This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1496
Decision of the EEA Joint Committee No 117/2026 of 30 April 2026 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2026/1496]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 117/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1496]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 117/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1496]
IO L, 2026/1496, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1496/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1496 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 117/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1496]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/85 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le tartraisín a údarú mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbaoite le haghaidh bia-éisc eite fionnuisce (1), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/89 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le diúltú athnuachan an údaraithe ullmhóide arb é atá inti eastóscán blastáin deataigh-2b0001 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014 (2), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/90 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le húdarú L-argainín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80393 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/91 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha, agus maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 6-fíotáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 126897 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éin ornáideacha, bainbh diúil agus mionspeicis mhucúla (sealbhóir an údaraithe: AB Enzymes Finland Oy) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 292/2014 (4), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/92 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2026 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga, agus maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éin eile a choimeádtar le haghaidh táirgeadh uibheacha nó le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Kemin Europa N.V.) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/1020 (5), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/93 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 maidir le húdarú sulfáite L-lísín arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 23982 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (6), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/95 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena dtarraingítear siar ón margadh ocht-2-éanal, deic-2-éanal, 2-heicséanal, 3,5-ochtaidé-éin-2-ón, aigéad deic-2-éanóch, próipianáit fheineitile, deicéanóáit mheitile, deic-2-éanóáit eitile, deic-4-éanóáit eitile, búitiolaimín, 3-meitiolbútán-1-tiól, 2-meitiolfúrán, 2-aicéitil-5-meitiolfúrán, 2-aicéitil-3-meitilpioraisín agus picilín béite (3-meitilpiridín) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh cat agus madraí (7), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/96 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 maidir le húdarú bláthola síl soilire ó Apium graveolens L. agus bláthola cearbhais ó Carum carvi L. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (8) tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(9) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/98 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/565 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le breiseáin bheathaithe (9), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(10) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH&Co.KG) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 (10), tá an Rialachán sin le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(11) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/89 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1076/2014 ón gCoimisiún (11), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(12) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/91 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 292/2014 ón gCoimisiún (12), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(13) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/92 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 ón gCoimisiún (13), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(14) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1083/2014 ón gCoimisiún (14), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(15) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 454 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/565 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 698 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2556):
|
|
3. |
Scriostar téacs phointí 2zzzb (Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 292/2014 ón gCoimisiún), 114 (Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1076/2014 ón gCoimisiún), 115 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 ón gCoimisiún) agus 137 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2026/85, (AE) 2026/89, (AE) 2026/90, (AE) 2026/91, (AE) 2026/92, (AE) 2026/93, (AE) 2026/95, (AE) 2026/96, (AE) 2026/98 agus (AE) 2026/103 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2026/85, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/85/oj.
(2) IO L, 2026/89, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/89/oj.
(3) IO L, 2026/90, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/90/oj.
(4) IO L, 2026/91, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/91/oj.
(5) IO L, 2026/92, 15.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/92/oj.
(6) IO L, 2026/93, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/93/oj.
(7) IO L, 2026/95, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/95/oj.
(8) IO L, 2026/96, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/96/oj.
(9) IO L, 2026/98, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/98/oj.
(10) IO L, 2026/103, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/103/oj.
(11) IO L 296, 14.10.2014, lch. 19.
(12) IO L 87, 22.3.2014, lch. 90.
(13) IO L 163, 30.6.2015, lch. 22.
(14) IO L 298, 16.10.2014, lch. 5.
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1496/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)