Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1503

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 121/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1503]

IO L, 2026/1503, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1503/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1503/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1503

23.7.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 121/2026

an 30 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1503]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2026/189 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid seileaic (E 904) i mbia chun críocha speisialta míochaine i bhfoirm táibléad agus i bhfoirm táibléad brataithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2026/196 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le carraigínin (E 407), guma pónaire lócaiste (E 410), guma guair (E 412), guma arabach (guma acáise) (E 414), guma xantáin (E 415), peictiní (E 440) agus sucsainéit ochtainile sóidiam stáirse (E 1450) a úsáid agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh guma pónaire lócaiste (E 410), guma guair (E 412), guma arabach (guma acáise) (E 414), guma xantáin (E 415), peictiní (E 440) agus sucsainéit ochtainile sóidiam stáirse (E 1450) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas i bpointí 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 69 (Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún):

‘—

32026 R 0189: Rialachán (AE) 2026/189 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 (IO L, 2026/189, 29.1.2026

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzr (Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32026 R 0196: Rialachán (AE) 2026/196 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2026 (IO L, 2026/196, 29.1.2026).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2026/189 agus (AE) 2026/196 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2026/189, 29.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/189/oj.

(2)   IO L, 2026/196, 29.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/196/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1503/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top