This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1477
Decision of the EEA Joint Committee No 130/2026 of 30 April 2026 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2026/1477]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 130/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1477]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 130/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1477]
IO L, 2026/1477, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1477/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1477 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 130/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1477]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3169 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2282 a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh comhairliúcháin eolaíocha chomhpháirteacha maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar leibhéal an Aontais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23d (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2745 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘23e. |
32024 R 3169: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3169 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2282 a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta le haghaidh comhairliúcháin eolaíocha chomhpháirteacha maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar leibhéal an Aontais (IO L, 2024/3169, 19.12.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3169 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/3169, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3169/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1477/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)