This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1501
Decision of the EEA Joint Committee No 133/2026 of 30 April 2026 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2026/1501]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 133/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1501]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 133/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1501]
IO L, 2026/1501, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1501/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1501 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 133/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1501]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2272 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2025 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach gibriliní mar shubstaint ghníomhach ísealriosca a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2313 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025 lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach aigéad gibrilineach mar shubstaint ghníomhach ísealriosca a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzzo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2068 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2272 agus (AE) 2025/2313 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/2272, 13.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2272/oj.
(2) IO L 2025/2313, 18.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2313/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1501/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)