Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1293

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 90/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1293]

IO L, 2026/1293, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1293/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1293/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1293

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 90/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1293]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear pointe 14 (Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach:

‘—

32024 L 1619: Treoir (AE) 2024/1619 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 (IO L, 2024/1619, 19.6.2024).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad oiriúnú (a):

‘(a)

D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Treoir.’

3.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):

‘(fa)

In Airteagal 9(2), cuirfear na focail “leis an dlí náisiúnta nó le Comhaontú LEE” in ionad na bhfocal “leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais”.

(fb)

In Airteagal 23:

(i)

cuirfear na focail “forálacha eile Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “dlí eile de chuid an Aontais”;

(ii)

a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “bearta sriantacha is infheidhme go náisiúnta” a bheidh ann in ionad na bhfocal “bearta sriantacha de chuid an Aontais”.’

4.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):

‘(ga)

In Airteagal 27b agus 27j, cuirfear na focail “i bhforálacha eile Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “i ngníomhartha eile dlí de chuid an Aontais” agus “i ngníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais”.’

5.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad oiriúnú (i):

‘(i)

In Airteagal 48r:

(a)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 1:

“Coinneoidh an tAontas agus Stáit CSTE a chéile ar an eolas nuair a thabharfaidh siad comhaontuithe den chineál dá dtagraítear sa mhír seo i gcrích.”

(b)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2:

“Má thugann Stát CSTE comhaontuithe den chineál dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcrích, beidh feidhm ag an mír seo.”’

6.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (j):

‘(ja)

In Airteagal 54, cuirfear na focail “i bhforálacha Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “i ndlí an Aontais arna ghlacadh”.’

7.

Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (k):

‘(ka)

In Airteagail 65, 116 agus 143, cuirfear na focail “i gComhaontú LEE” agus “Chomhaontú LEE” in ionad na bhfocal “i ndlí an Aontais” agus “dhlí an Aontais”, faoi seach.

(kb)

In Airteagal 76, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “spriocanna aeráide náisiúnta” a bheidh ann in ionad na bhfocal “spriocanna aeráide an Aontais”.

(kc)

In Airteagal 76, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “chuspóirí rialála agus ghníomhartha dlíthiúla ábhartha náisiúnta” a bheidh ann in ionad na bhfocal “chuspóirí rialála agus gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais agus na mBallstát”.’

8.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (l):

‘(la)

In Airteagal 98, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “cuspóirí rialála ábhartha náisiúnta eile” a bheidh ann in ionad na bhfocal “cuspóirí rialála ábhartha eile de chuid an Aontais”.

(lb)

In Airteagal 104, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “chuspóirí dlíthiúla agus rialála ábhartha náisiúnta nó tríú tír” a bheidh ann in ionad na bhfocal “chuspóirí ábhartha dlíthiúla agus rialála an Aontais, na mBallstát nó tríú tíortha”.’

9.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad oiriúnú (r):

‘(r)

In Airteagal 133:

(i)

i mír 9, cuirfear na focail “nó, i gcás fógra ó údarás inniúil nó ó údarás ainmnithe i Stát CSTE, chuig Buanchoiste Stáit CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “chuig an gCoimisiún”;

(ii)

sa chéad, dara agus tríú fomhír de mhír 11, cuirfear na focail “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, tuairimí Bhuanchoiste Stáit CSTE”, “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, do Bhuanchoiste Stáit CSTE” agus “nó, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, tuairim Bhuanchoiste Stáit CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “an Choimisiúin”, “don Choimisiún” agus “an Choimisiúin”, faoi seach;

(iii)

sa cheathrú fomhír de mhír 11, cuirfear na focail “nó, i gcás máthairghnóthas bunaithe i Stát CSTE, Buanchoiste Stáit CSTE,” isteach i ndiaidh an fhocail “Coimisiún”;

(iv)

sa chúigiú fomhír de mhír 11 agus sa dara fomhír de mhír 12, cuirtear na focail “nó, de réir mar a bheidh, ó Bhuanchoiste Stáit CSTE” agus “nó, de réir mar a bheidh, do Bhuanchoiste Stáit CSTE” isteach i ndiaidh na bhfocal “ón gCoimisiún” agus “don Choimisiún” faoi seach;

(v)

sa tríú fomhír de mhír 12, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is “cinneadh” a bheidh ann in ionad an fhocail “gníomh”.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2024/1619 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1619, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1619/oj.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1293/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top