Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1270

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 95/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1270]

IO L, 2026/1270, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1270/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1270/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1270

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 95/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1270]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/595 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábharthacht laigí, an cineál faisnéise a bhailítear, cur chun feidhme praiticiúil an bhailithe faisnéise agus anailís agus scaipeadh na faisnéise atá sa bhunachar sonraí lárnach maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) dá dtagraítear in Airteagal 9a(2) den Rialachán sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘31ga.

32024 R 0595: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/595 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábharthacht laigí, an cineál faisnéise a bhailítear, cur chun feidhme praiticiúil an bhailithe faisnéise agus anailís agus scaipeadh na faisnéise atá sa bhunachar sonraí lárnach maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML/CFT) dá dtagraítear in Airteagal 9a(2) den Rialachán sin (IO L, 2024/595, 16.2.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/595 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1) , nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 88/2026 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2026 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/595, 16.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/595/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 2026/1230, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1230/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1270/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top