This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1260
Decision of the EEA Joint Committee No 64/2026 of 20 March 2026 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2026/1260]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 64/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1260]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 64/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1260]
IO L, 2026/1260, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1260/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1260 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 64/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1260]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1122 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun forbairtí rialála a chur san áireamh a bhaineann le leasuithe ar Rialacháin Uimh. 25, 34, 79, 100, 117, 127 agus 152 ó na Náisiúin Aontaithe, agus le Rialacháin nua Uimh. 167, 169 agus 171 ó na Náisiúin Aontaithe arna nglacadh ag an bhFóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 52 (Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32025 R 1122: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1122 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2025 (IO L, 2025/1122, 12.8.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1122 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/1122, 12.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1122/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1260/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)