal longthógála na hEorpa chomh maith.

(16)

Is próiseas leanúnach é comhchuibhiú rialacha eagraíochtaí aitheanta maidir le dearadh, tógáil agus suirbhéireacht thréimhsiúil long ceannaíochta. Dá bhrí sin, maidir leis an oibleagáid go mbeadh sraith rialacha dílse ann, nó go mbeifí in ann an cumas chuige sin a léiriú, ba cheart breathnú uirthi i gcomhthéacs phróiseas an chomhchuibhithe agus níor cheart gurbh ionann í agus constaic ar ghníomhaíochtaí eagraíochtaí aitheanta nó ar iarrthóirí ionchasacha ar aitheantas.

(17)

Ba cheart go mbeadh sé d'oibleagáid ar eagraíochtaí aitheanta a gcaighdeáin theicniúla a uasdátú agus iad a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach chun na rialacha sábháilteachta a chomhchuibhiú agus chun a áirithiú go gcuirfear rialacha idirnáisiúnta chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den Chomhphobal. I gcás caighdeáin theicniúla eagraíochtaí aitheanta a bheith comhionann lena chéile nó an-chosúil lena chéile, ba cheart breithniú a dhéanamh, i gcásanna iomchuí, i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna, agus na caighdeáin is doichte agus is déine á nglacadh mar shlat tomhais.

(18)

Cé gur cheart do gach eagraíocht aitheanta a bheith freagrach, i bprionsabal, go leithleach agus go heisiach i ndáil leis na páirteanna a dheimhníonn sí, leanfaidh dliteanas eagraíochtaí aitheanta agus monaróirí na coinníollacha comhaontaithe nó, de réir mar a bheidh, an dlí is infheidhme i ngach cás aonair.

(19)

Ós rud é, maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise idir páirtithe leasmhara, chomh maith le ceart an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis, gur uirlisí bunúsacha iad chun tionóiscí ar muir a chosc, ba cheart d'eagraíochtaí aitheanta an fhaisnéis reachtúil ábhartha uile a bhaineann le staid na long ina n-aicme a sholáthar d'údaráis rialaithe Stáit ar chalafoirt agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.

(20)

Chun cosc a chur ar athrú aicme ag longa chun an obair deisiúcháin atá riachtanach a sheachaint, ba cheart d'eagraíochtaí aitheanta an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le staid long a athraíonn aicme a mhalartú eatarthu féin agus ba cheart dóibh aird an Bhratstáit a tharraingt ar an ábhar nuair is gá.

(21)

Níor cheart go gcuirfeadh cosaint do chearta maoine intleachtúla geallsealbhóiri muirí, lena n-áirítear longchlóis, soláthraithe trealaimh agus úinéirí loinge, isteach ar ghnáth-idirbhearta gnó ná ar sheirbhísí a bhfuil comhaontú conarthach déanta ina leith idir na páirtithe sin.

(22)

Ba cheart go soláthródh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) an tacaíocht is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon bearta a bhunú a bheidh le leanúint ag eagraíochtaí a gcuirtear de chúram orthu cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniúchán a dhéanamh i leith long atá ag oibriú sa Chomhphobal, agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(24)

Tá na bearta a bheidh le leanúint ag na Ballstáit ina gcaidreamh leis na heagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge leagtha síos i dTreoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus maidir le gníomhaíochtaí ábhartha lucht riaracháin muirí (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo na bearta a bheidh le leanúint ag eagraíochtaí a gcuirtear de chúram orthu cigireacht, suirbhéireacht agus deimhniúchán a dhéanamh i leith long i ndáil le comhlíonadh na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht ar muir agus maidir le truailliú muirí a chosc, agus an cuspóir saoirse a bheith ann chun seirbhísí a sholáthar á chur chun cinn san am céanna. Áirítear leis sin forbairt agus cur chun feidhme na gceanglas sábháilteachta do chabhail, d'innealra, agus do shuiteálacha leictreacha agus rialaithe long a thagann faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘long’ long a thagann faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta;

(b)

ciallaíonn ‘coinbhinsiúin idirnáisiúnta’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir an 1 Samhain 1974 (SOLAS 74) cé is moite de chaibidil XI-2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte an 5 Aibreán 1966 agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta chun Truailliú ó Longa a Chosc an 2 Samhain 1973 (MARPOL), mar aon leis na prótacail a ghabhann leo agus na leasuithe a rinneadh orthu, agus na cóid ghaolmhara a bhfuil stádas éigeantach acu i ngach Ballstát, ina leagan cothrom le dáta;

(c)

ciallaíonn ‘eagraíocht’ eintiteas dlíthiúil, a fhochuideachtaí agus aon eintitis eile faoina rialú, a dhéanann cúraimí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chomhall i gcomhpháirt nó go leithleach;

(d)

ciallaíonn ‘rialú’ chun críche phointe (c), cearta, conarthaí nó aon bhealach eile, de jure nó de facto, ar nithe iad, go leithleach nó i dteannta a chéile, a thugann deis chun tionchar cinntitheach a imirt ar eintiteas dlíthiúil nó a chumasaíonn don eintiteas sin cúraimí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chomhall;

(e)

ciallaíonn ‘eagraíocht aitheanta’ eagraíocht a aithnítear i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f)

ciallaíonn ‘údarú’ gníomh trína ndeonaíonn Ballstát údarú d'eagraíocht aitheanta nó trína dtarmligeann Ballstát cumhachtaí chuig eagraíocht aitheanta;

(g)

ciallaíonn ‘deimhniú reachtúil’ deimhniú arna eisiúint ag Bratstát nó thar a cheann i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta;

(h)

ciallaíonn ‘rialacha agus nósanna imeachta’ ceanglais eagraíochta aitheanta maidir le dearadh, tógáil, trealamh, cothabháil agus suirbhéireacht long;

(i)

ciallaíonn ‘deimhniú aicme’ doiciméad arna eisiúint ag eagraíocht aitheanta agus lena ndeimhnítear inniúlacht loinge maidir le húsáid ar leith nó maidir le seirbhís ar leith i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta arna leagan síos agus arna bpoibliú ag an eagraíocht aitheanta sin;

(j)

ciallaíonn ‘suíomh’ an áit ina bhfuil oifig chláraithe, riarachán lárnach nó príomháit ghnó eagraíochta suite.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh Ballstáit ar mian leo údarú a dheonú d'aon eagraíocht nach bhfuil aitheanta fós, iarraidh ar aitheantas a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le faisnéis iomlán faoi na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheith arna gcomhlíonadh ag an eagraíocht, agus fianaise ar an méid sin, agus faoin gceanglas atá ann forálacha Airteagal 8(4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chomhlíonadh agus faoina gealltanas go gcomhlíonfaidh sí na forálacha sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus na Ballstáit faoi seach a mbeidh an iarraidh á cur isteach acu, measúnuithe ar na heagraíochtaí a bhfuarthas an iarraidh ar aitheantas ina leith chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí agus go ngeallann siad go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais sin.

3.   I gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), diúltóidh an Coimisiún aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí a mhainníonn na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh nó a meastar ina leith, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 14, gurb ionann a bhfeidhmiúlacht agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol.

Airteagal 4

1.   Deonóidh an Coimisiún aitheantas i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2.   Ní dheonófar aitheantas ach amháin d'eagraíochtaí a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Deonófar aitheantas don eintiteas dlíthiúil ábhartha arb é máthaireintiteas na n-eintiteas dlíthiúil uile san eagraíocht aitheanta é. Cumhdóidh an t-aitheantas gach eintiteas dlíthiúil a rannchuideoidh lena áirithiú go gcuirfidh an eagraíocht sin cumhdach ar fáil dá sheirbhísí ar fud an domhain.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), an t-aitheantas a theorannú i ndáil le cineálacha áirithe long, longa de mhéid áirithe, trádálacha áirithe, nó teaglaim díobh sin, i gcomhréir le hinniúlacht chruthaithe agus le saineolas cruthaithe na heagraíochta lena mbaineann. I gcás den sórt sin, sonróidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an teorannú agus na coinníollacha ar fúthu a chuirfear deireadh leis an teorannú nó is féidir an teorannú a leathnú. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an teorannú tráth ar bith.

5.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na heagraíochtaí a aithnítear i gcomhréir leis an Airteagal seo a tharraingt suas agus a uasdátú go rialta. Foilseofar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur mhainnigh eagraíocht aitheanta na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, nó go bhfuil feidhmiúlacht sábháilteachta agus feidhmiúlacht coiscthe truaillithe eagraíochta aitheanta imithe in olcas go suntasach, ach nach ionann é sin, áfach, agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, éileoidh an Coimisiún ar an eagraíocht aitheanta lena mbaineann tabhairt faoin ngníomh coisctheach agus feabhais is gá laistigh de sprioc-amanna a shonrófar lena áirithiú go bhfuil na critéir íosta agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh ina n-iomláine agus, go háirithe, go gcuirfear deireadh le haon bhagairt ionchasach ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, nó go ndéileálfar ar shlí eile leis na cúiseanna atá leis an bhfeidhmiúlacht a bheith ag dul in olcas.

Féadfar bearta eatramhacha cosanta a áireamh sa ghníomh coisctheach agus feabhais nuair is bagairt láithreach í an bhagairt ionchasach ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol.

Ach, maidir leis na bearta a bheartaíonn an Coimisiún a ghlacadh, agus gan dochar do chur chun feidhme láithreach na mbeart sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra roimh ré faoi na bearta sin do na Ballstáit uile a dheonaigh údarú don eagraíocht aitheanta lena mbaineann.

Airteagal 6

1.   De bhreis ar na bearta a ghlacfar faoi Airteagal 5, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12(2), fíneálacha a fhorchur ar eagraíocht aitheanta ar eagraíocht í:

(a)

mar gheall ar a mainneachtain thromhchúiseach nó a mainneachtain arís agus arís eile i leith na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoi Airteagal 8(4), Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 a chomhlíonadh

mar gheall ar a feidhmiúlacht atá ag dul in olcas a nochtar ina leith go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann ina struchtúr, ina córais, ina nósanna imeachta nó ina rialuithe inmheánacha; nó

(b)

a thug faisnéis mhíchruinn, faisnéis neamhiomlán nó faisnéis mhíthreorach d'aon turas don Choimisiún i gcúrsa a mheasúnaithe de bhun Airteagal 8(1) nó a chuir bac ar shlí eile ar an measúnú sin.

2.   Gan dochar do mhír 1, i gcás ina mainníonn eagraíocht aitheanta tabhairt faoin ngníomh coisctheach agus feabhais a éilíonn an Coimisiún, nó i gcás ina ndéanann sí moilleanna gan údar, féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar an eagraíocht sin go dtí go ndéantar an gníomh is gá a chur i gcrích go hiomlán.

3.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 athchomhairleach agus comhréireach le tromchúis an cháis agus le hinniúlacht eacnamaíoch na heagraíochta aitheanta lena mbaineann, á chur san áireamh, go háirithe, cé chomh mór atáthar tar éis sábháilteacht nó cosaint an chomhshaoil a chur i mbaol.

Ní fhorchuirfear iad ach amháin tar éis deis a thabhairt don eagraíocht aitheanta agus do na Ballstáit lena mbaineann a mbarúlacha a thíolacadh.

Ní rachaidh méid comhiomlán na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirfear thar 5 % de mheánláimhdeachas iomlán na heagraíochta aitheanta sna trí bliana gnó roimhe sin as na gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

4.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ina mbeidh fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil socraithe ag an gCoimisiún. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirfear a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Coimisiún aitheantas eagraíochta a tharraingt siar:

(a)

i gcás inarb ionann agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol í a mainneachtain thromchúiseach agus a mainneachtain arís agus arís eile na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó a hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

i gcás inarb ionann agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol í a mainneachtain thromchúiseach agus a mainneachtain arís agus arís eile maidir lena feidhmiúlacht sábháilteachta agus maidir lena feidhmiúlacht coiscthe truaillithe;

(c)

i gcás ina gcoisceann sí, nó ina mbacann sí arís agus arís eile, measúnú ag an gCoimisiún;

(d)

i gcás ina mainníonn sí na fíneálacha agus/nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) a íoc; nó

(e)

i gcás ina bhféachann sí le cumhdach airgeadais nó aisíocaíocht a fháil i leith aon fhíneálacha arna bhforchur uirthi de bhun Airteagal 6.

2.   Chun críche phointe (a) agus phointe (b) de mhír 1, déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil, lena n-áirítear:

(a)

torthaí a mheasúnaithe féin ar an eagraíocht aitheanta lena mbaineann de bhun Airteagal 8(1);

(b)

tuarascálacha arna dtíolacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 10 de Threoir 2009/15/CE;

(c)

anailísí ar thaismí a raibh baint ag longa arna n-aicmiú ag na heagraíochtaí aitheanta leo;

(d)

aon atarlú i dtaca leis na heasnaimh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1);

(e)

a mhéid a dhéantar difear don loingeas in aicme na heagraíochta aitheanta; agus

(f)

mí-éifeachtacht na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, tarraingt siar an aitheantais a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus tar éis dó an deis a thabhairt don eagraíocht aitheanta lena mbaineann a barúlacha a thíolacadh.

Airteagal 8

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát a thíolaic an iarraidh ábhartha ar aitheantas, measúnú ar gach eagraíocht aitheanta ar bhonn rialta agus ar a laghad uair sa dá bhliain chun a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh acu. Teorannófar an measúnú do ghníomhaíochtaí sin na n-eagraíochtaí aitheanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Le linn dó na heagraíochtaí aitheanta a roghnú don mheasúnú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fheidhmiúlacht sábháilteachta agus ar fheidhmiúlacht coiscthe truaillithe na heagraíochta aitheanta, ar na taifid ar thaismí agus ar na tuarascálacha arna dtabhairt ar aird ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/15/CE.

3.   Féadfaidh cuairt ar bhrainsí réigiúnacha na n-eagraíochtaí aitheanta a bheith i gceist leis an measúnú, mar aon le cigireacht randamach ar longa, idir longa i seirbhís agus longa atá á dtógáil, chun iniúchadh a dhéanamh ar fheidhmiúlacht na heagraíochta aitheanta. Sa chás seo, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ina bhfuil an brainse réigiúnach suite ar an eolas, i gcás inar iomchuí sin. Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil do na Ballstáit maidir le torthaí an mheasúnaithe.

4.   Ar bhonn bliantúil, déanfaidh gach eagraíocht aitheanta torthaí an athbhreithnithe bainistíochta a dhéanfaidh sí ar a córas cáilíochta a chur ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

Airteagal 9

1.   Áiritheoidh eagraíochtaí aitheanta go mbeidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis is gá chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1). Ní fhéadfar aon chlásail chonarthacha a agairt chun an rochtain sin a shrianadh.

2.   Déanfaidh eagraíochtaí aitheanta, ina gconarthaí le húinéirí nó le hoibreoirí loinge chun deimhnithe reachtúla nó deimhnithe aicme a eisiúint do long, a áirithiú go gcuirfear coinníoll ag gabháil leis an eisiúint sin á rá nach gcuirfidh na páirtithe i gcoinne cigirí an Choimisiúin do dhul ar bord na loinge sin chun críocha Airteagal 8(1).

Airteagal 10

1.   Rachaidh eagraíochtaí aitheanta i gcomhairle lena chéile go tréimhsiúil d'fhonn coibhéis a chothabháil agus d'fhonn a rialacha agus a nósanna imeachta agus cur chun feidhme na rialacha agus na nósanna imeachta sin a chomhchuibhiú. Comhoibreoidh siad lena chéile d'fhonn léirmhíniú comhsheasmhach ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhaint amach, gan dochar do chumhachtaí na mBratstát. Déanfaidh eagraíochtaí aitheanta comhaontú, i gcásanna inar iomchuí sin, maidir leis na coinníollacha teicniúla agus nós imeachta faoina dtabharfaidh siad aitheantas frithpháirteach, ar bhonn caighdeán coibhéiseach, do na deimhnithe aicme d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna, agus na caighdeáin is doichte agus is déine á nglacadh mar shlat tomhais.

I gcás nach féidir, ar chúiseanna tromchúiseacha sábháilteachta, comhaontú a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach, déanfaidh na heagraíochtaí aitheanta na cúiseanna atá leis sin a lua go soiléir.

I gcás ina bhfionnfaidh eagraíocht aitheanta, trí chigireacht nó ar shlí eile, nach gcomhlíonann ábhar, píosa trealaimh nó comhpháirt an deimhniú atá ann ina leith, féadfaidh an eagraíocht sin diúltú údarú a thabhairt chun an t-ábhar sin, an píosa trealaimh sin nó an chomhpháirt sin a chur ar bord. Cuirfidh an eagraíocht aitheanta na heagraíochtaí aitheanta eile ar an eolas faoin méid sin láithreach agus luafar na cúiseanna leis an údarú a dhiúltú.

Chun críocha aicmiúcháin, tabharfaidh eagraíochtaí aitheanta aitheantas do dheimhnithe ar threalamh muirí a bhfuil an stiúirmharc orthu i gcomhréir le Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí (8).

Soláthróidh siad tuarascálacha tréimhsiúla don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le dul chun cinn bunúsach i ndáil le caighdeáin agus maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 17 Meitheamh 2014 ar tuarascáil í a bheidh bunaithe ar staidéar neamhspleách agus a bhainfidh leis an dul chun cinn atá déanta i bpróiseas comhchuibhithe na rialacha agus na nósanna imeachta agus le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe d'ábhair, do threalamh agus do chomhpháirteanna.

3.   Comhoibreoidh na heagraíochtaí aitheanta le lucht riaracháin rialaithe Stáit ar chalafoirt i gcás ina bhfuil long dá n-aicme i gceist, go háirithe chun ceartú easnamh a thuairiscítear nó ceartú neamhréireachtaí eile a éascú.

4.   Déanfaidh na heagraíochtaí aitheanta an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena loingeas aicmithe agus maidir le haistriú, le hathrú, le fionraí agus le tarraingt siar aicme, gan spleáchas don bhratach atá ar foluain ag na longa, a sholáthar do lucht riarachán na mBallstát uile a bhfuil aon cheann de na húdaruithe dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir 2009/15/CE deonaithe acu agus don Choimisiún.

Déanfar faisnéis maidir le haistriú, le hathrú, le fionraí agus le tarraingt siar aicme, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na suirbhéireachtaí uile atá thar téarma, maidir leis na moltaí uile atá thar téarma, maidir leis na staideanna aicme uile atá thar téarma, maidir leis na coinníollacha oibríochta uile nó leis na srianta oibríochta uile arna n-eisiúint i gcoinne a long aicmithe, gan spleáchas don bhratach atá ar foluain acu, a chur ar aghaidh go leictreonach freisin chuig an gcomhbhunachar sonraí cigireachta a úsáideann na Ballstáit chun Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 i ndáil le Rialú Stát an Chalafoirt (9) a chur chun feidhme, agus déanfar amhlaidh an tráth céanna a dtaifeadtar an fhaisnéis sin i gcórais na heagraíochta aitheanta agus, i ngach cás, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis an teagmhais ba chúis leis an oibleagáid chun an fhaisnéis a chur ar aghaidh. Déanfar an fhaisnéis sin, seachas moltaí agus staideanna aicme nach bhfuil thar téarma, a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na n-eagraíochtaí aitheanta seo.

5.   Ní eiseoidh na heagraíochtaí aitheanta deimhnithe reachtúla do long, gan spleáchas dá bratach, ar long í a dí-aicmíodh nó atá ag athrú a haicme ar chúiseanna sábháilteachta, gan deis a thabhairt do lucht riaracháin inniúil an Bhratstáit a thuairim a nochtadh, laistigh d'am réasúnach, i dtaobh an bhfuil cigireacht iomlán riachtanach.

6.   I gcásanna ina ndéantar aicme a aistriú ó eagraíocht aitheanta amháin go ceann eile, déanfaidh an eagraíocht aistritheach, gan aon mhoill mhíchuí, comhad iomlán staire na loinge a sholáthar don eagraíocht fála agus, go háirithe, cuirfidh sí í ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon suirbhéireachtaí atá thar téarma;

(b)

aon mholtaí agus aon staideanna aicme atá thar téarma;

(c)

coinníollacha oibríochta arna n-eisiúint i gcoinne na loinge; agus

(d)

srianta oibríochta arna n-eisiúint i gcoinne na loinge.

Ní féidir leis an eagraíocht fála deimhnithe nua a eisiúint don long ach amháin go dtí go mbeifear tar éis gach suirbhéireacht atá thar téarma a chríochnú go sásúil agus tar éis gach moladh atá thar téarma nó gach staid aicme arna n-eisiúint roimhe sin i ndáil leis an long a chríochnú de réir mar a bheidh sonraithe ag an eagraíocht aistritheach.

Sula n-eiseofar na deimhnithe, ní mór don eagraíocht fála dáta eisiúna na ndeimhnithe a chur in iúl don eagraíocht aistritheach agus daingniú a thabhairt faoin ngníomh a rinneadh, mar aon le daingniú faoin dáta agus faoin áit a ndearnadh an gníomh, chun gach suirbhéireacht, gach moladh agus gach staid aicme atá thar téarma a leigheas.

Bunóidh eagraíochtaí aitheanta ceanglais chomhchoiteanna iomchuí maidir le cásanna aistrithe aicme i gcás ina bhfuil gá le réamhchúraimí speisialta agus cuirfidh siad na ceanglais sin chun feidhme. Cuimseoidh na cásanna sin, ar a laghad, aistriú aicme i gcás long atá 15 bliana d'aois nó níos mó agus aistriú ó eagraíocht neamhaitheanta chuig eagraíocht aitheanta.

Comhoibreoidh eagraíochtaí aitheanta lena chéile chun forálacha na míre seo a chur chun feidhme go cuí.

Airteagal 11

1.   Faoin 17 Meitheamh 2011 déanfaidh eagraíochtaí aitheanta Eintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta neamhspleách a chur ar bun agus a chothabháil i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta is infheidhme, ar eintiteas é ina bhféadfaidh na cumainn ghairmiúla ábhartha atá ag gníomhú sa tionscal loingis a bheith rannpháirteach i gcáil chomhairleach.

2.   Cuirfidh an tEintiteas Measúnuithe agus Deimhnithe Cáilíochta na cúraimí seo a leanas i gcrích:

(a)

measúnú, go minic agus go tráthrialta, ar chórais bhainistíochta cáilíochta eagraíochtaí aitheanta, i gcomhréir le critéir i leith chaighdeán cáilíochta ISO 9001;

(b)

deimhniú ar chórais bhainistíochta cáilíochta eagraíochtaí aitheanta, lena n-áirítear eagraíochtaí ar iarradh aitheantas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3;

(c)

léirmhínithe ar chaighdeáin bhainistíochta cáilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta a eisiúint, go háirithe chun gnéithe sonracha de chineál agus d'oibleagáidí eagraíochtaí aitheanta a chur san áireamh; agus

(d)

moltaí leithleacha agus moltaí comhpháirteacha a ghlacadh chun próisis agus sásraí inmheánacha rialaithe eagraíochtaí aitheanta a fheabhsú.

3.   Beidh an rialachas agus na hinniúlachtaí is gá ag an Eintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta chun gníomhú go neamhspleách ar na heagraíochtaí aitheanta agus beidh na hacmhainní is gá aige chun a dhualgais a chur i gcrích go héifeachtach agus de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde, agus neamhspleáchas na ndaoine a fheidhmíonn na dualgais sin á choimirciú aige. Déanfaidh an tEintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta a mhodhanna oibre agus a rialacha nós imeachta a leagan síos.

4.   Féadfaidh an tEintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta cúnamh a iarraidh ó chomhlachtaí measúnaithe cáilíochta seachtracha eile.

5.   Déanfaidh an tEintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta faisnéis iomlán faoina phlean oibre bliantúil, mar aon le faisnéis iomlán faoina fhionnachtana agus faoina mholtaí, go háirithe faoi theagmhais ina bhféadfadh sé gur cuireadh sábháilteacht i mbaol, a sholáthar do na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Bratstáit agus an Coimisiún.

6.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tréimhsiúil ar an Eintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta.

7.   Tuairisceoidh an Coimisiún do na Ballstáit maidir le torthaí a mheasúnaithe agus maidir leis an méid a eascróidh as a mheasúnú.

Airteagal 12

1.   Tabharfaidh an Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 13

1.   Féadfar an Rialachán seo a leasú, gan a raon feidhme a leathnú, chun na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a uasdátú, agus cinntí ábhartha an IMO, go háirithe, á gcur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

2.   Féadfar leasuithe ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta a shainmhínítear in Airteagal 2(b) den Rialachán seo a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002.

Airteagal 14

1.   Glacfaidh an Coimisiún agus foilseoidh sé:

(a)

na critéir chun éifeachtacht na rialacha agus na nósanna imeachta, chomh maith le feidhmiúlacht na n-eagraíochtaí aitheanta maidir le sábháilteacht a long aicmithe agus maidir le cosc ar thruailliú óna longa aicmithe, a thomhas agus aird ar leith á tabhairt ar na sonraí arna dtabhairt ar aird le Meabhrán Tuisceana Pháras i ndáil le Rialú Stáit ar Chalafoirt agus/nó le scéimeanna comhchosúla eile; agus

(b)

na critéir ar dá réir a chinnfear cén uair is ceart a mheas gurb ionann an fheidhmiúlacht sin agus bagairt neamh-inghlactha ar shábháilteacht nó ar an gcomhshaol, ar critéir iad lena bhféadfar imthosca sonracha a dhéanann difear d'eagraíochtaí beaga nó d'eagraíochtaí atá thar a bheith speisialaithe a chur san áireamh.

Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

2.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh i ndáil le hAirteagal 6 agus, más iomchuí, Airteagal 7, a chur chun feidhme, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 12(4).

3.   Gan dochar do chur i bhfeidhm láithreach na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), rialacha a ghlacadh maidir lena léirmhíniú agus féadfaidh sé breithniú a dhéanamh i dtaobh cuspóirí a bhunú i gcomhair na gcritéar ginearálta íosta dá dtagraítear i bpointe 3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 15

1.   Maidir leis na heagraíochtaí sin a mbeidh aitheantas deonaithe dóibh, i gcomhréir le Treoir 94/57/CE, an tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, coinneoidh siad a n-aitheantas, ach sin faoi réir fhorálacha mhír 2.

2.   Gan dochar d'Airteagal 5 ná d'Airteagal 7, déanfaidh an Coimisiún athscrúdú, faoin 17 Meitheamh 2010, ar gach aitheantas teoranta arna dheonú faoi Threoir 94/57/CE i bhfianaise Airteagal 4(3) den Rialachán seo d'fhonn a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3), cibé acu a dhéanfar teorainneacha eile a chur in ionad na dteorainneacha atá ann nó a chuirfear deireadh leo. Leanfaidh na teorainneacha d'fheidhm a bheith acu go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún.

Airteagal 16

I gcúrsa an mheasúnaithe de bhun Airteagal 8(1), fíoróidh an Coimisiún gurb é sealbhóir an aitheantais an t-eintiteas dlítheanach ábhartha laistigh den eagraíocht a mbeidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir léi. Murab amhlaidh an cás, déanfaidh an Coimisiún cinneadh lena leasófar an t-aitheantas sin.

I gcás ina leasóidh an Coimisiún an t-aitheantas, déanfaidh na Ballstáit a gcomhaontuithe leis an eagraíocht aitheanta a oiriúnú chun an leasú a chur san áireamh.

Airteagal 17

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar bhonn débhliantúil, faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 18

Déanfar tagairtí do Threoir 94/57/CE i ndlí an Chomhphobail agus sa dlí náisiúnta a fhorléiriú, de réir mar is iomchuí, mar thagairtí arna ndéanamh don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NEČAS


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 195.

(2)  IO C 229, 22.9.2006, lch. 38.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2007 (IO C 74 E, 20.3.2008, lch. 632), Comhsheasamh ón gComhairle an 6 Meitheamh 2008 (IO C 190 E, 29.7.2008, lch.1), Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 agus Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 319, 12.12.1994, lch. 20.

(5)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(6)  IO L 208, 5.8.2002, lch. 1.

(7)  Féach lch. 47 den Iris Oifigúil seo.

(8)  IO L 46, 17.2.1997, lch. 25.

(9)  Níor foilsíodh an Treoir seo i nGaeilge. Maidir leis na leaganacha teanga eile féach IO L 131, 21.4.2009, Ich. 57.

(10)  IO L 324, 29.11.2002, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Critéir íosta ar dá réir a gheobhaidh eagraíochtaí aitheantas Comhphobail nó a leanfaidh siad d'aitheantas Comhphobail a theachtadh

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

A.   CRITÉIR GHINEARÁLTA ÍOSTA

1.

Ní mór pearsantacht dhlítheanach a bheith ag eagraíocht aitheanta sa Stát ina bhfuil sí suite. Deimhneoidh iniúchóirí neamhspleácha a cuntais.

2.

Ní mór don eagraíocht aitheanta a bheith in ann a chruthú ar bhonn doiciméad go bhfuil taithí fhairsing aici maidir le measúnú a dhéanamh ar dhearadh agus ar thógáil long ceannaíochta.

3.

Ní mór don eagraíocht aitheanta, gach tráth, líon suntasach daoine a bheith aici ar a foireann bhainistíochta, theicniúil, tacaíochta agus taighde, ar líon é atá comhréireach le méid an loingis ina haicme, le comhdhéanamh na heagraíochta agus le méid a rannpháirtíochta i dtógáil agus in oiriúnú long. Ní mór don eagraíocht aitheanta a bheith in ann an acmhainn agus an fhoireann a shannadh chuig gach áit oibre, nuair is gá agus de réir mar is gá, ar acmhainn agus foireann iad atá comhréireach leis na cúraimí a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir leis na critéir ghinearálta íosta faoi phointe 6 agus faoi phointe 7 agus i gcomhréir leis na critéir shonracha íosta faoi chuid B.

4.

Ní mór don eagraíocht aitheanta a sraith rialacha agus nósanna imeachta cuimsitheacha dílse a bheith aici, agus ní mór di iad a chur i bhfeidhm nó a bheith in ann an cumas chuige sin a léiriú, ar rialacha agus nósanna imeachta iad a bhaineann le dearadh, tógáil agus suirbhéireacht thréimhsiúil long ceannaíochta agus a bhfuil cáilíocht caighdeán a aithnítear go hidirnáisiúnta acu. Ní mór iad a fhoilsiú agus ní mór iad a uasghrádú agus a fheabhsú go leanúnach trí chláir thaighde agus forbartha.

5.

Ní mór don eagraíocht aitheanta a chur faoi deara a clár long a fhoilsiú ar bhonn bliantúil nó a chothabháil i mbunachar sonraí leictreonach a bhfuil rochtain ag an bpobal air.

6.

Maidir leis an eagraíocht aitheanta, ní mór nach bhfuil sí faoi rialú úinéirí loinge ná tógálaithe loinge, ná daoine eile a ghabhann ar bhonn tráchtála do mhonarú, do threalmhú, do dheisiú nó d'oibriú long. Ní bheidh an eagraíocht aitheanta ag brath go mór ar fhiontar tráchtála amháin dá hioncam. Ní dhéanfaidh an eagraíocht aitheanta obair aicmithe nó obair reachtúil más rud é gurb í féin úinéir nó oibreoir na loinge nó go bhfuil naisc ghnó, naisc phearsanta nó naisc theaghlaigh aici le húinéir nó le hoibreoir na loinge. Beidh feidhm ag an bhforáil seo freisin maidir le suirbhéirí a bheidh fostaithe ag an eagraíocht aitheanta.

7.

Ní mór don eagraíocht aitheanta oibriú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún A.789(19) ón IMO i ndáil le sonraíochtaí maidir le feidhmeanna suirbhéireachta agus deimhnithe eagraíochtaí aitheanta a bheidh ag gníomhú thar ceann an lucht riaracháin, a mhéid a chumhdóidh siad ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

B.   CRITÉIR SHONRACHA ÍOSTA

1.

Ní mór don eagraíocht aitheanta cumhdach domhanda a sholáthar trína suirbhéirí eisiacha féin, nó i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, trí shuirbhéirí eisiacha eagraíochtaí aitheanta eile.

2.

Ní mór an eagraíocht aitheanta a bheith á rialú le cód eitice.

3.

Ní mór an eagraíocht aitheanta a bheith á bainistiú agus á riaradh ar shlí ina n-áirithítear rúndacht na faisnéise a éilíonn an lucht riaracháin.

4.

Ní mór don eagraíocht aitheanta faisnéis ábhartha a sholáthar don lucht riaracháin, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara.

5.

Déanfaidh an eagraíocht aitheanta, a suirbhéirí agus a foireann theicniúil a gcuid oibre gan dochar a dhéanamh ar bhealach ar bith do chearta maoine intleachtúla longchlós, soláthraithe trealaimh, agus úinéirí loinge, lena n-áirítear paitinní, ceadúnais, fios gnó nó aon chineál eile eolais a bhfuil cosaint dlí ag a úsáid ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Chomhphobail nó ar an leibhéal náisiúnta; ní fhéadfaidh an eagraíocht aitheanta ná na suirbhéirí ná an fhoireann theicniúil a fhostaíonn sí, in aon imthosca, agus gan dochar do chumhachtaí measúnaithe na mBallstát agus an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 9, aon sonraí atá ábhartha ó thaobh na tráchtála de agus a gheobhaidh siad i gcúrsa a gcuid oibre cigireachta, seiceála agus faireacháin ar longa atá á dtógáil nó á ndeisiú, a scaipeadh nó a nochtadh.

6.

Ní mór do lucht bainistíochta na heagraíochta aitheanta a beartas, a cuspóirí agus a tiomantas i leith na cáilíochta a shainiú, agus doiciméadú a dhéanamh ar na nithe sin, agus ní mór dó a áirithiú go dtuigtear an beartas sin, go gcuirtear chun feidhme é agus go ndéantar cothabháil air ar gach leibhéal san eagraíocht aitheanta. Ní mór tagairt a bheith i mbeartas na heagraíochta aitheanta do spriocanna agus do tháscairí feidhmiúlachta maidir le sábháilteacht agus cosc truaillithe.

7.

Ní mór don eagraíocht aitheanta a áirithiú:

(a)

go mbunaítear agus go gcothabháiltear a rialacha agus a nósanna imeachta ar mhodh córasach;

(b)

go gcomhlíontar a rialacha agus a nósanna imeachta agus go gcuirtear córas inmheánach i bhfeidhm chun cáilíocht na seirbhíse a thomhas i ndáil leis na rialacha sin agus leis na nósanna imeachta sin;

(c)

go bhfuil ceanglais na hoibre reachtúla a údaraítear don eagraíocht aitheanta a dhéanamh á gcomhlíonadh agus go gcuirtear córas inmheánach i bhfeidhm chun cáilíocht na seirbhíse a thomhas i ndáil le comhlíonadh na gcoinbhinsiún idirnáisúnta;

(d)

go sainítear freagrachtaí, cumhachtaí agus idirchaidreamh na foirne a ndéanann a cuid oibre difear do cháilíocht sheirbhísí na heagraíochta aitheanta agus go ndéantar doiciméadú orthu;

(e)

go gcuirtear an obair uile i gcrích faoi dhálaí rialaithe;

(f)

go bhfuil córas maoirseachta i bhfeidhm lena ndéantar faireachán ar na gníomhartha agus ar an obair a dhéanann na suirbhéirí agus an fhoireann theicniúil agus riaracháin atá fostaithe ag an eagraíocht aitheanta;

(g)

go bhfuil eolas fairsing ag na suirbhéirí ar chineál sonrach na loinge a bhfuil a gcuid oibre á déanamh acu uirthi, de réir mar a bheidh sé ábhartha maidir leis an tsuirbhéireacht shonrach atá le déanamh agus maidir leis na ceanglais ábhartha is infheidhme;

(h)

go ndéantar córas a chur chun feidhme maidir le suirbhéirí a cháiliú agus maidir leis an eolas atá acu a uasdátú go leanúnach;

(i)

go gcoinnítear taifid a léiríonn go ndearnadh na caighdeáin riachtanacha a bhaint amach sna míreanna a chumhdaíonn na seirbhísí a thugtar, chomh maith le hoibriú éifeachtach an chórais cáilíochta;

(j)

go ndéantar córas cuimsitheach a chothabháil sna suímh uile maidir le hiniúchtaí inmheánacha ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcáilíocht, ar iniúchtaí iad a phleanáiltear agus a ndéantar doiciméadú orthu;

(k)

maidir leis na suirbhéireachtaí reachtúla agus na cigireachtaí reachtúla a éilítear leis an gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe agus a n-údaraítear don eagraíocht aitheanta iad a dhéanamh, go ndéantar iad i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar amach san Iarscríbhinn agus san Aguisín a ghabhann le Rún A.948(23) ón IMO ar Threoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe;

(l)

go mbunaítear línte soiléire díreacha freagrachta agus rialaithe idir oifigí lárnacha agus oifigí réigiúnacha na heagraíochta aitheanta agus idir na heagraíochtaí aitheanta agus a suirbhéirí.

8.

Ní mór córas cáilíochta inmheánach éifeachtach a bheith forbartha agus curtha chun feidhme ag an eagraíocht aitheanta agus a bheith á chothabháil aici, is córas a bheidh bunaithe ar chodanna iomchuí de na caighdeáin cháilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta agus i gcomhréir le EN ISO/IEC 17020:2004 (comhlachtaí cigireachta) agus le EN ISO 9001:2000 (córais bhainistíochta cáilíochta, ceanglais cháilíochta), arna léiriú agus arna ndeimhniú ag an Eintiteas Measúnaithe agus Deimhnithe Cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(1).

9.

Ní mór rialacha agus nósanna imeachta na heagraíochta aitheanta a chur chun feidhme ar shlí ina bhfágtar go leanann an eagraíocht de bheith in ann dearbhú iontaofa oibiachtúil maidir le sábháilteacht na long lena mbaineann a thabhairt, ar dearbhú é a dhíorthaíonn ón eolas atá aici féin go díreach agus óna breithiúnas féin, trí bhíthin deimhnithe aicme ar féidir deimhnithe reachtúla a eisiúint ar a mbonn.

10.

Ní mór don eagraíocht aitheanta an acmhainn riachtanach a bheith aici chun measúnú a dhéanamh, trí úsáid a bhaint as foireann cháilithe ghairmiúil agus, de bhun na bhforálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún A.913(22) ón IMO i ndáil le Treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistiú Sábháilteachta (ISM) ag lucht riaracháin, ar chur i bhfeidhm agus ar chothabháil an chórais bainistíochta sábháilteachta, ar tír agus ar bord long araon, arb é an córas é a bheartaítear a chumhdach leis an deimhniú.

11.

Ní mór don eagraíocht aitheanta a cheadú d'ionadaithe an lucht riaracháin agus do pháirtithe leasmhara eile lena mbaineann a bheith rannpháirteach i bhforbairt a rialacha agus a nósanna imeachta.


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Treoir 94/57/CE

Treoir 2009/15/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(l)

Airteagal 2(k)

Airteagal 2(j)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1) an chéad abairt

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1) an dara habairt

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(1) an tríú habairt

Airteagal 4(1) an ceathrú habairt

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(2), (3), (4)

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1), (2), (3), (4)

Airteagal 5(1), (2), (3), (4)

Airteagal 6(5)

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 12

Airteagal 8(1) an chéad fhleasc

Airteagal 7(1), pointe (a) den chéad fhomhír

Airteagal 8(1) an dara fleasc

Airteagal 13(1)

Airteagal 8(1) an tríú fleasc

Airteagal 7(1), pointe (b) den chéad fhomhír

Airteagal 7(1) an dara fomhír

Airteagal 13(1) an dara fomhír

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(2) an dara fomhír

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(1) an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 8

Airteagal 10(1)(a), (b), (c), (2), (3), (4)

Airteagal 11(1), (2)

Airteagal 9(1), (2)

Airteagal 11(3), (4)

Airteagal 8(1), (2)

Airteagal 12

Airteagal 10

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 11(1), (2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 12

 

Airteagal 9

Airteagal 15(1)

 

 

 

 

Airteagal 10(1), (2)

Airteagal 15(2)

 

Airteagal 10(3)

Airteagal 15(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 15(4)

 

Airteagal 10(5)

Airteagal 15(5)

 

Airteagal 10(6) an chéad fhomhír, an dara fomhír, an tríú fomhír, an cúigiú fomhír

 

Airteagal 10(6) an ceathrú fomhír

Airteagal 16

Airteagal 13

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 15

 

 

Airteagal 11

 

 

Airteagal 14

 

 

Airteagal 15

 

 

Airteagal 16

 

 

Airteagal 17

 

 

Airteagal 18

 

 

Airteagal 19

Iarscríbhinn

 

Iarscríbhinn I

 

Iarscríbhinn I

 

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II


Top