This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026P01111
Resolution by the Euronest Parliamentary Assembly on the challenging paradigm of interrelated energy systems – towards a more sustainable future in EaP countries, as adopted on 30 October 2025
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le paraidím dhúshlánach na gcóras fuinnimh idirghaolmhar – i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le paraidím dhúshlánach na gcóras fuinnimh idirghaolmhar – i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
IO C, C/2026/1111, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1111/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1111 |
26.2.2026 |
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le paraidím dhúshlánach na gcóras fuinnimh idirghaolmhar – i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
(C/2026/1111)
TÁ TIONÓL PARLAIMINTEACH EURONEST,
|
— |
ag féachaint do Ghníomh Bunaitheach Thionól Parlaiminteach Euronest an 3 Bealtaine 2011 (1), |
|
— |
ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir a tionóladh sa Bhruiséil an 15 Nollaig 2021, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála an 18 Márta 2020 dar teideal Eastern Partnership policy beyond 2020: Reinforcing Resilience – an Eastern Partnership that delivers for all [Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020: Athléimneacht a Threisiú – Comhpháirtíocht Oirthearach a dhéanann beart do chách] (JOIN(2020)0007), |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, arna ghlacadh an 12 Nollaig 2015 agus arna dhaingniú ag an Aontas Eorpach, ar páirtí ann freisin tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640) agus do thograí reachtacha agus gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal: Plean REPowerEU (COM(2022)0230), |
|
— |
ag féachaint do na Comhaontuithe Comhlachais faoi seach idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia (2), an Mholdóiv (3) agus an Úcráin (4), agus go háirithe dá bhforálacha maidir le comhar fuinnimh; |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (5), agus go háirithe dá fhorálacha maidir le comhar fuinnimh; |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (6), agus don chaibidlíocht atá ar siúl maidir le creat-chomhaontú nua; |
|
— |
ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach Fuinnimh idir an tAontas Eorpach in éineacht leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus leis an Úcráin, a síníodh an 24 Samhain 2016, agus don Mheabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach um Bithmheatán, Hidrigin agus Gáis Shintéiseacha eile, a síníodh an 2 Feabhra 2023, |
|
— |
ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh, a bhfuil na trí thír chomhlachaithe – an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia – ina bpáirtithe conarthacha ann agus a bhfuil an Airméin ina breathnóir ann, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (7) (ICFCI – An Eoraip Dhomhanda), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh, (8) |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (9), agus do ghníomhartha ina dhiaidh sin lena mbunaítear cúnamh macrairgeadais do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, |
|
— |
ag féachaint don Chiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+), a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947, agus d’Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta mar a shásra infheistíochta réigiúnaí, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (10), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (11), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 1997 lena mbunaítear an ionstraim um Nascadh agus do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún ina dhiaidh sin lena sainítear an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise (TAIEX) mar uirlisí le haghaidh fothú acmhainneachta institiúidí i dtíortha comhpháirtíochta, |
|
— |
ag féachaint don obair arna déanamh ag Ardán 3 Chomhpháirtíocht an Oirthir maidir le nascacht, éifeachtúlacht fuinnimh, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, agus go háirithe an Painéal Fuinnimh, |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 16 Aibreán 2021 dar teideal Towards energy efficiency, diversification and independence: addressing capacity needs for strengthening European energy policy and countering energy security threats in the Eastern Partnership [I dtreo éifeachtúlacht, éagsúlú agus neamhspleáchas fuinnimh: aghaidh a thabhairt ar riachtanais acmhainneachta chun beartas fuinnimh na hEorpa a neartú agus chun bagairtí slándála fuinnimh i gComhpháirtíocht an Oirthir a chomhrac] (12), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 21 Feabhra 2023 maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glas mar fhreagairt ar na dúshláin slándála fuinnimh atá ann faoi láthair i gComhpháirtíocht an Oirthir i gcomhthéacs chogadh foghach agus fhorghabháil na Rúise (13), |
|
— |
ag féachaint do rún uaithi an 20 Márta 2024 maidir le todhchaí bheartas Chomhpháirtíocht an Oirthir, i ndiaidh chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine: an comhthéacs slándála réigiúnach nua, dúshláin agus deiseanna inmheánacha agus seachtracha (14), |
|
— |
ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe Sprioc 7 maidir le fuinneamh inacmhainne agus glan, ‘chun rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a áirithiú do chách’, agus Sprioc 13 maidir le gníomhú ar son na haeráide, ‘chun gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus a thionchair’; |
|
A. |
de bhrí go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha agus chasta roimh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimse na slándála fuinnimh, go háirithe mar thoradh ar bhagairtí seachtracha, ar éagobhsaíocht réigiúnach agus ar pholaitiú méadaitheach slabhraí soláthair fuinnimh; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil cogadh foghach neamhdhleathach agus gan chúis leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a forghabháil mhíleata leanúnach i dtíortha ceannasacha na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive tar éis an bonn a bhaint go mór ón gcobhsaíocht réigiúnach agus ón tslándáil fuinnimh, rud a d’fhág go bhfuil méadú géar agus leanúnach ar phraghsanna fuinnimh, rud a chuir leis an mbochtaineacht fuinnimh agus a chuir athléimneacht eacnamaíoch an Aontais agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir araon i mbaol; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil ionsaithe córasacha d’aon ghnó na Rúise ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine ina gcúis le scrios forleathan agus damáiste tromchúiseach do bhonneagar giniúna agus tarchurtha na tíre, rud a bhaineann an bonn de chobhsaíocht a córais fuinnimh; de bhrí go bhfuil spriocdhíriú na Rúise ar bhonneagar fuinnimh san Úcráin agus a hionramháil ar sholáthairtí gáis agus ola chuig stáit chomharsanachta ina mbagairt leanúnach ar chobhsaíocht réigiúnach, lena léirítear úsáid fuinnimh mar ionstraim comhéigin agus brú geopholaitiúil; de bhrí go leanann comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, de chúnamh bunriachtanach a chur ar fáil chun tacú leis an Úcráin a bonneagar fuinnimh a dheisiú, a chosaint agus a nuachóiriú; |
|
D. |
de bhrí gur chuir cogadh foghach na Rúise isteach go mór ar thrádáil fuinnimh, ar lóistíocht agus ar shreafaí infheistíochta ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, rud a mhéadaíonn an brú agus a laghdaíonn an spás fioscach don infheistíocht san aistriú glas; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil gá le beartais atógála chomhordaithe idir an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir lena nasctar cuspóirí i réimsí na slándála fuinnimh, an téarnaimh eacnamaíoch agus an fháis inbhuanaithe chun córais fuinnimh a ndearna an Rúis damáiste dóibh nó a dhíchobhsaigh an Rúis a atógáil; |
|
F. |
de bhrí, chun athléimneacht thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i gcoinne comhéigean fuinnimh a neartú, go bhfuil gá ní hamháin le hidirnaisc fhisiceacha leis an Aontas, ach freisin le cóineasú rialála, cosaint na cibearshlándála agus sásraí comhordaithe freagartha ar ghéarchéimeanna; |
|
G. |
de bhrí gur cuireadh isteach go mór ar an soláthar fuinnimh sa Mholdóiv agus san Úcráin mar gheall ar choinbhleachtaí geopholaitiúla agus róspleáchas ar allmhairí aonfhoinse, agus go bhfuil bearta á ndéanamh ag an tSeoirsia agus ag an Airméin chun leochaileachtaí comhchosúla a mhaolú trí éagsúlú agus forbairt bonneagair; |
|
H. |
de bhrí gur comhpháirt bhunúsach den tslándáil náisiúnta í an tslándáil fuinnimh do thíortha an Aontais agus do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach nascacht, giniúint fuinnimh inathnuaite intíre, éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a mhéadú chun slándáil agus athléimneacht fuinnimh a fheabhsú, chomh maith le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus pholaitiúil a chothú sa réigiún; |
|
I. |
de bhrí gur minic a théann bonneagar straitéiseach, amhail línte cumhachta lasnairde 400 kV Isaccea–Vulcănești–MGRES (gléasra cumhachta teirmileictrí na Moldóive) na Moldóive agus tionscadal Chábla Fomhuirí na Mara Duibhe, trí limistéir a bhféadfadh riosca geopholaitiúil agus suaitheadh oibríochtúil a bheith ag baint leo; |
|
J. |
de bhrí nach mór don Aontas agus do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir gealltanas a thabhairt córais fuinnimh athléimneacha a thógáil trí éagsúlú foinsí, uasghráduithe teicneolaíochta agus comhtháthú bonneagair réigiúnaigh atá saincheaptha do chomhthéacsanna náisiúnta; |
|
K. |
de bhrí gur leagadh síos fasach le sioncrónú rathúil chórais leictreachais na hÚcráine agus na Moldóive le ENTSO-E in 2022 maidir le comhtháthú feabhsaithe margaidh a d’fhéadfadh tíortha eile de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a fhiosrú; |
|
L. |
de bhrí go bhfuil infheistíocht i nuachóiriú eangaí, in acmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite agus i gcórais stórála ar fud thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir bunriachtanach chun athléimneacht fuinnimh fhadtéarmach a bhaint amach; de bhrí go gcumasaíonn bonneagar fuinnimh nua-aimseartha agus solúbtha comhtháthú foinsí in-athnuaite inathraitheacha, go laghdaíonn sé an spleáchas ar allmhairí breosla iontaise agus go neartaíonn sé an acmhainneacht freagairt do shuaitheadh soláthair; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hinfheistíocht sna réimsí sin i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht an Oirthir, ina n-éilíonn córais fuinnimh claochlú struchtúrach agus comhar réigiúnach feabhsaithe araon chun inbhuanaitheacht agus slándáil a áirithiú; |
|
M. |
de bhrí go bhfuil méadú breise tagtha ar ról straitéiseach réigiún na Mara Duibhe san iomaíocht gheopholaitiúil d’fhoinsí fuinnimh mar gheall ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; |
|
N. |
de bhrí go dtacaíonn rialtas reatha na Seoirsia le comhar le Rosneft chun ola na Rúise a bheachtú ag scaglann ola Kulevi nuathógtha na Seoirsia; |
|
O. |
de bhrí go rannchuidíonn tionscadail trasteorann amhail Cábla Fomhuirí na Mara Duibhe agus idirnaisc na Moldóive leis an Rómáin le cuspóirí slándála comhroinnte ar fud thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir trí bhealaí soláthair fuinnimh a éagsúlú, rioscaí geopholaitiúla a laghdú agus athléimneacht réigiúnach a neartú trí chomhtháthú feabhsaithe margaidh agus trí thacaíocht fhrithpháirteach fuinnimh; |
|
P. |
de bhrí gur gealltanas coiteann de chuid an Aontais agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir é Comhaontú Pháras a chomhlíonadh; de bhrí gur cheart go mbeadh beartais agus straitéisí fuinnimh an Aontais agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir dírithe ar spleáchas ar ghual, ar ola agus ar ghás a laghdú; |
|
Q. |
de bhrí go bhfuil spleáchas ar allmhairí breosla iontaise fós ina leochaileacht chriticiúil, rud a chuireann i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le héagsúlú soláthair agus le haistriú glas; de bhrí go bhfágann an spleáchas sin tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir gan chosaint ar luaineacht praghsanna, ar bhrúnna geopholaitiúla agus ar shuaitheadh soláthair, rud a lagaíonn an tslándáil fuinnimh agus an chobhsaíocht eacnamaíoch araon; de bhrí gur riachtanais straitéiseacha iad, dá bhrí sin, dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus foinsí soláthair a éagsúlú chun córais fuinnimh níos uathrialaithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil; |
|
R. |
de bhrí go bhfuil comhpháirtíochtaí níos láidre le soláthróirí iontaofa fuinnimh ó réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear i gCugas Theas, bunriachtanach chun éagsúlú fadtéarmach na mbealaí agus na bhfoinsí fuinnimh a áirithiú, go háirithe i bhfianaise iarrachtaí de chuid an Aontais deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar ghás agus ar ola na Rúise; |
|
S. |
de bhrí go bhfuil gá le sásraí freagartha institiúideacha comhordaithe agus creataí dlúthpháirtíochta réigiúnacha chun rioscaí a mhaolú go héifeachtach, athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú agus soláthar fuinnimh gan bhriseadh a áirithiú ar fud thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir mar gheall ar bhréagaisnéis, cibirionsaithe agus bagairtí hibrideacha atá dírithe ar an earnáil fuinnimh, arna ndéanamh ag an Rúis; |
|
T. |
de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag giniúint fuinnimh in-athnuaite intíre mhéadaithe agus ag forbairt réiteach stórála maidir le spleáchas ar fhuinneamh seachtrach a laghdú, cothromaíochtaí fuinnimh náisiúnta a chobhsú agus athléimneacht fhadtéarmach a chothú; |
|
U. |
de bhrí go bhfuil roinnt breoslaí iontaise de thionscnamh na Rúise fós ag dul isteach i margaí an Aontais trí thíortha idirmheánacha, ar minic iad measctha le breoslaí iontaise ó fhoinsí eile nó athlipéadaithe chun a dtionscnamh a cheilt; de bhrí go mbaineann na cleachtais sin an bonn de smachtbhannaí ón Aontas, go gcuireann siad moill ar an aistriú chuig fuinneamh glan agus go gcruthaíonn siad tuiscint bhréagach ar mheascán fuinnimh níos glaise; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, trédhearcacht agus inrianaitheacht i slabhraí soláthair fuinnimh a neartú chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú i dtreo foinsí in-athnuaite fuinnimh fíor agus nach n-úsáidfear é le haghaidh ‘snas glas’ polaitiúil nó tráchtála; |
|
V. |
de bhrí go bhfuil gá le timpeallacht rialála intuartha agus chobhsaí, struchtúir phraghsála thrédhearcacha agus chothroma agus údaráis mhaoirseachta neamhspleácha chun sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí a ráthú chun margaí leictreachais agus gáis feidhmiúla a bhunú; |
|
W. |
de bhrí go bhfuil ról claochlaitheach ag cumhachtú tomhaltóirí agus pobal áitiúil trí thionscnaimh éifeachtúlachta fuinnimh táirgthe fuinnimh dháilte, agus rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh chun aistrithe fuinnimh inbhuanaithe agus cuimsitheacha a bhaint amach; |
|
X. |
de bhrí go n-éilíonn aistriú cóir bearta tacaíochta spriocdhírithe agus coimircí sóisialta lena gcuirtear deireadh leis an mbochtaineacht fuinnimh agus lena gcosnaítear teaghlaigh agus oibrithe leochaileacha ar thionchair dhíréireacha a eascraíonn as athchóirithe struchtúracha in earnáil an fhuinnimh; |
|
Y. |
de bhrí go gcumasaíonn rannpháirtíocht níos láidre in ardáin réigiúnacha de chuid an Aontais idirphlé struchtúrtha beartais, go n-éascaíonn sé tagarmharcáil ar dhul chun cinn náisiúnta agus go gcuireann sé chun cinn aistriú éifeachtach dea-chleachtas i rialachas agus rialáil fuinnimh i measc thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
Z. |
de bhrí go bhfuil athchóirithe ar earnáil an fhuinnimh, a dhéantar d’fhonn ailíniú le acquis an Aontais a bhaint amach, ina gcuid lárnach de rialachas daonlathach a neartú, den smacht reachta a chaomhnú agus d’fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir atá tiomanta do chomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch níos doimhne leis an Aontas Eorpach; |
|
AA. |
de bhrí, i bhfianaise a suímh gheografaigh straitéisigh, go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a róil mar chonairí idirthurais agus mar mhoil fuinnimh do leictreachas, do ghás nádúrtha agus do gháis ísealcharbóin agus in-athnuaite a neartú, agus ar an gcaoi sin slándáil fuinnimh réigiúnach agus Eorpach níos leithne a fheabhsú; |
|
AB. |
de bhrí go gcuireann comhtháthú an digitithe, na dteicneolaíochtaí uathoibrithe agus na gcóras faireacháin fíor-ama feabhas suntasach ar athléimneacht, trédhearcacht oibríochtúil agus éifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras fuinnimh náisiúnta agus réigiúnach; |
|
AC. |
de bhrí gur príomhuirlisí straitéiseacha iad Tionscadail Leasa Choitinn, Tionscadail Leasa Choitinn agus Tionscadail Leasa Fhrithpháirtigh do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, a fheidhmíonn mar cheann feadhna chun bonneagar fuinnimh a fhorbairt, a nuachóiriú agus a dhigitiú agus a rannchuidíonn le comhtháthú na dtíortha sin i margadh fuinnimh na hEorpa i gcoitinne trí nascacht fheabhsaithe, athléimneacht oibríochtúil agus nuálaíocht theicneolaíoch; |
|
AD. |
de bhrí go bhfuil infheistíochtaí spriocdhírithe san oideachas, san fhothú acmhainneachta agus i bhforbairt scileanna gairmiúla d’innealtóirí, do phearsanra teicniúil, do lucht ceaptha beartas agus do bhainisteoirí fuinnimh ríthábhachtach chun an t-aistriú i dtreo geilleagar fuinnimh ísealcharbóin atá forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de a chothú; |
|
AE. |
de bhrí go mbeidh gá le raon acmhainní airgeadais a shlógadh chun aistriú rathúil fuinnimh a mhaoiniú, lena n-áirítear buiséid náisiúnta, deontais ón Aontas agus deontais idirnáisiúnta, iasachtaí lamháltais agus caipiteal príobháideach, mar aon le sásraí comhordúcháin éifeachtacha i measc deontóirí agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta; |
|
AF. |
de bhrí gur féidir le hearnálacha fuinnimh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir tairbhe a bhaint as an tacaíocht eacnamaíoch a sholáthraítear le cláir de chuid an Aontais, amhail IDFCI – an Eoraip Dhomhanda, Interreg NEXT, cúnamh macrairgeadais, CEFI+, Erasmus+, Fís Eorpach agus TAIEX; |
|
1. |
ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear a hionsaithe ar bhonneagar fuinnimh, agus úsáid an fhuinnimh mar arm geopholaitiúil ag réimis fhorlámhacha, go háirithe ag an Rúis; á iarraidh ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir comhordú go dlúth leis an Aontas agus le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn leo chun comhéigean polaitiúil trí shuaitheadh soláthair fuinnimh a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt go héifeachtach dó, agus oibriú le chéile i dtreo ceannasacht fuinnimh laistigh d’Aontas Fuinnimh Eorpach láidir; |
|
2. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt d’athchóiriú bhonneagar fuinnimh na hÚcráine a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dó le fogha leanúnach na Rúise; |
|
3. |
ag tacú le forbairt luathaithe an bhonneagair chriticiúil, lena n-áirítear idirnascairí, líonraí tarchurtha, eangacha cliste agus réitigh stórála, agus á iarraidh go dtabharfadh an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta cúnamh teicniúil agus airgeadais spriocdhírithe chun na tionscadail sin a éascú; |
|
4. |
ag moladh na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Úcráin chun a hathléimneacht fuinnimh a chothú agus a neartú i bhfianaise na n-ionsaithe brúidiúla spriocdhírithe iomadúla atá déanta ag an Rúis ar a bonneagar fuinnimh; |
|
5. |
ag tacú le hiarrachtaí na Moldóive a foinsí fuinnimh agus a hallmhairí fuinnimh a éagsúlú; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tacaíocht mhéadaithe chun éagsúlú a mhaoiniú, allmhairí malartacha a áirithiú agus giniúint fuinnimh intíre na Moldóive a mhéadú; |
|
6. |
á mholadh go leathnófaí, thar an 2.1 GW atá ann faoi láthair, an acmhainneacht tráchtála don trádáil leictreachais idir an tAontas agus an córas idirnasctha idir an Úcráin agus an Mholdóiv, le méadú comhréireach ar leithdháileadh na Moldóive (thart ar 300 MW faoi láthair), chun athléimneacht bhreise a thógáil in earnálacha fuinnimh an dá thír agus chun a leochaileacht i leith brúnna cogaíochta hibrideacha agus bolscaireachta a laghdú; |
|
7. |
ag tacú le nuachóiriú na n-eangach dáileacháin leictreachais, go háirithe leathadh amach na gcóras méadraithe chliste, chun dlús a chur le giniúint dhíláraithe leictreachais, chun rannpháirtíocht tomhaltóirí sa mhargadh a chumasú, chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú, chun bonneagar luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a leathnú, agus chun cáilíocht, iontaofacht agus slándáil an tsoláthair cumhachta a fheabhsú; |
|
8. |
á mholadh go ndéanfaí foinsí agus bealaí fuinnimh a éagsúlú go tapa, agus tús áite á thabhairt do rochtain ar ghás nádúrtha leachtaithe, d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, do chonairí soláthair nua agus iontaofa a fhorbairt agus a neartú agus do thrádáil leictreachais trasteorann a mhéadú chun spleáchas ar sholáthróirí aonfhoinse a laghdú; |
|
9. |
á iarraidh go méadófaí infheistíochtaí sonracha faoi ionstraim ICFCI – an Eoraip Dhomhanda chun tacú leis an earnáil fuinnimh, agus béim á leagan ar aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtithíocht agus i dtionscal a fheabhsú agus ar chreataí rialála a ailíniú le acquis an Aontais, agus ar an gcaoi sin spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus athléimneacht i gcoinne suaití seachtracha a fheabhsú; |
|
10. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta pacáistí cúnaimh macrairgeadais a leathnú thar thacaíocht bhuiséadach láithreach, agus iad a nascadh le comhpháirteanna infheistíochta spriocdhírithe le haghaidh athshlánú bonneagair fuinnimh agus nuachóiriú tionsclaíoch i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
11. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhar atá á fhorbairt ag an tSeoirsia agus ag an Rúis maidir le scagadh ola, rud a thacaíonn, ag an am céanna, le teacht timpeall ar smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; |
|
12. |
á mholadh gur cheart d’Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta agus CEFI+ tosaíocht a thabhairt do thionscadail atógála lena bhféachtar le bonneagar criticiúil fuinnimh agus iompair a atógáil a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dó mar gheall ar fhogha na Rúise, lena n-áiritheofar trédhearcacht, inbhuanaitheacht agus ailíniú le acquis an Aontais; |
|
13. |
á mholadh maidir le córais leictreachais Chomhpháirtíocht an Oirthir atá fágtha, go ndéanfaí iad a chomhtháthú de réir a chéile san eangach Eorpach (ENTSO-E), tar éis shampla rathúil na hÚcráine agus na Moldóive, chun leithlisiú teicniúil agus spleáchas ar chórais na Rúise agus na Bealarúise a laghdú; |
|
14. |
á mholadh go ndéanfadh an tAontas cuid dá chistí ón tSaoráid don Úcráin a thiomnú chun bonneagar criticiúil fuinnimh a scriosadh le hionsaithe na Rúise a atógáil, agus tús áite á thabhairt d’eangacha cliste, d’acmhainneacht stórála agus do mhicrea-eangacha in-athnuaite chun athléimneacht dhíláraithe a áirithiú; |
|
15. |
ag tathant ar na rialtais de Chomhpháirtíocht an Oirthir spriocanna náisiúnta ceangailteacha a chur chun feidhme chun déine fuinnimh a laghdú, le tacaíocht ó iniúchtaí fuinnimh, ó chláir éifeachtúlachta tionsclaíche agus ó chúnamh teicniúil an Aontais faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
16. |
á mholadh go sainaithneodh an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir conairí infheistíochta tosaíochta do thionscadail ghréine agus ghaoithe, ar bhonn a n-acmhainneachta geografaí agus aeráide, le tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha; |
|
17. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá na hinfheistíochtaí a rinneadh faoi chomhar trasteorann Interreg NEXT agus á thabhairt chun suntais go bhféadfadh réigiúin chomhpháirtíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir tairbhe a bhaint as tionscadail chomhpháirteacha fuinnimh, amhail idirnascairí leictreachais trasteorann a thógáil, saoráidí giniúna in-athnuaite ar mionscála a fhorbairt i limistéir teorann tuaithe, agus straitéisí comhordaithe don tslándáil fuinnimh agus do bhainistiú inbhuanaithe acmhainní; |
|
18. |
á thabhairt chun suntais gur féidir le cúnamh macrairgeadais rannchuidiú le cobhsú an airgeadais phoiblí agus, ar an gcaoi sin, rialtais Chomhpháirtíocht an Oirthir a chumasú chun athchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme in earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear athchóirithe taraife, léirscaoileadh na margaí leictreachais agus gáis agus cruthú comhlachtaí rialála trédhearcacha atá ailínithe le caighdeáin an Aontais; |
|
19. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis náisiúnta thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir sásra cumaisc Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta a mhéadú chun maoiniú príobháideach agus poiblí a shlógadh do mhórthionscadail bonneagair fuinnimh, amhail idirnascairí a nascann tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir le heangach an Aontais, gléasraí cumhachta in-athnuaite ar mhórscála agus scéimeanna infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide; |
|
20. |
á iarraidh ar an Aontas agus ar thíortha comhpháirtíochta conairí straitéiseacha fuinnimh a chur chun cinn tuilleadh lena nascfar réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir leis an Aontas, lena bhfeabhsófar athléimneacht agus lena rannchuideofar le slabhraí soláthair fuinnimh slána, intuartha agus éagsúlaithe; |
|
21. |
á iarraidh ar rialtais uile Chomhpháirtíocht an Oirthir athchóirithe margaidh a chur chun feidhme go hiomlán atá ailínithe le reachtaíocht fuinnimh an Aontais, lena n-áiritheofar struchtúir thrédhearcacha praghsála, iomaíocht chóir agus cosaint láidir tomhaltóirí; |
|
22. |
ag tathant ar an Aontas tacú le tionscnaimh na sochaí sibhialta agus na trédhearcachta, lena n-áirítear forais faire frithéillithe agus eagraíochtaí faireacháin neamhspleácha, mar ionstraimí tábhachtacha chun brú inmheánach a mhéadú chun athchóirithe a dhéanamh arb é is aidhm dóibh trédhearcacht a mhéadú, an smacht reachta a neartú agus geilleagar oscailte a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin timpeallacht fhabhrach a chruthú don infheistíocht is gá in earnálacha fuinnimh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
23. |
á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht níos mó i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh agus i líonraí téimh ceantair nua-aimseartha, ag díriú go háirithe ar phobail leochaileacha uirbeacha agus tuaithe a mbíonn tionchar díréireach ag bochtaineacht fuinnimh orthu; |
|
24. |
á mholadh go mbunófaí margaí cothromúcháin réigiúnacha agus sásraí comhroinnte cúltaca chun solúbthacht, cobhsaíocht agus athléimneacht an chórais a fheabhsú le linn bristeacha soláthair agus luaineachtaí éilimh; |
|
25. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tionscail áitiúla fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus éiceachórais nuálaíochta a chothú chun comhar réigiúnach agus malartú saineolais maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a spreagadh; |
|
26. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun aistriú fuinnimh inbhuanaithe agus slán a bhaint amach, lena gceadófar do na Ballstáit agus do thíortha comhpháirtíochta foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhcheangal le foinsí fuinnimh ísealcharbóin agus idirthréimhseacha, lena n-áirítear gás nádúrtha, hidrigin agus teicneolaíochtaí núicléacha nuálacha, i gcomhréir lena saintréithe náisiúnta sonracha agus lena riachtanais slándála fuinnimh; |
|
27. |
á mholadh go ndéanfaí cláir oideachais agus oiliúna a mhéadú, trí Erasmus+, Fís Eorpach agus TAIEX, chun acmhainneachtaí a fhorbairt i rialáil fuinnimh, in innealtóireacht theicniúil, i gcibear-athléimneacht agus i mbainistiú an aistrithe fuinnimh inbhuanaithe ar fud thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
28. |
á iarraidh ar an Aontas agus ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta an tacaíocht airgeadais dhíreach a bhronntar ar thionscadail bhonneagair dícharbónaithe agus forbartha athléimneachta ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú go suntasach; |
|
29. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé comhpháirtíochtaí tionsclaíocha agus creataí infheistíochta príobháideacha a neartú idir earnálacha fuinnimh de chuid Aontais agus Chomhpháirtíocht an Oirthir chun nuálaíocht, cruthú post agus malartú teicneolaíoch a chothú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le margadh fuinnimh iomaíoch agus athléimneach; |
|
30. |
á mholadh go gcuirfí idirphlé struchtúrtha agus ardáin chomhordúcháin ar bhonn foirmiúil idir tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus tíortha an Aontais chun dea-chleachtais a mhalartú go rialta maidir le beartais slándála fuinnimh, comhtháthú margaidh agus sásraí freagartha ar ghéarchéimeanna; |
|
31. |
á iarraidh ar chinnteoirí an Aontais agus Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus leochaileachtaí suntasacha na n-earnálacha fuinnimh neamhspleácha i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an géarú ar chogaíocht hibrideach a bhaineann leas as na leochaileachtaí sin á gcur san áireamh, plé duine le duine a eagrú chun an earnáil fuinnimh a choinneáil mar thosaíocht ar an gclár oibre; á mholadh go dtionólfaí imeacht bliantúil amháin ar a laghad as líne do Chomhpháirtíocht an Oirthir agus do chinnteoirí an Aontais i réimse an fhuinnimh chun idirphlé eatarthu a éascú; |
|
32. |
á iarraidh go mbunófaí rialtóirí fuinnimh náisiúnta atá neamhspleách agus go hiomlán trédhearcach ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áiritheofar comhlíonadh acquis an Chomhphobail Fuinnimh agus lena gcoiscfear cleachtais mhonaplacha nó cleachtais atá spreagtha go polaitiúil sa soláthar fuinnimh; |
|
33. |
á mholadh go gcuirfí cistiú spriocdhírithe ón Aontas ar fáil chun earnálacha tionsclaíocha dianfhuinnimh a nuachóiriú nó a athshlánú, amhail miotalóireacht, stroighin agus ceimiceáin, chun ailíniú le tagarmharcanna Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais agus chun táirgiúlacht CO2 a fheabhsú; |
|
34. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cur chuige córasach maidir le córais fuinnimh idirghaolmhara i ndoiciméid bheartais; |
|
35. |
á chur i bhfios go láidir nach mór an t-aistriú inbhuanaithe a bheith fite fuaite leis an iomaíochas eacnamaíoch agus leis an inacmhainneacht fuinnimh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, lena n-áiritheofar go saothrófar cuspóirí aeráide gan an bonn a bhaint den fhorbairt thionsclaíoch ná den chomhtháthú sóisialta; |
|
36. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an meascán fuinnimh a dhearadh go hiomchuí, agus éagsúlacht, infhaighteacht, inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht gach foinse fuinnimh á gcur san áireamh; |
|
37. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le saoráidí leordhóthanacha cothromaithe leictreachais chun leanúnachas an tsoláthair leictreachais a áirithiú i gcórais chumhachta ina bhfuil ceannas ag foinsí inathnuaite fuinnimh; |
|
38. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá tomhaltóirí a chumhachtú, giniúint dháilte a chur chun cinn agus comhiomlánú táirgeoirí is tomhaltóirí agus tomhaltóirí i bpobail fuinnimh in-athnuaite agus i bpobail fuinnimh saoránach a éascú; |
|
39. |
ag tacú le húsáid fhorleathan méadar cliste, bainistiú eangaí digití agus córas anailísíochta sonraí chun éifeachtúlacht dáileacháin fuinnimh a bharrfheabhsú agus chun borradh a chur faoin tsolúbthacht ar thaobh an éilimh; |
|
40. |
ag spreagadh comhpháirtíochtaí idir bardais agus cathracha ar fud thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun Pleananna Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur chun feidhme, lena gcothófar forbairt áitiúil fuinnimh inbhuanaithe; |
|
41. |
á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh lena mbunaítear cistí infheistíochta glasa náisiúnta agus réigiúnacha atá tiomnaithe d’acmhainní a shlógadh don fhuinneamh in-athnuaite, d’fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh agus do mhaolú na bochtaineachta fuinnimh; |
|
42. |
á iarraidh go ndéanfadh údaráis rialála níos láidre i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir maoirseacht neamhspleách, réiteach neamhchlaonta díospóidí agus forfheidhmiú dian rialachán margaidh a ráthú; |
|
43. |
ag tacú le comhar feabhsaithe idir ollscoileanna agus ionaid taighde i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus a gcontrapháirtithe san Aontas, go háirithe i réimsí ardfhorbartha amhail na teicneolaíochtaí hidrigine sin a bhfuil na tairbhí comhshaoil agus sochaíocha is airde acu, gaoth amach ón gcósta, agus córais fuinnimh chiorclaigh; |
|
44. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur gá comhionannas inscne agus rannpháirtíocht na hóige a chomhtháthú i ngach beartas, clár agus próiseas cinnteoireachta institiúideach fuinnimh; |
|
45. |
á chur i bhfáth gur réamhchoinníollacha riachtanacha iad an dea-rialachas, an trédhearcacht, an smacht reachta, agus iarrachtaí chun an t-éilliú a chomhrac chun aistriú éifeachtach fuinnimh a bhaint amach agus chun infheistíocht inbhuanaithe a mhealladh in earnáil an fhuinnimh; |
|
46. |
á athdhearbhú go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le córais luathrabhaidh réigiúnacha a fhorbairt a bheidh in ann suaitheadh soláthair fuinnimh, cliseadh bonneagair agus bagairtí hibrideacha comhordaithe a shainaithint go tapa agus freagairt dóibh; |
|
47. |
á iarraidh ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir dlús a chur le deireadh a chur de réir a chéile le teicneolaíochtaí breosla iontaise atá imithe i léig agus tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i mbonneagar nua-aimseartha giniúna ísealcharbóin; |
|
48. |
ag tathant ar an Aontas sruthanna cistiúcháin tiomnaithe a chothú faoi ICFCI – an Eoraip Dhomhanda agus faoi Ardán Infheistíochta an Bheartais Comharsanachta, atá dírithe go sonrach ar shlándáil agus athléimneacht fuinnimh a fheabhsú ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
49. |
á mholadh go ndéanfaí caighdeáin theicniúla agus próisis deimhniúcháin a chomhchuibhiú do bhonneagar fuinnimh trasteorann agus do thrádáil fuinnimh in-athnuaite chun comhtháthú réigiúnach níos rianúla a éascú; |
|
50. |
á mholadh go ndéanfaí measúnuithe leochaileachta comhpháirteacha agus cleachtaí cásbhunaithe idir tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an Aontais chun ullmhacht réigiúnach agus cumais freagartha chomhordaithe a neartú; |
|
51. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag idirthuras marthanach gáis nádúrtha tríd an Úcráin, agus forbairt réamhghníomhach réiteach malartach fadtéarmach idirthurais á spreagadh ag an am céanna agus béim á leagan ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an gconair gháis thras-Bhalcánach a fhorbairt mar bhealach soláthair ríthábhachtach don Mholdóiv, don Úcráin agus do thíortha na mBalcán; |
|
52. |
á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le Cugas Theas do shlándáil fuinnimh na hEorpa; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hinfheistíocht fhadtéarmach chun an bonneagar fuinnimh a nuachóiriú agus chun nascacht laistigh den réigiún agus idir-réigiúnach a neartú, lena n-áirítear tríd an gConair Fuinnimh Ghlais, agus é mar aidhm acmhainneacht iomlán an réigiúin a bhaint amach mar mhol mór fuinnimh agus mar bhealach idirthurais idir an Áise Láir agus an Eoraip; |
|
53. |
á mholadh go ndéanfadh an tAontas Eorpach machnamh ar shásraí cistiúcháin tiomnaithe a bhunú do Thionscadail ar mhaithe le Leas an Chomhphobail Fuinnimh chun bearnaí cistiúcháin atá ann cheana a dhúnadh go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin cur chun feidhme tráthúil tionscadal bonneagair chriticiúil atá bunriachtanach do chomhtháthú réigiúnach fuinnimh agus do shlándáil an tsoláthair a éascú; |
|
54. |
ag spreagadh an Aontais chun athbhreithniú agus beachtú a dhéanamh ar na critéir mheastóireachta do Thionscadail trasteorann Leasa Choitinn agus do Thionscadail Leasa Fhrithpháirtigh chun a áirithiú go n-aithneofar go leormhaith na tairbhí straitéiseacha do chomhaltaí an Chomhphobail Fuinnimh nach Ballstáit de chuid an Aontais iad agus go ndéanfar iad a chomhtháthú go cothrom i bpróisis chinnteoireachta, agus ar an gcaoi sin comhar réigiúnach níos láidre agus comhtháthú cuimsitheach fuinnimh a chur chun cinn; |
|
55. |
á mholadh go gcothófaí comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun infheistíocht chaipitil phríobháidigh a mhealladh agus a ghiaráil i dtionscadail fuinnimh ghlain, le tacaíocht ó ionstraimí éifeachtacha comhroinnte riosca agus ó scéimeanna maoinithe cumaiscthe; |
|
56. |
á mheabhrú go bhfuil leithdháileadh acmhainní de chuid an Aontais ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir ag brath ar lánurraim a thabhairt do chearta an duine agus do na prionsabail dhaonlathacha a chumhdaítear i gcomhaontuithe idir an tAontas agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus gur réamhriachtanas é comhlíonadh na luachanna bunúsacha sin chun páirt a ghlacadh i gcláir arna gcistiú ag an Aontas; |
|
57. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil sé beartaithe leis na bearta sin go léir neamhspleáchas fuinnimh thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir ón Rúis agus óna húdaráis náisiúnta a neartú, i bhfianaise ionradh follasach agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a trasnaíocht leanúnach agus a bagairtí leanúnacha atá dírithe ar an tSeoirsia, ar an Moldóiv agus ar chomhpháirtithe eile de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir; |
|
58. |
ag iarraidh ar a Chomh-Uachtaráin an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an Coimisinéir um Méadú, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus rialtais agus parlaimintí Bhallstáit an Aontais agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. |
(1) IO C 198, 6.7.2011, lch. 4.
(2) Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj).
(3) An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (IO L 260, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/492/oj).
(4) An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/295/oj).
(5) IO L 23, 26.1.2018, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/104/oj.
(6) IO L 246, 17.9.1999, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/614/oj.
(7) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).
(8) IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj.
(9) IO L 186, 13.7.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1201/oj.
(10) IO L 189, 28.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/817/oj.
(11) IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj.
(12) IO C 361, 8.9.2021, lch. 20.
(13) IO C 229, 29.6.2023, lch. 16.
(14) IO C, C/2024/3821, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3821/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1111/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)