This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1258
Decision of the EEA Joint Committee No 63/2026 of 20 March 2026 amending Annex I (Veterinary and phytosanitary matters) to the EEA Agreement [2026/1258]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 63/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1258]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 63/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1258]
IO L, 2026/1258, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1258/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1258 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 63/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1258]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2498 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú 4-hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, seachas cait agus madraí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 696 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2543 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘697. |
32025 R 2498: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2498 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú 4-hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, seachas cait agus madraí (IO L, 2025/2498, 12.12.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2498 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/2498, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2498/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1258/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)