This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026P01110
Resolution by the Euronest Parliamentary Assembly on promoting fair trade, cooperation and investments between the EU and EaP countries in support of connectivity, the green transition and infrastructure development, as adopted on 30 October 2025
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le trádáil chóir, comhar agus infheistíochtaí a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun tacú leis an nascacht, leis an aistriú glas agus le forbairt bonneagair, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le trádáil chóir, comhar agus infheistíochtaí a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun tacú leis an nascacht, leis an aistriú glas agus le forbairt bonneagair, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
IO C, C/2026/1110, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1110/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1110 |
26.2.2026 |
Rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest maidir le trádáil chóir, comhar agus infheistíochtaí a chur chun cinn idir an tAontas agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun tacú leis an nascacht, leis an aistriú glas agus le forbairt bonneagair, arna ghlacadh an 30 Deireadh Fómhair 2025
(C/2026/1110)
TÁ TIONÓL PARLAIMINTEACH EURONEST,
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway (JOIN(2021)0030), |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Márta 2020 dar teideal Eastern Partnership policy beyond 2020: Reinforcing Resilience – an Eastern Partnership that delivers for all [Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020: Athléimneacht a Threisiú – Comhpháirtíocht Oirthearach a dhéanann beart do chách] (JOIN(2020)0007), a bhunaigh Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir, |
|
— |
ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach an 15 Nollaig 2021 ó Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir dar teideal ‘Téarnamh, Athléimneacht agus Athchóiriú’, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le treoirlínte an Aontais chun an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a fhorbairt (Rialachán GTE-I), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (GTE-F), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – an Eoraip Dhomhanda, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus an Ciste Comhtháthaithe, |
|
— |
ag féachaint do shaoráidí cúnaimh theicniúil agus ullmhúcháin tionscadal amhail JASPERS (Comhchúnamh chun Tacú le Tionscadail i Réigiúin na hEorpa) agus EPIC (Saoráid le haghaidh Infheistíocht Chomhpháirtíocht an Oirthir sa Nascacht), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (7), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a síníodh an 27 Meitheamh 2014 agus atá i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (8), a síníodh an 24 Samhain 2017, atá i bhfeidhm go sealadach ón 1 Meitheamh 2018 agus atá i bhfeidhm go hiomlán ón 1 Márta 2021, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (9), a síníodh an 22 Aibreán 1996 agus atá i bhfeidhm ón 1 Iúil 1999, |
|
— |
ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir le slándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta (10), |
|
— |
ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Nollaig 2023 ar chur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (11), |
|
— |
ag féachaint do rún ó Thionól Parlaiminteach Euronest an 21 Feabhra 2023 maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glas mar fhreagairt ar na dúshláin slándála fuinnimh atá ann faoi láthair i gComhpháirtíocht an Oirthir i gcomhthéacs chogadh foghach agus fhorghabháil na Rúise, |
|
— |
ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 12 Bealtaine 2022 dar teideal An action plan for EU-Ukraine Solidarity Lanes to facilitate Ukraine’s agricultural export and bilateral trade with the EU [Plean gníomhaíochta do Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus na hÚcráine chun onnmhairiú talmhaíochta agus trádáil dhéthaobhach na hÚcráine leis an Aontas a éascú] (COM(2022)0217), |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an 9 Bealtaine 2023 idir an Coimisiún Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir leis an Moldóiv a chomhlachú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an 19 Meán Fómhair 2025 idir an Coimisiún Eorpach agus Poblacht na Moldóive chun síneadh a chur le Comhaontú an 29 Meitheamh 2022 maidir le hIompar de Bhóthar go dtí an 31 Márta 2027, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine (12), lena n-áirítear an Creat Infheistíochta don Úcráin (UIF), |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an 6 Meitheamh 2023 idir an Coimisiún Eorpach agus an Úcráin maidir leis an Úcráin a chomhlachú le SCE, |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an 25 Meán Fómhair 2025 idir an Coimisiún Eorpach agus an Úcráin chun síneadh a chur le Comhaontú an 29 Meitheamh 2022 maidir le hIompar de Bhóthar go dtí an 31 Márta 2027, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Bealtaine 2025 dar teideal The European Union’s strategic approach to the Black Sea region [Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe] (JOIN(2025)0135), |
|
— |
ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana maidir le Conair Fuinnimh Ghlais na Mara Duibhe an 17 Nollaig 2022 idir an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Rómáin agus an Ungáir, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, lena mbunaítear an creat do Chábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe, |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú an 18 Eanáir 2024 idir an Coimisiún Eorpach agus an tSeoirsia maidir leis an tSeoirsia a chomhlachú le SCE, |
|
— |
ag féachaint don Mheabhrán Tuisceana maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i Réimse an Fhuinnimh idir an Coimisiún Eorpach agus an Asarbaiseáin a síníodh an 18 Iúil 2022, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Plean REPowerEU’ (COM(2022)0230), |
|
— |
ag féachaint d’fhógra ón gCoimisiún Eorpach an 5 Aibreán 2024 maidir le Plean Athléimneachta agus Fáis idir an tAontas agus an Airméin, |
|
— |
ag féachaint do chomhaontú polaitiúil an 30 Meitheamh 2025 idir an Coimisiún Eorpach agus an Airméin maidir le clár oibre comhpháirtíochta nua, |
|
— |
ag féachaint don dearbhú a shocraigh Washington an 8 Lúnasa 2025 idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus do shíniú an chomhaontaithe maidir le bunú na síochána agus an chaidrimh idirstáit, |
|
A. |
de bhrí gurb é Global Gateway straitéis an Aontais Eorpaigh atá dírithe ar thacú le naisc inbhuanaithe, thrédhearcacha agus shlána a fhorbairt sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair, agus go bhfuil sé ceaptha chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil sé de chuspóir ag Comhpháirtíocht an Oirthir agus ag Global Gateway araon nascacht inbhuanaithe, athléimneacht eacnamaíoch agus forbairt chuimsitheach a chur chun cinn, agus trádáil, infheistíocht agus tacaíocht d’fhás na hearnála príobháidí a mhéadú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), chun naisc eacnamaíocha idir an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhoimhniú; |
|
B. |
de bhrí go soláthraíonn GTE-I agus GTE-F, mar aon le hionstraimí cistiúcháin amhail SCE, CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus clár InvestEU, príomhchreataí beartais agus airgeadais an Aontais Eorpaigh chun bonneagar inbhuanaithe, idir-inoibritheach agus athléimneach san iompar agus san fhuinneamh a fhorbairt, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí straitéis dhigiteach an Aontais trí infheistíochtaí comhordaithe i nascacht chliste, ghlan, shlán agus éifeachtúil; |
|
C. |
de bhrí nach amháin go neartaíonn GTE-I agus GTE-F nascacht inmheánach an Aontais Eorpaigh ach go n-éascaíonn siad naisc le réigiúin chomharsanachta freisin, rud a chuidíonn le trádáil, infheistíocht agus naisc shlána fuinnimh agus iompair le tíortha comhpháirtíochta a leathnú; agus de bhrí go gcomhlánaíonn Fís Eorpach iad sin trí acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta a sholáthar lena spreagtar na haistrithe glasa agus digiteacha atá mar bhonn taca faoin nascacht inbhuanaithe laistigh den Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta; |
|
D. |
de bhrí go ndéantar comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach idir Ballstáit an Aontais agus tíortha comhpháirtíochta comharsanachta, lena n-áirítear iad siúd i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, a chur chun cinn faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) agus faoina chlár Interreg NEXT, arna chómhaoiniú ag CFRE agus ICFCI – an Eoraip Dhomhanda agus a brainse airgeadais, an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+); de bhrí go gcuirtear an comhar sin chun feidhme freisin le comhpháirtithe amhail BEI Domhanda agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus go dtacaíonn saoráidí cúnaimh theicniúil amhail EPIC leis, a chuireann le saineolas modheolaíochta JASPERS, agus ar an gcaoi sin prionsabail nascachta agus forbartha réigiúnaí an Aontais a leathnú thar a theorainneacha; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil cogadh foghach iomlán na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina chúis le damáiste ollmhór daonna, sóisialta agus eacnamaíoch, agus go bhfuil athléimneacht, diongbháilteacht agus tiomantas buanseasmhach do luachanna Eorpacha léirithe ag an Úcráin; |
|
F. |
de bhrí go bhfuil an Úcráin agus Poblacht na Moldóive ina bpríomh-chomhpháirtithe chun cuspóirí Global Gateway a chur chun cinn trína gcomhtháthú i gcreataí nascachta, bonneagair, trádála agus infheistíochta an Aontais; de bhrí gur neartaigh na Lánaí Dlúthpháirtíochta naisc lóistíochta idir an tAontas, an Úcráin agus an Mholdóiv, lena n-éascaítear trádáil, cúnamh daonnúil agus athléimneacht réigiúnach, lena n-áirítear fónamh mar líne tharrthála chriticiúil d’onnmhairí na hÚcráine; de bhrí go gcumasaíonn comhlachas an dá thír le SCE rannpháirtíocht i dtionscadail bhonneagair iompair agus fuinnimh arna gcistiú ag an Aontas atá ailínithe le caighdeáin GTE-I agus GTE-F, agus go bhfuil feabhas curtha ag a gcomhaontuithe iompair de bhóthar faoi seach ar rochtain ar an margadh, ar nascacht trasteorann, agus ar éifeachtúlacht lóistíochta; de bhrí, sa Mholdóiv, gur tharla sé sin go léir trí thionscadail amhail athshlánú na conaire iarnróid Thuaidh-Theas agus leictriú iarnróid Iași-Ungheni; de bhrí, san Úcráin, go gcuireann Saoráid na hÚcráine, in éineacht lena Creat Infheistíochta don Úcráin (UIF), creat cuimsitheach ar fáil le haghaidh athchóirithe, infheistíochta agus atógála; |
|
G. |
de bhrí go bhfuil an tSeoirsia ina comhpháirtí tábhachtach chun cuspóirí Global Gateway a chur chun cinn trína rannpháirtíocht i gcreataí nascachta, bonneagair, trádála agus infheistíochta atá ailínithe leis an Aontas; de bhrí go mbaineann an tSeoirsia tairbhe as a rannpháirtíocht i gcreataí nascachta an Aontais, lena n-áirítear rannpháirtíocht spriocdhírithe in SCE agus cuimsiú in GTE-I leathnaithe, chomh maith le comhar maidir le hidirnaisc fuinnimh atá ailínithe le prionsabail GTE-F; de bhrí go bhfeabhsaíonn tionscadail amhail an mórbhealach Thoir-Thiar, an Cábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe agus conair fuinnimh ghlais na Mara Duibhe slándáil fuinnimh réigiúnach agus comhtháthú fuinnimh in-athnuaite; de bhrí go dtreisíonn sé sin go léir ról na Seoirsia mar phríomh-mhol idirthurais, trádála agus infheistíochta, agus atá ina nasc idir an Eoraip agus an Áise trí bhealach trádála na Meánchonaire agus tríd an tionscnamh Global Gateway; |
|
H. |
de bhrí go n-aithníonn an tAontas an Asarbaiseáin mar chomhpháirtí nascachta straitéisí don Mheánchonair agus don tionscnamh Global Gateway; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag tionscnaimh, lena n-áirítear an tionscadal maidir le Cábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe agus an tionscadal maidir le conair dhigiteach Thras-Chaisp atá beartaithe, fuinneamh in-athnuaite agus trácht digiteach ardacmhainneachta a tharchur idir réigiún Chaisp-Chugais Theas agus an tAontas agus go gcuirtear i láthair iad mar thionscadail atá ailínithe leis an tionscnamh Global Gateway; de bhrí go gcuireann Conair Gháis an Deiscirt bealach straitéiseach gáis seanbhunaithe ar fáil do mhargaí an Aontais a rannchuidíonn le héagsúlú soláthair; de bhrí gur chuir an tAontas agus an Asarbaiseáin in iúl go bhfuil rún acu ina leith faoi thionscnaimh amhail REPowerEU; |
|
I. |
de bhrí go bhfuil suíomh straitéiseach ag an Airméin ag an nasc idir an Eoraip, an Meánoirthear agus an Áise; de bhrí gur sheol Rialtas na hAirméine a thionscnamh Crossroads of Peace [Crosbhóthar na Síochána] chun nascacht náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhóithre comhtháite, iarnróid, línte cumhachta, píblínte agus bonneagar digiteach; de bhrí go bhfuil an Airméin agus an tAontas ag cur tionscadail a fhreastalaíonn ar na haidhmeanna seo chun feidhme go comhpháirteach, lena n-áirítear bóthar Sisian-Kajaran, mar chuid den chonair iompair Thuaidh-Theas, chun sábháilteacht bóithre a fheabhsú, amanna taistil a laghdú agus borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch; de bhrí gur deis stairiúil a bheidh in athoscailt na teorann idir an Airméin agus an Tuirc chun nascacht, trádáil agus comhar réigiúnach a chur chun cinn agus chun an Mheánchonair agus an tionscnamh Global Gateway araon a neartú mar bhealaí iompair agus fuinnimh inbhuanaithe, slána agus éagsúlaithe a nascann an Eoraip agus an Áise; |
|
J. |
de bhrí, an 8 Lúnasa 2025, gur athdhearbhaigh an Airméin agus an Asarbaiseáin in Washington go raibh sé ar intinn acu gach cumarsáid ionstáit, idirstáit agus idirnáisiúnta a oscailt agus urraim á tabhairt d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do dhlínse an dá thír; de bhrí go bhfuil sé curtha in iúl ag an Airméin go bhfuil sé ar intinn aici oibriú le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le comhpháirtithe eile arna gcinneadh go frithpháirteach chun creat a bhunú don tionscadal nascachta Trump Route for International Peace and Prosperity [Bealach Trump don tSíocháin agus don Rathúnas Idirnáisiúnta] laistigh de chríoch Phoblacht na hAirméine bunaithe ar na prionsabail thuasluaite; de bhrí gur céim thábhachtach í seo i dtreo leas a bhaint as acmhainneacht iomlán eacnamaíoch agus nascachta an Chugais Theas; |
|
1. |
Ag cur i bhfios go láidir tábhacht gheopholaitiúil an tionscnaimh Global Gateway mar fhreagairt straitéiseach an Aontais Eorpaigh ar nascacht dhomhanda agus ar iomaíocht bhonneagair agus mar uirlis ríthábhachtach chun nascacht oscailte, riailbhunaithe agus inbhuanaithe a chur chun cinn atá bunaithe ar luachanna daonlathacha, trédhearcacht, agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta; ag cur béim ar an bhfíoras nach tionscnamh eacnamaíoch amháin atá in Global Gateway i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir ach creat geostraitéiseach a neartaíonn athléimneacht na hEorpa, cobhsaíocht réigiúnach agus uathriail straitéiseach, agus ag an am céanna ag dul i ngleic le spleáchais éigeantacha agus ag cothú comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar rathúnas comhroinnte; |
|
2. |
Á dhearbhú gur ionstraim ríthábhachtach í Global Gateway chun nascacht inbhuanaithe, claochlú digiteach, líonraí fuinnimh slána, slabhraí luacha athléimneacha agus ailíniú forchéimnitheach an mhargaidh aonair a chur chun cinn, i gcás inarb indéanta, ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; á dhearbhú gur féidir le Global Gateway cuspóirí gníomhaíochta seachtraí an Aontais Eorpaigh a thiontú ina dtorthaí nithiúla lena gcothaítear fás eacnamaíoch, ceannasacht dhigiteach agus cobhsaíocht réigiúnach, agus athléimneacht agus comhar comhthairbheach le tíortha comhpháirtíochta á bhfeabhsú ag an am céanna; |
|
3. |
Á athdhearbhú nach uirlisí le haghaidh forbairt bonneagair agus nascachta amháin iad Global Gateway agus a ionstraimí agus a shaoráidí gaolmhara ach gur feithiclí iad freisin chun rialachas daonlathach, trédhearcacht, cearta an duine agus an smacht reachta a chur chun cinn; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar rialtais chomhpháirtíochta coimircí sláine a leabú i dtionscadail Global Gateway; |
|
4. |
Á iarraidh go ndéanfaí caidreamh trádála agus infheistíochta atá cothrom, trédhearcach agus inbhuanaithe a chur chun cinn idir an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, bunaithe ar chomhshochar, ar fhás eacnamaíoch agus ar dhea-rialachas; á chur i bhfios go láidir gur gá creataí rialála intuartha agus trédhearcacha, arna dtacú ag an smacht reachta agus neamhspleáchas breithiúnach, a bheith ag gabháil le trádáil chóir, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’infheisteoirí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta trí shláine institiúideach a neartú, éilliú a chomhrac agus próisis soláthair phoiblí thrédhearcacha agus iomaíocha a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus an rómhaorlathas a laghdú chun muinín infheisteoirí a chothú agus chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar rialtais chomhpháirtíochta agus ar institiúidí airgeadais comhpháirtíochtaí freagracha príobháideacha poiblí a éascú lena slógtar caipiteal príobháideach le haghaidh tionscadail bonneagair, nascachta, nuálaíochta agus fuinnimh inbhuanaithe, agus prionsabail na cuntasachta agus an luacha ar airgead á gcoinneáil ag an am céanna; |
|
5. |
Ag cur béim ar an ról lárnach atá ag FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí faoi stiúir na mban agus na hóige mar spreagthaí don nuálaíocht, don fhostaíocht agus don athléimneacht eacnamaíoch i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht spriocdhírithe chun feabhas a chur ar rochtain FBManna ar mhaoiniú, ar mhargaí agus ar fhorbairt scileanna, lena n-áirítear trí ionstraimí an Aontais amhail ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, InvestEU, Fís Eorpach agus CEFI+; ag spreagadh tionscnaimh fothaithe acmhainneachta chun cabhrú le FBManna caighdeáin táirgí, chomhshaoil agus dhigiteacha an Aontais a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin comhtháthú trádála inbhuanaithe a éascú; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach fiontair áitiúla agus comhpháirtithe sóisialta a chumhachtú chun geilleagair athléimneacha, iomaíocha agus inbhuanaithe a thógáil atá ailínithe le luachanna agus caighdeáin Eorpacha; á mholadh go gcruthófaí moil ghnó trasteorann agus comhpháirtíochtaí nuálaíochta chun aistriú teicneolaíochta, forbairt scileanna agus trádáil idir an tAontas agus fiontair Chomhpháirtíocht an Oirthir a éascú; |
|
6. |
Á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus rannpháirtíocht dhomhain na gcomhpháirtithe sóisialta a spreagadh; |
|
7. |
Á mheabhrú a thábhachtaí atá an geilleagar sóisialta mar shamhail d’fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus chomhroinnte, atá in ann breisluach suntasach sochaíoch a ghiniúint; |
|
8. |
Á chur i bhfáth, i bhfianaise chogadh foghach leanúnach na Rúise, gur bunchloch de shlándáil chomhchoiteann agus de chobhsaíocht dhaonlathach na hEorpa iad athléimneacht agus ceannasacht na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir nach mór ról cinntitheach a bheith ag an tSaoráid don Úcráin, in éineacht leis an tionscnamh Global Gateway agus ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, chun tacú le hatógáil, nuachóiriú agus comhtháthú iomlán na hÚcráine i spás nascachta eacnamaíche, fuinnimh agus digití na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí comhordaithe i mbonneagar criticiúil, i slándáil fuinnimh, i nuálaíocht, i gcibearshlándáil, in idir-inoibritheacht iompair, agus i nuachóiriú teorainneacha chun a áirithiú go gcuireann téarnamh na hÚcráine lena hullmhacht le haghaidh aontachas leis an Aontas Eorpach, agus lena hathléimneacht fhadtéarmach i gcoinne bagairtí éigeantacha agus hibrideacha; á mheabhrú gur bhunaigh an tAontas Eorpach creat tacaíochta cuimsitheach arb ionann é agus EUR 50 billiún do 2024-2027 faoin tSaoráid don Úcráin, lena n-áirítear EUR 38,27 billiún i gcúnamh macrairgeadais (EUR 33 bhilliún in iasachtaí agus EUR 5,27 billiún i ndeontais) agus ráthaíochtaí breise chun infheistíochtaí a shlógadh tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus comhpháirtithe cur chun feidhme eile; á aithint go bhfuil srian fós ar acmhainneacht ionsúcháin agus cur chun feidhme mar gheall ar dhálaí cogaidh, ró-ualach riaracháin agus castacht rialála, agus ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach, ar BEI, agus ar Rialtas na hÚcráine sásraí comhordúcháin a threisiú agus córais faireacháin agus mheastóireachta a neartú chun úsáid éifeachtúil acmhainní an Aontais agus cuntasacht iomlán a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha; ag iarraidh ar an Aontas Eorpach a áirithiú go mbeidh atógáil na hÚcráine ag teacht le acquis an Aontais agus le caighdeáin an mhargaidh aonair, lena dtacófar lena conair i dtreo ballraíochta agus comhtháthú eacnamaíoch fadtéarmach; |
|
9. |
Ag athdhearbhú rogha shoiléir na Moldóive i bhfabhar na hEorpa agus a tiomantas bunreachtúil do bhallraíocht san Aontas, agus ag cur i bhfios go láidir tacaíocht an Aontais dá lánpháirtíocht iomlán trí dhul chun cinn leanúnach ar athchóirithe institiúideacha, ar chóineasú eacnamaíoch, agus ar ailíniú bonneagair le caighdeáin an Aontais; á iarraidh go mbeadh comhar níos déine ann faoin tionscnamh Global Gateway, faoi ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, agus faoi SCE chun dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh fuinnimh, idir-inoibritheacht iompair, nascacht dhigiteach agus fothú acmhainneachta riaracháin; ag spreagadh an Aontais Eorpaigh chun leanúint de bheith ag comhtháthú na Moldóive de réir a chéile isteach sa mhargadh aonair agus i GTE-I agus GTE-F, ag áirithiú go bhfuil próiseas aontachais na Moldóive leis an Aontas bunaithe ar fhiúntas agus go bhfuil sé neamh-inchúlghairthe; ag cur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le leanúint le próiseas méadaithe an Aontais mar infheistíocht straitéiseach i slándáil agus i rathúnas na hEorpa; |
|
10. |
Á athdhearbhú go bhfuil conair na Seoirsia i dtreo ballraíocht san Aontas ag brath ar dhul chun cinn leanúnach maidir le comhdhlúthú daonlathach, athchóiriú breithiúnach, agus ailíniú le acquis an Aontais; ag tabhairt dá haire forbairt an mhórbhealaigh Thoir-Thiar mar chuid de ghréasán leathnaithe GTE-I agus an obair ullmhúcháin don Chábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe i gcomhréir le caighdeáin GTE-F; ag tacú le húsáid leanúnach ionstraimí airgeadais an Aontais amhail ICFCI – an Eoraip Dhomhanda agus SCE chun tionscadail a chur chun cinn lena neartaítear idir-inoibritheacht iompair, lena gcothaítear nascacht fuinnimh, lena leathnaítear bonneagar digiteach agus lena bhfeabhsaítear rialachas digiteach; á chur i bhfios go láidir go neartaíonn na tionscnaimh sin ról na Seoirsia mar mhol inbhuanaithe agus iontaofa idirthurais agus infheistíochta idir an Eoraip agus an Áise, rud a chuireann le cobhsaíocht réigiúnach, rathúnas agus comhtháthú níos doimhne i spás eacnamaíoch, fuinnimh agus nascachta digití na hEorpa; |
|
11. |
Á chur i bhfáth go bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leis an mórbhealach Thoir-Thiar mar chonair ríthábhachtach laistigh de GTE-I leathnaithe a bhfuil ról ríthábhachtach aige maidir leis an Áise Láir, an Mhuir Dhubh agus córas iompair an Aontais a nascadh, lena n-éascaítear trádáil, infheistíocht agus gluaiseacht shlán earraí agus daoine; ag spreagadh an Choimisiúin Eorpaigh, BEI, agus rialtais chomhpháirtíochta chun dlús a chur le maoiniú agus comhar teicniúil faoi Global Gateway, ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, agus an SCE chun idir-inoibritheacht iomlán le caighdeáin GTE-I a áirithiú agus nósanna imeachta trasnaithe teorann a fheabhsú; |
|
12. |
Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tionscadal leanúnach maidir leis an gCábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe, arna fhorbairt faoi Global Gateway agus atá ailínithe le caighdeáin GTE-F; ag meabhrú an dá ról atá ag an tionscadal mar chonair fuinnimh agus dhigiteach araon trí chábla snáthoptaice comhthreomhar a áireamh, rud a neartaíonn idirnascacht agus athléimneacht réigiúnach; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ar BEI agus ar rialtais chomhpháirtíochta aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair trí chúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta a mhéadú d’údaráis bainistithe tionscadal agus soláthair, chomh maith le dlús a chur le hainmniú an Chábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe mar thionscadal leasa choitinn faoi GTE-I agus GTE-F chun cistiú breise ón Aontas a áirithiú; |
|
13. |
Á chur i bhfáth, tríd an mórbhealach Thoir-Thiar agus an gCábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe a thabhairt chun críche go rathúil, go ndéanfar comhtháthú eacnamaíoch, iompair agus fuinnimh réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir i margadh aonair an Aontais a chur chun cinn go suntasach, rud a chuirfidh leis an bhfás inbhuanaithe, leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus le hathléimneacht straitéiseach fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh; |
|
14. |
Ag aithint thábhacht straitéiseach na hAsarbaiseáine mar mhol réigiúnach don fhuinneamh agus don nascacht idir an Eoraip agus an Áise, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don chomhar leis an Aontas tosaíochtaí comhroinnte na slándála fuinnimh agus an éagsúlaithe fuinnimh a chur chun cinn; ag tacú le nuachóiriú leanúnach Chonair Gháis an Deiscirt i gcomhréir le prionsabail na hinbhuanaitheachta, in éineacht le forbairt an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite; ag spreagadh iarrachtaí comhpháirteacha chun conair fuinnimh ghlais na Mara Duibhe agus na naisc dhigiteacha agus iompair Thras-Chaisp a leathnú, lena gcothaítear tarchur slán cumhachta, athléimneacht sonraí agus éascú trádála réigiúnaí; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an comhar uile faoi Global Gateway bunaithe ar thrédhearcacht, éifeachtúlacht agus dea-rialachas, rud a chuirfeadh leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht réigiúnach; |
|
15. |
Ag aithint ról straitéiseach na hAirméine ag crosbhealach na hEorpa, an Mheánoirthir agus na hÁise, agus ag moladh a hiarrachtaí an tsíocháin agus an nascacht réigiúnach a chur chun cinn trína tionscnamh ‘Crossroads of Peace’ [Crosbhóthar na Síochána], lena n-áirítear trí spriocanna a ailíniú le tionscnamh straitéiseach agus creat infheistíochta Global Gateway; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, leis an gcomhar leis an Aontas, tús áite a thabhairt don ailíniú le caighdeáin an Aontais, lena n-áirítear caighdeáin ghlasa agus dhigiteacha, agus daonlathas agus éagsúlú eacnamaíoch, athléimneacht agus iomaíochas na hAirméine a neartú; ag tacú le hiarrachtaí athchóirithe agus treoshuíomh Eorpach na hAirméine, agus aitheantas á thabhairt dá tiomantas comhsheasmhach don daonlathas agus don chomhpháirtíocht leis an Aontas, agus dá cuimsiú i dtionscadail réigiúnacha amhail an Cábla Leictreachais Fomhuirí um Nascacht na Mara Duibhe; ag spreagadh an Choimisiúin Eorpaigh agus na hAirméine machnamh a dhéanamh ar rannpháirtíocht i dtionscnaimh a bhaineann le GTE-I agus GTE-F, lena n-áirítear trí SCE, agus ar an gcaoi sin comhar trádála agus nascachta atá cuimsitheach ar bhonn réigiúnach a éascú; |
|
16. |
Á chur in iúl gur geal léi síniú an chomhaontaithe maidir le caidreamh síochána agus idirstáit a bhunú idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus an tiomantas athnuaite gach cumarsáid réigiúnach a oscailt, bunaithe ar phrionsabail na hiomláine críochaí, na ceannasachta agus na dlínse; ag spreagadh an dá thír críochú teorann a shaothrú tuilleadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas réidh chun cabhrú le leas a bhaint as acmhainneacht iomlán eacnamaíoch agus nascachta an Chugais Theas trí chomhar sa trádáil, san infheistíocht, sa nascacht agus sa bhonneagar, lena n-áirítear bonneagar trasteorann, agus ar an gcaoi sin cobhsaíocht, forbairt inbhuanaithe agus rathúnas comhroinnte a thabhairt chuig réigiún Chugas Theas; |
|
17. |
ag iarraidh ar a Chomh-Uachtaráin an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an Coimisinéir um Méadú, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus rialtais agus parlaimintí Bhallstáit an Aontais agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. |
(1) Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO L, 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj).
(2) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj).
(3) Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1060/oj).
(6) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).
(7) IO L 261, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj.
(8) Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2018/104/oj).
(9) Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile – Prótacal maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis ar chúrsaí custaim – Ionstraim Chríochnaitheach – Dearbhuithe Comhpháirteacha – Malartú Litreacha i ndáil le bunú cuideachtaí – Dearbhú ó Rialtas na Fraince (IO L 246, 17.9.1999, lch. 3,
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/614/oj).
(10) IO C 493, 27.12.2022, lch. 70.
(11) IO C, C/2024/4163, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4163/oj.
(12) IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1110/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)